Méid an Téacs

Béarla éigeantach á bhrú ar na hEagrais Ghaeilge ag Foras na Gaeilge

Feabhra 17, 2014

Fógraíodh le deireanaí toradh an phróisis chuíchóirithe i dtaca leis na heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá sé cheanneagraíocht roghnaithe, agus beidh na heagrais eile fágtha gan mhaoiniú ón 30 Meitheamh 2014.

Mar chuid den phróiseas seo, scríobh Foras na Gaeilge chuig na heagrais ar 29 Eanáir 2014 ag cur in iúl go mbeidh Sainchomhairleoir Bainistíochta Athruithe ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe chun cabhrú leis an earnáil í féin a chur in oiriúint don chur chuige nua.

Ar an 02 Samhain 2011, scríobh na heagrais bhunmhaoinithe faoi scáth an Fhóraim chuig Foras na Gaeilge agus chuig Airí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT), ag éileamh go bhfostófaí comhairleoir neamhspleách sa Bhainistíocht um Athruithe, chun teacht ar shamhail nua mhaoinithe a bheadh chun leasa na Gaeilge. Diúltaíodh d’iarratas na n-eagras um an dtaca sin.

Is dóigh go bhfuil dhá bhealach a d’fhéadfaí breathnú ar an gcinneadh is déanaí seo ó Fhoras na Gaeilge. D’fhéadfá a rá go bhfuil athrú mór i ndán don earnáil agus gur iarracht mhacánta í seo ó Fhoras na Gaeilge chun tacaíocht a chur ar fáil do na heagrais d’fhonn tabhairt faoi na nithe praiticiúla a theastaíonn chun fáil faoi réir don athrú seo.

Ar an lámh eile de, d’fhéadfá breathnú ar an ngníomh seo mar ghníomh soiniciúil ó thaobh an Fhorais de. Nuair a d’iarr an earnáil cúnamh sa bhainistíocht um athruithe in 2011, le teacht ar mhúnla nua a bheadh, dar leo, chun leasa na teanga, diúltaíodh glan den chabhair seo. Anois, agus cinneadh déanta ag an bhForas, tá ann a dhéarfadh nach bhfuil sa chinneadh seo ach cleachtas ag an bhForas chun tic a chur i mbosca le gur féidir leo a maíomh go bhfuil siad ag tacú leis an earnáil.

Is cinnte go bhfuil an dá thuairim ann i measc phobal na Gaeilge, agus dóibh siúd nach bhfuil tite go hiomlán i dtreo na soiniciúlachta go fóill, theastódh uathu glacadh leis gur géag ológa de chineál éigin a bhí anseo ó Fhoras na Gaeilge. Sa litir ó Fhoras na Gaeilge chuig na heagrais, tairgtear comhairle agus cabhair i dtaca le saincheisteanna éagsúla mar shampla, conarthaí fostaíochta, pleanáil oibre, tuarastail agus coinníollacha seirbhíse, leanúnachas soláthair seirbhíse, bainistíocht tionscadal agus araile.

Agus cuid de na heagrais ag fáil faoi réir chun glacadh leis an ngéag ológa seo, tháinig sé chun solais go raibh súil ag Foras na Gaeilge gur trí Bhéarla a thabharfadh na heagrais faoin obair seo.

Tá cuid de na heagrais dheonacha seo ag saothrú go dúthrachtach i ngort na Gaeilge le breis agus 70 bliain. Masla ar leith d’fhoirne reatha na n-eagraíochtaí gur roghnaigh Foras na Gaeilge fógra a mbás a scaipeadh ar Twitter sular cuireadh toradh an phróisis in iúl do na heagrais féin, ach masla níos measa fós atá tagtha ó Fhoras na Gaeilge agus iad ag súil go mbeadh na heagrais seo ag feidhmiú trí Bhéarla agus iad ag meá na n-impleachtaí a bhainfeadh lena mhaoiniú a bheith ag teacht chun críche faoin 30 Meitheamh 2014.

I ráiteas chuig Gaelport.com ar an ábhar seo, chuir Foras na Gaeilge in iúl gur reáchtáladh próiseas poiblí oscailte ar shuíomh Etenders chun Comhairleoir Bainistíochta Athruithe a aimsiú.

Ar na critéir bhronnta a bhain leis an bpróiseas sin bhí:

Ualú Céatadán

Ag eascairt as an gcomórtas oscailte seo, b’iad Treacy Consulting a cheap Foras na Gaeilge don ghnó mar gurb iad a tháinig “sa chéad áit faoi na critéir éagsúla go háirithe ard-taithí sa réimse seo”.

Mura bhfuil ar chumas an dreama seo atá ceaptha ag Foras na Gaeilge seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar, is deacair a shamhlú conas ar éirigh leo aon mharcanna a bhaint amach i dtaca le huimhir 4 nó 5 ar an ar an liosta thuas, ach chun teacht i dtír ar an easpa seo tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge anois go bhfuil “Aistritheoir ag Treacy Consulting le haghaidh na hoibre seo”. Faoin gcóras marcála a úsáideadh chun an comhairleoir a athrú, tugadh 10% d’uimhir 4 agus d’uimhir 5 thuas araon, agus tugadh

De réir tuairiscí ar TG4 le linn na seachtaine, is cosúil go bhfuil diúltaithe ag gach ceann de na sé cheanneagraíocht a roghnaíodh aon phlé a bheith acu leis an tsainchomhairleoir atá ceaptha ag an bhForas.

Sa ráiteas ó Fhoras na Gaeilge deirtear: “Agus an obair chiniúnach seo idir lámha ag na heagraíochtaí creideann Foras na Gaeilge go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil fáil ag na grúpaí uile ar an chomhlacht is fearr ó thaobh saineolais, taithí agus scíleanna a roghnaíodh trí phróiseas phoiblí”.

Foilsithe ar Gaelport.com

Buaiteoirí Scléip 2014 i gCultúrlann Uí Chanáin

Feabhra 17, 2014

Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, 14 Feabhra 2014

Scoileanna rannpháirteacha:

  • Coláiste Feirste
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair
  • Coláiste Oiriall
  • Scoil Iosaf
  • Coláiste Chineál Eoghain agus
  • Coláiste Lú

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Josh Mac Philib, Coláiste Oiriall (sinsear)
  • Cathal Ó Cuireáin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Cailíní Óga, Scoil Iosaf (sóisear)
  • Dysania, Coláiste Oiriall (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Maria Ní Fhearraigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • Coiscéim, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • Laura Ní Dhuibhir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Na Feirstigh, Coláiste Feirste (sóisear)
  • Fuaim, Pobalscoil Ghaoth Dóbhair (sinsear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 1 Márta don chraobh ceannais.

Impleachtaí an mhúnla nua mhaoinithe pléite i dTionól TÉ

Feabhra 17, 2014

Imní na n-eagraíochtaí bhunmhaoinithe sna sé chontae fiosraithe ag an gCoiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (Coiste CAL)

D’fhógair Foras na Gaeilge i mí Eanáir gurb iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na sé cheanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú in Earnáil Dheonach na Gaeilge mar chuid den mhúnla nua maoinithe. Tiocfaidh deireadh le maoiniú na n-eagraíochtaí nár éirigh leo sa phróisis, ina n-áirítear Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Altram, ag deireadh mhí Mheithimh 2014.

I láthair an chruinnithe i Stormont ar an Déardaoin, 13 Feabhra, bhí Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha an Fhorais. Ní raibh ar chumas an Phríomhfheidhmeannaigh, Ferdie Mac an Fhailigh, a bheith i láthair. Freisin bhí ionadaithe ó Iontaobhas Ultach agus Altram. I láthair agus léadh amach ráiteas thar cheann Pobal nach raibh i láthair de bharr chomhdháil a bhí ar siúl ag an eagraíocht ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Faoin múnla nua, feidhmeoidh na sé cheanneagraíochtaí ar bhonn uile-oileáin. Is i bPoblacht na hÉireann atá a gceanncheathrú ag gach ceann acu agus tá imní léirithe faoi seo ó fógraíodh toradh an phróisis toisc an easpa tacaíochta a bheidh ar fáil do na struchtúr reatha teanga ó thuaidh.

Imní

Agus é ag caint le linn an chruinnithe, dúirt Stiúrthóir Iontaobhas Ultach, Aodán Mac Póilín, go bhfuil an baol ann faoin gcóras nua go ndéanfaí imeallú ar dhlínse amháin laistigh de cheanneagraíochtaí. Mhaígh sé nach ionann an suíomh sa dá dhlínse agus cé go mbeidh ar chumas na gceanneagraíochtaí go leor a bhaint amach go huile-oileánda, níl an saineolas nó an taithí ann déileáil le cúrsaí reachtaíocht teanga nó obair thrasphobail. Nuair a iarradh air an raibh an eagraíocht cheart roghnaithe sa chatagóir ina raibh Iontaobhas Ultach, dúirt Mac Póilín nach bhfuil eagraíocht ar bith, Iontaobhas Ultach san áireamh, a bhféadfadh feidhmiú go héifeachtúil ar bhonn uile-oileáin óir nach bhfuil an taithí chuí ag dream ar bith bheith ag plé le cúrsaí sa dá dhlínse. Dúirt sé go raibh an múnla mícheart in úsáid ag an bhForas agus cháin sé an próiseas iarratais a bhain leis.

Ag cur síos ar imní an earnáil réamhscolaíochta ó thuaidh dúirt Cathaoirleach Altram, Áine Andrews, nach féidir caitheamh le cúrsaí oideachais ar bhonn uile-oileáin. Dúradh nach tosaíocht don earnáil oideachais i gcoitinne í an réamhscolaíocht agus go mbainfí uaithi in eagraíocht ag a bhfuil sainchúram iontach leathan aici, amhail Gaelscoileanna Teoranta a bheas ag plé anois le cúrsaí Gaelscoile, iarbhunscoile, scoileanna Gaeltachta agus réamhscolaíochta. Dar le hAndrews, ní fhéadfadh le heagraíocht lonnaithe i mBaile Átha Cliath dul i ngleic leis an gcóras casta ó thuaidh agus ní chreidtear go mbeidh na foirne a lonnófar ó thuaidh faoin gcóras nua leordhóthanach le plé leis ach an oiread.

Beidh ar gach ceanneagraíocht foireann a earcú agus oifig a lonnú ar an dá thaobh den teorainn agus dar le Foras na Gaeilge beidh suas go 25% d’fhoirne na n-eagraíochtaí lonnaithe sna sé chontae. Tugadh le fios le linn an chruinnithe go bhfuil an-bhéim leagtha ag Foras na Gaeilge ar luach an tsaineolais atá san earnáil agus tá molta do cheanneagraíochtaí go gcoinneofaí san earnáil é chomh fada agus is féidir. Faraor, is cosúil go mbeidh go leor poist á gcailliúint faoin múnla nua agus tá deimhnithe nach mbeidh Foras na Gaeilge ag íoc iomarcaíochta ar bith d’eagraíochtaí. Chuir Aodán Mac Póilín in iúl nach mbeidh rogha ag eagraíochtaí áirithe nach bhfuil foinse maoinithe eile acu ach stádas féimheachta a éileamh, rud a chiallaíonn nach mbeidh ann do na heagraíochtaí sin ar bhonn deonach fiú.

Tugadh le fios le linn an chruinnithe go ndearna roinnt eagraíochtaí iarracht cur chuige cónaidhmigh a ghlacadh le linn an phróisis iarratais. D’aontaigh Iontaobhas Ultach, Pobal agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge iarratas a dhéanamh mar chónaidhmeach, agus bhí Altram agus Forbairt Naíonraí Teoranta ag súil le teacht le chéile don phróiseas, mar aon le Gaelscoileanna Teoranta sa deireadh, ach dhiúltaigh an Foras glacadh len a leithéid de shocrú agus cuireadh bac ar cheanneagraíochtaí aon mhaoiniú a thabhairt d’eagraíiochtaí eile. Bhí an Foras sásta glacadh le cumaisc eagraíochtaí ach cuireadh in iúl nár chreid eagraíochtaí áirithe go bhféadfadh le grúpaí éagsúla feidhmiú mar eagraíocht amháin de bharr réimse leathan na sainchúram.

An bealach chun tosaigh

Ag tagairt don chlaontacht a luadh don deisceart le linn an chruinnithe, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur eagraíocht uile-oileán é Foras na Gaeilge a bhfuil an-infheistíocht déanta aige i gcúrsaí Gaeilge ó thuaidh óna bhunú i 1999. Dúradh go maoinítear 19 eagraíocht trí Scéim na Gaeilge, 11 acu ó thuaidh, mar aon le campaí samhraidh, Cultúrlann McAdaim Ó Fiaich, Cultúrlann Uí Chanáin agus eile. Maíodh go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le hearnáil na Gaeilge sna sé chontae ná na heagraíochtaí bunmhaoinithe amháin.

Dúradh go mbeidh Raidió Fáilte agus an tÁisaonad fós á maoiniú faoin gcóras nua agus go mbeidh Comhaltas Uladh ag feidhmiú mar chuid de Chonradh na Gaeilge amach anseo. Leanfaidh Gael Linn ar aghaidh leis an obair luachmhar a dhéantar ón oifig in Ard Mhacha agus beidh Glór na nGael ag forbairt agus ag leathnú a gcuid gníomhaíochtaí sna sé chontae. Den chéad uair riamh beidh Cumann na bhFiann ag díriú ar fhorbairt teanga ó thuaidh agus beidh Oireachtas na Gaeilge ag obair i gcomhar le pobail na Gaeilge ar fud na tíre.

Moladh an méid a bhain na heagraíochtaí bunmhaoinithe amach go dtí seo agus dúradh go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an obair thar na blianta agus an saineolas a théann leis. Cuireadh in iúl go bhfuil Foras na Gaeilge ag díriú anois ar obair ag leibhéal an phobail agus go bhfeictear dó gurb é córas na gceanneagraíochtaí an bealach is éifeachtaí chun cinn. Beidh de dhualgas ar na ceanneagraíochtaí dul i ngleic leis an dá dhlínse ar chomhchéim lena chéile agus feictear don Fhoras go bhfuil ar chumas na gceanneagraíochtaí é seo a bhaint amach.

Foilsithe ar Gaelport.com

Siúlóid urraithe do Gaelscoil Shliabh Rua

Feabhra 17, 2014

Saturday, March 1st will see the very first fundraising event for Gaelscoil Shliabh Rua take place, when our pupils will take part in a sponsored walk around the grounds of Scoil Éanna (St Enda’s) on the Grange Road. As the newest Gaelscoil in the country we thought it would be fitting to bring the children to visit the site of Ireland’s first Gaelscoil – a real case of new meeting old.

If you are considering sending your child to Gaelscoil Shliabh Rua this September, or in September 2015, come along and meet the children and their siblings, parents and grandparents. Join us as we make our way through the walled gardens, around the magical woodland walk, along the riverside and past the waterfall? The children will also be visiting the nature room and we’ll all be going for refreshments in the café afterwards. All of the monies raised will be used to purchase additional educational toys for our school.

We’re meeting at 10am, Saturday, March 1st directly in front of the main building. Hope to see you there

Is muidne le meas
Coiste na dTuismitheoirí (Sealadach)

Éisteachtaí: Sárscoil Fíbín

Feabhra 12, 2014

Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Sárscoil Fíbín ar ais i mbliana. Ní hamháin go mbeidh deis ag scoláirí snas a chur ar a gcuid Gaeilge ach cuirfear oiliúint orthu i gcúrsaí drámaíochta le saineolaithe amharclannaíochta agus teilifíse ar nós Mícheál Ó Domhnaill (léiritheoir ar an tsraith ‘Aifric’ agus stiúrthóir Meangadh Fíbín TV), Darach Ó Tuairisg (léiritheoir agus stiúrthóir Fíbín Teo), Paul Mercier (stiúrthóir Aifric agus Stiúrthóir Ealaíne Passion Machine) agus neart aíonna eile.

Beidh ceardlanna drámaíochta agus teilifíse ar siúl ina gcuirfear béim ar an gcumadóireacht, ar an aisteoireacht agus ar an scríbhneoireacht. Beidh na scoláirí faoi stiúr na saineolaithe agus cuirfear comhairle orthu ar bhonn rialta. Ag deireadh an chúrsa, beidh deis ag na scoláirí a gcuid drámaí féin a láithriú ar stáitse, rud a chuirfidh go mór le féinmhuinín agus le cur i láthair na scoláirí. Tugtar cuireadh do na meáin, léiritheoirí TG4 chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú seo.

Reáchtálfar 4 chúrsa agus freastalóidh 100 scoláire ar gach cúrsa. Bíonn éileamh an-mhór ar na cúrsaí seo ach ní gá go mbeadh aon taithí aisteoireachta agat. Cuirfear lóistín ar fáil do na scoláirí i gcroílár Chonamara. Beidh na ceardlanna ar siúl gach lá agus cuirfear an-bhéim ar an teanga labhartha. Cabhróidh an tumchúrsa Gaeilge seo leis an scoláirí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad ag foghlaim scileanna nua ag an am céanna.

Mar is eol daoibh, is fiú 40% de mharcanna na hArdteistiméireachta an bhéaltriail agus tabharfaidh sé seo deis do na scoláirí an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh don scrúdú sin.

De bharr go raibh éileamh ollmhór ar an gcúrsa seo le blianta beaga anuas, caithfidh Gaeilge labhartha reásunta maith a bheith ag na scoláirí agus beidh ar gach scoláire éisteacht a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar an gcúrsa. Tá costas €625 ar an gcúrsa, clúdaíonn sé seo lóistín, bia, teagascóirí, riarachán, aíonna, taisteal agus araile.

Má tá aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag 091-505855 nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com

Dátaí na Cúrsaí (sealdach)

8/06/14 – 20/06/14
22/06/14 – 4/07/14
6/07/14 – 18/07/14
20/07/14 – 1/07/14

Seo sampla d’obair na Sárscoile i 2013:

http://www.youtube.com/watch?v=9jUy1_y8QPE

http://www.youtube.com/watch?v=AorenoUCSYM

Ceiliúradh speisialta i nGaelscoil Longfoirt

Feabhra 12, 2014

Cúis mhór áthais agus bróid do Ghaelscoil Longfoirt cúig bhliain déag ar an bhfód a cheiliúradh leis an aoi speisialta,Seán-Óg Ó hAilpín. Ocáid den scoth a bhí ann Dé hAoine seo caite, 7 Feabhra le pobal uile na scoile. Thosaigh Gaelscoil Longfoirt le 20 scoláire i 1998 agus leis an bhfás agus forbairt le cúig bhliain déag tá 210 páiste ag treabhadh an ghoirt i nGaelscoil Longfoirt agus ag baint amach ardchaighdéan oideachais.

D’eagraigh Gaelscoileanna Teo. cruinniú poiblí cúig bhliain déag ó shin chun iarracht a dhéanamh na féidearthachtaí a bhain le bunú gaelscoile a fhiosrú. Cuireadh tús le feachtas tiomsaithe airgid agus feachtas ardú feasachta chun díriú ar dhaoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí. Bunaíodh coiste bunaithe agus osclaíodh an chéad ghaelscoil i Longfort i Méan Fómhair na bliana sin! Ainmníodh Bord Bainistíochta agus roghnaíodh An Foras Pátrúnachta mar phátrún na scoile. Tá an scoil tar éis dul ó neart go neart ó céad osclaíodh í i Rae an Chalaidh nuair a thosaigh 20 Naíonáin Bheaga i nGaelscoil Longfoirt.

Ag labhairt dí ag an ocáid dúirt Yvonne Ní Mhurchú, Príomhoide Ghaelscoil Longfoirt: “Cuireann sé an-áthas orm mar Phríomhoide an dul chun cinn atá déanta ag an scoil a cheiliúradh. Gabhaim buíochas ó chroí leis na tuismitheoirí, leis an mbord bainistíochta, leis na múinteoirí, leis na daltaí agus le pobal uile na scoile as a ndíograis agus a dtacaíocht i gcónaí. Aithnímid chomh maith Cairde na Scoile (Cumann na dTuismitheoirí) a thacaigh le Gaelscoil Longfoirt ón gcéad lá agus a thugann tacaíocht leanúnach dúinn. Cabhraíonn a n-iarrachtaí tiomsaithe airgid agus tacaíocht le dul chun cinn na scoile. Is mór againn chomh maith tacaíocht agus díograis leanúnach an Bhoird Bainistíochta faoi stiúir Phádraig Ó Céileachair”.

De bharr fás agus forbairt Ghaelscoil Longfoirt bhí suíomh úr de dhíth agus i Deireadh Fómhair na bliana 2005 bhog an scoil go dtí suíomh nua. Táimid suite anois in aice le Cumann Lúthchléas Gael Flipeadóirí Longfoirt. Tá úsáid áiseanna an CLG againn agus gabhaimid buíochas ó chroí le Cumann Flipeadóirí Longfoirt agus le Irene agus a foireann FÁS a chuidíonn go rialta linn.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD i 2012 go mbeidh Gaelscoil Longfoirt mar chuid de thionscnaimh tógála scoile úr. Tá an Bord Bainistíochta i gcomhar leis an gComhairle Contae agus An Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair go dian dícheallach chun an fógra sin a fhíorú.

Rinneadh ceiliúradh ar éachtaí agus imeachtaí seach-churaclaim Ghaelscoil Longfoirt le linn na hocáide ina n-áirítear Feadóg Stáin, Snámh, Ríomhairí, Cispheil, Peil agus Iománaíocht. Gabhadh buíochas ó chroí le Cumann Naomh Uinseann de Pól as a n-iarrachtaí leis an gClub Bricfeasta. Déanadh comhghairdeas le Gaelscoil Longfoirt as gnóthú an dá Bhrat Glas ag An Taisce.

Mar chuid den cheiliúradh, sheol Seán-Óg suíomh idirlín úr Ghaelscoil Longfoirt (www.gaelscoillongfoirt.ie) agus an Leathanach Facebook. Tá an suíomh nua lán le heolas do thuismitheoirí agus naisc eagsúla dóibh chomh maith. Cuireadh crann i nGairdín na Scoile chun an ocáid a cheiliúradh agus gearradh cáca ceiliúrtha mar chuid d’imeachtaí an lae. Bhain gach duine idir óg agus aosta an-taitneamh as soláistí i gClub Flipeadóirí Longfoirt ina dhiaidh. Míle comhghairdeas le pobal uile na scoile agus go mbeirmid beo ar an am seo arís!

Chun tuilleadh sonraí a fháil nó chin agallamh a shocrú dean teagmháil le do thoil le:

Yvonne Ní Mhurchú,
087-2642665
yvonnenimhurchu@gmail.com
www.gaelscoillongfoirt.ie

Cúrsaí Samhraidh Ógras

Feabhra 11, 2014

Cúrsaí Samhraidh Ógras 2014

Acmhainní nua ar fáil ó Rascal Resources

Feabhra 11, 2014

Is comhlacht nua Éireannach, é Rascal Resources Ltd, a dhearann cluichí oideachasúla do pháistí. Tá na cluichí seo deartha chun feabhas a chur le forbairt scileanna urlabhra agus teanga an pháiste. Tá ár chéad táirge, Pair the Square, le fáil anois ar ár suíomh idirlín www.rascalresources.com

Pair the Square Leibhéal 1: Early Noun Vocabulary

Seo táirge úr nuálach ina féadtar puzal nua a chruthú arís is arís eile! Tagann an táirge seo le rogha de 18 pictiúr ar an iomlán agus is féidir iad a mhalartú agus a bhogadh, chun leadrán agus foghlaim de ghlanmheabhair a mhaolú. Chomh maith leis sin, is féidir Rascal Resources© Pair the Square Vocabulary Packs a úsáid leis an táirge seo, ina féidir díriú ar catagóire éagsúla foclóra de réir mar a théann do pháiste chun cinn, agus mar sin ní gá táirge nua a cheannach gach uair! Éascaíonn an cluiche siamsúil idirghníomhach seo d’fhorbairt a dhéanamh ar thuiscint teanga an pháiste agus ar ábaltacht an pháiste chun treoracha a leanúint. Ina theannta sin, cuireann Pair the Square le scileanna áirithe cosúil le meaitseáil pictiúir, scileanna éisteachta agus forbairt foclóra.

Chomh maith le sin, beidh Pair the Square leibhéal 2 ar fáil in Aibreán 2014.

Pair the Square Leibhéal 2: Verbs

Is paca foclóra nua forlíontach é ‘Briathair’ a féidir úsáid leis an eangach ‘Pair the Square’ atá agat cheana. Tá an-spraoi le foghlaim teanga leis na pictiúir briathair daite seo, agus mar atá le ‘Pair the Square’ Leibhéal 1, is féidir na pictiúir a mhalartú agus a bhogadh le déanamh cinnte nach mbeidh an fhoghlaim leadránach nó de ghlanmheabhair! Éascaíonn an cluiche idirghníomhach seo d’fhorbairt a dhéanamh ar thuiscint teanga an pháiste, ar scileanna cosúil le meaitseáil pictiúir agus ar ábaltacht an pháiste chun treoracha a leanúint. Ina theannta sin, cuireann ‘Pair the Square Leibhéal 2 – Briathair’ le forbairt foclóra, le déanamh abairtí agus le scileanna tuairisc ar phictiúir. Tá x3 sleamhnán agus x18 tíl aonair

Glacadh go mór le Pair the Square mar tháirge a éascaíonn foghlaim na Gaeilge mar dara teanga. Is táirge den scoth é ‘Pair the Square’ do mhúinteoirí acmhainne chomh maith. Oibríonn an táirge seo go maith in obair grúpa fósta. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár suíomh idirlín www.rascalresources.com nó seol ríomhphost chugainn ag info@rascalresources.com

Turas óige Feachtas

Feabhra 11, 2014

Tá Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge ag eagrú turais óige chuig Páirc an Chrócaigh ar an 1ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Tá an turas seo dírithe ar Ghaeilgeoirí óga idir 12-18 bliana d’aois. Beidh deis ag na daoine óga turas timpeall Pháirc an Chrócaigh a dhéanamh, mar aon le cuairt a thabhairt ar an músaem agus an Ethiad Skyline a dhéanamh. Is deis iontach é seo do na Gaeilgeoirí óga bualadh le daoine eile ar chomhaois leo agus lá spraíúil trí Ghaeilge a bheith acu.

Costas €7.50

Chun tuilleadh eolais nó foirm iarratais a fháil, cuir rphost chuig Ciara ciara.feachtas@gmail.com roimh an 17ú Feabhra!

http://www.feachtas.ie/wp-content/uploads/2013/12/14.01.22-P%C3%B3staer.pdf

Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do phost an Choimisinéara Teanga

Feabhra 11, 2014

Comharba Sheáin Uí Chuirreáin le ceapadh ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D, go bhfuil an t-iriseoir Rónán Ó Domhnaill de bhunadh Ghaeltacht na Ceathrún Rua ainmnithe do phost an Choimisinéara Teanga.

Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Ó Domhnaill agus tá sé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 mar chomhfhreagraí polaitíochta le seacht mbliana anuas.

21 léiriú spéise a bhfuarthas ar phost an Choimisinéara Teanga ag eascairt as fógra an Choimisinéara reatha, Seán Ó Cuirreáin, i mí na Nollag go mbeidh sé ag éirí as a ról ar 23 Feabhra 2014 de bharr theip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar fhoras monatóireachta i leith comhlíonadh fhorálacha an Achta sa státchóras agus ba mhór an díospóireacht a chruthaigh fógra Uí Chuirreáin ó mhí na Nollag agus cáineadh an Rialtas go géar bunaithe ar na cúiseanna a tugadh i dtaca le cinneadh an chéad Choimsinéara Teanga ceaptha riamh.

Agus é ag fógairt ainmniúchán an Rialtais, dúirt an tAire Stáit: “Tá áthas orm go bhfuil an tUasal Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr. Tá ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air ina cháil mar chomhfhreagraí polaitíochta agus tá mé cinnte go rachaidh an taithí atá aige i dtairbhe go mór dó mar Choimisinéir Teanga”.

Ról dúshlánach a bheas i ndán do Ó Domhnaill ina mbeidh air, de réir thuairisciú an Choimisinéara reatha, lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, beartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse agus an easpa iniúchtá ná léirmheastóireachta neamhspleách a dhéantar ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Anuas air sin tá Cinn an Bhille maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh in 2011 fós le haontú agus tugadh le fios le déanaí go bhfuil Oifig an Choimisinéara fós ag fanacht ar shoiléiriú maidir le ‘Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí 2011’ ina fógraíodh go n-aistreofaí cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga chuig Oifig an Ombudsman.

Tá comhghairdeas déanta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin le Rónán Ó Domhnaill, “Tá súil agam go n-éireoidh go hiontach leis agus é ag dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla a bhaineann le cur chun cinn chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta” a dúirt sé.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, “Is maith é gur fhógair an Rialtas Coimisinéir Teanga nua agus cuirim fáilte roimh Rónán Ó Domhnaill nuair a thosóidh sé sa phost dúshlánach i ndiaidh 23 Feabhra 2014. Tá an gníomh is tábhachtaí á sheachaint ag an Rialtas áfach, is é sin le rá, cur i bhfeidhm na moltaí atá déanta ag Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga reatha”.

Tabharfar aghaidh ar mholtaí Sheáin Uí Chuirreáin agus an “cur i gcéill” a d’ardaigh sé, mar aon le dúshláin an Choimisnéara úir agus neart ábhar tromchúiseach eile, nuair a rachaidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. os comhair an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara ar 6 Márta 2014.

Is é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh. Mairfidh tréimhse an cheapacháin ar feadh tréimhse sé bliana.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »