Folúntas: Cúntóir Riachtanais Speisialta i gColáiste Mhuire, Baile Átha Cliath
Aibreán 28, 2015
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Choláiste Mhuire, meánscoil lán-ghaelach i mBaile Átha Cliath 7, roimh iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha don phost seo a leanas:
Cúntóir Riachtanais Speisialta (16 uair)
Is den riachtanas Gaeilge chomhráiteach a bheith ag iarraitheoirí. Taithí de bheith ag obair le páistí le titimeas buntáistiúil.
Ní mór litir iarratais, CV agus teistiméireachtaí carachtair / litreacha molta a sheoladh ar ríomhphost chuig pocolmhuire@gmail.com nó chuig an seoladh thíos:
Rúnaí an Bhoird Bainistíochta,
Coláiste Mhuire,
Br. Ráth Tó,
BÁC 7.
(Spriocdháta: Dé Máirt, 05/05/2015)
D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Is fostóir comhionannais deiseanna é Bord Bainistíochta Choláiste Mhuire.
Folúntais le COGG: Comórtas oscailte chun Oifigigh Oideachais a cheapadh
Aibreán 24, 2015
Folúntas: Príomhoide Teagaisc le Gaelcholáiste Dhoire
Márta 12, 2015
Sonraí ar fad ar fáil ag: GCD FÓGRA
Folúntas Poist mar Phríomhoide ar Ghaelscoil nua i mBiorra fógartha
Márta 10, 2015
Tá post mar Phríomhoide ar an nGaelscoil nua i mBiorra i gCo. Uíbh Fhailí fógartha!
Má tá fonn ort bheith páirteach i mbunú Scoil lán-Ghaeilge stairiúil lean an nasc seo thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19556/
Litir chuig Eagarthóir an Sunday Independent maidir le Scoileanna lán-Ghaeilge
Márta 5, 2015
Maidir le: ‘Parents, not priests, driving segregation’
A Eagarthóir, a chara,
I gcolún Sarah Carey dar teideal ‘Parents, not priests, driving segregation’ (1ú Márta 2015), maítear gurb í an Ghaeilge an chonstaic iontrála is mó d’ inimircigh agus go bhfuil sé deacair teacht ar pháiste gorm i scoil lán-Ghaeilge (“up at the Gaelscoil, free from the critical eye of the Irish Times or anyone else, you’ll struggle to find a black child”). Níl aon bhunús leis an méid atáthar ag maíomh agus ní dhéanann sé ach steiréitíopaí claonta i dtaobh an oideachais lán-Ghaeilge a threisiú.
Freastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí ar gach leibhéal cumais sa Ghaeilge, agus gan Ghaeilge ar bith. Baintear úsáid as múnla an tumoideachais sna scoileanna, córas a chabhraíonn le daltaí líofacht a baint amach sa teanga go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge a chur ar fáil dóibh. Tá an tumoideachas oiriúnach agus ar fáil do gach páiste, beag beann ar a gcúlra sóisialta agus teanga nó a leibhéal cumais, páistí le riachtanais speisialta oideachais san áireamh.
Tá na scoileanna lán-Ghaeilge uileghabhálach agus ar fáil do chách. Cuireann siad fáilte roimh an ilchineálacht fhairsing shaibhir a thagann leis na páistí agus a dteaghlaigh, ó gach cúlra cultúrtha, cúlra teanga agus cúlra eitneach. Tugann na beartais rollaithe i roinnt bheag scoileanna tús áite do pháistí a labhraíonn an Ghaeilge sa bhaile, páistí a ndéanfaí faillí orthu oideachas a fháil ina dteanga dúchais murach sin. Ní tharlaíonn sé seo, áfach, ach amháin sa chás go mbíonn éileamh níos airde ar spásanna sa scoil ná mar atá ar fáil, díreach cosúil le critéar ar bith eile i mbeartas rollaithe scoile. Tá critéir na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le bunú scoileanna nua, atá i bhfeidhm ó 2011, tar éis bac a chur ar fhás scoileanna lán-Ghaeilge. De dheasca seo, tá ró-éileamh ar go leor de na scoileanna agus ní féidir leo freastal ar gach iarratasóir. Níl na hathruithe ó bhun atá molta ag Ms. Carey inchurtha i gcrích agus tá sé mífhreagrach agus seafóideach an milleán a chur ar scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil near tar bith acu ar an riocht seo.
Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, araon, na buntáistí a bhaineann leis an tumoideachas. San áireamh anseo, tá: ilchultúrachas níos doimhne, caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr agus níos lú ciníochais, inchultúrú níos forleithne (ag foghlaim agus ag glacadh fút féin luachanna cultúir eile), agus scileanna cumarsáide níos fearr. Toisc gurb í an Ghaeilge teanga chumarsáide gach gníomhaíocht scoile, níl páiste a labhraíonn beagán Béarla nó a labhraíonn Béarla ar bith faoi mhíbuntáiste ag clárú i scoil lán-Ghaeilge.
Is mór an éagóir ar thuismitheoirí na 45, 000 dalta atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i láthair na huaire ag tabhairt le fios gur de bharr cúiseanna scothroghnacha a chláraigh siad a bpáiste i scoil lan-Ghaeilge. Déanann sé éagóir níos mó fós ar na tuismitheoirí siúd nach í an Ghaeilge ná an Béarla a dtéanga dhúchais, tuismitheoirí a dtuigeann go dtosóidh a gcuid páistí ar bhonn cothrom le daltaí eile a bheidh ag foghlaim trí mheán teanga atá úr nua dá bhformhór, i scoil ina bhfuil ardmheas aici ar an ilchineálacht.
Le meas,
Bláthnaid ní Ghréacháin
Ardfheidhmeannach, Gaelscoileanna Teo.
Teenage App Developer Launches Free Irish / English Dictionary App “FOCAL.ie”
Márta 5, 2015
Bileog nua foilsithe – An Luath-thumoideachas sna Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Márta 4, 2015
Tá bileog nua ar fáil ó GAELSCOILEANNA TEO. maidir leis an luath-thumoideachas sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá tuilleadh eolais maidir leis an luath-thumoideachas agus na buntáistí a bhaineann leis pléite ann, agus is féidir leagan leictreonach den bhileog a íoslódáil mar PDF thíos. Is féidir cóipeanna crua a ordú saor in aisce trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie agus seolfar amach sa phost chugat iad.
An Luath-thumoideachas sna Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Bunscoil lán-Ghaeilge nua le bunú i mBiorra, Co. Uíbh Fháilí, Meán Fómhair 2015
Feabhra 13, 2015
D’fhógair an tAire Oideachais & Scileanna, Jan O Sullivan, inniu go n-osclófar ceithre bhunscoil nua i 2015 faoi phróiseas na Roinne le héagsúlacht an tsoláthair bunscoile a leathnú, agus is cúis mór áthais do Gaelscoileanna Teo. agus An Foras Pátrúnachta go bhfuil Gaelscoil Bhiorra i Co. Uíbh Fháilí aitheanta ina measc.
Bhí pobal Bhiorra cheana féin spreagtha i leith oideachais lán-Ghaeilge a éileamh dá bpáistí, le coiste bunaithe bunscoile ag feidhmiú sa cheantar ó 2010. D’eascair grúpa pobail, Biorra le Gaeilge, as an gcoiste céanna agus faoina stiúir, tá an Ghaeilge faoi bhláth sa cheantar. Eagraíonn Biorra le Gaeilge imeachtaí sóisialta rialta don phobal, ar a n-áirítear campaí samhraidh trí Ghaeilge do pháistí, ciorcal comhrá agus ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta sa bhliain 2011 bhunaigh siad an naíonra Nóiníní Beaga. Pobal ar leith is ea pobal Bhiorra, a lean siad go tréan lena bhfeachtas maidir le bunscoil a bhunú in ainneoin nár aithin an Roinn Oideachais & Scileanna Biorra mar sprioc cheantar i dtaobh scoil nua a bhunú toisc daonra seasmhach a bheith aici.
Tugadh dóchas do thuismitheoirí Bhiorra i 2011 nuair a bhunaigh an t-iar Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn, sainghrúpa chun dul i gcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh ar conas is féidir le bunscoileanna a bheith níos cuimsithí ó thaobh traidisiún, reiligiún, teanga agus creideamh éagsúil de. Foilsíodh tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais i 2012 agus cuireadh tús le próiseas nua chun breathnú ar an gcaoi a bhfeadfaí freastal ar éagsúlacht agus rogha tuismitheoirí maidir le hoideachas dá bpáistí i 44 ceantar ar fud na tíre, Biorra ina measc. D’aithin tuairisc na Roinne maidir le rogha tuismitheoirí a foilsíodh i mí Aibreáin 2013 gur leor an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i mBiorra le go ndéanfar rogha pátrúnachta a chur ar fáil sa cheantar. Is mar thoradh ar an bpróiseas seo atá Gaelscoil Bhiorra le n-oscailt faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta i Meán Fómhair 2015.
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh an chinnidh seo ón Roinn Oideachais & Scileanna, a chinntíonn go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge mar rogha do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoirí ag gníomhú go díograiseach ar a son leis na mblianta. Deimhníonn bunú na scoile nua seo gur mian an-láidir í an tumoideachas lán-Ghaeilge mar chóras oideachais i measc an phobail agus go bhfuil fás agus forbairt leanúnach ag teacht ar an earnáil agus an-éileamh uirthi. Leanfaidh an eagraíocht ar aghaidh ag gníomhú thar ceann na scoile agus an phobail máguaird le hoideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a éascú.
Beidh An Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais & Scileanna ag comhoibriú sna míonna romhainn le cóiríocht agus foireann chuí a dheimhniú do Ghaelscoil Bhiorra, agus beidh deis ag tuismitheoirí a gcuid páistí a chlárú leis an scoil nua trí teagmháil a dhéanamh leis an bpátrún ar 01 6294110 nó eolas@foras.ie.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta, ‘is iontach ar fad an scéal é seo do phobal Bhiorra agus go háirithe don choiste áitiúil agus na tuismitheoirí atá ag obair ina threo le fada. Beidh An Foras Pátrúnachta ag feidhmiú láithreach chun ionad don scoil a shocrú leis an Roinn, foireann na scoile fhostú agus cinntiú go bhfuil gach rud in ord d’oscailt na scoile do Mheán Fómhar seo chugainn’.
Bunscoileanna Nua 2015 & 2016
Feabhra 5, 2015
Tá na ceantair ina mbeidh bunscoileanna nua le bunú i 2015 agus 2016 díreach fógartha ag an Roinn Oideachais & Scileanna. Tá preasráiteas na Roinne thíos. Beidh Gaelscoileanna Teo. ag gníomhú de réir an fhógra seo, ag dul i mbun comhairliúcháin leis na scoileanna lán-Ghaeilge sna mórcheantair lena mbaineann maidir le ró-éileamh agus ag plé le pátrúin ionchasacha agus tuismitheoirí a léirigh suim i scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú sna ceantair chéanna. Cuirfear eolas maidir leis an dul chun cinn ar www.gaelscoileanna.ie agus bheimis ag súil leis go dtabharfaidh an próiseas seo deis do níos mó páistí freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge amach anseo. Tá súil ag an Roinn fógra a dhéanamh go luath maidir leis na ceantair ina mbeidh soláthar nua ar fáil tríd an bpróiseas dífheistithe, déanfar an t-eolas sin a scaipeadh a luaithe is a thagann sé chugainn. Má tá aon cheist agat ina leith, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn.
Press Release:
The Minister for Education and Skills, Jan O’Sullivan, TD, today announced that seven new primary schools are to be established in the next two years.
Announcing the new schools, the Minister said: “My Department is predicting a continuing increase in primary school pupils up until at least 2019 in parts of the country”.
“To meet the continuing growing population of our primary school going children, we will have to establish seven new primary schools as well as extending a number of existing schools.”
Of the seven new schools, four will open in 2015 with the other three opening in 2016.
Cork, Dublin, Galway and Wicklow remain areas of a high rate of primary school going children and this is where the new schools will be located.
There will be one school in Cork, four in Dublin, one in Galway and one in Wicklow.
The basic construction costs for the seven new schools will broadly be in the region of €24m. This level of investment by the State will support some 240 direct jobs and 48 indirect jobs.
Patronage for two of the schools starting in 2015 has already been decided under a previous patronage determination process. A patronage determination process will shortly be run for the other two schools starting in 2015. A patronage determination process for the 2016 schools will be carried out later this year.
These seven new schools will be in addition to 20 new primary schools that opened since 2011. The seven new schools between them they will cater for almost 3,000 pupils when fully developed.
The schools will be established in line with the arrangements and criteria announced in June 2011 for patronage determination.
Minister O’Sullivan said: “The establishment of new schools provides an opportunity for patrons to apply to run the schools. The criteria to be used in deciding on patronage of the new schools place a particular emphasis on parental demand for plurality and diversity of patronage. Parental preferences should be at the centre of considerations about the type of school to be recognised. The patronage arrangements in place provide that patron bodies proposing schools at either primary or second level will be asked to provide evidence of demand.”
Minister O’Sullivan continued: “This approach emphasises my commitment to ensure the implementation of the commitments in the Programme for Government on moving towards a more pluralist system of patronage at primary level. “It also builds on the work of the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary Sector.”
The Department will be contacting patrons shortly to commence the patronage determination process for the 2015 schools concerned.
Details of new schools to be established in September 2015
• Carrigtohill, Co. Cork
• Pelletstown/Ashtown, Dublin
• The Knocknacarra area of Galway City
• Greystones, Co. Wicklow
A patronage determination process was previously run for the Dublin school and the Knocknacarra school.
Educate Together will be patron for the Dublin school.
Lifeways Ireland (Steiner Model of provision) will be Patron for the Knocknacarra school.
A patronage determination process will be run shortly for the Carrigtwohill and Greystones schools.
Details of new schools to be opened in September 2016
• Goatstown/Stillorgan, Dublin
• Cabra/Phibsborough/Dublin 7
• Drumcondra/Marino/Dublin 1
A patronage determination process for these schools will be run later this year.
Details on the arrangements and criteria for establishing new schools are available on the Department’s website
New Schools Establishment Group
The patronage determination process for new schools is overseen by the New Schools Establishment Group.
This Group was set up in 2011 to advise the Minister on the patronage of new schools following its consideration of a report prepared by the Department on the applications received.
The Group is chaired by Dr. Seamus McGuinness (retired senior lecturer in the Education Department at Trinity College Dublin) and also includes Ms. Sylda Langford (retired Director of the Office of the Minister for Children) and Prof. Seán Ó Riain (Sociology Department, NUI Maynooth).
Next steps
The Department will shortly inform patron bodies of the details of the 2015 schools requiring a patronage determination process. The patron bodies can then make applications for consideration. Department officials will draft a report based on the applications received for the consideration of the New Schools Establishment Group and it will submit a report with recommendations for consideration by the Minister.
Fógartha ag an Aire O’Sullivan go mbeidh seacht mbunscoil nua bunaithe sa chéad dhá bhliain eile
Feabhra 5, 2015
Scéal iomlán ag:
http://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2015-Press-Releases/PR15-02-05.html