Oíche eolais do thuismitheoirí maidir leis an ngaelscoil nua, An Chéim, 20 Márta 2013
Márta 6, 2013
Osclófar Gaelscoil nua sa Chéim i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.
Beidh an scoil nua lonnaithe i sráidbhaile Aiken. Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir.
Reáchtálfar oíche eolais do thuismitheoirí na bpáistí – a bheidh ag tosú sa scoil i Meán Fómhair 2013 – i nGaelscoil Thaobh na Coille sa Chéim ar an gCéadaoin 20 Márta 2013. Tosóidh an cruinniú ag 7pm.
Thosaigh an An Foras Pátrúnachta, pátrún na scoile nua, ag déanamh feachtasaíochta d’oscailt Ghaelscoile sa Chéim i 2011 agus d’éirigh leis an bpátrún neart tacaíochta tuismitheora a fháil. Rinne An Foras Pátrúnachta iarratas ar phátrúnacht don scoil nua ansin i mí Dheireadh Fómhair, 2011.
I mí an Mhárta 2012, d’fhógair an t-Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn,an phátrúnacht do na bunscoileanna nua a bheidh ag oscailt i mí Mheán Fómhair, 2012 agus mí Mheán Fómhair, 2013. Tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoileanna nua faoin bpátrún, sa Chéim san áireamh, a bheidh ag oscailt i 2012 agus 2013.
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal. Tá 61 bunscoil agus 5 mheánscoil faoina phátrúnacht.
An Foras Pátrúnachta :: +353-1-6294110 :: eolas@foras.ie
Buaiteoirí Scléip 2013 – Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, 1 Márta 2013
Márta 4, 2013
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, 1 Márta 2013
Scoileanna rannpháirteacha:
- Coláiste Chineál Eoghain
- Coláiste Oiriall
- Pobalscoil Ghaoth Dobhair
- Scoil Íosaef
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Cathal Ó Cuireáin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Megan Nic Ruairí, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Na Spice Gaeil, Scoil Íosaef (sóisear)
- CO Criú, Coláiste Oiriall (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Maria Ní Fhearraigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- An dá Chaoimhe, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Sorcha agus Joseph, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Rosie Nic Gairbheith, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
- Clíona Ní Ghallchóir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- Dysania, Coláiste Oiriall (sinsear) agus Megan, Eva & Megan, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 9 Márta don chraobh ceannais.
Deontais Roinn na Gaeltachta chuig Coláiste Ghobnait
Feabhra 28, 2013
Ba bhreá linn i gColáiste Ghobnait glacadh le scoláirí don scoilbhliain 2013-2014.
Clúdaíonn deontas na Roinne lóistín na scoláirí fad a bhíonn siad ar an oileán.
Tá go leor buntáistí ag baint le Coláiste Ghobnait:
- Beidh an scoláire ag cónaí le teaghlach ar an oileán ina labhraítear Gaeilge an t-am ar fad
- Beidh seans iontach ag scoláirí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Is í an Ghaeilge teanga labhartha mhuintir an oileáin agus comhluadar na scoile (smaoinigh ar 40% don Bhéaltriail sa Ghaeilge)
- Tá rogha leathan ábhar ar fáil
- Tá líon beag scoláirí i ngach rang
- Tá na háiseanna nua-aimseartha go léir ar fáil
- Tá mionríomhair glúine ar fáil do na ranganna sa Teastas Sóisearach agus sa chéad bhliain Ardteisiméireachta
- Tá áis físchomhdhála sa choláiste
- Tá páirc uile-aimseartha in aice na scoile
- Tá páirc imeartha againn
- Tá cúirteanna cispheile againn
- Tá cúirt leadóige againn
- Tá eitpheil ar fáil
- Tá áiseanna liathróid láimhe ar fáil
- Tá gach duine ina gcónaí in aice na scoile
- Tá gach áis in aice láimhe
Is fiú féachaint ar na súiomhanna gréasáin seo agus feicfidh tú íomhánna den oileán:
- www.inisoirr-island.com
- www.colaistelaichtin.ie
Tuilleadh eolais:
Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.
Teil/faics: 099 75016
Ríomhphost: priomhoide.cg@cogalvec.ie
Cruinniú Poiblí maidir le Gaelcholáiste an Phiarsaigh, scoil nua i nDún Droma
Feabhra 27, 2013
Eagrófar cruinniú poiblí ar an Déardaoin, 14 Márta 2013, in Óstán Bewleys, Baile na Lobhar faoi oscailt an Ghaelcholáiste nua, Gaelcholáiste an Phiarsaigh i mí Mheán Fómhair 2014.
Dar le Cathaoirleach an ghrúpa bhunaithe, Lorcán Mac Gabhann, “is cúis cheiliúrtha dúinn uilig í gur cheadaigh An Roinn Oideachais agus Scileanna Gaelcholáiste nua, faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnacht na Scoileanna lán-Ghaeilge, a fhreastalóidh ar Dhún Droma agus na ceantair mór thimpeall air do na blianta fada amach romhainn.”
Tá éileamh fíorard ar an hIar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge reatha i mórcheantar dheisceart Átha Cliath. Bainfidh bunú Ghaelcholáiste an Phiarsaigh an brú ollmhór atá ar na scoileanna sin agus freastalóidh sé ar na daltaí sin nach bhfuil áit iontu dóibh.
Chuir an tUas Mac Gabhann in iúl, “go mbeidh deis ag tuismitheoirí teacht ag an gcruinniú poiblí ar an 14 Márta 2013, áit go mbeidh siad in ann éisteacht le hurlabhraithe éagsúla a dhéanfaidh cur síos ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar thodhchaí Ghaelcholáiste an Phiarsaigh. Beidh deis, freisin, foirm chlárúcháin a fháil ag an gcruinniú.”
http://www.gaelcholaiste.com/nua/
Buaiteoirí Scléip 2013 – Amharclann an Riverbank, Cill Dara, 26 Feabhra 2013
Feabhra 27, 2013
Scoileanna rannpháirteacha:
- Gaelcholáiste Phort Láirge
- Coláiste an Eachréidh
- Coláiste Pobail Osraí
- Gaelcholáiste Cheatharlach
- Gael-Choláiste Chill Dara
- Meánscoil Gharman
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Sorcha Ní Chionnaith, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
- Eoin Snyder, Coláiste Pobail Osraí (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Muireann agus Sinéad, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
- NGP, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Dearbhla, Meánscoil Gharman (sinsear) agus
- Tara, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Andi agus Izzie, Coláiste Pobail Osraí (sóisear)
- Saol, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
- Na Gnáth Amhrastaigh, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
- Na Seacht bPeaca Mharfacha, Gaelcholáiste Chill Dara (sinsear)
- Na Buachaillí Tanaí Bána, Coláiste Pobail Osraí (sóisear)
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 9 Márta don chraobh ceannais.
Buaiteoirí Scléip 2013 – Amharclann an Firkin Crane, Corcaigh, 22 Feabhra 2013
Feabhra 25, 2013
Scoileanna rannpháirteacha:
- Coláiste an Phiarsaigh
- Gaelcholáiste Chiarraí
- Gaelcholáiste Choilm
- Gaelcholáiste Luimnigh
- Gaelcholáiste Mhuire
- Gaelcholáiste Phort Láirge
- Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Ava Barrett, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Séamus Ó Beoláin, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Na Scáthanna, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Aimsir Mheirbh, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Tara Ní Dhuinnín, Gaelcholáiste Chiarraí (sóisear)
- Áine Ní Loingsigh, Coláiste an Phiarsaigh (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Clocha Cora, Gaelcholáiste Mhuire AG (sóisear)
- Céim ar Chéim, Gaelcholáiste Mhuire AG (sinsear)
- An Basadóir, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
- FYC, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
Rogha na Moltóirí:
- Níl Sí gan Locht, Gaelcholáiste Choilm (sinsear)
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis arís sibh ar an 9 Márta don chraobh ceannais.
Beidh fáilte romhat ag léiriú teaghlaigh An Fear Siúil le Jody O’Neill
Feabhra 19, 2013
Beidh léiriú teaghlaigh den dráma álainn An Fear Siúil le Jody O’Neill, á chur i láthair ag Graffiti Theatre Company, ar siúl sa Graffiti Theatre, An Linn Dubh, Corcaigh ar 3.00in. Dé Sathairn 23 Feabhra.
A family performance of An Fear Siúil, by Jody O’Neill, produced by Graffiti Theatre Company, will take place in Graffiti Theatre, Blackpool, Cork at 3pm on Saturday 23rd February.
Bíonn an Fear Siúil i gcónaí ag siúl, ag brostú ó seo go siúd, gan suaimhneas gan scíth, gan stopadh gan sos. Oibríonn sé go dian…ach lá amháin, imíonn sé ar thuras nua, i bhfad ón mbealach abhaile. Le ceol nua-chumtha beo, téimid ar thuras leis an aisteoir go dtí domhan an fhir shiúil.
An Fear Siúil (Walking Man) is always on the move, rushing headlong through life, determined to follow in his father’s footsteps to do the best job on the top floor of the tallest building in the entire city. But one day, his path takes an unexpected twist…
Is beag an domhan ach is mór an scéal!
“…Subtlety and sophistication…a production of magic and wonder” Irish Theatre Magazine
Aoisghrúpa: 6-10 bliain (6-10 year olds)
Teanga: Gaeilge (Performance will be in Irish)
To reserve your seats you must RSVP by 21st February to 021 43-97111 or graffiti@eircom.net
Buaiteoirí Scléip 2013 – Amharclann an Axis, Baile Átha Cliath, 18 Feabhra 2013
Feabhra 19, 2013
Scoileanna rannpháirteacha:
- Coláiste Chilliain
- Coláiste Cois Life
- Coláiste de hÍde
- Coláiste Íosagáin
- Gaelcholáiste Reachrann
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Jessica Ní Fhiach, Coláiste Cois Life (sóisear)
- Amy Ní Cholgáin, Coláiste Cois Life (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Peirspictíocht, Coláiste Íosagáin (sóisear)
- Na Sliomadóirí Slim Sleamhain agus An Doras Eile, Coláiste Cois Life (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Jaic Ó Faoláin, Coláiste Cois Life (sóisear)
- Leanne Ní Bhrádaigh, Coláiste Cois Life (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Samhlaíocht, Coláiste Cois Life (sóisear)
- Beo le Ceol, Coláiste de hÍde (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- An Tromluí, Gaelcholáiste Reachrann (sinsear)
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis arís sibh ar an 9 Márta don chraobh ceannais.
Moladh: Ba cheart do COGG feidhmiú mar shatailít don CNCM
Eanáir 29, 2013
I bhfianaise nach bhfuil aon sábháiltí airgid luaite le cónascadh COGG agus an CNCM, molann An Chomhdháil gur cheart go mbeadh COGG ag feidhmiú mar shatailít neamhspleách.
Tá todhchaí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) faoi chaibidil sna meáin le cúpla mí anuas, ón uair a d’fhógair Ard Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú go mbeadh COGG le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).
Beidh an CNCM ag aistriú oifige an samhradh seo chugainn, agus tá i gceist ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go dtarlódh an cónascadh idir an dá eagraíocht um an dtaca sin.
Ag comhdháil oideachais i nGaillimh i mí na Samhna, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl nach mbeidh aon athrú láithreach ag teacht ar fheidhmeanna COGG. Ní faoiseamh a chur an ráiteas sin ar lucht freastail na comhdhála ach faitíos, agus iad den bharúil gur thug ráiteas Uí Fhoghlú le fios gur cinnte go dtiocfadh athrú ar fheidhmeanna COGG am éigin amach anseo.
Is í an phríomhfheidhm atá ag COGG ná tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, mar a bhaineann le háiseanna teagaisc, le seirbhísí taca agus le taighde, ach is léir ón gcinneadh is déanaí ón ROS gur mó béime a bheidh á cur amach anseo ar fheidhmeanna eile COGG maidir le curaclam na Gaeilge i scoileanna Béarla na tíre.
Agus é ag freagairt ceiste os comhair na Dála ar an 18 Nollaig 2012, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn go mbeadh sé “ag súil le COGG a bheith ag cur a chuid feidhmeanna reachtúla i gcrích i gcónaí de réir mar a bhaineann leis an nGaeilge, trí Ghaeilge, agus ag déanamh cumarsáid leis an bpobal sa chaoi chéanna is a ndéanann siad faoi láthair”.
Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, athraíodh port na Roinne nuair a chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl go bhféadfadh go mbeidh ar fhoireann COGG a bheith ag feidhmiú trí Bhéarla agus iad i mbun plé le foireann an CNCM.
Ag labhairt dó ar chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge “Sular bhunaigh An Chomhdháil, Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta COGG, níorbh ann d’aon struchtúr chun freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na Scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lánGhaeilge, agus tá an-bhuairt orainn gur céad chéim í seo i dtreo cúlú ar an struchtúr tacaíochta reatha”.
Dar le De Barra go lagófar obair COGG i leith na scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna, má chuirtear iachall ar fhoireann bheag COGG díriú go príomha ar churaclaim na Gaeilge sna scoileanna Béarla.
Tá ráite ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil an comhcheangail atá beartaithe ag dul i gcoinne na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Is mar seo thíos a chuirtear síos ar ról COGG sa Straitéis:
• Beidh príomhról ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i
bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais i gcomhar leis na gníomhaireachtaí atá ann.
• Cuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas a chomhlíonadh.
• Neartófar ról COGG mar aitheantas ar an ngá le dul i ngleic le saincheisteanna éagsúla a bhaineann go sonrach le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di araon, agus le teagasc na Gaeilge i ngach scoil aitheanta. Beidh ról lárnach ag COGG ó thaobh comhairle dhíreach a chur ar ghaelscoileanna faoi dhea-chleachtas i dtaca le hoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Deir Kevin De Barra go mbeidh cruinniú práinne á iarraidh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus go mbeidh siad ag impí air a bheith praiticiúil faoin gceist.
Deir De Barra, “Níl aon sábháiltí airgid luaite leis an gcónascadh seo. Beidh oifig nua an CNCM lonnaithe timpeall an choirnéil ó oifig reatha COGG.
Is cinnte go bhféadfaí seirbhísí áirithe a chomhroinnt, idir seirbhísí dlí, tacaíocht theicniúil agus a leithéid, ach chomhlíonfaí príomhfheidhm COGG, chun feidhmiú ar son na scoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge, níos fearr dá mbeadh COGG mar shatailít ag an CNCM, ar fáil chun comhairle a chur ar fáil, ach ag feidhmiú go neamhspleách, agus go hiomlán trí Ghaeilge”.
GAELPORT.COM
Cruinniú – Gaelscoil nua i dTamhlacht
Eanáir 28, 2013
CRUINNIÚ TÁBHACHTACH faoi Ghaelscoil nua ag oscailt MF 2013 i dTEACH NA GIÚISE ar siúl 05/02/13 (Dé Máirt) san Ionad Pobal, Teach na Giúise ag 7ir. Bígí ann le tacaíocht a thabhairt don ghaelscoil nua!