Méid an Téacs

Plean teanga Fhóram Chois Fharraige

Samhain 22, 2016

D’fhoilsigh Fóram Chois Fharraige achoimre dá dhréachtphlean teanga ar maidin (féach ar an nasc thíos) don limistéar a chuimsíonn Na Forbacha siar chomh fada le Ros a’ Mhíl.

Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar an Luan seo chugainn, an 28 Mí na Samhna 2016, ag a 8i.n. i Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán ag a gcuirfear an plean féin ós comhair an phobail agus lena bhfuil sa phlean a phlé agus féadfar moltaí a chur ar aghaidh roimhré chuig an bhFóram nó moltaí a dhéanamh ar an oíche.

Is féidir cóip crua den achoimre ar an bplean a phiocadh suas i Leabharlann an Spidéil, Oifig Comhlacht Forbartha an Spidéil nó ó Oifig Chomharchumann Sailearna chomh maith.

http://www.coisfharraige.ie/wp-content/uploads/2014/07/PleanTeangaCF2016.pdf

Aighneacht ón ngrúpa Cearta Oideachais i leith an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016

Samhain 22, 2016

Is grúpa tuismitheoirí iad Cearta Oideachais atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tháinig siad le chéile toisc go raibh siad imníoch go gcuirfí cosc ar pháistí le Gaeilge freastal ar Ghaelscoileanna mar thoradh ar na leasuithe ar pholasaithe iontrála scoile atá á bheartú ag an Aire Oideachais & Scileanna. Tá siad ag stocaireacht go gcuirfí riachtanais agus cearta oideachais pháistí atá á dtógáil le Gaeilge san áireamh sa reachtaíocht nua atá á bheartú.

Is féidir an aighneacht leith an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 a léamh anseo: Aighneacht – leagan Gaeilge

Tá tuilleadh eolais maidir le Cearta Oideachais le fáil ar Facebook: https://www.facebook.com/ceartaoid/

Folúntas: Múinteoir Acmhaine

Samhain 21, 2016

Tá múinteoir acmhaine de dhíth i nGaelscoil Moshíológ (U.R. 20165U), Guaire, Co. Loch Garman.

Scoil le 251 daltaí & 9 múinteoir ranga.

Baineann na huaireanta le 4 pháiste ó R.2, R.3 & R.5.

Ta na huaireanta ar OLCS agus faoin am go bhfuil sé líonta beidh beagnach 25 uair se seachtain i gceist.

Tuilleadh eolais ar fáil ó Carol Scott ar 053-9484028 nó trí eolasgm@gmail.com.

Nuacht ó Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair

Samhain 21, 2016

1-o-caoimh-eile

Saoirse Trought (Meitheal) ag bronnadh saothar ealaine ar Éamonn Ó Cuiv T.D ar ócáid chomórtha bhreithlá an Phiarsaigh a bhí eagraithe ag Gaelachas Teo. i gcomhar le Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair ar an 10 Samhain 2016.

2-torthai

Deiseal: Seonaid Ní Mhaolaidh, Liam Pléimeann agus Cáit Ní Chorcráin.

Tréaslaimid le gach dalta a rinne Scrúdú an Teastais Shóisearaigh i mbliana. Ní bréag a rá go raibh na torthaí nótáilte ar fad. Rinne gach duine acu éacht ach caithfear a rá go raibh triúr dár ndaltaí a rinne thar barr. D’éirigh leo 10 A an duine a bhaint amach. Thugadar faoin ard-chúrsa i ngach ceann de na hábhair freisin. Níl aon dabht ach go bhfuilimid go léir fíor-bhródúil agus mórtasach astu agus ba léir go rabhadar bródúil, díograiseach, uaillmhianach, dála a múinteoirí i rith na bliana.

 

Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin (Saoire Mháithreachais)

Samhain 21, 2016

Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin (Saoire Mháithreachais) – Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh  
Tá ról ag an Aonad maidir le cur chun cinn na Gaeilge san ollscoil agus sa cheantar máguaird.

Tá eolas faoin bpost ar fáil ar http://ulsites.ul.ie/aonadnagaeilge/node/64251?lang=ga

An sprioc d’iarratais ná Déardaoin 24 Samhain 2016 @ meánlae.

Féadfar fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost seo a dhéanamh leis An Dr Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir Aonad na Gaeilge  ar an r-phost: deirdre.niloingsigh@ul.ie
nó tríd an nguthán: 061-213463

(English) Haka Gaelach strikes fear into All Blacks

Samhain 17, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Legal bid to relocate Irish language primary school from 115-year-old west Belfast building clears first stage

Samhain 17, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Over 200 delegates attend all Irish schools conference in Kilkenny city

Samhain 17, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas i Naíonra Chrónáin

Samhain 16, 2016

capture

Oideoir sna Luathbhlianta – Cúntóir Naíonra

Iarratais á lorg do Cúntóir Naíonra ag Naíonra Chrónáin, Áras Chrónáin Ionad Cultúir,

Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

An Naíonra:

Is Naíonra lán Ghaeilge é Naíonra Chrónáin.

Is naíonra gnóthach é, ag rith seisiúin ar maidin agus sa tráthnóna. Tá aidhm lucht cheannais an Naíonra dírithe ar chúram agus oideachas d’ard chaighdeán a thabhairt do na páistí a fhreastalaíonn ar an seirbhís. Tá dúil ár n-anamacha sa spraoi lasmuigh agus sa spraoi riosca agus creideann muid i gcónaí i bheith suas chun dáta le taighde nua chun a chinntiú go bhfuil muid i gcónaí ag soláthair an chúraim agus an oideachais den chaighdeán is airde gur féidir a sholáthair.

Cáilíochtaí:

Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 5 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí, chomh maith le líofacht i nGaeilge labhartha.

An Ghaeilge:

Muna bhfuil líofacht iomlán agat i labhairt agus scríobh sa Ghaeilge ach go bhfuil caighdeán na hArdteiste agat i nGaeilge beidh muid in ann cúnamh a thabhairt duit do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú más gá.

Freagrachtaí:

Feidhmiú i suíomh réamhscolaíochta le fuinneamh agus le spraoi taobh istigh is lasmuigh. Bheith páirteach i gcúrsaí a phleanáil, sonrú agus tuairisc a choinneáil. Ba chóir go mbeadh dúil ag an duine a roghnaítear i seirbhís den chéad scoth, le scileanna idirphearsanta agus inphearsanta láidir, bheith in ann feidhmiú mar bhall foirne agus ar an am céanna bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.

Post:  Post Lánaimseartha atá i gceist

Tuarastal:  Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

Litir Iarratais agus CV chuig:

An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,

Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. (eolas@araschronain.ie / 01-4574847)

Dáta Deireadh Iontrála: Déardaoin 09/12/2016 roimh 1.00i.n.

Oiliúint riachtanach do bhoird bainistíochta i mí na Samhna

Samhain 16, 2016

Cuirfidh Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta modúl oiliúna ar airgeadais ar fáil do na boird bainistíochta i mí na Samhna, 2016.

Iarraimid ar ionadaithe ó bhord bainistíochta na scoileanna clárú le freastal ar http://www.gaelscoileanna.ie/forbairt-ghairmiuil-leanunach/.

Seo thíos eolas maidir le dátaí agus ionaid:

Ionad Oideachais Chill Chainnigh, 28/11/2016 ó 7.30-9pm

Radisson, Leitir Ceanainn, Dún na nGall, 28/11/2016 ó 7.30-9pm

Óstán Peacockes, An Teach Dóite, Gaillimh 29/11/2016 ó 7.30-9pm

Ionad Oideachais Chorcaí, 29/11/2016 ó 7.30-9pm

Ionad Oideachais BÁC Thiar, 30/11/2016 ó 7.30-9pm

Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie má tá aon cheist agat ina leith.

« Previous PageNext Page »