Méid an Téacs

Lá Mór na Gaeilge

Feabhra 4, 2014

Cuirfear tús le feachtas láidir ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn,15ú Feabhra.

Eagrófar mórshiúl ar son cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag tosnú ag 2.00i.n. Conradh na Gaeilge, i gcomhar le grúpaí eile teanga agus tacaíocht an mhórphobail ar fud an oileáin, atá ag eagrú an fheachtais mar gheall ar chúiseanna éagsúla agus go háirithe fógairt Sheáin Uí Chuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 24ú Feabhra 2014 de bharr cearta teanga, easpa seirbhísí stáit as Gaeilge agus easpa tacaíochta an rialtais don Ghaeilge.

Tosóidh Lá Mór na Gaeilge le mórshiúl ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell ag 2.00i.n. Gluaisfidh an mórshiúl trí lár na príomhchathrach agus tá lucht eagraithe an léirsithe ag súil go mbeidh na mílte i láthair chun cothrom na féinne don teanga a éileamh ar an rialtas. Maraon le haoichainteoirí beidh ceol ó na grúpaí aitheanta Kila, Seo Linn agus Na Fíréin ar an lá agus cuirfear fáilte roimh chách páirt a ghlacadh. Tá breis eolais faoi Lá Mór na Gaeilge ar fáil ar lagaeilge@cnag.ie

www.carlow-nationalist.ie

Ráiteas i leith Phrotastúnaigh agus na Gaeilge cáinte go géar ó thuaidh

Feabhra 4, 2014

Ag caint ag slógadh i dtaca le bealaí na bparáidí a reáchtáladh i dTuaisceart Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine thug ball sinsearach “rabhadh” do Phrotastúnaigh ag foghlaim na Gaeilge gur chuid den “chlár poblachtánach” atá ann.

Mháigh George Chittick, atá mar Ardmhaistir an Oird i mBéal Feirste, go bhfuil i gceist ag pobal na Gaeilge go mbeadh an stádas dlíthiúil céanna ag an nGaeilge is atá ag an mBéarla agus feictear dó go mbeidh ar dhaoine an dá theanga a bheith ar a dtoil acu le post a fháil amach anseo.

Dar le Chittick, tá an teanga polaitithe ag an ngluaiseacht phoblachtánach agus in áit mhaoiniú a iarraidh do thograí Gaeilge, ba chóir do Phrotastúnaigh díriú ar mhaoiniú a fháil do thionscadail a chothódh fostaíocht sa phobal.

Tá ráiteas Chittick cáinte ag grúpaí idir pholaiteoirí agus ghníomhaí, go háirithe Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste.

Dúirt Ervine go bhfuil diúltú déanta ag neart daoine ar thuairimí Chittick in Oirthear Bhéal Feirste, áit a bhfuil os cionn 120 duine ag glacadh páirt sa tionscadal Turas, a spreagann feasacht teanga i measc mhuintir Phrotastúnach an tuaiscirt trí ranganna Gaeilge a reáchtáil ar an talamh.

Thug Ervine cuireadh do Chittick cuairt a thabhairt ar an ionad ar Bhóthar Nua na hArda áit a bhfeicfidh sé baill de gach cineál grúpa agus gach cúlra ag foghlaim na Gaeilge.

Ag tagairt don ráiteas a rinne Chittick ag an deireadh seachtaine, chuir an tOrd Oráisteach in iúl nach bhfuil seasamh oifigiúil glactha ag an Ord i leith na Gaeilge agus, cé go dtuigtear go maith go bhfuil naisc stairiúla idir an pobal Protastúnaigh agus an Ghaeilge, dúradh gur cheist í an Ghaeilge don duine aonair.

Chinn tuairisc de chuid Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh le déanaí go maireann dearcadh naimhdeach i leith na Gaeilge i Stormont agus cáineadh Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann as “cosc” a chur ar an nGaeilge ó thuaidh.

Mhol Coiste na Saineolaithe gur ghá reachtaíocht a chur i bhfeidhm ar mhaithe chosaint na Gaeilge agus cuireadh comhairle láidir ar an dá údarás bunús reachtaíochta a chur in áit i dtaca le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com

Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta urraithe ag O2

Feabhra 3, 2014

Is cúis áthais é dúinn Comórtas Ealaíne do Bhunscoileanna agus do Mheánscoileanna a fhógairt.

Tá an comórtas seo urraithe ag O2 agus tá duaiseanna den scoth le buachan – fóin chliste (Nokia Lumia 520) chomh maith le ciseacha atá lán le cluichí, le dearbháin agus eile!

Is é ‘Mise, mo scoil agus an Ghaeilge’ téama an chomórtais agus is é Dé hAoine 14 Feabhra an sprioc d’iontrálacha.

Bronnfar duais ar dhuine amháin ó gach catagóir. Seo na catagóirí:

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha

Ranganna 1 – 3

Ranganna 4 – 6

Daltaí Meánscoile

Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu (aois ar bith)
Ba cheart don scoil an pictiúr is fearr ó gach rannóg a roghnú agus a chur ar aghaidh chuig an bhForas Pátrúnachta.

Fógrófar na buaiteoirí ag Comhdháil an Fhorais a bheidh ar siúl i Moran’s Red Cow Hotel ar an Satharn 1 Márta 2014.

Is féidir leat na rialacha a íoslódáil anseo.

Ádh mór oraibh!

Dianchúrsa Lae i nGaeltacht Ráth Chairn dóibh siúd atá ag dul don mhúinteoireacht

Feabhra 3, 2014

Suim agat sa mhúinteoireacht?

Ag iarraidh do chuid Ghaeilge a fheabhsú?

Interested in Primary Teaching?

Need to brush up on your Irish?

Dianchúrsa Lae i nGaeltacht Ráth Chairn dóibh siúd atá ag dul don mhúinteoireacht

Cúrsa Lae Ráth Chairn Satharn 8ú Feabhra 2014

10rn-4in

Tuilleadh eolais: 046 9432381/9432068

rathcairn@eircom.net

Tairbhe na Gaeilge le plé i bPort Láirge agus i gCeatharlach

Feabhra 3, 2014

Seimineár do scoláirí ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ ag teacht chuig Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Óstán an Seven Oaks i gCeatharlach.

Cuirfear tús go luath le sraith an earraigh de sheimineáir fhostaíochta do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre arna eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Go dtí seo, ghlac os cionn 250 iar-bhunscoil agus suas le 8,500 dalta scoile páirt i mBuntáiste Breise na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre.

Cuirtear tús leis na seimineáir ag 10.00r.n agus pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, le go gcuimhníonn siad ar an nGaeilge agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Ar Dé Céadaoin, 26 Feabhra, beidh an seimineár ar siúl sa Halla Éisteachta in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge atá lonnaithe ar Champas Bhóthar Chorcaí, agus ar an Déardaoin, 27 Feabhra, cuirfear an seimineár ar fáil in Óstán an Seven Oaks i gCeatharlach.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid spreagúil in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar 26 Feabhra beidh Máire Seosaimhín Breathnach atá fostaithe mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge. Labhróidh Mairéad Ní Mhurchú atá ag obair mar Léiritheoir Stiúrthóir le Nemeton sa Rinn ar a cuid oibre sna meáin agus cúrsaí spóirt agus déanfaidh an fear gnó Cian Ó Conchúir, bunaitheoir an ghnó Sólás na Mara, cur síos ar a thaithí féin ag plé le gnó agus an Ghaeilge go laethúil agus freisin ar a phost mar fhisiteiripeoir le foireann shinsir Phort Láirge.

I measc na gcainteoirí eile beidh bean as Port Láirge Carrie Crowley. Bheadh aithne níos fearr ar dhaoine uirthi le déanaí ina ról sa sobalchlár Ros na Rún ar TG4. Déanfaidh Carrie cur síos ar na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge di mar aisteoir, mar chraoltóir raidió, mar mhúinteoir agus mar láithreoir ar an gComórtas Eoraifíse in 1997.

Ar Déardaoin, 27 Feabhra, tabharfar aghaidh ar bhaile Ceatharlach áit a mbeidh lá iontach geallta do dhaltaí iar-bhunscoile Cheatharlach, Chill Chainnigh, Laoise agus Loch Garman.

Déanfaidh an t-aisteoir aitheanta Barry Barnes, as Loch Garman ó dhúchas, cur síos ar na doirse a d’oscail an Ghaeilge dó ó thaobh an aisteoireachta de. Bheadh aithne níos fearr ar dhaoine air mar ba é a ghlac ról athair Aifric sa chlár ‘Aifric’. Anuas air sin, ghlac sé páirt i Ros na Rún, Fair City, agus sna scannáin Veronica Guerin, Michael Collins, Kings mar aon le go leor eile.

Labhróidh Emma Uí Bhroin atá ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach ar a cuid oibre leis an bpobal i gCeatharlach agus na tionscadail ar fad a bhíonn á reáchtáil acu ansin chun úsáid na Gaeilge a neartú i measc an phobail ar an mbaile.

Déanfaidh an tAbhcóide Cynthia Ní Mhurchú, bean de bhunú Cheatharlach, cur síos ar a post féin agus freisin tabharfaidh sí léargas iontach ar an seal a chaith sí mar láithreoir teilifíse le RTÉ agus ar an mbealach gur éirigh léi an Comórtas Eoraifíse a chur i láthair in 1994.

Tabharfaidh Liam Ó Néill, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus fear de bhunús Co. Laoise, léargas ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge i dtaobh an Chumann Lúthchleas Gael agus an tábhacht atá ann dó féin óráidí Ghaeilge a thabhairt mar aon le súil siar ar a thréimhse mar phríomhoide scoile.

Bíonn beagnach uair an chloig dírithe ar cheisteanna agus freagraí agus tugtar deis iontach do na scoláirí idirghníomhú leis na haoichainteoirí le linn an tseimineáir.

Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun do scoil a chlárú go luath: 01 679 4780 nó brighid@comhdháil.ie

Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.

Foilsithe ar Gaelport.com

Póstaer Gaeilge le haghaidh comórtas Eircom do scoileanna

Feabhra 3, 2014

Ióslódáil anseo

Bua na cainte ag Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2014!

Feabhra 3, 2014

Tá an-údar cheiliúrtha ag óráidithe óga ón Cheathrú Rua agus ó Dhún Dealgan, tar éis a mbua ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2014 ! Is ar an Déardaoin seo caite, 30 Eanáir 2014, sa Téatar Poiblí/Halla Scrúdaithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a reáchtáladh an ócáid ghradamúil seo, le tacaíocht ó Oifig Gaeilge an choláiste. Comórtas é seo a bhíonn ina spreagadh mór ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus is cuid lárnach den oideachas in Éirinn é le breis is caoga bliain anuas. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.

Is é an rún a bhí á phlé sa chraobh shóisearach ná ‘Tá deireadh le ‘comhar na gcomharsan’ in Éirinn!’ Labhair foirne ó Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí agus ó Cholaiste Eoin, Baile Átha Cliath, ar son an rúin, agus is foirne ó Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall agus ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe a bhí mar lucht fhreasúra acu. Bhí an-eolas ag na cainteoirí óga ar an ábhar, agus bhíodar uilig cumasach ag cur a gcuid argóintí os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair ! Cúigear moltóir a bhí ar an bpainéal – Liam Mac a’Mhaoir, Colm Mac Lochlainn, Mícheál Ó Fathaigh, Caitríona Ní Bhaoill and Aingeal Ní Chonghaola – iarchainteoirí sa chomórtas a bhformhór. Bhí caighdeán chomh hard díospóireachta ann gur thóg sé tamall orthu teacht ar a mbreith. Bhí ríméad ar lucht tacaíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, agus ach go háirithe ar a múinteoir bródúil, Máirín Ní Dhomhnaill, nuair a fógraíodh gurb acu a bhí an bua ! Is iad baill na foirne ná Mary Ellen Ní Fhatharta (captaen ), Clíona Ní Laoi agus Laila Ní Fhatharta. Éacht eile é seo don scoil, a bhfuil traidisiún láidir díospóireachta inti, mar gur thug foireann ón scoil an craobh shinsearach leo anuraidh ! .

I gcraobh na sinsear, bhí díospóireacht bhreá bhríomhar idir na cainteoirí arís ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath, mar aon le foirne ó Choláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe agus Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú. ‘Tá géarghá le páirtí nua polaitíochta i bPoblacht na hÉireann!’ an t-ábhar a bhí á scagadh ag na foirne, agus ba léir go raibh an-ullmhú déanta acu ar fad, le treoir mhaith óna gcuid múinteoirí. An t-am seo, is iad foireann Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú, na deartháireacha Mícheál agus Neasán Mac Suibhne, mar aon le Bearnard Ó Thoirealaigh ) a roghnaíodh mar bhuaiteoirí, agus bhí seacht gcroí orthu agus iad ag ardú an choirn ! Ba é Seán Ó Coigligh an múinteoir a stiúraigh an foireann tríd bhabhtaí uilig an chomórtais i mbliana.

Is í an tIar- Aire Rialtais, Mary Hanafin, a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid, agus mhol sí na rannpháirtithe óga as bua na cainte a bheith acu uilig ! Agus í ag léiriú spéise ach go háirithe i dtuairimí na bhfoirne shinsearacha faoi páirtí nua polaitíochta a bheith de dhíth, dúirt Mary Hanafin nach raibh a hintinn déanta suas aici bealach amháin nó eile fós. Spreag sí na daoine óga le páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, agus mhol sí go láidir dóibh, dá mbeidís ag iarraidh tionchar a imirt amach anseo, dul isteach i bpáirtí éigin, seachas fanacht neamhspleách.

Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh. Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, leis na duaiseoirí agus dúirt: “Bíonn tionchar fadsaoil ag na díospóireachtaí ar dhaltaí agus is minic a a théann iar-bhuaiteoirí chun cinn sa saol poiblí. Táimid buíoch de na múinteoirí a thug deis do na mílte daltaí páirt a ghlacadh iontu in imeacht na mblianta”. Mar chuid den duais i Roinn na Sóisear freisin, tugadh cuireadh do na curaidh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’. Féile cainte is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille. Tionólfar féile ‘Rí Chéile 2014’ in Albain san fhómhar.

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie nó
Jamie Ó Tuama 01:6753308/jamieot@gael-linn.ie

Blitz iomána/camógaíochta trí mhéan na Gaeilge i mBaile na Scríne

Feabhra 3, 2014

Tá CLG Naomh Colm, Baile na Scríne ag reáchtáil blitz iomána/camógaíochta Dé Domhnaigh 9 Márta in ionad faoi dhíon Meadowbank i Machaire Fíolta i gContae Dhoire mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. 1.00 go 3.00 a bheadh i gceist ó thaobh ama.

Páistí atá ar an bhunscoil faoi láthair (Rang 5-7 nó aois 9-11 in 2013) atá i gceist, agus bheadh na foirne measctha (i) ó thaobh foirne cothroma agus (2) ó thaobh buachaillí agus cailíní ar an fhoireann amháin má tá sé sin ag fóirstean. Dá mbeadh go leor foirne ann thiocfadh le comórtas do na páistí is sine/fisiciúla a bheith ann agus comórtas eile do na páistí níos óige nó nach bhfuil a oiread sin taithí acu ar an iomáint/chamógaíocht.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt d’fhoirne i gceantair eile ina bhfuil bunscoileanna Gaeilge le teacht ann. Ní bheadh i gceist ach 5-6 pháiste le foireann amháin a chur le chéile, agus b’iontach an rud é foirne a fháil ón chúige ar fad le páistí le Gaeilge agus cóitseálaithe le Gaeilge a tharraingt le chéile don lá. Thiocfadh leo imirt faoi ainm an chlub nó faoi ainm na scoile, nó faoi ainm eile ar fad más fearr libh.

Cé go mbeidh buaiteoir i gceist, ní miste a áiteamh gurb í an teanga an t-aon ghné atá á thiomáint seo. Má bhíonn go leor foirne beaga ann don lá, beidh sé nó naoi bpáirc bheaga againn agus foirne ag imirt cluichí gearra 5-an-taobh ar an talamh in éadan a oiread foirne eile ar a leibhéal féin agus is féidir. Glactar leis gur i nGaeilge ar fad a bheas na himeachtaí á reáchtáil ó thaobh bainisteoirí, réiteoirí srl agus go gcuirfear in iúl do na páistí uilig gur imeacht Ghaeilge atá i gceist. Tuigeann cách cé chomh deacair is atá sé na páistí a chur ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil, agus san áit a dtéann sé i bhfeidhm go mór orthu páistí eile a chluinstin ag caint i nGaeilge thig leis dul i bhfeidhm an bealach eile má fheictear dóibh gur Béarla go príomha atá á labhairt ag a gcéilí comhraic ag imeachtaí Gaeilge.

Tá an halla ar fáil agus curtha in áirithe againn anois. Bheinn iontach buíoch dá dtiocfadh libh a chur in iúl dom an síleann sibh go mbeadh sibh ábalta foireann nó foirne a thabhairt ann.

Ní bheadh táille do na foirne chun páirt a ghlacadh chomh maith leis sin bainfear úsáid as na camáin rubair an lá ar fad agus beidh achan rud ar an talamh chun cách a choinneáil sábháilte.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil liom ag:

Conchur73@hotmail.com

Conchúr Ó Muirí

Oifigeach Cultúir,

CLG Baile na Scríne

 

Ró éileamh ar na deontais d’imeachtaí idirscoile

Feabhra 3, 2014

Is oth linn a rá go bhfuil an buiséad d’imeachtaí idirscoile as seo go deireadh na bliana críochnaithe anois – bhí an-éileamh ar an scéim i mbliana agus tá breis agus 130 scoil le buntáiste a bhaint as sna míonna romhainn. Coinneofar liosta feithimh d’aon iarratas eile a thagann chugainn agus déanaimid ár ndícheall freastal ar an oiread dóibh agus gur féidir, go háirithe má tharraingíonn aon scoil ar ceadaíodh deontas dóibh cheana féin siar ón scéim, má chuirtear imeacht ar ceal nó má cheadaítear maoiniú sa bhreis don scéim.

Ba mhór linn cloisteáil ó scoileanna maidir le heagraíochtaí nó éascaitheoirí a chabhraigh leo imeachtaí trí Ghaeilge a reáchtáil ina scoileanna féin, coinnítear liosta dóibh ar www.gaelscoileanna.ie mar eolas do scoileanna eile. Is féidir an t-eolas a sheoladh ar ríomhphost chuig clare@gaelscoileanna.ie.

Ní thuigim a n-intinn

Feabhra 3, 2014

Ó mhí Mheithimh beidh sé eagras i mbun earnáil dheonach na Gaeilge.

Beidh ar 13 eagraíocht eile maoiniú a fháil áit éigin eile nó dul as feidhm. Níl ceann ar bith de na sé cinn lonnaithe sa Tuaisceart. Maorlathas ar mire é seo. Tá rath ar cuid mhaith den obair a rinne Foras na Gaeilge. Ach cad chuige nach féidir leo tógáil ar a bhfuil déanta acu? Chaill muid an nuachtán Foinse roinnt blianta ó shin. Ag an am sin bhí Foinse ar na páipéir ab fhearr sa tír seo. Bhí sé i bhfad níos fearr ná formhór na nuachtán Béarla. Bhí sé abalta scríbhneoirí den scoth a mhealladh. Bhí fadhbanna ag an pháipéar maidir le scaipeadh agus fógraíocht. Ach in áit cuidiú a thabhairt do Foinse, chuir Foras deireadh lena chonradh agus tugadh é do Gaelscéal.

Ní raibh taithí chuí ag foireann Gaelscéal agus chuir an Foras deireadh lena chonradh go luath. Níl nuachtán náisiúnta Gaeilge againn anois. (Foilsíonn an Indo forlíonadh beag gach Céadaoin agus sin é.) Bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge suíomh nuachta iontach proifisiúnta: Gaelport le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Soláthraíonn sé píosaí as na nuachtáin a bhaineann leis an Ghaeilge chomh maith le heolas ar imeachtaí Gaeilge. Tá an tseirbhís an-mhaith: tá éileamh uirthi, ach tá sí teoranta. Tá foireann ardcháilithe ag an Chomhdháil agus le maoiniú sa bhreis, bheadh siad ábalta an tseirbhís a fhorbairt. Ach anois beidh an Chomhdháil ar shiúl i gceann sé mhí agus de réir cosúlachta, beidh an tseirbhis seo ar shiúl fosta.

Tugadh drochúsáid don Tuaisceart. Mhol mé an obair thrasphobail a dhéanann Iontaobhas Ultach ar an cholún seo ar na mallaibh. Mhol mé chomh maith an obair iontach a dhéanann Altram in earnáil na réamhscolaíochta. Dúnfar oifig an Iontaobhais i mBéal Feirste agus caillfidh Altram cúig phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha. Beidh taithí, saineolas, fuinneamh agus díograis curtha amú mar gheall ar phlean maoinithe Fhoras na Gaeilge. Tá plean B de dhíth.

www.derryjournal.com

« Previous PageNext Page »