Buntáiste Breise na Gaeilge ar chamchuairt!
Lúnasa 25, 2010
Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i meánscoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairm beatha.
Roimhe seo reáchtáladh na seimineáir i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta.
Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.
Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais. Sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr, beifear ag díriú ar ionaid i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn, i mBaile Átha Cliath agus ar an Tulach Mhór. Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.
Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
25 Lúnasa 2010
Béim curtha ar ról na nEagras i dTuarascáil an Chomhchoiste
Lúnasa 12, 2010
Tá molta ag an gComhchoiste Oireachtais um Gnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta gur cheart ról na n-eagras Gaeilge a aithint sa Straitéis nua don Ghaeilge.Deirtear go mbeidh rathúlacht na Straitéise ag brath ar thacaíocht agus ar chomhordú na n-eagras.
Bhronn Cathaoirleach an choiste, Tomás Ó Ceit TD, an Tuarascáil ar an Aire Pat Carey TD agus tá 39 moladh déanta inti. Baineann cuid do na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil chomh maith leis an ról a bheidh ag forais stáit éagsúla agus ag an bpobal i bhforfheidhmiú na Straitéise.
Thug an tAire le fios go mbeidh an Taoiseach mar stiúrthóir ar dhíospóireacht sa Dáil agus sa Seanad sa bhfómhar maidir leis an Straitéis. Dúirt sé go raibh dóchasach go mbeidh tacaíocht traspháirtí ann dó.
Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála “Tréaslaím leis an gComhchoiste Dála as tuarascáil chuimsitheach a fhoilsiú ina bhfuil moltaí láidre, aontaithe ar bhonn trasphairtí, a bheidh chun leas na Gaeilge sa tréimhse 20 bliain romhainn.”
“D’eascair na moltaí as an bpróiseas comhairliúcháin leathan atá curtha i gcrích ag an gComhchoiste, chun tuairimí, mianta agus riachtanais pobail na Gaeilge a mheas. Tá súil ag an gComhdháil go nglacfaidh an Rialtas le moltaí uile an Chomhchoiste agus go bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go luath.”
Foinse
04 Lúnasa 2010
Athrú don Ghaeilge i gcritéir nua
Lúnasa 12, 2010
Tá leasú suntasach ar an gcóras chun aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua dara leibhéal fógartha ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD.
Tá sé beartaithe ag an tAire Grúpa Comhairleach um Pátrúnacht Dara Leibhéal a bhunú, chun machnamh a dhéanamh ar na hiarratais, agus chun comhairle a sholáthar don Tánaiste, tar éis don ghrúpa suirbhé a chur i gcrích faoi thuairimí na dtuismitheoirí agus na critéir nua atá le leagan síos á n-úsáid.
Tá tuartha go mbeidh méadú de 67,000 dalta breise sa chóras oideachas meánscoile faoin mbliain 2024, agus is in oirthear na tíre is mó atá an méadú seo tuartha.
Tá na critéir mhionsonraithe fós le socrú, ach tá tugtha le fios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar soláthar do dhaltaí ar mhiste leo a gcuid oideachas a fháil trí Ghaeilge, trí Aonad Gaeilge a bhunú laistigh den scoil, i gceantair nach bhfuil dóthain daltaí do Ghaelscoil dara leibhéal.
Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
11 Lúnasa 2010
Suíomh ceadaithe do Ghaelscoil le freastal ar 700 dalta
Iúil 14, 2010
Bhí muintir Charraig Uí Leighin i gContae Chorcaí ag ceiliúradh an tseachtain seo caite. Fógraíodh gur tugadh cead do choiste áitiúil suíomh a cheannach ar imeall an bhaile, mar a bhfuiltear ag súil Gaelcholáiste nua a bhunú.
Anuas air sin, meastar go mbeidh sé ar cheann de na hionaid ghaelscolaíochta is mó sa tír má shocraíonn an Ghaelscoil áitiúil, Gaelscoil Charraig Uí Leighin bogadh ann. Thug an tAire Oideachais, Mary Coughlan, T.D. cead don choiste suíomh ilfheidhmeach 21 acra a fhorbairt, ar a lonnófar an Gaelcholáiste, bunscoil agus scoil do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
De réir na bpleananna atá forbartha ag an gcoiste, beidh an suíomh in ann freastal ar 700 mac léinn.
Thug an tUasal Noel O’Regan, Cathaoirleach an choiste le fios go bhfuil éileamh mhór ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge sa dhúiche. “Tá breis agus 460 mac léinn cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua.” Dar le O’Reagan. Lean an Cathaoirleach leis á rá “Léiríonn sé seo go soiléir go dteastaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge ó thuismitheoirí agus páistí Charraig Uí Laighin agus na bunscoileanna sa cheantar máguaird.”
Le tamall de bhlianta anuas, tá méadú mór tagtha ar an líon daoine atá ina gcónaí sa cheantar de bharr go bhfuil sé i ngar do Chathair Chorcaí. Tá an Ghaelscoil áitiúil ag ceiliúradh fiche cúig bliain ar an bhfód i mbliana agus de réir mar a mhéadaíonn an daonra áitiúil, tá ballraíocht na scoile ag méadú leis. Bunscoil dhá sheomra a bhí ann ag an tús ach tugadh cead foirgneamh nua deich seomra a thógáil sa bhliain 2001.
Foinse
14 Iúil 2010
Siollabas nua le plé
Bealtaine 20, 2010
Beidh cruinniú náisiúnta á thionól ar maidin inniu ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, in Órán Mór, i gCo. na Gaillimhe. Beidh sé ann chun moltaí agus tuairimí na múinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta maidir leis na dúshláin agus na himpleachtaí a bhaineann leis an siollabas nua Gaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta a bhailiú. Reáchtálfar an cruinniú i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
Tá Meitheal Ghaeilge Ardteistiméireacht Ardleibhéal (ATAL) bunaithe, idir ionadaithe ó Ghaelscoileanna Teoranta, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, COGG, agus ionadaithe aonair. Deir Cathaoirleach na Meithle Gaeilge, Anna Ní Ghallachair, ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, go dteastaíonn ón Mheitheal Ghaeilge ATAL go ndéanfaí “freastal ceart san Ardteistiméireacht do dhaltaí ar ardchumas Gaeilge, bíodh siad sin sa Ghaeltacht nó lasmuigh di”.
Dar leis an Meitheal Ghaeilge ATAL nach bhfuil siollabas nua na Gaeilge san Ardteistiméireacht ag tabhairt aitheantais cuí do chainteoirí ó dhúchas, do dhaltaí na Gaelscolaíochta nó do dhaltaí cumasacha eile, ar mhian leo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, ar leibhéal a thabharfaidh deis dóibh an teanga a shealbhú mar is ceart.
Ó Mheán Fómhair seo chugainn, beidh 40% de na marcanna i scrúdú Ardteistiméireachta na Gaeilge ag dul don bhéaltriail, agus 10% ag dul don triail chluastuisceana. Is cúis imní don Mheitheal Ghaeilge ATAL nach bhfuil soiléiriú curtha ar fáil go fóill ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an gcóras measúnaithe a bheidh á chur i bhfeidhm don siollabas nua, agus don bhéaltriail ach go háirithe. Dar leis an Mheitheal go mbeidh an-tionchar ag an gcóras measúnaithe ar an mbealach a dhéanfar an teanga a theagasc sna scoileanna.
Tá tacaíocht faighte ag Meitheal Ghaeilge ATAL ó eagraíochtaí Gaeilge eile, Comhar na Múinteoirí Gaeilge ina measc dá éileamh ábhar nua, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge, a chur ar fáil.
Deir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Mheitheal na Gaeilge ATAL, gurb é ‘an rud is tábhachtaí ó thaobh an tsiollabais de, ná go mbeadh cúrsa Gaeilge ann a bheadh dúshlánach go leor do dhaltaí díograiseacha, chun an cúlra teanga ceart a thabhairt dóibh le go mbeidh siad in ann tabhairt faoi na hábhair eile trí Ghaeilge ag an dara leibhéal, feidhmiú go cumasach sa teanga, agus tabhairt fúithi mar ábhar acadúil ag an tríú leibhéal más é sin atá uathu’.
Foinse
19 Bealtaine 2010
Diúltaíonn an Roinn aitheantas a thabhairt do Ghaelscoileanna nua
Bealtaine 5, 2010
Tháinig fás agus forbairt ar earnáil na Gaelscolaíochta in Éirinn le scór bliain anuas ach anois tá eagrais Ghaeilge buartha go bhfuil An Roinn Oideachais ag cur laincise ar fhorás na hearnála amach anseo.
Is ceist í seo a d’ardaigh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge nuair a labhair sé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge coicís ó shin i gCathair Luimnigh. Is é cás na Gaelscoile nua i Ráth Tó i gCo. na Mí a spreag cuid mhaith den chaint seo. Dhiúltaigh an Roinn aitheantas oifigiúil a thabhairt don scoil i mbliana. Tá fógartha ag cúig eagraíocht Ghaeilge go bhfuil tús curtha le feachtas nua dar teideal ‘Aitheantas’ lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.
Dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do ghaelscoileanna nua i mbliana ar an mbonn nach raibh na scoileanna ag sásamh critéir nua de chuid na Roinne maidir le córais phleanála. D’fháiltigh Cathaoirleach an Choiste Bunaithe, Seán Ó Buachalla, roimh an tacaíocht agus luaigh sé go mbeidh an Coiste áitiúil ag obair go dian chun airgead a thiomsú don scoil a bhunófar i Mí Mheán Fómhair gan aitheantas. Táimid dóchasach a deir Ó Buachalla. Labhraíomar cheana le bunaitheoirí na Gaelscoileanna eile a raibh fadhbanna mar sin acu. D’éirigh leo sa deireadh stádas a bhaint amach agus táimid dóchasach go n-éireoidh leis an gcoiste an t-aitheantas céanna a bhaint amach go luath.
Foinse
5 Bealtaine 2010