Méid an Téacs

Foirgnimh nua do Ghaelscoileanna

Márta 22, 2012

Cé go bhfuil fáilte curtha ag an bhForas Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo. roimh an scéal go bhfuil 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh sa phlean tógála atá fógartha ag an Aire Oideachais, tá méadú ar an olc atá ar phobal scoile Ghaelscoil Mhic Amhlaigh de bharr nach bhfuil an scoil sin ar an liosta beag nó mór.

Go deimhin ní hiad pobal na scoile amháin atá ag ceistiú maoiniú a chur ar fáil chun scoil úr nua a thógáil sa cheantar gan freastal ceart a dhéanamh i dtús ar scoil sheanbhunaithe, agus scoil a bhfuil ard-cháil bainte amach aici.

Ar na gaelscoileanna i gContae na Gaillimhe atá san áireamh sa liosta cúig bliana tá: 2013: Coláiste na Coiribe. 2014: Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach; Gaelscoil Riada, Baile Átha an Rí. 2015: Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim; Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach; Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus Gaelscoil de hÍde, Órán Mór.

Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht bhuan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht shealadach do chuid den scoil.

Beidh fiche a dó bhunscoil faoin bhForas Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le dhá bhunscoil eile faoin bpátrún agus chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas.

GALWAY ADVERTISER

An Seó tallainne náisiúnta ‘Scléip’ ag dul ar aghaidh i mBaile Munna

Márta 21, 2012

Beidh  an craoltóir agus an ceoltóir Fiachna Ó Braonáin ag tuairisciú ón seó talainne náisiúnta, Scléip, atá á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teoranta.

Beidh craobh cheannais an chomórtais ar siúl in Amharclann an Axis i mBaile Munna ar 24 Márta.

Tiocfaidh daltaí ó ghaelscoileanna  as na ceithre hairde chun páirt a ghlacadh sa chomórtas atá mar bhuaicphointe na bliana d’aos óg na ngaelscoileanna.

“Tá 15 scoil le bheith rannpháirteach sa chraobh i mbliana agus muid ag súil le cur leis sin gach bliain”, a duirt Clár Spáinneach, Oifigeach Forbartha Gaelscoileanna Teo .

Craolfar an tsraith ar Raidió na Gaeltachta sna seachtainí atá amach romhainn.

www.foinse.ie

Craobh Ceannais Scléip 2012, 24 Márta

Márta 21, 2012

Is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. go mbeidh an comórtas tallainne náisiúnta Scléip ar ais ar stáitse arís i mbliana. Tá Scléip dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus tugann an comórtas deis do na daltaí ceol, rince agus drámaíocht a chur ar stáitse trí mheán na Gaeilge. Ghlac 21 scoil páirt sna babhtaí réigiúnacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Doire agus Gaillimh i mí Feabhra agus Márta agus beidh daltaí ó 15 de na scoileanna sin ag dul in iomaíocht sa chraobh ceannais a bheas ar siúl ar an Satharn, 24 Márta in Amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath. Beidh an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó don ghrúpa is fearr san iomlán.

Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Cé go raibh na healaíona traidisiúnta mar chuid den chomórtas roimhe seo, cuireadh béim ar leith i gcomórtas 2012 ar na healaíona comhaimseartha. “Ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na daltaí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana, agus moltóirí proifisiúnta” a dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. agus bainisteoir ar Scléip. “Bhí na scoileanna an-spreagtha agus ghlac níos mó ná 500 daltaí páirt sna reamhbabhtaí – ba mhór an dúshlán a bhí ann do na moltóirí!” a dúirt sí. Tá ceoltóirí, drámadóirí, damhsóirí agus craoltóirí proifisiúnta i mbun moltóireacht ar an gcomórtas i mbliana, agus thugadar ardmholadh do na daltaí ag na babhtaí réigiúnacha as an muinín agus an tallann a léirigh siad ar stáitse. Bhí an ceoltóir John Spillane i measc na moltóirí i mbliana, agus d’inis sé do na daltaí gur thug comórtais dá leithéid spreagadh dó féin agus é ar scoil. Beimis ag súil leis go mbeidh clú agus cáil i ndán do rannpháirtithe Scléip amach anseo!

Ceoltóir eile a bhfuair spreagadh ón gcomórtas i mbliana ná Fiachna Ó Braonáin, giotáraí leis na Hothouse Flowers agus craoltóir le RTÉ. Tá sraith clár raidió á thaifead ag Fiachna bunaithe ar an gcomórtas agus beidh tallann na rannpháirtithe á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta i mí Aibreán. Tá súil ag GAELSCOILEANNA TEO. go mheallfaidh seo rannpháirtíocht níos airde sa chomórtas amach anseo agus go dtapóidh scoileanna eile an deis dá daltaí le páirt a ghlacadh in imeacht spreagúil, spraíúil agus spleodrach trí mheán na Gaeilge.

Seo thíos na scoileanna atá le bheith páirteach sa chraobh ceannais san Axis ar an 24 Márta:

  • Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
  • Colaiste an Phiarsaigh, Corcaigh
  • Coláiste Chilliain, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Chineál Eoghain, Dún na nGall
  • Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
  • Coláiste de hÍde, Baile Átha Cliath
  • Gael Choláiste Chill Dara
  • Gaelcholáiste Cheatharlach
  • Gaelcholaiste Chiarraí
  • Gaelcholáiste Luimnigh
  • Gaelcholáiste Mhuire A.G, Corcaigh
  • Gaelcholaiste Reachrann, Baile Átha Cliath
  • Meánscoil Gharman, Loch Garman
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall

Scéim GLEO: Do scoil ar scáileán

Márta 21, 2012

Tugann Foras na Gaeilge cuireadh do scoileanna físeán gairid a léiriú a thaispeánfaidh sárchleachtas na scoile i leith na Gaeilge labhartha.

Bíodh spraoi agaibh le GLEO agus tú ag cruthú físeán nuálach trí Ghaeilge. Tabharfar aitheantas do scoileanna ag trí leibhéal éagsúla.

Tá gach eolas ar fáil ag: www.gaeilge.ie/gleo

Spriocdháta le haghaidh iarratas: Déardaoin 31 Bealtaine 2012

Craobh Scléip! ag druidim linn

Márta 20, 2012

Baileoidh daltaí scoile ildánacha fud fad na tíre le chéile ar 24 Márta le páirt a ghlacadh i gcraobh cheannais Scléip! san amharclann Axis i mBaile Munna.

Dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha Gaelscoileanna Teo go mbeidh 15 scoil rannpháirteach sa chraobh i mbliana.

“Táimid ag súil le cur leis sin gach bliain. Molaim do na daltaí taitneamh a bhaint as an lá agus as an deis casadh le daltaí eile ó Gaelscoileanna éagsúla”, a dúirt sí.

Tá an comórtas seo, atá dírithe go hiomlán ar na healaíona cruthaitheacha, á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo ó 2006 ag é ag méadú gach bliain ó shin. Tá eagraithe an chomórtais tar éis an tír a thaisteal ar thóir na ndaltaí Gaelscoile is ildánaí agus is nuálaí.

Tá ceithre rannóg i gceist sa chomórtas: Ceol Nua-aimseartha – Aonair/Grúpa, Damhsa Cruthaitheach – Aonair/Grúpa, Drámaíocht – Aonair/Grúpa, Ilchineálach – Aonair / Grúpa. Bíonn gach cineál ealaíon i gceist sa rannóg ‘ilchineálach’ idir scéalaíocht agus dhraíocht agus neart féidearthachtaí sna rannóga eile do dhaltaí sinsir agus sóisir iad féin a chur in iúl ar bhonn cruthaitheach.

Beidh sraith de chláir á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta, iad léirithe ag Fiachna Ó Braonáin, maidir le haistear iomlán Scléip! ar chamchuairt ar fud na tíre.

Seimineár gairmeacha do dhaltaí scoile le reáchtáil san Uaimh

Márta 20, 2012

Ar an Máirt 27 Márta beifear ag díriú ar dhaltaí scoile i gContae Na Mí, Contae Lú, tuaisceart Átha Cliath agus An Cabhán nuair a bheidh an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge ag tabhairt cuairte ar bhaile na hUaimhe i gContae  na Mí.

Ag labhairt ag an seimineár san Uaimh beidh Irene Ní Nualláin atá ag obair mar Iriseoir le TG4/RTÉ, Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir Iar-Aire le Cumann na bhFiann, Bláthnaid Ní Chofaigh, Láithreoir le RTÉ (ar chlé), Marcus Ó Buachalla Ó Pembroke Communications agus Siobhan Seoighe atá ina Feidhmeannach leis an bhForas Pátrúnachta.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge d’fhostaithe sa saol oibre.

Le déanaí bhí seimineáir dá shaghas i mBéal Átha na Sluaighe i gCo. na Gaillimhe agus in Inis i gCo. an Chláir, áit ar bhailigh suas le 500 dalta scoile le chéile.

Is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár seo a fháil ach glaoch a chur ar Bhígíd Ní Ghríofa ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig eolas@gaelport.com.

Anger over decision to omit Gaelscoil from building list

Márta 16, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Taispeántais den scoth i mBunscoil an Iúir

Márta 15, 2012

Bhí cúpla taispeántas ar dóigh ar fáil do thuismitheoirí agus cairde Bhunscoil anIúir Dé Máirt seo chuaigh thart.  Bhí obair scríofa agus grianghrafanna dáltaí Rang 6/7 ón taighde a rinneadh ar stair an Iúir agus An Titanic.  Rinne siad stáidéar ar an tsuíomh ar a bhfuil muid suite fá láthair agus fuarthas amach cuid mhór maith is olc fán áit.
Mar chuid de cheiliúradh céad bliain An Titanic, rinne na micléinn cuid mhór oibre ar an long clúiteach seo.
Dúirt an Príomhoide Maria Nic Fhearchair gur taispeánadh ard-chaighdeán oibre ó pháistí den aois sin.  “Bhí na micléinn an-díograiseach fán obair a bhí ar bun acu agus léirigh siad a scileanna iontachta TEC.  Chrúthaigh sin cumhacht-phointí faoi stiúradh a múinteoir ranga Caoimhe Gaughran agus Múinteoir Therese Caraher – comhordaitheoir TEC na scoile.”
Mar chuid eile den taispeántas, bhí “Teachtaireacht i mBuidéal” – cnuasach buidéil Shéamus Mac Dhaibhéid ó Ghaeláras Mhic Ardghail. Bhí ar na dáltaí litir a scríobh a bheas curtha ar suoímh úr an Ghaeláras agus a tochlófar suas i gceann 20 bliain. Dúirt Iníon Nic Fhearchair, “Chrúthaigh an tionscadal seo an-suim sna páistí go léir agus iad ag dúil go mór na litreacha beaga a fheiceáil ag deireadh scór bliain.  Mhothaimid gurb í Seachtain na Gaeilge am iontach chun bród agus spraoi inár gcultúr a thaispeáint don phobal agus a cheiliúradh”

Eachtrái eile na Féile Pádraig
Déardaoin 15ú Márta @ 8 – 11p.m. beidh Céilí le fear áitiúl Raymond Carroll.  This event is open to Céilí dancers and Rang 6/7.
Tuilleadh eolais ar fáil ag: 302 60860 nó téigh chuig www.bunscoilaniuir.com

Rivals rally over small school cuts

Márta 15, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Cabaret Craiceáilte ar chamchuairt – le h-iar bhuaiteoirí Scléip!

Márta 14, 2012

Cabaret – Camchuairt BÁC 2012

« Previous PageNext Page »