Grúpa nua tuistí agus leanaí bunaithe i gCeatharlach
Iúil 5, 2012
Tá an-áthas ar Ghlór Cheatharlach a fhógairt go gcuirfear tús le grúpa nua dátheangach Tuistí agus Leanaí dar teideal SPRAOI ar an Mháirt an 10ú Iúil.
Eagraithe faoi scath Comhluadar Teo tiocfaidh an grúpa le chéile gach maidin Mháirt ó 10-12 meánlae in Ionad Phobail New Oak.
Beidh cupán tae nó caife ar fáil do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bheidh na páistí ag súgradh. Cuirfear fíór fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraoiúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge-díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!
Tá costas €3 an chlann in aghaidh an lae i gceist agus beidh tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin. Tá an grúpa oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.
Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn agus fáilte roimh cách!
http://www.carlow-nationalist.ie/
Spraoicheist Gael Linn i gCeatharlach
Meitheamh 20, 2012
Reachtáileadh ócáid an-speisialta trí Ghaeilge i gCeatharlach le déanaí do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.
Spraoicheist na hÉigse a bhí ann, eagraithe ag Gael Linn i gcomhar le Glór Cheatharlach, agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid. Ghlach trí fhoireann is daichead páirt sa Spraoicheist agus dob é sin an slua ba mhó riamh don ócáid bhliantúil. Bhí halla spóirt na Gaelscoile lán go béal don ócáid.Thángadar ag siúl, i gcarranna agus i mbusanna ó thrí scoil déag. Bhíodar ann ó Ghleann Uisean, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, Beann na gCaorach, Tigh an Raoireann, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Scoil Naomh Bríd Mhuinebheag, Gaelscoil Átha Í, Scoil Naomh Fiacc agud Díseart Diarmada, Scoil na Gráinsí, Scoil Bhuachaillí an Teaghlaigh Naofa agus Scoil Mhuire gan Smál.
Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar spórt agus ceol, scannáin agus cláracha teilifíse, leabhair agus eolas ginearálta. Niamh de Búrca thar cheann Gael Linn a bhí ag cur na gceisteanna agus bhí muintir Ghlór Cheatharlach i mbun marcála. Bhain cuid de na foirne scóranna an-ard amach. Bhí foirne ó Scoil Bhríd Mhuinebheag agus Tigh an Raoireann ar chomhscór don cheathrú háit agus bhain trí fhoireann ó Ghaelscoil Cheatharlach na céad áiteanna amach. Bronnadh duaiseanna agus plaiceanna Gael Linn ar na foirne buachach.
Chun clabhsúr a chur leis an ócáid chuir na daltaí ó Ghaelscoil Átha Í, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Gleann Uisean , Scoil Mhuire gan Smál agus Gaelscoil Cheatharlach taispeántas ceoil, damhsa ags amhránaíochta i láthair. Ghabh Niamh de Búrca buíochas leis na daltaí, leis na múinteoirí agus le bainistíocht na Gaelscoile as a dtacaíocht do Spraoicheist Gael Linn atá anois mar cheann de phríomh imeachtaí na mbunscoileanna ar chlár Fhéile na hÉigse i gCeatharlach.
http://www.carlow-nationalist.ie/
CARLOW NATIONALIST
Corn Ghlór na nGael na mBuachaillí
Meitheamh 6, 2012
Tháinig an ghrian amach thar Pháirc Uí Bhriain, Éire Óg do chomórtas Chorn Ghlór na nGael na mbuachaillí.
Ghlac foirne ó cheithre scoil mheascaithe páirt sa chomórtas Gaelscoil Cheatharlach, Beann na gCaorach, Baile Haicéad agus Gaelscoil Átha Í. Tá an comórtas do dhaltaí i rang a cúig agus níos óige. Cabhraíonn seo le dul chun cinn scileanna na himreoirí a fhorbairt agus tugann sé stáitse dóibh gan tionchar rang a sé.
Chun an méid is mó cluichí a thabhairt do chuile dhuine d’imir gach foireann a chéile.
Thosaigh Gaelscoil Cheatharlach i stíl mórthaibhseach i gcoinne Bheann na gCaorach le Andrew Mac Eochaidh ag déanamh an damáiste ar son na Gaelscoile. Bhí an cosúlacht ar go raibh an cluiche faoi smacht ag buachaillí na Gaelscoile ach choinnigh Finbarr Ó Caomhánaigh srian ar a gcuid scóranna san céad leath. Fuair Cillain Ó Duibh cúl iontach do Bheann na gCaorach ach bhí Gaelscoil Cheatharlach ro-láidir go háirithe i lár na páirce le Hugh Ó Dubhlaoich. Críochnaigh an cluiche 0-6 go dtí 1-0.
Sa dara cluiche d’imir Gaelscoil Átha Í i gcoinne Bhaile Haicéad. Thóg sé tamall don chluiche seo teacht chun beochta gan scór ar bith suas go dtí leath ama. Bhí cuid mhaith de na seansanna ag Baile Haiceád ach bhí an cosantóir Fallou Sangre thar barr do Átha Í.
Sa dara leath tháinig Baile Haicéad amach i bhfad níos dírithe ar an gcluiche agus ghnóthaigh siad dhá chúl. Bhí Eoin Ó Broin suas agus síos an pháirc imeartha agus bhí Jack Ó Ceallaigh in ann na scóranna a thógaíl gan stró ar bith. An scór deireannach ná 2-2 go dtí 0-0. Bhí seans ag Átha Í an chéad chluiche a chur taobh thiar díobh le chluiche ar an bpointe i gcoinne Bheann na gCaorach agus thosaigh siad ar an mbealach ceart le cúl. Níorbh leor é sin áfach le himreoirí cosúil le Cathal Ó Neill ar an bpáirc agus chríochnaigh an cluiche 2-2 go dtí 1-0 i bhfábhar Bheann na gCaorach.
Le bua amháin ag trí fhoireann ansin bhí gach cluiche eile an-tábhachtach. Chuir Gaelscoil Cheatharlach ags bean na gCaorach chun páirce agus d’úsáid buachaillí na Gaelscoile an taithí a bhí acu ag imirt i bpáirceanna Éire Óg. Chuir Tadhg Ó Ceallaigh agus Diarmaid de Rút taispeántas den scoth i láthair mar chosantóirí . Níor lig siad isteach ach pointe amháin i rith an chluiche ar fad agus is eácht mór é sin le tosaithe mar Adam Ó Duinn ag imirt do Bheann na gCaorach. Bhí Cathal Ó Móráin lán d’fhuinneamh ins na tosaithe agus chlárairigh sé cúpla scór álainn. Chríochnaigh an cluiche 2-5 go dtí 0-1 i bhfábhar na Gaelscoile.
Bhí cluiche ar ardchaighdeán ag Beann na gCaorach i gcoinne Bhaile Haicéad. Bhí Oisín agus Seán Ó Maoilmhána go hiontach do Baile Haiceád i rith an chluiche ar fad agus rinne Luke Ó Conghaile deimhin de nach bhfaighfeadh Beann na gCaorach cúl agus é idir na maidí. É sin ráite thóg buachaillí Bheann na gCaorach a bpointí agus le cabhair ó Sheán Ó Súilleabháin agus Cathal Ó Néill bhí an bua acu le 0-7 go dtí 1-2.
Bhí ar Ghaelscoil Cheatharlach dul thar Ghaelscoil Átha Í chun Corn Ghlór na Gael a bhuachaint agus ní raibh fadhb ar bith acu. Bhuaigh siad an cluiche le stíl iontach peile agus iad ábalta an liathróid a bhogadh go han-tapaidh go dtí go raibh pas oiriúnach ar na cártaí. Thóg siad an cinneadh ceart uair i ndiaidh uaire chun scór de 3-7 a reachtáil suas. Bhí Tomás Ó Murchú lán de spiorad do Átha Í ach bhí Gaelscoil Cheatharlach ro-láidir dóibh. Chríochnaigh an cluiche ar scórlíne 3-7 go dtí 1-1 agus an trófaí ag dul 100 méadar suas an bóthar ó Éire Óg go dtí Gaelscoil Cheatharlach don dara bliain as a chéile.
Ghlac an captaen Andrew Mac Eochaidh leis an sciath agus ghabh sé buíochas leis na foirne go léir chomh maith leis na múinteoirí as páirt a ghlacadh i gcomórtas Chorn Ghlór na nGael 2012.
www.carlow-nationalist.ie
Spraoicheist Gael Linn ag Éigse Cheatharlach
Bealtaine 23, 2012
Tá sé i gceist ag Gael Linn tráth na gceist boird trí Ghaeilge dar teideal Spraoicheist a eagrú do dhaltaí bunscoile i gCeatharlach le linn Féile na hÉigse ar an gCéadaoin, 13 Meitheamh ag 10.00r.n. Is i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc a tionólfar an ócáid.
Is é an aidhm atá le Spraoicheist ná a léiriú do na daltaí gur féidir leo píosa spraoi a bheith acu tré mheán na Gaeilge‚ fiú muna bhfuil siad líofa sa teanga.
Beidh 6 bhabhta ceisteanna san áireamh le 10 gceist i ngach babhta agus iad dírithe ar dhaltaí as na hardranganna. Míneofar gach ceist i nGaeilge shimplí agus cuirfear foclóir gearr ar fáil chun gur féidir na focail is deacra a mhíniú agus a mhúineadh roimhré.
Ceadófar do gach scoil suas le cúig fhoireann a iontráil agus bronnfar duais ar gach ball foirne den 4 fhoireann is airde marc. Tabharfar roinnt spotduaiseanna amach i rith na hócáide chomh maith.
Eagrófar ceolchoirm ghearr tar éis bronnadh na nduaiseanna agus tabharfar cuireadh do dhaltaí ó na scoileanna éagsúla míreanna 5 nóiméad nó mar sin ar fhaid de cheol, amhráin Ghaeilge, rince srl a chur i láthair.
Tá litir eolais agus foirm iontrála seolta chuig príomhoidí scoileanna uile an cheantair. Má tá aon cheist is féidir glaoch ar Niamh in Gael Linn ag 01 6753303 nó oifig Ghlór Cheatharlach ag 085 1340047. Bí páirteach sa Spraoicheist i mbliana.
www.carlow-nationalist.ie
Coláiste Samhraidh do dhéagóirí
Feabhra 10, 2012
I measc na n-imeachtaí a bheidh Glór Cheatharlach ag eagrú an samhradh seo beidh Coláiste Samhraidh do dhéagóirí.
Arís i mbliana beidh an cúrsa coicíse lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach. Cuirfear tús leis an gcoláiste samhraidh ar an Luan, 2 Iúil agus rachaidh sé ar aghaidh go dtí an 13ú Iúil. Tá clárú oscailte anois agus ‘sé €195 táille an chúrsa a bheidh ar siúl ó 9.30-1.00 i.n. gach lá Luan go hAoine.
Beidh an coláiste samhraidh dírithe ar dhaltaí atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Cuirfear fáilte roimh dhaltaí ó rang a sé go leibhéal ardteistiméireachta. Beidh ranganna agus imeachtaí an chúrsa in oiriúint do dhaltaí i rang a sé agus do mhicléinn i mbliain 1 agus 2 i ngrúpa na sóisear le daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear. Chomh maith leis na ranganna foirmiúil gach lá beidh cluichí cainte, díospóireachtaí, amhránaíocht, cluichí, spórt agus rince céilí ar an gclár. Cuirfear ranganna Gaeilge le meascán maith de chomhrá agus gramadach, plé agus díospóireacht in oiriúint do na daltaí. Ina theannta sin, beidh seans ag na micleinn tarraingt ar a gcuid eolais ginearálta ag tráth na gceist boird agus ar ndóigh bainfear taitneamh as na céilithe.
Is é seo an ceathrú bliain den choláiste samhraidh i mbaile Cheatharlach. Bhí rath ollmhór air anuraidh le hochtó dalta páirteach. Bhaineadar taitneamh agus tairbhe, sult agus spraoi as na himeachtaí. Beifear ag súil le héileamh mór arís i mbliana ach chun áit a chinntiú ní foláir foirm iarratais comhlánaithe maille le héarlais a bheith istigh go luath. Is féidir foirm a fháil anois ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach nó glaoch a chur ar (059) 9158105 nó (085) 1340047. Is féidir freisin ríomhphost a sheoladh chuig eolas@glorcheatharlach.ie.
CARLOW NATIONALIST
Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach
Feabhra 3, 2012
Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go reachtálfar Ciorcal Comhrá Iarscoile go speisialta do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an t-earrach seo.
Is cinnte go mbíonn cleachtadh breise sa Ghaeilge ag teastáil ó mhicléinn agus díreoidh an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga mar ullmhúcháin don Bheáltriail Ghaeilge.
Gan dabht cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.
Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Céadaoin ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 22 Feabhra agus ag dul ar aghaidh ar feadh sé seachtainí. An táille don tréimhse iomlán ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Beidh fáilte roimh mhicléinn shinsir in iarbhunscoileanna uile an cheantair.
Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar 085 1340047.
CARLOW NATIONALIST
Party to mark 30 years of teaching through Irish
Eanáir 5, 2012
Ciorcal Comhrá Iarscoile
Samhain 2, 2011
D’éirigh go hiontach leis an gcéad Ciorcal Comhrá do mhicléinn iarbhunscoile a bhí ar siúl i gCeatharlach ó thús na scoilbhliana reatha go dtí an briseadh lárthéarma.
D’fhreastail micléinn sa chúigiú agus sa seú bhliain ó cheithre scoil éagsúil ar na seisiúin cainte seachtainiúil. Eagraithe ag Glór Cheatharlach agus faoi stiúir an mhúinteora Andrea Ní Fhaoláin, cuirfear tús le sraith nua den chiorcal comhrá iarscoile tar éis an tsosa. Díríonn an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh tá micléinn ag cur fáilte roimh gach deis dá leithéid agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de na marcanna i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail. Beidh an Ciorcal Comhrá Iarscoile ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. ag tosnú ar an Luan, 7 Samhain. Leanfaidh an ciorcal ar aghaidh ar feadh sé seachtainí go laethanta saoire na Nollag. An táille don tréimhse ná EUR15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach ar 085 1340047, 087 2857048 nó eolas@glorcheatharlach.ie
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach
Athruithe móra ar an siollabas Gaeilge
Meán Fómhair 30, 2011
Tá athruithe móra tagtha ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta i mbliana.
Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40 faoin gcéad de mharcanna an ábhair ag braith ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh 15 nóiméad. Chun cabhrú le múinteoirí agus le daltaí araon ullmhú do na hathruithe seo, tá treoir phraiticiúil curtha ar fáil ag Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge le heisiúint an DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’. Tugann an clár seo eolas ar gach mír den bhéaltriail do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal. Tugann sé léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi céard a bheidh i gceist sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Tá ‘Cuireadh Chun Cainte’ oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir. Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cabhrú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú. Cuirfear cóip saor in aisce chuig gach scoil sa tír agus déanfar an DVD a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach go bhfuil cabhair phraiticiúil ar fáil do lucht na hArdteistiméireachta i gCeatharlach chomh maith le bunú Ciorcal Gaeilge Iarscoile. Tháinig an Ciorcal le chéile don chéad uair le déanaí agus is léir go bhfuil na rannpháirtithe ag baint idir taitneamh agus tairbhe as an deis chun Gaeilge a labhairt go nádúrtha lasmuigh den seomra ranga. Fáilteofar roimh mhic léinn eile ag an gCiorcal Gaeilge. Gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste ar 059 9158105 nó 085 1340047.
The Nationalist – Glór Ceatharlach
Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach
Meán Fómhair 8, 2011
Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go mbunófar Ciorcal Comhrá Iarscoile do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an fómhar seo.
Díreoidh an ciorcal ar mhic léinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.
Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 19 Meán Fómhair. Leanfaidh an ciorcal ar feadh sé seachtainí ó 19 Meán Fómhair go 24 Deireadh Fómhair. An táille don tréimhse ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar 085 1340047.
08 Meán Fómhair
www.carlow-nationalist.ie