Dátaí Athsceidealaithe don dráma ‘An Triail’ san Axis i mBaile Munna
Samhain 10, 2017
Beidh An Triail le Máiréad Ní Ghráda i stíl Fíbín ar ais ar stáitse san Axis i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath le sé léiriú speisialta ar an Mháirt 5ú agus an Chéadaoin 6ú Nollaig mar thoradh ar sheónna a cuireadh ar ceal de bharr Spéirling Ophelia an mhí seo caite.
Murar éirigh leat an dráma a fheiceáil an mhí seo caite bígí cinnte nach gcaillfidh sibh amach air i mí na Nollag. Chonaic lucht féachana sa bhreis ar 6,500 duine an dráma le linn na camchuairte i 7 n-ionad mórthimpeall na tíre. Dhíol na seónna amach i gCeatharlach, i mBaile Átha Luain, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.
Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.
Tá ticéid ar fáil anois ón Axis ar 01 883 2100
Cuir bhur dticéid in áirithe inniu agus ná caill amach ar an léiriú físiúil agus fisiciúil seo!!
COSTAS: €12.50 (D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist) agus téann múinteoirí in aisce!
DÁTA: Dé Máirt 5ú & Dé Céadaoin 6ú Nollaig
AM: 10r.n., 12i.n & 2i.n
FAD: 1 uair
Téigh anonn chuig leathanach ‘An Triail’ le haghaidh gach eolas eile!
Coicís go Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG
Samhain 10, 2017
Níl ach coicís ón lá inniu go dtí go mbeidh ár gcomhdháil bhliantúil oideachais, Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG, ar siúl. Tá líon an-ard scoileanna, taighdeoirí, eagraíochtaí agus institiúidí oideachais cláraithe ag an staid seo agus tá muid ag súil go mór leis an bplé bríomhar spreagúil ag an ócáid.
Tá clár an Tionóil agus gach eolas eile le fáil ag an nasc seo. Tá am ag daoine clárú go fóill.
Tá áthas orainn go mbeidh An tAire Stáit um Ardoideachas, Mary Mitchell O’Connor T.D., linn ar maidin leis an gcomhdháil a oscailt go hoifigiúil. Beidh an tOllamh Alan Titley linn san iarnóin le heochairaitheasc an Tionóil a thabhairt.
Ionadaíocht
Tá ionadaíocht ar fáil do Thionól Forbartha 2017 arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an Tionól Forbartha tríd an gcóras OLCS. Anuas air sin, tá ionadaíocht ar fáil d’aon phríomhoidí atá ag teagasc ach teagmháil a dhéanamh le COGG (01 6340831 nó eolas@cogg.ie ) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil.
COIRM GAEL LINN 2018 – cláraigh anois !
Samhain 9, 2017
Eagróidh Gael Linn sraith de fhéilte COIRM ar fud na tíre in ionaid oiriúnacha, le háiseanna maithe amharclannaíochta, le linn mhíonna Feabhra/Márta 2018.
Ag Coirm, cuireann Gaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta seó i nGaeilge ar stáitse a léiríonn na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Fágtar a rogha féin de théama faoi gach scoil, agus bíonn meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach seó, ag a mbíonn teorann ama de 20 nóiméad.
Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach bíonn léirmheastóir i láthair, agus tugtar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léireoidh ardchaighdeán ag na féilte.
Seo a leanas na dátaí sealadacha do na féilte éagsúla. Cinnteofar na hionaid agus na dátaí seo nuair a bheidh na hiarratais uile istigh !
Dé Céadaoin 7 Feabhra 2018 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
Déardaoin 8 Feabhra 2018 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Dé Máirt 27 Feabhra 2018 – Amharclann Hawks Well, Sligeach
Dé Céadaoin 28 Feabhra 2018 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
Déardaoin 1 Márta 2018 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
Dé hAoine 2 Márta 2018 – Amharclann Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Dé Luain/Dé Máirt 5/6 Márta 2018 – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Dé Máirt 13 Márta 2018 – Siamsa Tíre, Trá Lí
Tá gach eolas faoi rialacha Coirm, mar aon le foirm iontrála, ar fáil ag www.gael-linn.ie/coirm
Dáta deiridh iontrála – 18 Nollaig 2017
Ceolchoirm /Concert 16/11/17, 8:00pm, Dún Mhuire, An tAonach
Samhain 9, 2017
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ceolchoirm den scoth ó Oisín MacDiarmada agus Paul Finn ón ngrúpa Téada le Samantha Harvey i nDún Mhuire ar an Déardaoin, 16 Samhain, 2017 ar a 8.00 pm. We are delighted to announce that Oisín MacDiarmada and Paul Finn, from the renowned group Téada with Samantha Harvey, will be in concert in Dún Mhuire Nenagh on Thursday 16 November 2017 at 8:00pm. Eolas : 067 41570 cnagantaonach@gmail.com
Jeff Kinney ag teacht ar cuairt go hÉireann
Samhain 7, 2017
Ba mhaith linn sibh a chur ar an eolas go bhfuil Jeff Kinney údar na sraithe iomráiteach Dialann Dúradáin nó Diary of a Wimpy Kid, ag teacht go hÉireann ar chuairt.
Beidh Jeff ag síniú leabhair i siopa leabhar Eason, Sráid Uí Chonaill ar an Satharn, 2ú Nollaig 11rn – 2in.
Tá ticéad, atá saor in aisce, ag teastáil don ocáid seo agus is féidir iad a chur in áirithe ar suíomh Eason.
http://www.easonedition.com/event/eason-event-jeff-kinney/?instance_id=12384
Tá Jeff fíor bhródúil go deo as na leabhar Gaeilge agus ba bhreá leis castáil ar páistí a bhfuil na leabhair Gaeilge acu. Is féidir leis na gasúir a gcuid leabhar a thabhairt leo ar an lá le fáil sínithe.
Ceiliúradh foilseacháin an dara leabhar déag, The Getaway, é an camchuairt seo agus chomh maith leis sin tá an triú leabhar as Gaeilge Barr ar an Donas foilsithe ag Futa Fata le seachtain anuas freisin.
Bheadh sé iontach na Gaeil agus leitheoirí óga a fheiceáil ag an ócáid seo agus ba mhór againn é dá mbeadh sibh in ann an deá scéal a roinnt le páistí agus tuismitheoirí na scoile.
Tá Futa Fata ag comhoibriú le Penguin Random House Ireland ar an ócáid seo.
Lá Mór le Gaeilge Leabharlann Bhaile Bhlainséír 4 Samhain
Samhain 3, 2017
Más maith leat níos mó Ghaeilge a fhoghlaim, nó úsáid a bhaint as do chuid Gaeilge, tar chuig ‘Blas Baile Bhlainséir’ ar an Sathairn seo, 4 Samhain, 11.30am – 4pm. Beidh scéalaíocht, cluichí, caint agus craic! Níos mó eolais ag: blanchardstownlibrary@fingal.ie nó 8905560 nó ar Facebook.
Cara sa Chúirt: dráma grinn ag Oireachtas na Samhna
Deireadh Fómhair 31, 2017
Tar éis léirithe iontacha ag an bPicnic Leictreach agus Liú Lúnasa seo scéal mhadra na n-ocht gcos… cinnte is fearr cara sa chúirt ná punt sa spáran ach nuair atá an punt as úsáid agus na cairde uilig cam, cad is féidir le duine a dhéanamh? Fáigh na freagracha ar staireog stairiúil san aistear aisteach seo! Meascáin de ghreann agus d’aoir ghéar ar oidhreacht an choilíneachais .
Léiriú arna Mumbro Top
Ticéid €5 ag an doras
Cliar: Eilís Carey agus Sam Ford
Stiúrthóir/Léiritheoir: Hilary Bowen-Walsh
Dearadh: Rosie O’ Shea
https://www.facebook.com/events/123878854961920/?fref=ts
Folúntas i Naíonra Cholmcille, f/ch Scoil an Duinnínigh, Bóthair Faoldroma, Draighneán, Sord, Co. Baile Átha Cliath
Deireadh Fómhair 27, 2017
Stiúrthóir cúnta breise á earcú ag Naíonra Cholmcille mar atá ceadaithe ag AIM
15 uair in aghaidh na seachtaine
Ag tosnú comh luath agus is féidir (tar éis seiceáil Gardaí) go dtí 29 Meitheamh 2018
Ag teastáil:
- Cáilíocht Fetac ag Leibhéal 5 nó 6 in Oideachas Luathbhlianta/Cúram Leanaí
- Taithí bheith ag obair i suíomh cúram leanaí
- Scileanna maithe eagrúcháin agus foirne
- Caighdeán maith Gaeilge labhartha
- Tuiscint ar Aistear, Síolta agus ar Churraclaim Luathfhoghlama
Má tá suim agat sa phost, cuir cóip de do CV chuig naionracholmcille@gmail.com roimh 17 Samhain 2017.
CRUINNIÚ TEACHT ANIAR AG OIREACHTAS NA GAEILGE
Deireadh Fómhair 27, 2017
Tá cruinniú á eagrú againn ag Oireachtas na Gaeilge a bheas ar siúl i gCill Airne i mbliana. Beidh ár gcruinniú ar siúl ar an Satharn an 4ú Samhna idir a 3.00in agus a 5.00in agus beidh dhá théama á bplé ann:
Fís shóisialta don Ghaeltacht: Pobal, Ceannaireacht agus Cur Chuige agus An tSochaí Shibhialta agus an Ghaeilge
Beidh an cruinniú seo tráthúil mar go bhfuil go leor plé ar siúl i láthair na huaire maidir leis an bpleanáil teanga agus a laghad maoinithe aṫá á gcur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta lena haghaidh.
Tá tuilleadh eolais faoin gcruinniú seo ar fáil ar shuíomh nua idirlín TEACHT ANIAR ag www.teachtaniar.eu agus leis an gceangaltán thuas.
Tá CNCM ag lorg iarratais ar phost mar Oifigeach Oideachais do Theanga, Gaeilge Bunscoile:
Deireadh Fómhair 26, 2017
Cliceáil ar na naisc thíos chun:
- Leabhrán faisnéise a íoslódáil
- Foirm iarratais a íoslódáil
- Foirm ghearr um chlárú earcaíochta a chomhlánú
An Próiseas Iarratais
Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm um chlárú earcaíochta agus seol an fhoirm iarratais ar ríomhphost chuig recruitment@ncca.ie ionas go mbeidh sí againn tráth nach déanaí ná 12 meán lae, Dé Mairt, an 7 Samhain 2017.
Má theastaíonn uait aon cheann de na poist a phlé, seol ríomhphost chuig recruitment@ncca.ie chun coinne a eagrú le comhalta foirne cuí.