Polasaí leagtha amach ag an Aire O’Sullivan le tacú le scoilphobail inbhuanaithe
Feabhra 18, 2015
Scéal iomlán ag: http://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2015-Press-Releases/PR15-02-17.html
Maoiniú ó Scéim Bunaithe agus Forbartha Gréasán Fhoras na Gaeilge
Feabhra 16, 2015
Maoiniú Tacaíochta ar fáil ó Fhoras na Gaeilge
Ar mhaith leat an Ghaeilge a úsáid níos minice i do shaol? Ar dheas leat do chaithimh aimsirí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Ar mhaith leat daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge?
Ar mhaith leat gréasán le Gaeilge a chruthú?
Ba mhaith le Foras na Gaeilge tacú le bunú agus forbairt gréasáin trí mheán na Gaeilge.
Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh iarratais do ghréasáin (bunaithe agus/nó le bunú) a bhfuil an Ghaeilge mar mheán theanga an ghréasáin.
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo úsáid na Gaeilge a normalú sa tsochaí agus deiseanna praiticiúla do phobal na tíre an Ghaeilge a spreagadh agus éascú trí ghréasáin daoine a thabhairt le chéile ar bhonn taitneamhach.
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ag: www.gaeilge.ie/greasan
Ceiliúradh 30 Bliain Ghaelscoil Osraí le ceolchoirm an-speisialta
Feabhra 16, 2015
Tá ceolchoirm an-speisialta á n-eagrú ag Gaelscoil Osraí ar an 20ú Feabhra mar chuid de cheiliúradh 30 bliain na scoile.
Tá cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr sa tír le bheith leo ar an oíche, ina measc Múinteoir Iarla, Steve Cooney agus cairde, Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers, Na Casadaigh, Seo Linn agus iar-mhúinteoir na scoile agus buaiteoir Chorn Uí Riada don amhránaí sean-nóis is fearr sa tír i mbliana, Nell Ní Chróinín. Chomh maith le sin, beidh Réalta na Gaelscoile, grúpa d’iar-scoláirí le adoine cosúil le Múinteoir Fiona, Colm Ó Caoimh agus daoine eile ag seinnt ar an oíche.
Tá na ticéidí ar fáil anois ar €20 an cheann ó oifig na scoile agus ó Rollercoaster Records ar Sráid Chiaráin. Tá na sonruithe ar Facebook chomh maith agus bheimís buíoch dá scaipfeadh sibh an fhocal le bhur dtoil. https://www.facebook.com/events/659742887478004/?ref_dashboard_filter=upcoming
Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
Feabhra 16, 2015
Sonraí ar fáil ag: www.educationposts.ie
Scoláireachtaí Lóistín chuig Inis Meáin do dhaltaí céad agus dara bliana!!!
Feabhra 13, 2015
Tá scoláireachtaí Lóistín dá dtairiscint do scoláirí ón mórthír a bhfuil cónaí orthu i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht chun freastal ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Árann ar feadh na bliana acadúla 2015-2016.
Beidh tús áite dá thabhairt d’iarratais ó scoláirí céad agus dara bliana.
Is é cuspóir na scoláireachtaí seo ná deis a thabhairt do dhéagóirí nach as an nGaeltacht dóibh, líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Maireann na scoláirí le teaghlach áitiúil ar Inis Meáin ar feadh na bliana, is í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh sna tithe seo agus faigheann na scoláirí léargas ar an nGaeilge mar theanga bheo agus mar gnáth theanga pobail. Fanann siad leis an gclann ar feadh na bliana, ag dul abhaile gach dara deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire.
Múintear réimse leathan ábhair tré mhéan na Gaeilge amháin sa scoil agus chomh maith leis an sealbhú teanga, tá buntáistí oideachais den scoth ag dul leis na scoláireachtaí seo. Is scoil bheag í Coláiste Naomh Eoin, le líon íseal daltaí, tréithe a chinntíonn go bhfaigheann gach dalta deis foghlaim go barr a gcumais mar go mbíonn áird a múinteoirí ar a dtoil acu. Tá an foireann teagaisc óg bríomhar agus sár-oilte ina gceird, rud a chinntíonn atmaisféar mealltach don foghlaim. Déanann na múinteoirí maoirseoireacht ar thréimhse staidéar tar éis scoile chun go mbeidh deis ag na gasúir a gcuid obair baile agus staidéar breise a dhéanamh ar a gcompóird.
Bronntar an scoláireacht ar bhun bliantiúil. Má bhíonn an scoil sásta go bhfuil an dalta ag déanamh dul chun cinn suantasach sa Ghaeilge agus go bhfuil sé/sí báúil ar shaol agus ar chultúr an oileáin d’fhéadfach dalta scoláireacht a fháil dá t(h)réimse oideachais dara leibhéal ina iomláine, agus tabhairt faoi scrúduithe na Ardteistiméireacht ar an oileán.
Is áit álainn chúin é Inis Méain, áit a bhfuil faoiseamh agus ionspraid le fáil taobh le taobh, é caoimhnithe ag am agus ag tradisiún, áit a dtarlaíonn spreagadh na foghlamtha go nadúrtha mar gheall ar a sceirdiúlacht agus a shaoirse ó chathú an t-saoil. Is tré Ghaeilge shaibhir dhúchasach a tharlaíonn an chumarsáid laethúil dá bhrí sin bíonn éileamh thar cuimse ar na scoláireachtaí seo mar gur deis iontach oideachais agus sealbhú teanga iad. Ní mór d’iarratas a sheoladh roimh 10/04/15 chun a bheith san iomaíocht.
Foirim Iarratais ar line ag www.colaistenaomheoin.ie
30 bliain á cheiliúradh ag Gaelscoil Osraí
Feabhra 13, 2015
An t-ollamh Miquel Strubell mar phríomhchainteoir ag comhdháil CAER
Feabhra 13, 2015
Scéal iomlán ag: www.facebook.com
Cabhair ar fáil le Gaeilge na hArdteiste ó Institiúid Oideachais Marino leis an gclár nua “Jamie”
Feabhra 13, 2015
I lár Mhí Eanáir beidh “Jamie” á sheoladh ag Institiúid Oideachais Marino– tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le daltaí Ardteiste pointí agus grád a bhaint amach sa Ghaeilge a chabhróidh leo áit a bhaint amach ar chláir fhochéime in IOM (Institiúid Oideachais Marino).
Seasann Jamie do “Jump-start at Marino Institute of Education” agus tugann sé noda staidéir do dhaltaí tús maith a chur lena n-ullmhúchán don Ardteist. Is éard atá in Jamie ná sraith de ghearrthóga fístéipe a chuirfear ar ár gcainéal Youtube Jamie a bhfuil sé mar aidhm aige daltaí a chur ar an mbóthar ceart le Gaeilge na hArdteiste. Beidh a áit féin aige freisin ar shuíomh idirlín IOM le hábhar tacaíochta do dhaltaí: www.mie.ie/jamie. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce do dhaltaí a d’fhéadfadh teacht chugainn, a spreagadh leanúint ar aghaidh lena gcuid staidéir in IOM.
Tá físeán Jamie le feiceáil anseo: http://youtu.be/3Lx-VTOsWvk
Bunscoil lán-Ghaeilge nua le bunú i mBiorra, Co. Uíbh Fháilí, Meán Fómhair 2015
Feabhra 13, 2015
D’fhógair an tAire Oideachais & Scileanna, Jan O Sullivan, inniu go n-osclófar ceithre bhunscoil nua i 2015 faoi phróiseas na Roinne le héagsúlacht an tsoláthair bunscoile a leathnú, agus is cúis mór áthais do Gaelscoileanna Teo. agus An Foras Pátrúnachta go bhfuil Gaelscoil Bhiorra i Co. Uíbh Fháilí aitheanta ina measc.
Bhí pobal Bhiorra cheana féin spreagtha i leith oideachais lán-Ghaeilge a éileamh dá bpáistí, le coiste bunaithe bunscoile ag feidhmiú sa cheantar ó 2010. D’eascair grúpa pobail, Biorra le Gaeilge, as an gcoiste céanna agus faoina stiúir, tá an Ghaeilge faoi bhláth sa cheantar. Eagraíonn Biorra le Gaeilge imeachtaí sóisialta rialta don phobal, ar a n-áirítear campaí samhraidh trí Ghaeilge do pháistí, ciorcal comhrá agus ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta sa bhliain 2011 bhunaigh siad an naíonra Nóiníní Beaga. Pobal ar leith is ea pobal Bhiorra, a lean siad go tréan lena bhfeachtas maidir le bunscoil a bhunú in ainneoin nár aithin an Roinn Oideachais & Scileanna Biorra mar sprioc cheantar i dtaobh scoil nua a bhunú toisc daonra seasmhach a bheith aici.
Tugadh dóchas do thuismitheoirí Bhiorra i 2011 nuair a bhunaigh an t-iar Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn, sainghrúpa chun dul i gcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh ar conas is féidir le bunscoileanna a bheith níos cuimsithí ó thaobh traidisiún, reiligiún, teanga agus creideamh éagsúil de. Foilsíodh tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais i 2012 agus cuireadh tús le próiseas nua chun breathnú ar an gcaoi a bhfeadfaí freastal ar éagsúlacht agus rogha tuismitheoirí maidir le hoideachas dá bpáistí i 44 ceantar ar fud na tíre, Biorra ina measc. D’aithin tuairisc na Roinne maidir le rogha tuismitheoirí a foilsíodh i mí Aibreáin 2013 gur leor an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i mBiorra le go ndéanfar rogha pátrúnachta a chur ar fáil sa cheantar. Is mar thoradh ar an bpróiseas seo atá Gaelscoil Bhiorra le n-oscailt faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta i Meán Fómhair 2015.
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh an chinnidh seo ón Roinn Oideachais & Scileanna, a chinntíonn go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge mar rogha do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoirí ag gníomhú go díograiseach ar a son leis na mblianta. Deimhníonn bunú na scoile nua seo gur mian an-láidir í an tumoideachas lán-Ghaeilge mar chóras oideachais i measc an phobail agus go bhfuil fás agus forbairt leanúnach ag teacht ar an earnáil agus an-éileamh uirthi. Leanfaidh an eagraíocht ar aghaidh ag gníomhú thar ceann na scoile agus an phobail máguaird le hoideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a éascú.
Beidh An Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais & Scileanna ag comhoibriú sna míonna romhainn le cóiríocht agus foireann chuí a dheimhniú do Ghaelscoil Bhiorra, agus beidh deis ag tuismitheoirí a gcuid páistí a chlárú leis an scoil nua trí teagmháil a dhéanamh leis an bpátrún ar 01 6294110 nó eolas@foras.ie.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta, ‘is iontach ar fad an scéal é seo do phobal Bhiorra agus go háirithe don choiste áitiúil agus na tuismitheoirí atá ag obair ina threo le fada. Beidh An Foras Pátrúnachta ag feidhmiú láithreach chun ionad don scoil a shocrú leis an Roinn, foireann na scoile fhostú agus cinntiú go bhfuil gach rud in ord d’oscailt na scoile do Mheán Fómhar seo chugainn’.
Dea-scéal do thuismitheoirí ag lorg scoileanna ilchreidmheacha
Feabhra 13, 2015
Scéal ar fad ag:
http://www.rte.ie/blogs/european/2015/02/13/good-news-for-non-religious-parents/