Folúntas: Oifigeach Forbartha á lorg le cúram ar leith do chur chun cinn an Oideachais lán-Ghaeilge Gaeltachta
Meán Fómhair 9, 2015
Tá folúntas ag Gaelscoileanna Teo. d’Oifigeach Forbartha a bheidh lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus a dhéanfaidh cúram go príomha do riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge i ngach Gaeltacht ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal.
Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €44,967
Lán-aimseartha, Conradh 3 Bliana
Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe: roimh 5.00 i.n. Dé Luain, 21 Meán Fómhair 2015.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Cruinniú Cinn Bhliana Gaelscoileanna Teo, 9 Deireadh Fómhair
Meán Fómhair 8, 2015
Bíodh glór agat agus tapaigh an deis rún a mholadh agus ionchur a bheith agat i bhforbairt na scoileanna lán-Ghaeilge.
Beidh Cruinniú Cinn Bhliana Gaelscoileanna Teo. ar siúl sa Sheraton, Baile Átha Luain ar an 21 Samhain 2015. An spriocdháta le haghaidh rúin agus ainmniúcháin i mbliana ná an 9 Deireadh Fómhair. Is gá go mbeidh siad seolta i bhfoirm clóite agus sínithe chuig:
An Rúnaí, Gaelscoileanna Teo.,
Halla Naomh Pádraig,
Institiúid Oideachais Marino,
Ascaill Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9,
D09 K4P6.
Is féidir na foirmeacha cuí a íoslódáil anseo:
Scéim Árachais
Lúnasa 12, 2015
Tá grúpscéim árachais do naíonraí á chur ar fáil ag O’Leary Insurances agus á riaradh ag Gaelscoileanna Teo. Seo thíos na táillí a bhaineann leis an scéim don naíonra bhliain 2015/16:
Suas go 20 páiste (€20.00 in aghaidh an pháiste sa bhreis ar an fhigiúir sin) | |
Clúdach Lae (uasmhéid 7 n-uair) | €630.00 |
Clúdach seisiúnach (uasmhéid 3.5 uair) | €345.00 |
Seirbhís iarscoile (uasmhéid 2.5 uair) | €420.00 |
Grúpaí Tuistí & Páistí | €200.00 |
Tá gach eolas maidir leis an scéim ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Sandra ar 01 8535194 nó sandra@gaelscoileanna.ie.
Oideachas lán-Ghaeilge á phlé ar RTÉ1
Lúnasa 10, 2015
Beidh an t-éileamh méadaithe ar scoileanna lán-Ghaeilge á phlé le Clare ó Gaelscoileanna Teo. ar Today with Seán O’ Rourke, RTÉ Radio 1, 10r.n., Máirt 11 Lúnasa. Bígí ag éisteacht!
Tacaíocht mhéadaithe léirithe ag an bPobal i leith na Gaeilge sa Chóras Oideachais de réir Tuairisc nua ón ITES
Lúnasa 7, 2015
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh fhoilsiú ‘Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge’, tuarascáil taighde uile-oileáin, foilsithe ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge. Tá an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh mar chuid de dhá shuirbhé uile-oileáin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge i 2001 agus arís i 2013. Léiríonn na torthaí taighde go bhfuil dearcadh dearfach ag an bpobal i leith na teanga, agus go bhfuil tacaíocht leanúnach láidir ann don Ghaeilge.
Éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge
Léiríonn na torthaí taighde go bhfuil méadú suntasach tagtha ar thacaíocht an phobail don oideachas lán-Ghaeilge. Dúirt 23% dóibh siúd a ceistíodh go gcuirfidís a gcuid páistí chuig bunscoil lán-Ghaeilge dá mbeadh a leithéid cóngarach don bhaile. 13% a dúirt go mbeadh éileamh acu ar a leithéid i 2001. Roghnódh 18% iarbhunscoil lán-Ghaeilge dá mbeadh an deis ann, méadú mór ón 8% a léirigh an rogha céanna i 2001.
“Tá na torthaí seo ag teacht go hiomlán leis an ró-éileamh a fheiceann Gaelscoileanna Teo. ar na scoileanna lán-Ghaeilge” a deir Cathnia Ó Muircheartaigh, Uachtarán Gaelscoileanna Teo. “Tá 30% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar éileamh agus diúltaíodh áiteanna iontu do bhreis agus 1500 páiste anuraidh” a deir sé.
Tacaíocht an phobail do scoileanna lán-Ghaeilge
Cé go bhfuil líon na ndaoine a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí sa mhionlach, léirigh torthaí taighde an ITES gur aontaigh 72% dóibh siúd a ceistíodh gur chóir don rialtas scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil áit ar bith is mian leis an bpobal iad. “Tá níos lú ná 10% de scoileanna na tíre seo ina scoileanna lán-Ghaeilge” a dúirt Ó Muircheartaigh. “Go minic ní bhíonn rochtain ag tuismitheoirí ar scoil lán-Ghaeilge toisc nach bhfuil ceann in achar réasúnta taistil, nó toisc go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar lán. Ainneoin seo, tá sé fíor-dheacair scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú toisc critéir na Roinne Oideachais & Scileanna maidir le soláthar nua. Is gá don Stáit aghaidh a thabhairt ar an mbearna seo idir soláthar agus éileamh, agus freastal a dhéanamh ar mhianta tuistí agus cearta a gcuid páistí”.
Tá próiseas ar bun faoi láthair ag an Roinn Oideachais & Scileanna le pátrúnacht bunscoileanna nua a aithint. Déanfar iarratais ar 2 bhunscoil lán-Ghaeilge a oscailt i 2016, ceann i dtuaisceart agus ceann eile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá iarratais cheana féin faoi bhráid na Roinne Oideachais & Scileanna maidir le 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua. “Dá gceadófaí oscailt na scoileanna seo, laghdódh sé an brú ar an earnáil agus thabharfadh sé deis do ghlúin eile buntáiste breise na Gaeilge a bheith leo ina saoil” arsa Ó Muircheartaigh. “Tá fianaise ann anois go bhfuil tacaíocht an phobail ann dóibh, ach is gá go mbeadh tacaíocht cuí ann don chóras ón Stáit chomh maith.”
Tá taighde iomlán an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le fail anseo:
Dearcadh an Phobail – Achoimre Gaeilge
Sparántachtaí Taighde ar Fáil i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Iúil 23, 2015
An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Glacfar le h-iarrataisí don bhliain acadúil 2015/2016 ón lá inniu suas go dtí 14 Lúnasa 2015. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, An Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie.
Deiseanna urraíochta ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. 2015
Iúil 21, 2015
Reáchtálfar Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. sa Sheraton, Baile Átha Luain ar an 20 Samhain. Freastalaíonn ionadaithe ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre ar an ócáid seo agus tá súil againn go mbeidh ionadaithe ó earnáil na luathbhlianta inar dteannta i mbliana chomh maith. Beimid ag súil le níos mó ná 300 chomhaltaí a bheith i láthair, agus don chéad uair i mbliana ba mhór linn deis a thabhairt dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí don earnáil urraíocht a dhéanamh ar gnéithe éagsúla den ócáid.
Scaipfear eolas maidir le seastáin ag an gComhdháil Oideachais i mí Meán Fómhair, ní féidir áirithint a dhéanamh ar spás seastáin roimhe sin.
Más suim leat bheith mar urraitheoir i mbliana, déan teagmháil le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie. Glacfar le hiarratais ar bhonn tús freastail.
Mála na Comhdhála: Urraithe ag Way2Pay
Crannchur na Comhdhála: €1,000
- Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár na Comhdhála
- Iarrfar an urraíocht i bhfoirm dearbháin nó duaiseanna ar luach €1,000 san iomlán, le bronnadh ag Dinnéar na Comhdhála
- Cuirfear spás seastáin saor in aisce ar fáil don urraitheoir
- Tá an deis urraíochta seo teoranta do bheirt urraitheoirí
Clár na Comhdhála: Urraithe ag First Aid for Youths
Tae agus Caife: €1,000
- Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár na Comhdhála
- Cuirfear fógraí ar na boird tae agus caife le lógó an urraitheoira orthu
- Cuirfear spás seastáin saor in aisce ar fáil don urraitheoir
- Tá an deis urraíochta seo teoranta do bheirt urraitheoirí
Lón na Comhdhála: Urraithe ag School Accounting
Dinnéar na Comhdhála: €2,000
- Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár na Comhdhála
- Cuirfear lógó an urraitheoira ar an mbiachlár
- Cuirfear spás seastáin saor in aisce ar fáil don urraitheoir
- Tá an deis urraíochta seo teoranta d’urraitheoir amháin
Taighde ar Thógáil Clainne le Gaeilge
Iúil 10, 2015
Tá Hannah Ní Dhoimhín, mac léinn máistreachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag déanamh taighde faoi thógáil clainne le Gaeilge. Mar chuid den taighde seo, tá ceistneoir curtha le chéile aici do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí óga (0-12) le Gaeilge in Éirinn.
Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sa taighde seo agus an ceistneoir seo a chomhlánú, agus/nó a scaipeadh ar dhaoine eile a mbeadh spéis acu páirt a ghlacadh sa taighde seo, breathnaigh ar an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/8DT7NVD
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar taighde seo, déan teagmháil leis an taighdeoir ag h.nidhoimhin1@oegaillimh.ie.
Muir-Sin-É agus an t-amhrán Gaeilge a bhuaigh comórtas ceoil Youth Factor 2015
Iúil 10, 2015
Is ag an mbanna ceoil Gaeilge Muir-Sin-É a bhí an bua ag an gcomórtas náisiúnta tallainne Youth Factor, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath le deireanas.
Beirt chailíní as Baile Locha Riach, Muireann Ní Bhaoill agus Sinéad Pokall, atá sa bhanna ceoil a chumann a gcuid amhrán féin i nGaeilge. D’éirigh leo comórtas réigiúnach na Gaillimhe a bhuachan níos luaithe i mbliana agus chuaigh siad ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais a bhí ar siúl Dé Domhnaigh 28 Meitheamh.
Tá na cailíní seacht mbliana déag d’aois agus iad ag dul isteach i mbliain na hArdteiste i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Is í seo an dara bliain as a chéile gur bhuaigh Muir-Sin-É an phríomhdhuais i rannóg na mbannaí ceoil.
‘Is amhrán Gaeilge é chuile amhrán dár gcuid. Bíonn muid ag scríobh faoi ghnáthrudaí, buachaillí agus tae – na rudaí is tábhachtaí dúinn!
‘Bíonn muid ag casadh ceoil ar scoil, ag comórtais scoile agus comórtais áitiúla agus déanann muid ranganna ceoil tar éis na scoile. Beidh muid ag tabhairt faoi scrúdú na hArdteiste an bhliain seo chugainn agus tá an ceol ar cheann de na hábhair a bheidh muid a dhéanamh ach is le faoiseamh a fháil ón scoil a bhíonn muid ag casadh den chuid is mó,’ a dúirt Muireann Ní Bhaoill le Tuairisc.ie.
Tá ceithre amhrán nua scríofa ag Muir-Sin-É agus iad ar fad le feiceáil ar leathanach YouTube Shinéad Pokall. Casann an bheirt acu roinnt mhaith uirlisí; bíonn Muireann ar an ngiotár agus an vióla agus Sinéad ar an gconsairtín, an fhidil agus an ucailéile.
Tá súil ag Muir-Sin-É an deis a bheith acu a gcuid amhrán a thaifeadadh i stiúideo go luath.
Chun físeán agus grianghraf a fheiceáil téigh chuig http://tuairisc.ie/muir-sin-e-agus-a-n-amhran-gaeilge-buacach-ag-youth-factor-2015/
Fógraíonn an tAire Oideachais agus Scileanna ceapachán chomhaltaí nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Meitheamh 25, 2015
Inniu d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, T.D., ceapachán comhaltaí nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhair téarma oifige nua dar chríoch Nollaig 2018.
Bunaíodh COGG faoin Acht Oideachais, 1998 chun comhairle a thabhairt faoi mhúineadh trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lánGhaeilge, faoi theagasc trí Ghaeilge i scoileanna go ginearálta, agus chun soláthar téacsleabhar agus áiseanna foghlama a chomhordú, chun seirbhísí taca a sholáthar do scoileanna agus chun taighde a sheoladh.
Dúirt an tAire go bhfuil ról lárnach ag COGG maidir le forbairt an oideachais trí Ghaeilge agus le teagasc na Gaeilge, agus lena chinntiú go mbíonn áiseanna teagaisc ar ardchaighdeán ag na scoileanna chun freastal ar riachtanais na múinteoirí agus na mac léinn. Imreoidh sí ról an-tábhachtach i bhfeidhmiú Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge agus i bhfeidhmiú pholasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le hoideachas Gaeltachta.
Ghabh an tAire a buíochas leis na comhaltaí den Chomhairle atá ag dul as oifig as a dtiomantas agus as a ngairmiúlacht, agus dúirt go raibh sí “ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an gComhairle nua sna na blianta le teacht”.
Comhaltaí nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Ainmní an Aire agus Cathaoirleach: Dónal Ó hAiniféin
An Chigireacht: Marina Ní Threasaigh
Gaelscoileanna Teoranta: Cathnia Ó Muircheartaigh
Gaelscoileanna Teoranta: Yvonne Ní Mhurchú
Údarás na Gaeltachta: Aindrias Ó Muineacháin
Údarás na Gaeltachta: Daríona Nic Con Iomaire
CNCM: Elaine Ní Neachtain
Foras na Gaeilge: Sinéad Nic Giolla Cionnaigh
INTO: Deirbhile Nic Craith
ASTI: Robbie Cronin
TUI: SéamusÓ Fearraigh
Comhairle Churaclaim, Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann: Seán Mac Nia