Méid an Téacs

Bua eile don Ghaelscolaíocht ach Aitheantas ag iarraidh breis a bhaint amach

Lúnasa 8, 2011

Fáiltíonn an feachtas Aitheantas roimh fhógra na Roinne Oideachais agus Scileanna go mbeidh ar a laghad trí Ghaelcholáiste i gCo. Átha Cliath agus i gCo. Chorcaí i measc na 14 iarbhunscoil nua a osclófar as seo go ceann trí bliana, agus éilíonn go mbeidh Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín san áireamh sna hiarbhunscoileanna lánGhaeilge sin.

Toisc easpa fáis i líon na scoileanna lánGhaeilge a bhí á oscailt le blianta beaga anuas, tháinig Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh chun ceist na géarchéime seo a réiteach, agus go háirithe chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a diúltaíodh aitheantas don bhunscoil lánGhaeilge i 2010.

Tá Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge an-ghníomhach i bhfeachtas Aitheantas ó shin agus tá An Foras ina phátrún ar Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín, Co. Átha Cliath, i measc bunscoileanna agus meánscoileanna Gaeilge eile. Tá coiste bunaithe ag obair le haitheantas a bhaint amach do Choláiste Ghlór na Mara le cúig bliana anuas freisin, agus rinneadh iarratas oifigiúil ar aitheantas don mheánscoil dhá bhliain ó shin; tá sé faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna go fóill.

Níl pátrúin na meánscoileanna nua cinntithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go fóill ach thug Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge, le fios gur ábhar dóchais é go bhfuil idir phátrún agus phlean forbartha ag an nGaelcholáiste i mBaile Brigín: “Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh an dea-scéal go mbeidh freastal ar chearta tuismitheoirí atá ag lorg oideachas dara leibhéal lánGhaeilge dá bpáistí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, agus táimid ag tnúth go n-aithneofar Coláiste Ghlór na Mara toisc go bhfuil plean forbartha céimnithe agus tacaíocht forleathan don Ghaelscolaíocht i dtuaisceart Átha Cliath ann. Ní bheidh aon fhadhb againn ag líonadh na suíochán sa Ghaelcholáiste seo i mBaile Brigín!”

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: “Aithnítear go forleathan go bhfuil gluaiseacht na nGaelscolaíochta ar cheann de na rudaí is fearr agus is tábhachtaí i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail le 20 bliain anuas, mar sin is dea-scéal don Ghaelscolaíocht trí chéile é fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna go bhfuil trí iarbhunscoil lánGhaeilge le hoscailt idir seo agus 2014. Tá súil ag Aitheantas gur tús é seo a léiríonn tiomantas fadtéarmach an Rialtais le freastal ar mhianta tuismitheoirí ag lorg oideachais dara leibhéal lánGhaeilge dá bpáistí, agus go dtabharfaí aitheantas do Ghaelcholáistí eile fud fad na tíre amach anseo.”

Éilíonn Aitheantas ar an Roinn Oideachais agus Scileanna go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus áiteanna nua á roghnú acu do gach cineál scoile amach anseo freisin, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, chun freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don oideachas lánGhaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com 08 Lúnasa 2011

Taighde ar shealbhú na Gaeilge i measc daoine óga

Lúnasa 2, 2011

Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) sásta scoláireacht a mhaoiniú do iar-chéimí Síceolaíochta chun dochtúireacht i Scoil na Síceolaíochta UCD a dhéanamh faoi stiúradh an Dr. Tina Hickey.

€15,000 per annum atá i gceist, ach ní mór táillí a íoc as sin. Bheadh an mac léinn seo i dteideal cur isteach (ag pointí áírithe i rith an staidéir) ar obair mar Tutor/Demonstrator i Scoil na Síceolaíochta UCD,  obair a thugann lacáiste ar na táillí.

Critéir riachtanacha:
1.    Céim Onóireach sa tSíceolaíocht (1 nó 2.1) nó Máistreacht
2.    Gaeilge líofa (labhairt agus scríobh na Gaeilge a bheith líofa agus cruinn) chomh maith le hardchumas (scríofa agus labhartha) i mBéarla
3.    Taithí le SPSS chun anailís a dhéanamh ar sonraí agus leibhéal ard inniúlachta le ríomhairí.

Chabhródh sé dá mbeadh staidéar déanta mar chuid den chéim ar shealbhú teanga, agus dá mbeadh taithí ag an mac léinn trialacha a chur ar pháistí óga, chomh maith le tuiscint éigin aige/aici ar shoctheangeolaíocht na Gaeltachta.

Tabharfar túsáite dóibh siúd le hard-cháilíochtaí oideachais agus ardchumas sa Ghaeilge.

An Staidéar:  Na Meánchéimeanna i bhForbairt na Gaeilge

Taispeánann taighde idirnáisiúnta an achar a ghlacann sé chun smacht iomlán a fháil ar ghnéithe áirithe de theanga, agus scrúdóidh an tionscnamh seo na meánchéimeanna i bhforbairt na Gaeilge i measc páistí líofa (aonteangaigh agus dátheangaigh) idir 7-11 mbliana d’aois. Beidh ar an té a cheapfar léirbhreithniú a dhéanamh ar an litríocht thrastheangeolaíoch faoi shealbhú teanga, trialacha a chumadh ar ghnéithe áirithe de mhorfeolaíocht na Gaeilge, na trialacha sin a chur ar pháistí agus ar daoine fásta, anailís a dhéanamh ar na sonraí le SPSS, agus na torthaí a mheas i gcomhtéacs na litríochta idirnáisiúnta agus i gcomhthéacs sochtheangeolaíoch reatha na Gaeilge.

Cabhróidh iniúchadh ar na gnéithe seo le tuiscint níos fearr a fháil ar ghnáthphátrúin forbartha gnéithe níos casta den teanga do pháistí in aoiseanna éagsúla agus ó chúlraí teanga éagsúla.

Iarratais: Ba cheart d’iarratas a chur chuig  tina.hickey@ucd.ie mar chomhad amháin (i Word) agus é a bheith sábháilte faoi DoShloinneAinmCOGG.doc  Sa chomhad amháin sin ba cheart go mbeadh:

1.    CV suas chun dáta, agus eolas ann faoi na cúrsaí a rinne tú sa chéim, agus na grádanna a fuair tú. Bí cinnte go bhfuil seoltaí ríomhphoist agus uimhir fóin ann do bheirt mholtóir.
2.    Litir as Gaeilge ag cur síos ar chonas a fhreagraíonn do chuid cháilíochta/taithí leis na tréithe agus cáilíochtaí atá de dhíth.

Ní mór d’iarratas a bheith istigh faoi 6 i.n. 10 Lúnasa.

Foilsithe ar Gaelport.com 28 Iúil 2011

Dea-Scéala do Ghaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail

Lúnasa 2, 2011

Fógraíodh inné go gcuirfear síneadh le líon na ndaltaí a bheidh in ann freastal ar Ghaelscoil Uí Néill in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain amach anseo.

D’fhógair an tAire Oideachais John O’Dowd inné go mbeadh d’acmhainn ag an ngaelscoil glacadh le breis agus 180 dalta ón 1 Meán Fómhair i mbliana má chuirtear maoiniú breise ar fáil don chóiríocht scoile agus do na hacmhainní breise a bheadh ag teastáil dá réir sin.

Glacadh leis an togra chun cur le líon na ndaltaí bunaithe ar an éileamh a bhí ann i measc an phobail áitiúil agus dúirt an tAire go raibh sé ag súil go dtiocfadh méadú ar líon na ndaltaí sa scoil de réir a chéile

Foilsithe ar Gaelport.com 02 Lúnasa 2011

Aitheantas oifigiúil do Scrúduithe TEG

Iúil 15, 2011

Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG).  Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.

Is córas scrúdaithe agus cáilíochta Gaeilge do fhoghlaimeoirí fásta é Teastas Eorpach na Gaeilge atá á soláthar ag Ionad na dTeangacha Ollscoil na hÉireann Má Nuad ó 2005.

Is deis iontach é seo do dhaoine gur mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais iontrála chuí acu do na coláistí oideachais.  Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.

Bíonn scrúduithe TEG ar siúl uair sa bhliain (Aibreán agus Bealtaine) i 10 n-ionad in Éirinn agus tá cúrsaí ullmhúcháin do scrúduithe TEG ar siúl in ionaid oideachais ar fud na tíre.  Cuireann Ionad na dTeangacha ábhar teagaisc agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus do fhoghlaimeoirí saor in aisce ag www.teg.ie  nó cuir glaoch ar 01 7086417 chun tuilleadh eolais a fháil.

www.gaelport.com

Campa Samhraidh do Ghaeilgeoirí óga Ard Mhacha

Iúil 15, 2011

Bhí an Ghaeilge le cloisteáil go soiléir in Ard Mhacha le cúpla seachtain anuas, fadis a bhí campa samhraidh bliantiúil an bhaile faoi lánseoil, mar atá CampaMhacha.

Bhain 80 páiste ó ghaelscoileanna an cheantair an-sult as an champa, a bhí lonnaithe in Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an champa seo nó go minic is é an t-aon deis a bhíonn ag na páistí Gaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil agus bhí lúchair ar na ceannairí agus ar lucht a eagraithe go ndearna na páistí ar fad an-iarracht a dteanga féin a úsáid i rith laethanta saora an tsamhraidh.

D’fhreastail an chéad seachtain ar pháistí idir 4 bliain agus 7 mbliain d’aois agus ar na himeachtaí a cuireadh ar siúl dóibh, bhí turas chuig príomhionad ársa Uladh ag Eamhain Mhacha, turas ar zú Bhéal Feirste agus spraoi agus cluichí ag Kool Kidz.

Bhí an t-ádh ar na páistí go raibh Rannairí Ard Mhacha istigh ar cuairt acu ar an Aoine, grúpa a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu. D’eagraigh na ceannairí neart imeachtaí eile dóibh ag an ionad, idir ealaín, sport, rince, amhránaíocht agus déanamh ceibeabanna torthaí.

Bhí páistí idir 8 mbliain agus 12 bliain i láthair don dara seachtain a bhí chomh pacáilte céanna. Cuireadh tús leis an tseachtain le turas chuig Plainéadlann Ard Mhacha le hionc ar an seó iontach Gaeilge atá acu. D’imigh siad ar thuras ar an Mháirt le turas a fháil i nGaeilge thart ar cheann de na staideanna is mó agus is fearr san Eoraip, mar atá Páirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Bhí lá spraoi speisialta ag na páistí ag an Ionad Allamuigh i mBuíochar, Contae Muineacháin agus bhain na páistí an-sult ar fad as an sleamhnú ar chlabar.

Bhí ceardlann damhsa ar siúl Déardaoin leis an Ghaeilgeoir Siombábach, Tura Arutura. Cuirfear deireadh leis an dara seachtain den champa inniu le mórcheiliúradh agus lá spraoi teaghlaigh. Léiríonn rath an champa seo go bhfuil an Ghaeilge faoi rath agus bláth agus go bhfuil éileamh forásach ar theanga dhúchais Ard Mhacha agus na hÉireann.

www.gaelport.com

Borradh faoi líon na Naíonraí sa tír

Meitheamh 28, 2011

Tá borradh ollmhór faoi líon na naíonraí atá á n-oscailt ar fud na tíre le cúpla bliain anuas. Faoi láthair tá go leor folúntas atá bainteach leis an réimse oibre seo fógartha i naíonraí éagsúla in Uíbh Fháilí, Cill Chainnigh, Cill Dara, Baile Átha Cliath, Trá Lí agus Cill Mhantáin.

Is poist lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá i gceist do dhaoine atá cáilithe chun tabhairt faoi phoist amhail Stiúrthóir Naíonra agus stiúrthóirí cúnta.

Tháinig méadú suntasach ar an méid naíonraí nua atá oscailte ar fud na tíre le dhá bliain anuas. Sa bhliain 2009 d’oscail cúig naíonra nua, anuraidh osclaíodh seacht gcinn déag nua agus i mbliana tá sé beartaithe go mbeidh breis is fiche naíonra nua oscailte i gceantair  éagsúla ar fud na tíre ag tús na scoilbhliana.

Ag tagairt don bhorradh faoi lion na naíonraí sa tír le blianta beaga anuas dúirt Seán Ó hAdhmaill atá ag obair mar Oifigeach Forbartha le Forbairt Naíonraí Teoranta “go raibh dhá phríomhchúis leis an méadú suntasach seo” , dúirt sé “gur chuir An Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige, a cuireadh i bhfeidhm anuraidh, mar aon le córas nua chun Stiúrthóir Naíonra a cheapadh go mór leis an mborradh seo”.

Dé réir na scéime um Chúram agus Oideachas Luath-Óige bíonn an-deis ag tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig naíonra saor in aisce ar feadh bliana. Tá an scéim seo dírithe ar pháistí a bheidh ag tosú ar scoil an bhliain dár gcionn.
Leis seo tháinig an-éileamh ar naíonraí mar go dtugann roinnt de na gaelscoileanna timpeall na tíre tús áite de ghasúir a d’fhreastail ar naíonraí.

Maidir leis an gcóras nua earcaíochta atá curtha i bhfeidhm agus ag ceapadh Stiúrthóirí ar naíonraí , bíonn agallamh Gaeilge mar pháirt lárnach don phróisis seo anois. Ciallaíonn seo go mbíonn caighdeán ard Gaeilge sna naíonraí.

Le blianta anuas tá níos mó féidearthachtaí ann chun naíonra a bhunú i gceantair timpeall na tíre, de bharr go bhfuil go leor naíonraí i mbailte beaga eile cheana féin. Tá an-tóir orthu mar go hiondúil téann na páistí ar aghaidh chuig Gaelscoil má tá ceann sa cheantar agus ar an gcaoi sin bíonn aithne ag na gasúir ar dhaoine eile agus bíonn cairde déanta acu agus iad ag dul tríd an gcóras oideachais trí mheán na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais maidir le naíonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhorbairt Naíonraí Teoranta: www.naionrai.ie.

©Gaelport.com 28 Meitheamh 2011

Togha na gcúrsaí ollscoile ar fáil trí Ghaeilge

Meitheamh 28, 2011

Tá áthas an domhain ar lucht an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteiste  mar gur tháinig deireadh leis na scrúduithe Stáit Dé hAoine seo cáite.

Cé go mbeidh ócáidí ceiliúrtha á n-eagrú acu anois tá jab amháin fós le déanamh acu siúd a bhfuil suim acu a n-intinn a athrú ar chúrsaí tríú leibhéal atá roghnaithe acu.

Is féidir le daltaí Ardteiste a líon isteach foirm CAO cúrsaí tríú leibhéal a roghnú roimh 5.15i.n ar 1 Iúil trí www.cao.ie.

Tá éileamh mór ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, le teacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúla san Aontas Eorpach agus forbairt na meán craoltóireachta le cúpla bliain anuas gan trácht ar mhúinteoirí  bunscoile agus iar-bhunscoile. Chun an t-éileamh seo a sásamh tá fás mór tagtha ar chúrsaí tríú leibhéal a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhghné iontu.

Is féidir BA a dhéanamh sa Ghaeilge i gcuid mhaith d’institiúidí tríú leibhéal lena n-áirítear Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Má tá suim agat i gcúrsaí gnó nó iriseoireacht is féidir BA Gnó agus Gaeilge nó BA Gaeilge agus Iriseoireacht a dhéanamh le FIONTAR DCU (www.dcu.ie/fiontar)

Ós rud é go bhfeidhmíonn cúrsaí FIONTAR go hiomlán trí Ghaeilge agus go bhfuil áiseanna teanga d’ardchaighdeáin ar fáil sna ríomhlanna bíonn mic léinn réidh le hobair trí Ghaeilge gan mórán stró.  Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh (http://www.acadamh.ie/)  réimse leathan de chúrsaí ar fáil ar nós cúrsaí aistriúcháin, riaracháin gnó agus cumarsáíde.

Tugann na cúrsaí san Acadamh deis do mhic léinn cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh i gcroílár ceantair Gaeltachta amhail Connemara agus Dún na nGall,  a chabhraíonn go mór leo a scileanna teanga a fhorbairt.

©Gaelport.com 28 Meitheamh 2011

40 scoil tar éis páirt a ghlacadh i bhféilte peile Ghael Linn

Meitheamh 7, 2011

Bhí an-spórt ag scoláirí ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag na Féilte Peile a d’eagraigh Gael Linn i mí Bealtaine.

Reáchtáiltear an tsraith seo go bliantúil chun deis a thabhairt do dhaltaí ó na ranganna sinsearacha sna bhunscoil bualadh le chéile ag ócáidí spraíúla ina mbíonn an Ghaeilge mar theanga labhartha.
Is i gceantair Ghaeltachta a bhíonn na féilte ar siúl agus cuirtear lóistín ar fáil do na cuairteoirí.

Reáchtáladh cúig fhéile peile i mbliana ar a d’fhreastail tuairim is 800 scoláire  mar aon lena gcuid múinteoirí, ó 40 scoil.

Bhí Féile Laighin ar siúl i Ráth Chairn, Co. na Mí, is i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe a bhí Féile Chonnacht agus ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall a bhí Féile Uladh.

Bhí dhá fhéile ar siúl i gCúige Mumhan i mbliana chun freastal ar éileamh ó na scoileanna.  Bhí an chéad ceann ar siúl i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí agus cuireadh críoch leis an sraith iomlán ansin i gColáiste na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge.

Foirne meascaithe de naonúr imreoir (cailíní agus buachaillí ) a bhí i gceist.  Bhí trí chluiche ag gach foireann, agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí  na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige.   Tá gach eolas faoi reáchtáil na bhféilte ar fáil ag www.gael-linn.ie.

Gaelport

Gaeilge na hArdteiste slán ón tua-go fóill

Aibreán 5, 2011

Deir an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD nach mbeidh aon athrú ar stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar san Ardteistiméireacht amach anseo.

Dúradh i gclár an Rialtais go nglacfar céimeanna le go dtiocfaidh feabhas ar mhodhanna theagasc na Gaeilge ar an dara leibhéal agus nach mbeadh athbhreithniú ann go dtí go glacfar na céimeanna sin.

Agus dheimhnigh an tAire sa Dáil ar 24 Márta nach mbeidh aon athrú ann ar stádas na teanga mar ábhar scoile ach go mbeadh athbhreithniú ann,  ach níor thug sé le fios cathain a bheidh an t-athbhreithniú ar siúl.

“Caithfimid glacadh leis go n-iompaíonn páistí i gcoinne na teanga ar chúiseanna nach dtuigimid. Ní mór dúinn ceisteanna a chur faoi sin”, dar leis.

Dúirt  sé go raibh gá athbhreithniú a dhéanamh ar an méid ama a chaitear le teagasc na Gaeilge sna scoileanna i gcomhthéacs na dtorthaí a bhaintear amach agus cumas teanga na ndaltaí ina dhiaidh sin.

“Caithfimid a bheith macánta agus na ceisteanna seo á bplé againn” a dúirt sé.

Foilsithe ar Gaelport.com 05 Aibreán 2011

Deiseanna oibre le Gaeilge pléite i gCeatharlach

Márta 29, 2011

Tá deiseanna ann do Ghaeilgeoirí sa saol oibre agus beidh amach anseo. B’ shin an teachtaireacht a cuireadh in iúl do 270 dalta scoile a d’fhreastail ar an seimineár mar gheall ar ghairmeacha le Gaeilge a d’eagraigh An Chomhdháil i gCeatharlach ar 24 Márta.

D’fhreastail daltaí atá ó scoileanna ar fud oirdheisceart chúige Laighean ar an seimineár atá ag taisteal ó cheantar go ceantar  ó bhí 2008 ann.

“Tá neart deiseanna ann agus tá feabhas mór tagtha ar an scéal le fiche bliain anuas”, dar le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir ar Chumann na bhFiann. Mhol sé do na daltaí gach deis a thapú agus taithí oibre a lorg i láithreacha oibre lán-Ghaeilge  má tá suim acu sa Ghaeilge.

Mhol an t-imreoir camógaí ar fhoireann Phort Láirge, Mairéad Ní Mhurchú do na daltaí dul le gairm beatha a bhfuil spéis acu ann.

“ Is aoibhinn liom an Cumann Lúthchleas Gael mar sin ba mhór an deis a thug an Ghaeilge dom bheith ag obair mar léiritheoir ar chláir spóirt TG4”, a deir sí.

Tá Eibhlín de Paor ar aon tuairim le Máiréad. Tá Eibhlín ina hÁisitheoir Ealaíon i gCúige Mumhan agus deir sí go bhfuil go leor cúrsaí gur féidir a dhéanamh sna hollscoileanna anois trí Ghaeilge.

Labhair Emma Whitmore, oifigeach forbartha Gaeilge i gCeatharlach faoi na deiseanna a thug an Ghaeilge di nuair a bhí sí ag obair mar iriseoir. “ Bhí sé go mór ina bhuntáiste mar bhí mé ábalta colúin a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla- agus bíonn scileanna mar seo an-luachmhar d’fhostóirí”,  a deir sí.

« Previous PageNext Page »