Méid an Téacs

Bileog nua ar an Luath-thumoideachais

Eanáir 13, 2012

Céard é agus cé na buntáistí a bhaineann leis? Tá bileog nua dátheangach ar fáil anois ó GAELSCOILEANNA TEO. a fhreagraíonn na ceisteanna seo, agus beidh cóipeanna de á scaipeadh ar scoileanna tríd an phost an tseachtain seo chugainn. Tá an bileog ar fáil le híoslódáil anseo chomh maith (agus roinnt mhaith acmhainní eile leis!). Is féidir cóipeanna clóite breise a lorg ach teagmháil a dhéanamh linn: oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195.

Féile Scoil Drámaíochta na Gaillimhe

Eanáir 13, 2012

Tá’n sprioc-dháta ag druidim linn chun iarratais a sheoladh isteach le bheith páirteach i bhFéile Scoil Drámaíochta na Gaillimhe.

Reáchtálfar an Fhéile in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán ón Luan 6 Feabhra go dtí an Aoine 10 Feabhra 2012.

D’éirigh go breá leis an bhféile anuraidh, áit a léiríodh 35 dráma le linn na seachtaine agus táthar ag súil leis an méid céanna drámaí nó níos mó fiú i mbliana.

Caithfidh iarratais a bheith seolta isteach roimh an Aoine 20 Eanáir agus ní ghlacfar le haon Iarratais tar éis an dáta sin. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón suíomh www.scoilnatulai.com

Caithfear an fhoirm iarratais, in éineacht le táille iontrála de €30 agus cóip clóite den script a sheoladh sa phost chuig Rúnaí Féile Scoil Drámaíochta, Scoil Cholmcille, An Tulaigh, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe láithreach.

Cuirtear míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach le linn an Fhéile Scoil Drámaíochta chun tacaíocht a thabhairt do na haisteoirí óga. Go deimhin, cuirtear léiriúchán den scoth ar stáitse le linn na seachtaine agus is fiú go mór a bheith i láthair le tallann an aos óg.

GAELSCÉAL

Tús curtha le tógáil ‘Gaeláras Mhic Ardghail’

Eanáir 13, 2012

CUIRFEAR go mór leis an Ghaeilge ar an Iúir an tseachtain seo nuair a chuirfear tús leis an obair tógála ar ‘Gaeláras Mhic Ardghail’.

Táthar dóchasach go mbeidh an obair críochnaithe agus go mbeidh an Gaeláras oscailte faoi Mheán an Fhómhair 2012 – in am do chomóradh ar Choláiste Bhríde Ó Meith (1912) a bheas á reáchtáil in Iúr Chinn Trá, agus in Ó Meith Mara.

“Lárionad oidhreachta agus oideachais a bheas ann” mar Ghaeláras Mhic Ardghail, “áit a bheidh ag riaradh ar riachtanais Ghaeilgeoirí cheantair an Iúir,” de réir Séamus Mac Dhaibheid ó Chraobh an Iúir de Chomhaltas Uladh atá taobh thiar den tionscadail.

Tá an Gaeláras á thógáil ag ‘Cnocán Phádraig Naofa’, Sráid an tSéipéil, ar an Iúir. Ba le clann Mhic Ardghail, May, Úna agus Tomás, an teach seo agus is ina n-ónóir a bheas an áras ainmnithe.

Bhronn an teaghlach gaelach seo an teach agus an suíomh seo ar Chonraitheoirí an Iúir – suíomh a bhí roghnaithe ag na Bráithre Críostaí breis is 150 bliain ó shin d’fhonn a gcéad scoil in Iúr Chinn Trá a lonnú ann, Scoil Phádraig Naofa.

Tá an comhlacht tógála Kelly McEvoy Brown, as Caisleán a’ Mhuilinn, Contae an Dúin, roghnaithe leis an obair tógála a dhéanamh, conradh atá bunaithe ar phleananna a rinne Milligan Reside Larkin, ailtirí áitiúla.

Déanfar sean-bhungaló chlann Mhic Ardghail a athchóiriú chun spás teagaisc agus leabharlann-dánlann a chruthú.

Ar chúl an tí beidh Halla an Chonartha agus taobh leis dhá sheomra do ranganna na Craoibhe.

Is é Ciste Infheistíochta Gaeilge príomh-mhaoinitheoir na scéime, dream úrbhunaithe a bhí sásta suim shubstaintiúil a infheistiú sa togra nuair a ba léir dóibh go raibh Comhairle an Iúir agus Mhúrn toilteanach deontas £100,000 a thabhairt.

Is le Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge an Gaeláras agus thug Comhaltas Uladh £30,000 don tionscadal mar is dócha go mbeidh Gaeláras Mhic Ardghail ag feidhmiú mar áit chruinnithe do bhaill an Chomhaltais amach anseo.

Tá Bunscoil an Iúir suite gar don Ghaeláras agus chítear deiseanna chun seirbhísí breise iarscoile a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí óga an Iúir.
“Beidh muid ag soláthar ranganna, imeachtaí sóisialta agus oideachais, lá agus oíche le linn na seachtaine. Déanfar freastal ar leith ar pháistí a bhfuil an Ghaeilge acu cheana ach nach bhfuil fóram iarscoile acu. Táimid ag smaoineamh go háirithe ar lucht Bhunscoil an Iúir, idir dhaltaí agus tuistí,” a deir Séamus Mac Dhaibheid.

“Tá tacaíocht faighte cheana ón Heritage Lottery Fund chun Oifigeach Forbartha Oidhreachta a cheapadh agus déanfar duine a cheapadh go luath,” a deir sé, “Beidh deiseanna fostaíochta eile ann gan aon agó.”

GAELSCÉAL

Deontais d’imeachtaí idirscoile ar fáil arís!

Eanáir 13, 2012

Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.

Táimid ag glacadh le hiarratais ar deontais faoi láthair. Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na heagraíochta, mar sin sciob an deis agus líon amach an fhoirm iarratais (ar líne) gan mhoill!

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
  • Bunscoileanna amháin
  • Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
  • Iar-bhunscoileanna amháin

Tá grianghraif sa ghailearaí de roinnt de na himeachtaí a bhfuair maoiniú tríd an scéim seo cheana agus is féidir tuairiscí na scoileanna ar a gcuid imeachtaí a léamh anseo. Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail. Tá gach eolas maidir leis an scéim ar fáil ón Oifigeach Forbartha, cspainneach@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar 01 8535193.

Gaelscoil an Chuilinn ag oscailt i mBaile an Tirialaigh i 2012!

Eanáir 12, 2012

Pobalscoil Chorca Dhuibhne – Nuacht na Scoile

Eanáir 12, 2012

Nuacht Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Prioritise maths in primary school, says NCC report

Eanáir 12, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Plean Deich Seachtaine do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta

Eanáir 10, 2012

Beidh ceardlanna á chur ar fáil faoi stiúir an chomhairleora oideachais Elaine Ní Neachtain an tseachtain seo chugainn i Maigh Eo agus i mBaile Átha Cliath, ag díriú isteach ar bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.  Is ar mhúinteoirí Gaeilge a bheidh na ceardlanna ag freastal.

Díreofar sna ceardlanna ar Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta 2012.  Cuirfear oiliúint ar na múinteoirí i dtaobh an áis teagaisc Cuireadh Chun Cainte, agus leagfar amach plean deich seachtaine dóibh den bhealach is fearr ar féidir a gcuid daltaí a ullmhú idir seo agus aimsir na mbéalscrúduithe.

Reáchtálfar an chéad cheardlann ar Dé Luain, 16 Eanáir 2012, ó 6pm-7.30pm, san Ionad Oideachais i gCaisleán an Bharraigh, agus reáchtálfar ceardlann den chineál céanna i mBaile Átha Cliath ar Dé Máirt, 17 Eanáir 2012, in Áras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2 ó 5pm-6.30pm.

Beidh na ceardlanna á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge i gcomhar le Togra Mhaigh Eo Chonradh na Gaeilge.  Is féidir clárú don cheardlann phraiticiúil seo trí ghlaoch a chur ar 01 639 8448.

Tá teacht ar shraith nua faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste ar Phodchraoladh

Eanáir 10, 2012

Tá fiche clár ar fad sa tsraith nua seo agus tá teacht orthu ar www.raidionalife.ie.

Leanfar leis an sraith Gaeilge na hArdteiste ar Raidió na Life 106.4FM gach Aoine, ag tosnú ar 6 Eanáir 2012 ag 6.30pm. Beidh ocht gclár ag plé leis an mBéaltriail, agus clár amháin ag cur treorach agus eolas ar fáil ar Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Ceapadóireacht á gcraoladh idir seo agus tráth scrúdaithe 2012. Tá teacht ar na cláracha ar phodchraoladh chomh maith. Tá béim á leagadh ar an gcuid nua den gcúrsa Cur Síos ar Shraith Pictiúir agus Comhrá. Tá tábhacht níos mó ná riamh leis an mBéaltriail anois leis an méadú ar riar na marcanna ó 150 marc go dtí 240 marc i scrúdú na bliana seo.

Sa chéad chlár sa tsraith, a craoladh i dtús i rith an chéad téarma, tugtar forléargas ar a bhfuil i gceist sa Siollabas nua ó thús go deireadh. Tá teacht ar an gclár sin ar phodchraoladh, chomh maith le deich gclár eile atá ag plé leis an gcúrsa litríochta. Tá painéal de bheirt go bhfuil an-chur amach acu ar an gcúrsa ag cíoradh ábhar an chúrsa ar gach chlár. Tá na filí Nuala Ní Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh, Pádraig Mac Suibhne, Biddy Jenkinson, chomh maith leis na scéalaithe Ré Ó Laighléis, Éibhlís Ní Dhuibhne agus Deirdre Ní Ghrianna i measc go leor eile, páirteach sa tsraith. Is iontach an deis í seo do dhaltaí cuid de na filí agus údair eile a chloisint ag léamh a gcuid saothar  féin agus ag míniú cad a spreag chun pinn iad. Bainfidh múinteoirí leas as an sraith leis; tabharfaidh sé deis dóibh léargas daoine eile ar an gcúrsa a phlé sa rang. Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim & Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a dhein an comhlucht léiriúchán Scéal Eile na cláracha seo do Raidió na Life 106.4FM.

Tuilleadh Eolais: Máiréad Uí Dhomhnaill: 087-7443037

Coláiste Feirste – Nuachtlitir is déanaí

Eanáir 9, 2012

Nuachtlitir Coláiste Feirste

« Previous PageNext Page »