Méid an Téacs

Nuachtlitir Futa Fata Meán Fómhair 2014

Meán Fómhair 18, 2014

Nuachtlitir Futa Fata MF 2014

Juvenes Translatores

Meán Fómhair 18, 2014

Má tá muintir na hEorpa le bheith “aontaithe san éagsúlacht “, de réir mhana an Aontais Eorpaigh, ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar theangacha eile seachas ár dteanga féin.

Tá ár gcomórtas aistriúcháin Juvenes Translatores, atá ar siúl ó 2007 ar aghaidh, ann le cabhrú leis an uile dhuine agaibh a bhfuil dúil agaibh teangacha iasachta a fhoghlaim.

San fhadtéarma, tugtar daoine le chéile trí fhoghlaim teangacha agus cuireann sí lenár dtuiscint ar chultúir eile. Agus beidh sé níos éasca daoibhse – daoine fásta an lae amárach – staidéar nó obair a dhéanamh ar fud na hEorpa.

Léirítear i staidéir éagsúla go bhfuil síorfhás ar an éileamh ar aistriúchán agus ar aistritheoirí san Eoraip. Ba chóir go mbeadh mic léinn réidh chuige sin! Ardaíonn Juvenes Translatores feasacht i dtaobh a thábhachtaí is atá scileanna aistriúcháin agus an chaoi ar cheart ról an aistriúcháin a athmheas mar “idirghábháil” idir teangacha maidir le foghlaim teangacha.

… le cuidiú le múinteoirí agus le daltaí

Tá an-éileamh ar an gcomórtas anois: as na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas roimhe seo, ba mhaith le 99% acu bheith páirteach arís ann.

… gníomhaíochtaí coiteanna a chur chun cinn le scoileanna thar lear

Lena chois sin, spreagann Juvenes Translatores eachtraí eile teanga, óir thosaigh roinnt scoileanna a bhí páirteach ann malartuithe oideachais trí Juvenes Translatores.

Beidh cuidiú ar fáil ar ár leathanach Facebook le dul i mbun cainte leis na daoine eile atá páirteach agus le tuairimí agus ábhar a roinnt. Tugann ár mblag deis do mhuinteoirí freisin dea-chleachtais a roinnt agus foghlaim óna chéile.

Príomhshonraí chomórtas na bliana seo:

  • Dáta deiridh le haghaidh chlárúcháin – 20 Deireadh Fómhair 2014, 12.00 meán lae (am na Bruiséile).
  • An 27 Samhain a bheidh an comórtas ar siúl i mbliana.
  • Is féidir le daltaí a rugadh i 1997 páirt a ghlacadh sa chomórtas.
  • Bronnfar na duaiseanna ar bhuaiteoirí Juvenes Translatores ag searmanas sa Bhruiséil san Earrach, 2015.

Anuraidh, d’éirigh go rímhaith le daltaí na hÉireann sa chomórtas seo nuair a bhain Aileen Ní Ghloinn ó Choláiste Íde, an Daingean, Co. Chiarraí an comórtas aistriúcháin in Éirinn agus gur thug fear óg de bhunadh na hÉireann, Eireamhain Semple, an duais leis san Ísiltír! Mar sin de is mian linn leanúint den dul chun cinn seo in 2014.

Ba mhór againn mar sin, go gcuirfeadh an oiread meánscoil agus is féidir isteach ar an gcomórtas seo thar ceann a gcuid daltaí.

Is é Juvenes Translatores an comórtas bliantúil a eagraímid do dhaltaí scoile a bhfuil aois 17 mbliana acu.

Reáchtálfar comórtas 2014 ar an 27 Samhain. Daltaí a rugadh i 1997 a bheidh in ann páirt a ghlacadh ann.

Ní mór do scoileanna clárú roimh ré — idir an1 Meán Fómhair agus an 20 Deireadh Fómhair — má theastaíonn uathu páirt a ghlacadh sa chomórtas (féach na rialacha chun tuilleadh sonraí a fháil).

‘Féiniúlacht Eorpach’ téama na bliana seo.

Cad chuige an comórtas: http://ec.europa.eu/translatores/why/index_ga.htm

Conas ullmhú: http://ec.europa.eu/translatores/how/index_ga.htm

Rialacha: http://ec.europa.eu/translatores/rules/index_ga.htm

Cláraigh: http://ec.europa.eu/translation/contest/registration/registration_form.cfm?comlang=ga

Bileog eolais 2014

Seaimpíní Snáimh i nGaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Meán Fómhair 18, 2014

Comhghairdeas le daltaí Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin a bhain gradam amach sna comórtais tarrthála le déanaí. Seo thíos Sam Ó Cofaigh, Finian Ó Nia, Matt Ó Murchú, Ben Morales, Zoë Ní Chofaigh, Kelly  Ní hIarlaithe, Finn Ó Conaill, Jake Ó Cofaigh, Sinéad Ní Mhurchú, Shane Ó Crualaoich, Joe Morales, Cillian Ó hIarlaithe, Ruby Edmead, Amelia Edmead, Grattan Ó Nia agus Justin Ó Crualaoich, cóitseálaí.

Snámh Champs

Oíche Chultúir 2014 – Uimhir 6 Sráid Fhearchair

Meán Fómhair 17, 2014

Beidh neart imeachtaí ar siúl in Uimhir 6 ar an Aoine seo chugainn (19/09/14) fá choinne Oíche Chultúr 2014. Seo thíos an sceideal don oíche. An mbeidh sibh linn?

Conradh na Gaeilge / Seachtain na Gaeilge: 19.00 – 22.00
Gach 20 bomaite beidh turas treoraithe staire á reáchtáil ag Cuan Ó Seireadáin ar fud an Cheannárais ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair gach 20 bomaite nó mar sin i gcaitheamh na hoíche.

Sa Siopa Leabhar: 19.00 – 19.40
COMHRÁ LE…Seán Mac Mathúna agus Darach Ó Scolái i gcomhair le Conradh na Gaeilge agus Raidió Na Life. Cuirfidh an craoltóir iomráiteach Cathal Portéir agallamh ar bheirt scríbhneoirí aitheanta faoin a gcuid saothair agus saoil.

Oireachtas na Gaeilge: 19.30 – 20.30
Beidh Oireachtas na Gaeilge ag reáchtáil Ceardlann Rince ar an Sean-Nós le Marian Ní Chonghaile ar an Aoine, 19 Meán Fómhair 2014, i gClub Chonradh na Gaeilge mar chuid d’imeachtaí Oíche Chultúir 2014.

Mairfidh an cheardlann ar feadh uair an chloig, ag tosú ag 7.30pm. Cead isteach saor in aisce. Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig loretta@antoireachtas.ie.

Sa Chlub – 20.30 – 00.00
Beidh seisiún ceol sa Chlub

Dúshlán Gaeilge 24 – Lá gan Bhéarla

Meán Fómhair 15, 2014

Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh le labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair a chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí & gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, i gclubanna spóirt & eile

Seo an tríú bliain de Gaeilge 24. Gach bliain bíonn níos mó scoileanna páirteach ann agus is breá leis na daltaí an dúshlán.

Cuideoidh sé le haigne na ndaoine óga a oscailt & eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol.

Beidh na mílte ag glacadh páirte ann. Táimid ag tnúth le breis is 200 scoil & 20,000 dalta i mbliana.

Tuilleadh sonraí anseo.

Lá Oiliúna d’Áis Mheasúnaithe san Luathlitearthacht

Meán Fómhair 12, 2014

Dáta: 19 Meán Fómhair 2014

Ionad: Kilashee House Hotel, Nás na Ríogh, Co.Chill Dara

Am: 9:30r.n. – 4i.n.

Beidh an Dochtúir Gabrielle Nig Uidhir ó, Príomh-Léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire, Béal Feirste, i mbun lá oiliúna

Treoir do mhúinteoirí a bheidh ann in úsáid na hÁise Mheasúnaithe sa Luathlitearthacht le Marie Clay a rinne Gabrielle a chaighdeánú do scoileanna lán-Ghaeilge.

Dírithe ar mhúinteoirí bunranganna agus múinteoirí tacaíocht foghlama a bheidh an oiliúint.

Cuirfear cóip den áis ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt sa Lá Oiliúna, chomh maith le lón, tae/caife agus sóláistí eile.

Seol scéal láithreach chuig riarachan@cogg.ie

Cath na mBannaí

Meán Fómhair 11, 2014

Tá áthas ar Feachtas a fhógairt go mbeidh comórtas Chath na mBannaí á reáchtáil acu ar an 21ú Deireadh Fómhair 2014 in Axis, Baile Munna. Is é sprioc an chomórtais seo ná bannaí nua a spreagadh agus deis a thabhairt do bhannaí seanbhunaithe a gcuid tallann a léiriú. Tá an comórtas seo oscailte do gach meánscoil lán-Ghaeilge agus aonad lán-Ghaeilge sa tír agus tá cead ag scoileanna uasmhéid de dhá bhanna a chur isteach ar an gcomórtas. Eagrófar an comórtas seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus tá muid cinnte de go gcabhróidh sé seo le cur chun cinn na Gaeilge ar scoil agus úsáid shóisialta na teanga taobh amuigh den seomra ranga.

Is deis iontach é seo chun cumas ceoil agus tallanna na scoláirí a léiriú agus páirt a ghlacadh in imeacht mór idirscoile trí Ghaeilge. Tá duaiseanna iontacha le buachan freisin – seisiúin taifeadta i Stiúideo Dearg Raidió na Life agus trófaithe. Chun tuilleadh eolais faoin gcomórtas seo a fháil, déan teagmháil le Ciara eolas@feachtas.ie / 01 6725940

Cath na mBannaí

Lámh Chúnta

Meán Fómhair 11, 2014

Ag Lámh Chúnta is féidir lámh chúnta a fháil chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí don mhúinteoir agus don dalta. Ann gheobhaidh tú réimse acmhainne le húsáid sa seomra ranga:

  • leabhair litriúcháin/foghraíochta
  • leabhair le gníomhaíochtaí breise bunaithe ar leabhair léitheoireachta na bpáistí
  • cluichí teanga
  • Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann

Tabhair cuairt orthu ar www.lamhchunta.com.

Lámh chúnta

Mise, Subhó agus Maccó

Meán Fómhair 11, 2014

Daoine ar an imeall! Teanga ar an imeall! Dráma ar an imeall!

Beidh dráma aon-ghnímh leis an bhfile agus drámadóir clúiteach Biddy Jenkinson don teideal Mise, Subhó agus Maccó á léiriú sa New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ar an 25ú/26ú/27ú de Mheán Fómhair ag 7:30i.n. Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar macnaimh.

Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean. Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta. In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.

Dúirt Stiúrthóir Aisteoirí An Lab, Áine Moynihan faoin turas go Baile Átha Cliath: “Tá dian-obair curtha isteach ag foireann an dráma seo chun caighdeán ard léirithe a bhaint amach agus cé nach bhfuilimid mar chuid oifigiúil den bhFéile Drámaíochta is mian linn ár gcuid a dhéanamh chun cur le drámaíocht na Gaeilge sa chathair le linn na Féile. Tá ábhar an dráma seo tráthúil mar gheall ar an ngéarchéim a bhaineann le heaspa dídine na laethanta seo, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus ba mhaith linn cabhrú chun áird a tharraingt ar an bhfulaingt a bhaineann leis.”

Beidh ticéidí ar fáil ag 01 6703361 nó ag an doras ar €12/10.

Amharclann agus Ionad Ealaíon na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí is ea An Lab.

Faigheann An Lab tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, an comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon atá dírithe ar fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht

Is iad na haisteoirí sa ghriangraf ná Malachaí Mac Amhlaoibh, Áine Ní Mhuircheartaigh agus Muiris Ó Fiannachta. Grianfraf le Gearóid Casey.

Breis Eolais:

Áine Moynihan
Stiúrthóir Ealaíne,
An Lab, An Daingean, Co. Chiarraí

087-8546572

www.anlab.ie

www.facebook.com/LabAnDaingin

@labandaingin

The New Theatre, 43 East Essex St., Temple Bar, Dublin 2 (www.thenewtheatre.com)

Scléip 2015 faoi chúram Ghael Linn

Meán Fómhair 10, 2014

Scléip-2014Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn sé spreagúil, spraíúil agus sultmhar do na daltaí agus dá gcuid múinteoirí.

Ón mbliain seo ar aghaidh is iad Gael Linn a bheidh i mbun Scléip. Gabhaimid buíochas leis na scoileanna ar fad a thacaigh le Scléip ónar chuir Gaelscoileanna Teo tús leis i 2005 agus tá súil againn go leanfaidh sibh leis an seó agus go rachaidh sé ó neart go neart faoi stiúir Ghael Linn.

Beidh Gael Linn ag leagan an-chuid béime ar na healaíona comhaimseartha i mbliana agus tabharfaidh múinteoirí a bhí páirteach i Scléip cheana faoi deara go bhfuil athruithe beaga ar cheann nó dhó de na comórtais. Tá bróisiúr Scléip, an fhoirm iontrála agus na rialacha le fáil ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie. Is féidir aon fhiosrúchán maidir le Scléip a sheoladh ar ríomhphost chuig seanc@gael-linn.ie.

Beidh deis ag iomaitheoirí ó gach scoil páirt a ghlacadh sna réamhbhabhtaí agus gheobhaidh buaiteoirí na mbabhtaí sin cuireadh chuig Craobh ScléipNíl dátaí na réamhbhabhtaí socraithe go fóill, ach tabhair faoi deara go mbeidh siad ar siúl le linn an chéad téarma scoile i mbliana, ar laethanta scoile ag deireadh mhí na Samhna nó ag tús mhí na Nollag 2014. Tá Gael Linn ag súil le réamhbhabhta a bheith acu i ngach cúige ionas nach mbeidh an iomarca taistil ag aon scoil. Chomh luath is atá na hiontrálacha uilig istigh, socrófar na hionaid agus dátaí. Beidh an Chraobh ar siúl ar an Satharn, 24 Eanáir, 2015 i mBaile Átha Cliath.

Tá na táillí iontrála laghdaithe i mbliana agus ní bheidh ar aon scoil níos mó na €50 i dtáillí a íoc.

Tá súil ag Gael Linn go mbeidh fonn ar bhur gcuid popamhránaithe, rinceoirí, aisteoirí, srl. a bheith páirteach i mbliana agus go dtabharfaidh an comórtas spreagadh agus dúshlán do na daltaí agus dá gcuid múinteoirí leis! An spriocdháta d’iontrálacha ná 24 Deireadh Fómhair, 2014.

Tá an fhoirm iontrála le híoslódáil anseo: Scléip Gael Linn 2015

« Previous PageNext Page »