Folúntas ag Fiontar, DCU
Deireadh Fómhair 3, 2016
Tá dhá fholúntas le fógairt ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge:.
Cuntóir Taighde: cuntoir-taighde_404
Cuntóir, Eagarthóireachta: cuntoir-eagarthoireachta_405
Tá gach eolas ar fáil ag http://www.dcu.ie/hr/vacancies/current.shtml.
Gaelscoil pupils in Cork take Mandarin Chinese lessons
Deireadh Fómhair 3, 2016
A groundbreaking language programme launched yesterday in a Cork school will see Mandarin Chinese being taught formally to senior students.
Aimed at fifth and sixth- class pupils of Gaelscoil Pheig Sayers in Farranferris, on the city’s northside, it is the first formal Chinese language pilot programme of its kind in an Irish primary school.
A second Cork Gaelscoil, on the southside of the city, is expected to be included in the programme within a few weeks.
Spanish — the second- most spoken language in the world — is already being taught to its fifth- and sixth- class pupils.
The school’s board of management approached UCC — home to a Confucius Institute and an Irish Institute of Chinese Studies — to devise a Chinese language programme.
The course launched yesterday will be taught at the Gaelscoil over the next two years by up to 12 visiting Chinese students who are studying for their Masters degree in UCC.
The Gaelscoil children will be taught to speak a language used by more than 1bn people, plus some of the basics of the complex written language. They will each receive certificates at the end of the course.
“As a Gaelscoil we are great believers in languages and immersion education,” said school principal Adrian Breathnach.
“We made this decision as a board of management because Mandarin is now the number-one most spoken language in the world, with over 1bn people speaking it.
“Our Government has also recognised China as a strong emerging economy and greater trade links between the two countries have been forged.
“We see it as a language of the future.”
Mandarin Chinese grammar is considered relatively simple, with no verb conjugation and the tenses expressed by using time phrases such as ‘tomorrow, yesterday, in the future’.
There are also no gender- specific nouns and no need to distinguish between singular and plural nouns.
See video here
Bronnadh ag Tuistí i gColáiste de hÍde
Deireadh Fómhair 3, 2016
Bronnadh ó Chairde de hÍde
Ag ócaid ceiliúradh Fháilte do Bhliain a haon nua i gColáiste de hÍde bhronn cathaoirleach Chairde de hÍde (Cumann na dTuistí) Clár Uí Mhurchú dearbhán ar bheirt dhalta bhliain a sé 2016 don dhalta a fuair na torthaí is fearr sa choláiste i.e. Riain Leon agus don dhalta leis an iarracht is fearr Lisa Ní Mhuirí.
Beidh Rian ag freastal ar Scoil Acadamh Ríoga na Mainlia agus beidh Lisa ag freastal ar Institiúid Theicneolaiochta Thamhlachta. Guíonn Cairde gach rath ar na daltaí uilig ina gcúrsaí agus ina ngairmeacha amach anseo.
Scléip …ardán don óige le Gael Linn !
Meán Fómhair 30, 2016
Tá deis iontach á thabhairt do dhéagóirí a gcuid dtalainne a léiriú ar ardán ag Scléip Gael Linn.
Comórtas spreagúil agus spraíúil é Scléip atá á dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ina bhfuil an bhéim ar na healaíona comhaimseartha. Bíonn deis ag amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus aisteoirí dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta,in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha á n-eagrús i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 22 Samhain 2016, in Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 23 Samhain, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 29 Samhain agus in Amharclann an Gharáiste, Muineachán, Déardaoin, 1 Nollaig, 2016. Beidh an craobhchomórtas ansin san amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an 2 Feabhra 2017. Tá an spriocdáta do iontrálacha ag teannadh linn – Dé Luain, 24 Deireadh Fómhair, 2016 ! Tá gach eolas faoi Scléip, mar aon le foirmeacha iontrála, ar fáil ó 01:6751200 nó ag an nasc seo http://www.gael-linn.ie/default.aspx?treeid=268&id=36
Seisiún Oiliúna ar úsáid www.irishforparents.ie
Meán Fómhair 30, 2016
Tá an suíomh www.irishforparents.ie á fhorbairt de réir a chéile agus beidh cúrsa oiliúna ar siúl ar an 26 Samhain (dáta nua) i Marino ina mbeidh deis acu siúd a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí níos mó a fhoghlaim faoin ábhar teagaisc ar an suíomh agus faoi conas é a úsáid sa seomra ranga.
Cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie le clárú don oiliúnt. Ní ghearrfar aon táille ar an gcúrsa. Tá spás d’uasmhéid 20 duine ar an gcúrsa oiliúna.
Cuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!
Meán Fómhair 29, 2016
An bhfuil paisean agat don amhránaíocht, don scéalaíocht, don damhsa, dár n-oidhreacht?? Má tá, ar mhaith leat a bheith mar chara leis an Oireachtas? Tá sé mar sprioc againn 100 chara nua a mhealladh roimh mheán oíche, 30 Meán Fómhair 2016. Cláraigh linn roimhe sin chun an leas is fearr a bhaint as na buntáistí atá ar fáil. Cabhraigh linn ár scéalta féin a chruthú agus stampa a chur ar obair na heagraíochta mar a rinne ár sinsearaí romhainn. Grá don Teanga, Grá don chultúr!
Níl ort ach €100 a íoc do na buntáistí a leanas:
- Crannchur speisialta do lóistín deireadh seachtaine ag Oireachtas na Samhna;
- Oll-thicéad na Féile;
- Clár na Féile;
- Aitheantas i gclár na féile;
- Nuachtlitir rialta ón Oireachtas leis na scéalta is déanaí;
- Lacáistí ar thicéid d’ imeachtaí eile an Oireachtais.
Cláraigh linn ar: http://www.antoireachtas.ie/an-toireachtas/sintius.html.
Glac lenár gcuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!
Folúntas: Oifigeach Forbartha le Gaelscoileanna Teo.
Meán Fómhair 29, 2016
OIFIGEACH FORBARTHA
(Athfhógairt)
de dhíth, a bheidh freagrach as cur chun cinn na naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht.
(ar chonradh bliana)
Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa de dhíth.
Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr riachtanach.
Scála Tuarastail: €26,383 – 45,616 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).
Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Foirm iarratais, sainchuntas poist agus critéir uilig an phoist le fáil ó blathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.
Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe:
Meánlae Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2016
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.
Deiseanna le Colmcille
Meán Fómhair 27, 2016
Tá súil agam go bhfuil tú go maith. Díreach nóta beag faoin obair agam in Albain agus deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann le Scéim Deontas Cholmcille – tá achoimre ar roinnt den obair atá déanta agam leis an nGàidhlig le cúpla bliain anuas le fáil thíos, chomh maith le rudaí a bheidh ar siúl agam as seo go dtí mí na Samhna, más spéis leat nó le bhur gcomhghleacaithe cuid den obair seo a thabhairt isteach in aon phleananna a d’fhéadfadh a bheith agat le leas a bhaint as an scéim seo? Más mian leat labhairt tuilleadh faoi ghné ar bith de thionscadal nó imeachtaí infhéideartha, tá fáilte romhat scríobh chugam nó glaoch a chur orm ar +44 75 700 43 745.
Ariel Killick,
Stát Neamhspleách Sonais
Is féidir teacht ar an eolas ar fad thíos ag http://www.independentstateofhappiness.com/
Céard atá le déanamh anois?
Spriocdháta Choilm Cille: Dé Céadaoin
12 Deireadh Fómhair
Tá na sonraí faoi mhaoiniúchán ó Cholm Cille le fáil anseo is beidh oifigigh Cholmcille sásta treoir agus comhairle a chur ar fáil faoi iarratais.
Maolcholaim Scott, Rosie Nic Cionnaith
Foras na Gaeilge, Foras na Gaeilge,
Teach an Gheata Thiar, An Chrannóg,
2-6 Sráid na Banríona, Srath na Corcra,
Béal Feirste. Gaoth Dobhair,
BT1 6ED Co. Dhún na nGall
+44 (0) 28 90890983 + 353 (0) 74 9558123
rniccionnaith@forasnagaeilge.ie
Ariel Killick,
Stát Neamhspleách Sonais
+44 (0)75 700 43 745
Folúntais reatha i mbunscoileanna lán-Ghaeilge
Meán Fómhair 27, 2016
Folúntas: Múinteoir Acmhainne á earcú ag Gaelscoil Átha Í, Co. Chill Dara
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76432
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 12ú Deireadh Fómhair 2016
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Gaelscoil na Ríthe, Co. na Mí
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76429
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 29ú Meán Fómhair 2016
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Scoil na gCeithre Máistrí, Co. na hIarmhí
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76410
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 10ú Deireadh Fómhair 2016
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Scoil na gCeithre Máistrí, Co. na hIarmhí
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76400
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 10ú Deireadh Fómhair 2016
‘Féileacán’ – Axis: Baile Munna, i bpáirt leis an NAYD.
Meán Fómhair 23, 2016
Bunaíodh an NAYD um 1980 chun tacú le forbairt an amharcannaíocht Éireannach do daoine óga. Ó shin i léith tá an NAYD ag tacú le drámaíocht do dhaoine óga agus iad ina mbun nó i polaisaí, ag moladh buntáistí dhaoine óga ag glacadh páirte ann, ag cur comhionnanas chun cinn agus tabhairt ceannasaíochta san éarnáil. Bhí an-áthas ar an NAYD obair a dhéanamh le hAxis, Baile Munna chun an dráma seo a choimisiúnú ó Chiarán Gray. Scríofa i nGaeilge, tugann sé deis d’amharclanna, scoileanna agus grúpaí drámaíocht eile dráma a chur i láthair trí Ghaeilge.
Tá Axis i gcroílár na healaíne, suite i dtuisceart Átha Cliath agus ar léarscáil chultúrtha na gcathrach, is ionad ealaíne ildisciplíneach í Axis agus is áis don phobal agus don chathair í. Tá cláracha Axis thar cionn agus tá ionclúideadh an phobail ag croílár léiriú ealaín iontach agus i bhforálú deiseanna do thaithí ealaíne de chaighdeán idirnáisiúnta. Tá ár gclár bainte amach trí cheithre príomhfeidhm: Suíomh Ealaíne, Léiriú Comhlachta, Forbairt Ealaíne agus Ionad Pobail.
Féileacán le Ciarán Gray
Dráma i nGaeilge faoi roghanna
Méid na foirne: 12
Fireann: 6
Baineann: 6
Réimse aoiseanna: 15+
Líom ama: 60 nóim
Coimisiúnaithe ag Axis: Baile Munna, i bpáirt leis an NAYD. Maoinithe ag Foras na Gaeilge.
ACHOIMRE
Ag leanúint ó thraidisiún Mary Lavin i The Story of the Widow’s Son agus níos déanaí le Sliding Doors, díríonn Féileacán ar ghrúpa de dhaoine Éireannacha óga agus na roghanna dhéanann siad. Tosnaíonn se le píosa gear sa todchaí, i bhFéileacán amach anseo, cá háit a rachaidh na daoine seo, agus cén bealach a thabharfaidh siad faoi dhul ansin? Cuireann sé an cheist uafásach sin “dá má rud é gur dhein mé sin in ionad seo?”. Le nodanna do rí-rá agu ruaille buaille agus leannáin nár tharla ach a bhí de cheart acu a tharlú. An féidir linn dada a dhéanamh ach súil a bheith againn go gheobhaidh muid i gceart é?
Oiriúnach do dhaoine óga 15+,is dráma Féileacán é a mbeifeá ar bís á fheiscint agus cuirfidh sé dúshlán ar dhaoine óga, agus meallfaidh se iad chun ceisteanna a chuir faoina roghanna féin agus an domhain a bhfuil conaí ann sa lá atá inniu ann.
Chun cóip den script a léamh, dean teagmháil le Alan King ag an NAYD. alan@nayd.ie nó Niamh Ní Chonchubhair ag Axis niamh.nic@axisballymun.ie