Méid an Téacs

Tuairimí an phobail maidir le léitheoireacht Ghaeilge á lorg ag Foras na Gaeilge

Meitheamh 18, 2013

Beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt faoi straitéis nua léitheoireachta a chur i bhfeidhm sa bhliain 2014 le cinntiú go mbeidh “an t-infreastruchtúr cuí ann” do gach aoisghrúpa léitheoireachta Gaeilge amach anseo.

Tá tús curtha le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le léitheoireacht leabhar i nGaeilge ag eascairt as moltaí a tháinig chun cinn ag Comhdháil faoin Léitheoireacht a d’eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge i mBaile Átha Cliath anuraidh.

Le linn na Comhdhála sin tugadh aghaidh ar staid reatha earnáil na leabhar Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus ar na bealaí is éifeachtaí chun an léitheoireacht a chothú i measc aoisghrúpaí éagsúla. Tháinig neart moltaí fiúntacha chun cinn agus rinneadh taifead orthusan agus ar na cainteanna i bhfoirm cáipéise comhairliúcháin. Tá an cháipéis ar fáil le híoslódáil anseo.

Tá Foras na Gaeilge anois ag lorg tuairimí an phobail maidir leis an athbhreithniú seo. Is féidir an cháipéis chomhairliúcháin a íoslódáil ó www.gaeilge.ie agus tuairimí a nochtadh ina leith.

“Baineann na ceisteanna seo le léitheoirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, tuismitheoirí, múinteoirí, leabharlannaithe, lucht díolta leabhar agus léirmheastóirí, agus le heagraíochtaí ealaíon agus litríochta. D’fháilteoimis roimh a dtuairimí siúd ar fad faoi na beartais atá á moladh sa cháipéis chomhairliúcháin.” a dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Glacfar le haighneachtaí agus le haiseolas ón bpobal (ar ríomhphost nó sa phost) go dtí an Aoine, 28 Meitheamh 2013.

Tuilleadh eolais: leabhar@forasnagaeilge.ie /046-9430419

Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach

Meitheamh 12, 2013

An bhfuil cáilíocht aitheanta uait sa teanga?

Cuirfear tús leis an gcúrsa seo i mí Mheán Fómhair 2013.

Beidh deis ag na rannpháirtithe a gcumas agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt i rith an chúrsa chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach trí mheán na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol.

  • Chomh maith leis an teanga féin, beidh gnéithe de litríocht agus d’oidhreacht na Gaeilge i gceist, mar aon leis an teanga sa saol comhaimseartha.
  • Ceardlanna seachas léachtaí a bheidh i gceist den chuid is mó.
  • Beidh páirt an-ghníomhach ag na rannpháirtithe féin sa chúrsa agus beidh deis acu a gcuid tuairimí a chur in iúl agus tarraingt as a dtaithí féin.
  • Beidh béim láidir ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa sna ranganna.

Tá an cúrsa seo dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus beidh sé oiriúnach go speisialta do dhaoine sa tseirbhís phoiblí agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

Ábhar an chúrsa
Cuirtear béim faoi leith sa chúrsa ar:

  • Scileanna teanga (léamh, éisteacht, scríobh, labhairt)

Beidh roinnt ranganna/léachtaí bunaithe ar:

  • An Ghaeilge sa saol comhaimseartha (na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an Ghaeltacht)
  • Cultúr agus oidhreacht (logainmneacha, sloinnte, béaloideas, an amhránaíocht)
  • Litríocht (filíocht agus prós)

Sprioclá Iontrála: 5:00 p.m. ar an Aoine, 16 Lúnasa 2013.

Gheofar eolas breise faoi na cúrsaí agus faoi na scoláireachtaí ó:
Kathleen Clune, Riarthóir na Gaeilge, nó Eimhear Ní Dhuinn
Ríomhphost: kathleen.clune@ucd.ie / eimhear.nidhuinn@ucd.ie
Tá tuileadh eolais faoin ar fáil ón mbróisiúr: http://www.ucd.ie/t4cms/DiopGF%202013_15%20UCD%20ScoilnaGaeilge_1.pdf.
Teileafón: + 353 1 716 8385 nó 716 8314

An Cháilíocht
Glacann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht Ghaeilge don Chúrsa Iarchéime don Bhunmhúinteoireacht.

Foilsithe ar Gaelport.com

Cruinniú CATT ar athlá

Meitheamh 12, 2013

Tá cruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a bhí beartaithe don lá inniu curtha ar athlá.

Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013.
Ag an gcruinniú sin mí Márta, tugadh treoir do Fhoras na Gaeilge pleananna a chur chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach; samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.
Tá an cruinniú a bhí le tarlú inniu, 12 Meitheamh, curtha ar athlá, agus tuigtear do Gaelport.com go bhfuil seo amhlaidh de bharr “cúrsaí riaracháin”.

Foilsithe ar Gaelport.com

Ceiliúradh i nGaelscoil Mhic Aodha, scoil nua i gCill Dara

Meitheamh 11, 2013

Beidh na páistí a bheidh ag tosú i nGaelscoil Mhic Aodha i mBaile Chill Dara, i mí Mheán Fómhair 2013 ag teacht le chéile ag an scoil nua ar an gCéadaoin 19ú Meitheamh ag 4pm chun aithne a chur ar phríomhoide na scoile, Norma Ní Chonchúir.

Tuilleadh eolais: eolas@foras.ie nó 01 6294110

Tacaíocht á lorg ag an bhForas Pátrúnachta do Ghaelscoil nua i nDumhach Trá / An Rinn

Meitheamh 11, 2013

Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh bunscoil nua le hoscailt i gceantar Dumhach Trá/An Rinn i Meán Fómhair 2014. Is é An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an Foras Pátrúnachta ag iarraidh freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar seo agus chuige sin, tá sé ag déanamh iarratais ar phátrúnacht na scoile nua. Teastaíonn tacaíocht an phobail áfach.

Is é An Foras Pátrúnachta an t-aon phátrún a bunaíodh chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Bíonn An Foras Pátrúnachta obair go tréan chun tacaíocht a thabhairt don 67 scoil atá faoina phátrúnacht cheana féin agus chun scoileanna nua a bhunú.

Roghnaíonn tuismitheoirí Gaelscoil dá bpáistí toisc go bhfaigheann siad oideachas den scoth ann. Léiríonn an taighde atá déanta ar oideachas dátheangach:
•    Go n-éiríonn níos fearr leis na páistí go hacadúil
•    Go mbíonn sé níos éasca orthu an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim
•    Go mbaineann siad torthaí nós fearr amach i mBéarla agus sa Mhatamaitic.
Tabharfar léargas iomlán don phobal ar na buntáistí a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge ag an gcruinniú seo. Beidh fáilte roimh chách.

Tá tuilleadh eolais faoin bhForas Pátrúnachta ar fáil ar a shuíomh idirlín, www.foras.ie . Is féidir foirm léiriú spéise, atá ar fáil ar a shuíomh idirlín, a líonadh isteach chun do thacaíocht do Ghaelscoil nua sa cheantar seo a léiriú.

Tuilleadh eolais:
Orla Bradshaw
An Foras Pátrúnachta
eolas@foras.ie

01-6294110

Céard is #Gtuít ann? Tá na freagraí ag Gaelport.com!

Meitheamh 11, 2013

Céard is #GTuít ann? Is í seo an cheist is mó i measc dhaltaí an Teastais Shóisearaigh ó luadh an haischlib in alt sa scrúdú Ardleibhéil maidir leis an gcéad Tweet Up riamh as Gaeilge a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, mí Mheán Fómhair seo caite.
Thosaigh #GTuít ag treochtáil ar Twitter inné i ndiaidh an scrúdaithe de bharr spéis na ndaltaí san alt i rannóg na léamhthuisceana ar an ábhar. Ach is léir go bhfuil mearbhall ar dhaoine óga go fóill faoi bhrí an fhocail agus an coincheap i gcoitinne. Ná bígí buartha, tá na freagraí uilig againn!

Le cúpla bliain anuas tá borradh mór tagtha faoi úsáid na Gaeilge sna meáin úra, ar Twitter go háirithe. Luaitear an Ghaeilge mar cheann de na mionteangacha is coitianta a bhfuil éileamh orthu ar Twitter, leis na mílte úsáideoirí ag cabaireacht agus ag cumarsáid lena chéile gach lá.

Rinneadh forbairt ar choincheap an ‘Gtuít’ bliain ó shin mar chuid de sheoladh na haipe úire m.gaelport.com, ag tógáil múnla an ‘Tweet Up’ san áireamh. Seasann an litir G ag tús an fhocail don Ghaeilge agus chomh maith leis sin do lógó an tsuímh ghréasáin Gaelport.com.

Tugadh deis do ‘twitteratti’ na Gaeilge teacht chun na hócáide chun cumarsáid a dhéanamh lena chéile ‘sa bhfíor-shaol’ in áit a bheith faoi cheilt thaobh thiar de scáileáin an fhóin chliste. Cé gur éirigh go hiontach le gné shóisialta an ‘GTúit’, níor cuireadh srian ar dhuine ar bith éalú sa chibearspás le tuít nó dhó a sheoladh, mar a léirítear san fhíseán a leanas:

Féach an físeán ar www.gaelport.com

Cé gur léirigh na tuíteanna éiginnteacht ar dtús inné maidir le brí an #Guít, is léir ón gcabaireacht is déanaí go bhfuil daoine óga ag smaoineamh ar an nGaeilge sa nua-theicneolaíocht ar bhealach dearfach de réir na samplaí seo:

“Felt so weird hashtagging in Irish, in an exam #Gtuit”

“#Gtuít – Best Hashtag ever.”

“#Gtuít abú!!”

“Loved the Irish junior cert today wooo #Gtuít”

Tá sé ar intinn ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Gtuíteanna eile a eagrú amach anseo a thabharfaidh deis eile do bhlagadóirí, d’fhorbróirí, do ghnáth-phobal na Gaeilge agus do dhaoine a chuireann suim i gcúrsaí teicneolaíochta teacht agus aithne phearsanta a chur ar a chéile. Ní mór teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com leis an spéis sin a chur in iúl.

Éiginnte go fóill faoi #Gtuít? Caith súil ar na físeáin seo a dhéanann cur síos go mion ar an gcoincheap:

Foilsithe ar Gaelport.com

Rialacha Nua Iontrála ina Bhagairt ar an Ghaelscolaíocht

Meitheamh 10, 2013

Is fada daoine i saol na Gaeilge ag magadh faoin Ghaelscoilis, an ghibiris bhriotach úd a bhíonn á labhairt ag daltaí Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Ar ndóigh bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir Liam Ó Muirthile nuair a bhaist sé an t-ainm sin air mar níl aon cheist ach go bhfuil ag éirigh thar cionn leis an chóras Gaelscolaíochta cumas i bhfad níos láidre sa teanga a thabhairt dá scoláirí ná mar a bheadh acu i scoileanna lán-Bhéarla. Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.

Déanfar leithcheal ar mhórán bealaí ar dhaoine atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge má leanfar leis an chéad dréacht de na rialacha nua seo. Ní bheidh Gaelcholáistí ábalta, mar shampla, tosaíocht a thabhairt feasta ins an chóras iontrála do dhaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna friothálacha lán-Ghaeilge. Ina áit sin, beidh orthu glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta.

I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d’fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird. Is ceart a rá go bhfeidhmeoidh na réamhchoinníollacha seo i gcás na bunscolaíochta fosta agus tá tuismitheoirí a chuireann a gcuid páistí go naíonraí lán-Ghaeilge buartha chomh maith céanna nach mbeidh áit sa Ghaelscoil ar fáil dóibh. Ní bheidh de thoradh ar an riail sheafóideach seo ach creimeadh ar chaighdeán na Gaeilge i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí na tíre.

Cothroime don Aonteangachas Bhéarla

Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra scoite amach óna chéile. De thairbhe é sin, thiocfadh go mbeadh daltaí ag taisteal ó chian agus ó chóngar le freastal ar Ghaelscoil. Anuas ar sin, níl aon chinnteacht ann go mbeidh an Ghaelscoil sin in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste. An bhfuil an baol ann mar sin nach gceadófar do pháistí leanstan lena gcuid scolaíochta lán-Ghaeilge mar nach bhfuil cónaí orthu laistigh d’achar faoi leith?

Dealraítear go gcuirfear deireadh fosta leis an riail go dtugtar tús áite do pháistí iarscoláirí na nGaelcholáistí sa chóras iontrála. Ní gá gur drochrud é sin mar gur iomaí iardhalta a bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo agus nach gcuireann a gcuid páistí go bunscoil lán-Ghaelach siocair fios maith a bheith acu go mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile. Níl tosaíocht tuillte ag a leithéid, dar liom, ach is dócha ná a mhalairt go nglacfar le cionmhéid an-teoranta daltaí ar an bhealach seo feasta.

Tuigim fosta cad tuige go mbeadh an tAire Quinn ag iarraidh deireadh a chur leis an nós go dtugtar buntáiste iontrála do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha ag freastal ar an Ghaelcholáiste. Ar ndóigh tá a leithéid leatromach ar theaghlaigh le páiste aonair nó go deimhin ar an pháiste is sine i dteaghlach. Ach bheadh sé áiféiseach dá mbeadh páistí i dteaghlach ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna éagsúla siocair gur séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach. Óir is mian le chóir a bheith achan tuismitheoir go bhfaighfeadh a dteaghlach a gcuid scolaíochta ar an aon láthair amháin.

Ní Fál go hAer Fós É

Is dócha, áfach, gurb é an moladh is tromchúisí atá ag an Aire Quinn ná nach mbeifear in ann idirdhealú dearfach a dhéanamh a thuilleadh i leith daltaí atá á dtógáil le Gaeilge. Ní cheadófar feasta tosaíocht a thabhairt do dhaltaí ar an bhonn go bhfuil a dtuismitheoirí inniúil ar an Ghaeilge. Bhí sé de nós ag roinnt scoileanna lán-Ghaeilge réamhagallamh a chur ar iarratasóirí lena chinntiú go raibh an caighdeán cuí acu. Déarfadh lucht a cháinte go ndéanann a leithéid de chleachtas éagóir ar dhaltaí nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir. Ach is le croí mór maith a nítear na hagallaimh seo lena chinntiú go bhfuil ar a laghad smeadar Ghaeilge sa teaghlach, ach is cinnte go dtiocfaidh deireadh leo anois.

Níor mhiste a rá, áfach, nach bhfuil aon ní greanta i gcloich go fóill agus tá neart ama ag na heagrais Ghaeilge agus ag tuismitheoirí gur cás leo an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur ina luí ar an Aire Quinn agus ar a gcuid iondaithe tofa go bhfuil a mhalairt de shlí ann. Ar an rud is lú ba cheart a éileamh go ndéanfaí eisceacht de na Gaelcholáistí i leith an riail nach dtig tosaíocht a thabhairt do scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna friothálacha sa chóras iontrála. Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh. Tá deis ann go fóill mar sin maolú a dhéanamh ar an chuid is déine de mholtaí an Aire i leith na Gaelscolaíochta. Gan sin déanfar dochar as cuimse do chaighdeán labhartha na Gaeilge sna Gaelcholáistí.

Caingean Saibhseála a Thionscnamh

Ar ndóigh má theipeann ar an fheachtasaíocht, b’fhéidir gur fiú a bheith ag machnamh ar chaingean saibhseála a thionscnamh. D’fhéadfadh sé seo tarlú má dhiúltaítear áit i nGaelcholáiste do dhalta a bhfuil Gaeilge aige. É sin nó go dtiocfadh le heagrais Ghaeilge ar nós Gaelscoileanna nó an Foras Pátrúnachta a bhfuil locus standi – nó leas acu san ábhar – caingean saibhseála a ghlacadh. Tharla a leithéid cheana i gcás John Stokes, gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh go ndearna an dúnghaois iontrála a bhí i bhfeidhm meánscoil i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann, leithcheal air. Ins an chás sin, chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.

Ach b’fhéidir go mbeadh faoiseamh le fáil ag lucht na Gaeilge i gCúirteanna na hEorpa. Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mBealtaine na bliana 2001 gur sháraigh an Tuirc an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine cionn is go ndearna siad leithcheal ar chearta oideachais phobalteanga ins an chuid sin den Chipir atá faoi sheilbh na Tuirce. Rialaíodh nach raibh soláthar meánscolaíochta cuí déanta do Chipirigh Ghréigeacha a bhí ina gcónaí i dTuaisceart na Cipire agus a fuair a gcuid bunoideachais ina dteanga féin. An bhféadfadh go bhfuil fasach i gcás dlí na hEorpa a bhainfeas tuisle as moltaí an Aire Oideachais?

Breandán Delap

www.beo.ie

 

 

Dioplóma i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta

Meitheamh 7, 2013

Beidh an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta á reáchtáil ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad arís i mí Mheán Fómhair. Is i gConamara a bheidh an cúrsa ar siúl i mbliana agus tá sé á thairiscint le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Seo cúrsa bliana ar bhonn páirtaimseartha atá oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta. Cuirtear béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Chomh maith le freastal ar 10 gceardlann oiliúna, déanfaidh rannpháirtithe 40 uair an chloig de chleachtadh teagaisc le linn an chúrsa. Beidh deis ag gach rannpháirtí tacaíocht agus comhairle a fháil ó mheasúnóir a thabharfaidh 3 chuairt ar an rannpháirtí le linn dó / di a bheith i mbun teagaisc. Déanfar taifeadadh físe ar dhá cheann de na cuairteanna sin agus beidh na taifeadtaí físe mar bhunús le hobair leanúnach an chúrsa. Tá béim ar an  bhféin-anailís, ar an bpiar-mheasúnú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir.

Beidh na ceardlanna ar siúl i gConamara ar Shathairn idir mí Mheán Fómhair 2013 agus mí an Aibreáin 2014.

Chun cur isteach ar an gcúrsa tá foirm iarratais le líonadh (roimh an 16 Meitheamh) agus tá scrúdú iontrála agus agallamh le déanamh san ollscoil i Má Nuad ar an Satharn 29 Meitheamh. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ar líne ag http://www.nuim.ie/language/courses/cert-irish.shtml.

Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa le fáil ó ailin.nichonchuir@nuim.ie nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha ag (01) 708 6417 nó  (01) 474 7145.

Bróisiúr an chúrsa

Ionad na dTeangacha
Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Má Nuad
Co. Chill Dara

Teagmháil: (01) 708 6417

Féile Loinneog Lúnasa

Meitheamh 7, 2013

Na píopaí ar an aer i nGaoth Dobhair do Loinneog Lúnasa

Ó tharla go raibh Gaoth Dobhair ar an ghearrliosta de na háiteacha is fearr le cuairt a thabhairt orthu in Éirinn i bpobalbhreith de chuid an Irish Times ar na mallaibh agus ó fógraíodh gurb é Dún na nGall an contae leis an méid is mó tránna le Bratach Gorm sa tír, níl am ar bith níos fearr le cuairt a thabhairt ar an cheantar bríomhar Gaeltachta is faide thiar thuaidh sa tír.

I measc na mbuaicphointí cultúrtha sa cheantar, tá Loinneog Lúnasa, ceiliúradh ar an tsaibhreas atá forleathan san áit.

Tá lucht eagruithe Loinneog Lúnasa gnóthach leis na h-ullmhúcháin do dheireadh seachtaine fada de cheol, cultúr agus craic i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall. Seo an tríú bliain den fhéile chultúrtha, agus beidh sé ag tarlú ar fud na paróiste ón 8-12 Lúnasa.

Mar pháirt de chlár na bliana seo tá tionól speisialta de phíobairí uillinn, áit a mbeidh sraith de imeachtaí eagruithe i gcomhar leis Na Píobairí Uillinn. Beidh scoth na bpíobairí as fud fad na tíre ag taisteal le freastal ar cheardlanna agus ceolchoirm le leithéidí Gay McKeon, Tommy Keane, Emmet Gill, Sean Óg Potts agus go leor eile.

Beidh oíche speisialta den “Chuisle Seanchais –Abair leat” in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar ag  cuimhniú ar na bannaí máirseála go léir a bhí sa cheantar thar na glúnta.

Mar bhuaicphointí eile den chlár, beidh ceol le amhránaithe cáiliúla idirnáisiúnta chomh maith le tallann óg.

Fillfidh an ceoltóir cáiliúil idirnáisiúnta le Clannad , Máire Ní Bhraonáin  le oíche speisialta ceoil a chur ar fáil i dTábhairne Leo , lena clann óg ceolmhar féin ina cuideachta.

I ndiaidh ceolchoirm draíochtúil a thug siad i mí Feabhra, fillfidh Mairéad agus Tríona Ní Dhomhnaill ar Theach Hiúdaí Bhig do oíche spreagúil eile i gcomhar le Laoise Kelly ar an chláirseach.

Cuirfear tús leis an fhéile le ceolchoirm bríomhar leis an ghrúpa óg áitiúil An Crann Óg i dTeach Mhicí i nDoire Beaga. Seo an deis dheireanach lena gcluinstin sula dtéann siad thar lear don chéad uair le ceolchoirmeacha a dhéanamh sa Ghearmáin ag deireadh mhí Lúnasa!

Tá éagsúlacht de imeachtaí teaghlaigh ag tarlú i rith an lae agus neart seisiún ceoil agus damhsa ins na tábhairní agus óstáin áitiúla.

Deir Cathal Ó Gallchóir , ball de choiste eagruithe Loinneog Lúnasa “ Bhí muid ag iarraidh féile a chruthú a dhéanfadh ceiliúir ar an traidisiún láidir atá sa cheantar, ach a dhéanfadh spreagadh ar cheoltóirí óga an traidisiún sin a iompar ar aghaidh. Sin an fáth a bhfuil béim againn ar cheardlanna agus ceolchoirmeacha leis na ceoltóirí is fearr. Tá bród mhór orainn go ndéanann Loinneog Lúnasa an tobar domhan seo de thálann áitiúil a cheiliúradh agus a chothú.”

Teagmháil:
cfgd@eircom.net
0749532208

Tuilleadh eolais: www.loinneoglunasa.com

Ceachtanna Feadóg Stáin ar líne do Scoileanna

Meitheamh 7, 2013

Seo chugaibh suíomh spreagúil nua feadóg stáin atá oiriúnach le húsáid ar chlár bán idirghníomhach: www.feadogonline.com

•    Cuidíonn le múinteoirí an fheadóg stáin a mhúineadh (beag beann ar chumas ceoil)

•    Ceachtanna roinnte i dtrí chúrsa (oiriúnach do rang 1 go rang 6 nó do ranganna ceoil don Teastas Sóisearach, nó san Idirbhliain)

•    Soláthraíonn plean praiticiúil do sheinm an cheoil sa scoil

•    Cliathnodaireacht agus litreacha ar fáil i ngach ceacht

•    I ngach ceacht: fuaimrian feadóige, fuaimrian de thionlacan pianó; gearrthóg físe

Tabhair cuairt ar ár suíomh le rang samplach a fheiceáil nó déan teagmháil linn ag an uimhir thíos nó cuir ríomhphost chugainn le triail 21 lá saor in aisce a eagrú

Bileog eolais

www.virtualclassroom.ie

Ríomhphost: info@virtualclassroom.ie

Teil: +353 86 3371360

« Previous PageNext Page »