Méid an Téacs

Cruinniú Poiblí – Gaelcholáiste i nDún Droma

Samhain 24, 2011

Coláiste Dún Droma, Bóthair Sydenham, 29ú Samhain @ 20:00

Cuireann Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath agus Bunchoiste Scoile Gaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath cuireadh chugat bheith linn ag cruinniú poiblí chun an Gaelcholaiste nua go n-osclófaidh i nDún Droma i 2014 a phlé. Scoil illchreidimheach, do buachailí agus cailíní, gan táille atá i gceist againn. Tá níos mó na 1300 dáltaí ag freastail ar Gaelcholáistí CGCAC i mbliana i mBaile Átha Cliath, agus tá saineolas ag foireann CGCAC i gcúrsaí oideachais trí mheán na Gaeilge le fada anois.

Beidh an Coiste Gairmoideachas ag déanamh irratais ar phátrúnacht an Ghaelcholáiste; iarratas a bheidh an-láidir mar thoradh ar an sain-taithí ata aige ar na cursaí seo, a riar áiseanna agus airgeadú cuí. Mar pátrún, cuirfidh an Coiste Gairmoideachais an Gaelcholáiste ar bun i bhfoirgneamh atá in a sheilbh acu ar Bóthar Sydenham. Mar seo, beidh buncloch an-láidir faoin scoil nua ón tús agus beidh foireann na scoile, na tuismitheoirí agus na páistí in ann a n-intinn a dhíriú ar cúrsaí oideachais den scoth.

Chun tuileadh eolais a fháil faoinár bpleananna agus tacaíocht a thabhairt dúinn, bí linn ar an oíche.

http://www.gaelcholaiste.com/blog/

COIRM GAEL LINN – dáta deiridh iontrála!

Samhain 23, 2011

Tá an dáta deiridh iontrála do COIRM GAEL LINN ag druidim linn. Ní mór foirmeacha iontrála líonta a bheith ag Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath roimh an Aoine 9 Nollaig 2011. Tá na dátaí sealadacha do fhéilte COIRM socruithe timpeall na tíre ach tá seans go bhféadfadh na hionaid seo athrú ag brath ar líon na n-iarratas agus na ceantair as a dtagann siad. Déanfar cinneadh faoi na hionaid chomh luath is a bheidh na hiarratais uilig istigh. Is féidir tuilleadh eolais agus an fhoirm iontrála a íoslódáil ar www.gael-linn.ie nó is féidir glaoch ar Sheán Ó Ceallaigh ag 01.6753299 ( seanc@gael-linn.ie)

FÉILTE COIRM GAEL LINN 2012

  • Dé Céadaoin 8 Feabhra 2012 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
  • Déardaoin 9 Feabhra 2012 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
  • Dé Céadaoin 22 Feabhra 2012 – Siamsa Tíre, Trá Lí
  • Déardaoin 23 Feabhra 2012 – An Grianán, Leitir Ceanainn
  • Déardaoin/Dé hAoine 1/2 Márta 2012 – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
  • Dé Céadaoin 7 Márta 2012 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
  • Dé Céadaoin 7 Márta 2012 – Amharclann an Mhargaidh, Ard Mhacha
  • Déardaoin 8 Márta 2012 – Amharclann an Hawkswell, Sligeach
  • Déardaoin 15 Márta 2012 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC

Shared education is way forward

Samhain 22, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Middle-class schools tighten their grip on college places

Samhain 22, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ag Saibhriú Saol Páistí faoi dhíospóireacht ag Comhdháil Bhliantiúil Gaelscoileanna Teo. 2011

Samhain 21, 2011

Osclóidh Ciarán Cannon, Aire Stáit Oiliúna agus Scileanna Comhdháil Oideachais Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. dar téama Ag Saibhriú Saol Páistí a bheidh ar siúl in óstán an Tullamore Court, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar an 25 agus an 26 Samhain 2011.

Ag tagairt do mhana na Comhdhála Ag Saibhriú Saol Paistí míníonn Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.  gur  “tráthúil an mana é i bhfianaise dúshláin leanúnacha i ngeilleagar na tíre a bhfuil tionchar díreach acu ar eispéireas agus ar thodhchaí oideachais na bpáistí.  Deimhníonn afách mána na Comhdhála agus ábhar na Comhdhála féin go bhfuil saol na bpáistí á saibhriú tríd an chóras tumoideachais agus de thoradh an chórais tumoideachais.”

Beidh Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2011 ag díriú ach go háirithe ar ábhar, impleachtaí agus tábhacht  na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus Don Saol 2011 – 2020. Sa chomhthéacs  seo cuirfidh an Dr. Shiel ón bhForas Taighde torthaí úr nua ó na tastálacha ar chaighdeán an mhata agus an Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge i láthair an slua. Deir Ní Ghréacháin ina leith

“Táimid an-bhuíoch den Dr. Gerry Shiel as teacht inár láthair chun labhairt faoi na torthaí agus na himpleachtaí lena mbaineanna do na scoileanna.  Tuigtear dúinn go n-aithneoidh na torthaí go bhfuil roinnt dúshláin sa chóras, go háirithe mar a bhaineann leis an mata, ach de réir mar a bheimis ag súil leis, deimhníonn an taighde go bhfuil caighdeán an Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge ag leibhéal ard agus ag ardú. Is cruthúnas é seo ar sár-obair, díograis agus cumas na scoileanna agus sár-éifeacht an chórais tumoideachais mar chóras oideachais”.

Go tráthúil ar an 16 Samhain 2011, d’fhoilsigh  an NCE-MSTL (an Lárionad Sármhaitheasa i bhFoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht) torthaí taighde ar bhonn fianaise a léiríonn go bhfuil buntáistí trí chur chuige an dátheangachais i gceist don pháiste i bhfoghlaim an mhata.  Deir Ní Ghréacháin “fáiltímid go mór roimh an aitheantais seo agus is bunchloch an-láidir é d’fhorbairt scileanna  an Mhata sna scoileanna lán-Ghaeilge i gcomhthéacs na Straitéise.”

Cuireann sí fáilte ar leith roimh Phríomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine a labhróidh ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an ngaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine.

Labhróidh Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin mar chuid dá aitheasc ar na príomhdhúshláin atá romhainn san earnáil ghaelscolaíochta, ar a n-áirítear an próiseas aitheantais do scoileanna nua, cóimheas múinteoirí le daltaí agus cúrsaí cóiríochta ag an dá leibhéal.  I dtaobh clár na Comhdhála, deir Ó Broin,

“Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh clár cuimsitheach fiúntach á chur ar fáil le linn na Comhdhála dhá lá a chuirfidh go mór le hoiliúint ghairmiúil na scoileanna lán-Ghaeilge. De réir an aiseolais ó na scoileanna, is iontach an deis í an Chomhdháil  chun cur leis agus ceiliúradh a dhéanamh ar ardchaighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge, agus táimid an-sásta go n-éireoidh linn freastal ar riachtanais oiliúna na scoileanna lán-Ghaeilge arís i mbliana”.

Gabhann Ó Broin buíochas ar leith leis an dá scoil lán-Ghaeilge sa cheantar atá ag cur go mór le h-ullmhúchán na hócáide, “táimid fíor-bhuíoch de Ghaelscoil Éadan Dóire agus de Ghaelscoil an Eiscir Riada atá ag cabhrú linn chun an pobal a chur ar an eolas agus a chuirfidh a gcuid páistí go mór le siamsaíocht na hócáide. Cabhraíonn a tacaíocht a chinntiú go mbeidh Comhdháil mhealltach agus ar ardchaighdeán ann agus léiríonn a gcúnamh an tábhacht a bhaineann le forbairt an scoilphobail. Gabhaimid buíochas mór freisin le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil na Comhdhála seo.”

Féadfar clárú don Chomhdháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 01 8535195. Tá gach eolas faoin gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Do lucht na Meáin Chumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán an Tullamore Court, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar an 25 agus an 26 Samhain 2011 nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:

Oifig ag 01-8535195 nó Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335 / Mícheál Ó Broin ag 0879467700.

Craobh Seán Treacy, C.C.É. – Comórtas Aiste Gaeilge

Samhain 21, 2011

Ceol, Amhránaíocht, Damhsa agus Teanga!

Tugtar cuireadh do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gComórtas Aiste Gaeilge.

Ábhar na hAiste
Beidh fáilte faoi leith roimh aistí ar théamaí áitiúla, cibé áit sa domhain ina gcónaíonn tú.  Beidh béim ar eolas, chur i láthair agus ar an nGaeilge sna hábhair seo leanas –

  • Ceol – ceoltóirí, cumadóirí, foinn, fleadhanna ceoil, bailitheoirí ceoil, stair, úirlisí, Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) &rl.
  • Amhránaíocht – amhránaithe, stair na n-amhráin, scéalta, stíl, focail, foinn &rl.
  • Damhsa – rinceoirí nó múinteoirí rince, damhsa ar an sean-nós agus rince seiteanna, Riverdance &rl.
  • Teanga – béaloideas, litríocht, cainteoirí dúchasach, focail agus nathanna cainte, an Ghaeltacht agus scoileanna samhraidh, na meáin cumarsáide, na heagrais atá ag plé le dul chun chinn an teanga &rl.
  • Aon Ábhar Eile!

Duaiseanna
Faoi 18         Faoi 15      Faoi 12

  • Chéad Áit   –     €250             €200           €100
  • Dara Áit     –     €175             €150             €80
  • Tríú Áit      –     €125             €100             €60

Bronnfar an trófaí “DÚCHAS” ar an aiste is fearr a bhaineann le ceol, amhránaíocht, damhsa agus teanga.  Coiméadfar na haistí san gCartlann, CCÉ, agus beidh siad ar fáil don phobal.

Rialacha an Chomórtais

  • Seol na haistí lámhscríofa (1,200 focail ar a mhéid), maraon le d’ainm, seoladh agus dáta breithe, roimh 16 NOLLAIG 2011 chuig An Rúnaí, Craobh Seán Treacy, 6 Clós Whitethorn, Baile Átha Cliath 5.
  • Is féidir ábhair breise a chur isteach ar mheáin ar bith.
  • Obair an iarrathóra amháin is gá a bheith ann. Chomh maith leis an aiste lámhscríofa beidh fáilte roimh cóip leictreonach den aiste chun cabhrú leis an léirmheastóireacht agus chun é a choiméad san gCartlann  (seol an cóip agus aon ábhair eile leictreonach chuig eolas@seantreacycce.com).
  • Is gá an iarrathóir bheith faoi bhun 12/15/18 mbliana d’aois ar 1ú Eanair 2011.
  • Bronnfar na duaiseanna i rith Seachtain na Gaeilge, Mí an Mhárta, 2012.

Eagraithe ag Craobh Seán Treacy, CCÉ le tacaíocht ó Foras na Gaeilge

New report highlights the benefits of bilingualism for mathematics students in Ireland

Samhain 16, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Comórtas d’iar-bhunscoileanna

Samhain 16, 2011

Seolaigí isteach bhur dtionscadail taighde agus bígí istigh ar dhuais!

Fáilteoidh foireann logainm.ie roimh thionscadail taighde ar théama na logainmneacha. Roghnófar iarrachtaí áirithe le cur ar ár suíomh agus tá trí dhuais le baint. Tá treoracha don tionscadal taighde ar fáil ag http://www.logainm.ie/scoil/pdf/fiontar-scoil2-11-tionscadal-taighde.pdf. Is féidir formáidí difriúla nó meascán díobh á úsáid chun do thaighde a chur i láthair: téacs, cairt bhalla, meabhairmhapa, grianghraif, léaráidí/íomhánna, póstaer, leabhrán, físeán gearr, cur i láthair Powerpoint nó agallamh taifeadta.

Cuirfear duaiseanna de luach €300, €200 agus €100 ar fáil do na tionscadail a bhuafaidh an comórtas. Beidh na duaiseanna le dáileadh ag an múinteoir. Taispeánfar roinnt de na tionscadail taighde ar www.logainm.ie. Ba cheart an fhoirm iarratais thíos a líonadh agus í a sheoladh mar aon le bhur dtionscadail taighde chuig ‘Comórtas d’iar-bhunscoileanna’, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9 nó chuig an seoladh ríomhphoist logainm@dcu.ie. Spriocdháta: 29 Feabhra 2012.

Glacfar le tionscadail a bheidh go hiomlán i nGaeilge nó tionscadail dhátheangacha a mbeidh 50 faoin gcéad ar a laghad den ábhar iontu i nGaeilge. Tabharfar marcanna bunaithe ar mhodhanna taighde, caighdeán an ábhair agus ar shlacht agus nuálaíocht an chur i láthair. Fiosruithe chuig logainm@dcu.ie.

Foirm Iarratais Logainm.ie

Acmhainní Oideachais nua d’Iarbhunscoileanna

Samhain 16, 2011

Is féidir le cuairteoirí ar www.logainm.ie acmhainní oideachais don iar-bhunscoil a íoslódáil agus a phriontáil. Tá na hacmhainní oideachais seo dírithe ar dhaltaí san idirbhliain ach is féidir leas a bhaint astu ag leibhéil eile. Tá acmhainní oideachais don bhunscoil agus don tríú leibhéal ar fáil cheana ar an suíomh.

Reáchtálfar comórtas do dhaltaí iar-bhunscoile bunaithe ar na hacmhainní nua seo. Cuirfear eolas faoin gcomórtas ar fáil sa bhosca nuachta ar www.logainm.ie.
Tá na hacmhainní seo a leanas ar fáil:

  • 10 n-aonad teagaisc
  • Tráth na gceist
  • Treoir do thionscadal taighde
  • Gluais idirghníomhach
  • Comhaid fuaime

Tá freagraí na gceachtanna ar fáil do mhúinteoirí ach iarratas a chur chuig logainm@dcu.ie

Fiontar (DCU), i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) a chruthaigh na hacmhainní oideachais seo.

www.logainm.ie

Is suíomh Gréasáin é www.logainm.ie a chuireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin bailte, sráideanna agus oifigí poist ar fud na tíre ar fáil don phobal. Mheall an suíomh Gréasáin logainmneacha 4.6 milliún amas ó seoladh é go hoifigiúil ar 1 Deireadh Fómhair 2008.

Feis Ceoil i Sligeach

Samhain 16, 2011

RANNÓG NA GAEILGE 2012
i gcomhpháirt le Foras Na Gaeilge
Dáta deiridh d’iarratais 24 Eanáir – Comórtas ar an 4 Feabhra; Scoláireachtaí ar fáil do Choláiste na nOileán agus Colaiste Chiarain, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Gach eolas ar fáil ar www.sligofeisceoil.ie

Foirmeacha Iarratais:

Bunscoileanna

Iarbhunscoileanna

« Previous PageNext Page »