Cruinniú práinne eagraithe ag Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta faoi Ghaeilge don Ardteist
Eanáir 20, 2011
Tá Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag eagrú cruinnithe phráinne maidir leis an nGaeilge a bheith mar phríomhábhar don Ardteist agus an baol atá ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011. Tá cuirí curtha chuig na páirtithe leasmhara (eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, eagraíochtaí Gaeltachta) don chruinniú seo.
Beidh an cruinniú ar siúl ar an Aoine, 21 Eanáir 2011, ag 14.00 san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh. Beidh ráiteas eisithe i ndiaidh an chruinnithe.
Is cinnte go bhfuil an t-ábhar seo ríthábhachtach agus go bhfuil gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar.
Cruinniú ar cuireadh a bheidh ann ar an Aoine ach beidh cruinnithe poiblí eagraithe amach anseo le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas seo.
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain
Eanáir 14, 2011
Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, agus ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, a bhuaigh duaiseanna ag an dara Craobh Réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain i Má Nuad, Co. Chill Dara aréir ( Déardaoin, 13 Eanáir ).
Sa chraobh shóisearach, labhair na cainteoirí óga go heolach ar an rún ‘Is miotas é cairdiúlacht mhuintir na hÉireann!’ Foirne ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath; Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, Iarbhunscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara agus Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú a bhí páirteach. Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad Coláiste Eoin agus Coláiste Rís na curaidh shóisearacha ! Is iad Ciarán Ó Duinneacha agus Seán Ó Coigligh faoi seach na múinteoirí a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo.
‘Is féidir linn ár muinín a chur sa chéad ghlúin eile!’ an rún a bhí faoi chaibidil ag na foirne i gcraobh na sinsear -Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. Bhí tuairimí spéisiúla spreagúla ag na cainteoirí uilig agus cinneadh deacair le déanamh ag na moltóirí dá réir ! Is iad foirne Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin a tháinig amach ar barr ar deireadh, agus a gcuid múinteoirí Ciarán Ó Duinneacha agus Fíona Uí Uiginn í an-bhródúil as a scoláirí!
Rachaidh na foirne bhuacacha ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann den chomórtas ar an Déardaoin, 27 Eanáir 2011 i bPortlaoise.
Gabh le Gaeilge – Toradh an Chomhoibrithe agus buaicphointe de 2010
Nollaig 14, 2010
Ba buaicphointe don bhliain do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair a seoladh go hoifigiúil an DVD, ‘Gabh le Gaeilge’ le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.
Is pacáiste eolais é ‘Gabh le Gaeilge’ do dhaltaí a bheidh ag roghnú ábhar don TGMO (GCSE) atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge.
Ní hamháin gur iontach an áis í ‘Gabh le Gaeilge’ do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí, ach is iontach an léiriú é freisin ar an méid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú. Ba comhthionscadal é ‘Gabh le Gaeilge’, a d’eascair go horgánach ó ócáid de ‘Bhuntáiste Breise na Gaeilge’ a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge i mBéal Feirste. Bhí réimse éagsúil scileanna ar fáil idir fhoireann na Comhdhála agus fhoireann Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, a d’fhág go bhféadfaí an tionscadal seo a chur i gcrích go héifeachtach, críochnúil agus ar luach an-mhaith ar airgead.
Léiríonn an DVD, agus na cleachtaí atá ag dul leis, na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar scoile. Tá réimse an-leathan ábhar (breis agus leathchéad) ar fáil don TGMO ach tá líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge ag titim go leanúnach ón mbliain 2007.
Tá na hiontrálacha don scrúdú Gaeilge ag leibhéal an TGMO tite 25% le trí bliana, le cuid mhaith daltaí ag roghnú teangacha eile thar an nGaeilge. Thug Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoin tionscadal áirithe seo chun dul i ngleic leis an laghdú ar na figiúirí seo.
Seoladh an DVD chuig múinteoirí i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc le cuidiú leo an Ghaeilge a chur chun cinn mar rogha don TGMO. Tá an pacáiste ag díriú ar dhaltaí atá idir 11 – 14 bliana d’aois agus ar bheagán Gaeilge. Mar sin, tá an rithim breá mall agus an Ghaeilge simplí go leor le bheith intuigthe.
Sa DVD, cuireann Caoimhe Ní Chonchoille aoichainteoirí ó chúlraí difriúla i láthair agus tugann siad léiriú ar na buntáistí a bhain siad féin as an nGaeilge a roghnú mar ábhar. Is iad Tomaí Ó Conghaile (Láithreoir raidió agus iriseoir le Nuacht 24), Ursula Uí Dhonnaile (Oifigeach Gaeilge Chomhairle Dhún Geanainn) agus Mark Harte (Iarpheileadóir do Thír Eoghain agus múinteoir meánscoile) rannpháirtithe an chláir.
Chun cóip den DVD ‘Gabh le Gaeilge’ a ordú, déan teagmháil linn ag gabhlegaeilge@gaelport.com. Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tógáil ar bhuntáistí agus spiorad an chomhoibrithe sa bhliain 2011 i gcomhar lenár mballeagraíochtaí.
2,500 scoláire tar éis páirt a ghlacadh i mBuntáiste Breise na Gaeilge 2010
Nollaig 14, 2010
Le bliain anuas reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seacht sheimineár mar gheall ar ghairmeacha beatha agus deiseanna oibre le Gaeilge dar teideal ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ in ionaid éagsúla timpeall na tíre.
Ó mhí Eanáir amach reáchtáladh seimineáir i gCaisleán an Bharraigh i mBóthar na Trá, i gCill Airne, Béal Feirste, Leitir Ceanainn, Baile Átha Cliath agus ar ndóigh sa Tulach Mhór mí ó shin.
D’fhreastail suas le 2,500 scoláire as seachtó ceathair iar-bhunscoil timpeall na tíre ar na seimineáir seo. Bhí na seimineáir dírithe ar scoláirí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha ar fud na tíre.
Cuireadh tús bríomhar leis an seisiún i gCaisleán an Bharraigh thiar i mí Eanáir áit ar labhair láithreoir ‘Paisean Faisean’ Bláthnaid Ní Dhonnchadha, chomh maith leis an réalta teilifíse agus raidió Barbara Ní Dhonnchadha faona dtaithí féin agus iad i mbun oibre trí mheán na Gaeilge go laethúil agus labhair Oonagh Kelleher, faoina post mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Is ar iarthar na tíre chomh fada le Gaillimh a bhí ár n-aghaidh i ndeireadh mhí Feabhra. Bhailigh os cionn 400 scoláire in Óstán Bhóthar na Trá. Chuir an craoltóir cumasach le RTÉ Raidió na Gaeltachta Eibhlín Ní Chonghaile síos ar a cuid taithí féin agus an rian a thóg sí chun post trí Ghaeilge a shealbhú.
Thug Colm Ó Coisdealbha atá ina Bhainisteoir Géilliúlachta leis an gCoimisinéir Teanga léargas ar a chuid oibre siúd agus chuir iar-réalta spóirt de chuid fhoireann iománaíochta na Gaillimhe Cathal Moore síos ar an nGaeilge ina phost mar mhúinteoir Gaeilge.
I mí Bealtaine thugamar ár n-aghaidh ar dheisceart na tíre chomh fada le Cill Airne áit ar thug láithreoir Nuachta TG4 Eibhlín Ní Choisdealbha as Lios a Phúca in aice le Cill Airne agus réalta mór spóirt agus craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltacht Dara Ó Cinnéide léargas ar an mbóthar a thóg siad siúd agus an bealach ar aimsigh siad post sna meáin Ghaeilge.
Níos déanaí sa bhliain thugamar ár n-aghaidh ar Bhéal Feirste áit ar labhair an t-iriseoir agus an craoltóir Tomaí Ó Conghaile ar a phost agus thug Ursula Uí Dhonnaile léargas iontach ar a post féin mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus le Comhairle Dhún Geanainn agus labhair Conall Ó Máirtín fear atá ina mhúinteoir Gaeilge faoin na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dó agus é ag dul i mbun gairm bheatha agus ag obair le Campa Chormaic.
Seachtain ina dhiaidh sin, thugamar ár n-aghaidh ó thuaidh arís chomh fada le Leitir Ceanainn áit ar tháinig slua de os cionn 420 scoláire cluas le héisteacht d’aoichainteoirí éagsúla. I measc na n-aoichainteoirí labhair ar an lá bhí réalta spóirt de chuid fhoireann peile Dhún na nGall fear Gaeltachta, Caoimhín Ó Casaide. Labhair Loretta Ní Churraighín as Teileann, faoina cuid oibre mar Fheidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus rinne Caitlín Uí Chlochláin cur síos ar a cuid taithí féin agus í ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall. Phléigh iriseoir Nuacht RTÉ/TG4, Caoimhe Ní Chonchoille faoi na deiseanna agus na buntáistí a thug an Ghaeilge di.
I Halla na Saoirse sa phríomhchaithair labhair Anna Davitt, Stiúrthóir Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, faoina taithí féin agus í ag obair le heagraíochtaí agus le múinteoirí. Thug an t-aisteoir aitheanta Doireann Ní Chorragáin iar-aisteoir de chuid Fair City agus Ros na Rún an-léargas ar an mbealach a d’imigh an Ghaeilge chun tairbhe dí féin ina gairm bheatha agus thug Colm Mac an Iomaire, fidléir den scoth a bhíonn le feiceáil ar stáitse leis an ngrúpa The Frames léargas spéisiúil ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga, ní hamháin i dtaca le deiseanna fostaíochta ach freisin i dtaca leis an saibhreas a thagann le sealbhú na teanga, mar uirlis aitheantais d’Éireannaigh.
Agus ag cur clabhsúr iontach leis an gcamchuairt bhailigh slua ollmhór le chéile ag an seimineár sa Tulach Mhór. D’fhreastail scoláirí as Co. na hIarmhí, Co. Laoise Co. na Mí, Co. Chill Chainnigh, Co. Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Thiobraid Árann ar an ócáid seo áit ar thug an t-iriseoir le TG4 agus RTÉ Irene Ní Nualláin as An Muileann gCearr, láithreoir Spóirt le RTÉ Evanne Ní Chuilinn cur síos ar a gcuid taithí féin agus an bealach ar fhoghlaim siad an teanga agus post a shealbhú sna meáin.
Bhí seastáin ag eagraíochtaí éagsúla ar an lá agus bhí ionadaithe ar fáil ó na heagraíochtaí agus ó na hOllscoileanna éagsúla timpeall na tire chun neart eolais i dtaobh na rogha leathan cúrsaí atá ar fáil do mhic léinn ag an tríú leibhéal a scaipeadh ar an lá.
Táimid fíorbhuíoch de na hurraitheoirí ar fad a thug tacaíocht dúinn i rith na bliana le duaiseanna iontacha: Gael-Linn, Coláiste Uisce, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Coláiste na bhFiann, Gaelscéal, Telegael, Scoil Surfáil Freedom, Coláiste Ó Direáin, Inis Mór, Raidió na Life agus Campa Chormaic.
Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a mhacasamhail de sheimineáir a reáchtáil i gceantair éagsúla timpeall na tíre sa bhliain 2011.
Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2010
Comórtas Clár Raidió Gael Linn 2011
Nollaig 7, 2010
Tá Gael linn ag glacadh le hiarratais do Chomórtas Clár Raidió Gael Linn, comórtas bliantúil a thugann aitheantas do thallann raidió úr i measc daltaí iar-bhunscoile.
Is é an 17 Nollaig, 2010 an dáta deiridh iontrála, ach ní gá na cláir féin a bheith istigh go dtí 11 Feabhra 2011. Bronnfar duaiseanna ar mhic léinn a dhéanann cláir raidió Ghaeilge (Clár cainte, Irischláir, Gnéchláir etc) ar ardchaighdeán a léiriú agus a láithriú.
Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn Idirbhliana go príomha agus creidtear go bhfuil an-oiriúnach mar ábhar le haghaidh tionscnamh do na mic léinn seo. Tá cead, áfach, ag daltaí ar bith sa scoil páirt a ghlacadh ann agus níl aon teorainn leis an líon scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár.
Cuireann daltaí , le cabhair óna gcuid múinteoirí, clár raidió ar a rogha téama le chéile, a mhaireann idir 15 agus 20 nóiméad. Is féidir rogha cur chuige nó comhdhéanamh a úsáid – m.sh. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile.
Tá dhá roinn sa chomórtas, roinn amháin (Roinn A) d’iarbhunscoileanna ina ndéantar teagasc trí Ghaeilge agus an roinn eile (Roinn B) do na scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu. Bronntar trí dhuais náisiúnta ar na trí chlár is fearr (urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ), is cuma cén roinn ina mbeidh an scoil ag iomaíocht. Ina dhiaidh sin, bronntar trí dhuais ar na trí chlár is fearr iRoinn A agus trí dhuais ar na trí chlár is fearr i Roinn B ( urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann)
Tá gach eolas faoin gcomórtas, mar aon le foirmeacha iontrála, ar fáil ag www.gael-linn.ie, áit gur féidir éisteacht le duaiseoirí 2010 chomh maith. Nó déan teagmháil le Niamh de Búrca ag 01:6753303/niamh@gael-linn.ie.
Seimineár Taighde ar an nGaeloideachas ar athló
Nollaig 6, 2010
Tá an seimineár taighde a bhí beartaithe ag an gCoiste Seasta ar an nGaeloideachas don Luan seo chugainn, (6 Nollaig 2010) curtha ar athló de bharr na drochaimsire. Tá súil an seimineár seo a reáchtáil ar an 17 Eanáir 2011, in óstán Clarion, Aerfort Bhaile Átha Cliath. Cuirfear sonraí an tseimineáir sin ar fáil níos gaire don dáta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag + 353 (0) 1 679 4780.
Comórtas aistriúcháin an AE
Samhain 29, 2010
An 23 Samhain, rinne nach mór 3,300 déagóir ó ar fud an Aontais Eorpaigh a scileanna teanga a thriail i gcomórtas le haghaidh scoileanna atá á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach den cheathrú bliain i ndiaidh a chéile, is é sin Juvenes Translatores nó an Comórtas d’Aistritheoirí Óga. Reáchtáladh an comórtas ag an am céanna sna scoileanna ar fad, ó Kittilä i Laplainn na Fionlainne go Limassol na Cipire. Mhair an triail dhá uair an chloig, ón 10 a chlog ar maidin go dtí meán lae am na Bruiséile, agus ba iad na scoileanna féin a rinne maoirseacht uirthi.
“Is cúis mhór áthais dom a mhéid scoileanna atá ag iarraidh a bheith páirteach sa chomórtas. Tá méadú 13% tagtha ar líon na rannpháirtithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite agus beidh 60 scoil sa bhreis, nach mór, páirteach an babhta seo,” a dúirt Androulla Vassiliou an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige. “Is deis iontach é do dhaoine óga dul in iomaíocht leis na daltaí is fearr ó thíortha eile ó thaobh a scileanna teanga de. Léiríonn sé freisin a thiomanta atá údaráis oideachais agus múinteoirí d’fhoghlaim teangacha.”
Chuir breis is 1,600 scoil iarratas isteach ar an gcomórtas agus déanfaidh aistritheoirí gairmiúla ó Ard‑Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin na haistriúcháin a mheas agus a mharcáil. Roghnóidh giúiré an chomórtais an t-aistriúchán is fearr ó gach Ballstát agus fógrófar na buaiteoirí i mí Feabhra 2011.
Dála mar a rinneadh na blianta eile, tabharfar cuireadh do na buaiteoirí teacht chuig searmanas bronnta sa Bhruiséil chun a nduaiseanna a fháil ó Androulla Vassiliou, an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige, agus chun bualadh le haistritheoirí de chuid an AE.
Ionsaí ar Ghaelscoileanna
Samhain 29, 2010
Is ábhar ollmhór imní é do ghaelscoileanna na tíre seo fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoir atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na gaelscoileanna atá beag agus ag forbairt trí chóimheas daltaí-múinteora a cheadú atá beagán níos fábharaí ná an gnáthchóimheas.
D’aithin an córas reatha na dúshláin bhreise atá le sárú sna gaelscoileanna agus iad i mbun forbartha, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint.
Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheith an-tromchúiseach agus a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéaras éifeachtach foghlama an pháiste. Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann d’fhostaíocht múinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cearta painéal acu agus i bhfianaise nach bhfuil painéal cuí ann do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.
Dar le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., “ón méid glaochanna atá faighte again inniu ónár scoileanna, is léir go mbraitheann siad go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus ní bheidh áit ar phainéal acu mar nach bhfuil painéal ceadaithe ag an Roinn do scoileanna an Fhorais. Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach dena scoileanna, an diúltú aitheantais do Ghaelscoil Ráth Tó, ardaítear ceisteanna maidir le dearca na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais.”
Tá glaonna leanúnach ag teacht isteach ó scoileanna chuig GAELSCOILEANNA TEO. ag léiriú a gcuid imní faoi na himpleachtaí a bheidh ann d’fheidhmiú éifeachtach na scoileanna leis an mbrú breise a bheidh ar mhéid na ranganna agus ar ualach an mhúinteora.
Dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. ina thaobh, “Tuigimid an ghéarchéim atá ann san earnáil agus is buile marfach i ndiaidh buile marfach atá ag teacht. Ní amháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus doghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos arís de bharr drochphleanáil agus easpa físe an Rialtais seo. Leanfaimid orainn ag lorg soiléirithe agus idirphlé leis an Roinn faoin gceist seo.”
Foilsithe ar Gaelport.com 26 Samhain 2010
Camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge 2010
Samhain 22, 2010
Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tús le himeachtaí Bhuntáiste Breise na Gaeilge sa bhliain 2008, agus i mbliana, d’fhreastal an ócáid seo ar os cionn 2000 dalta scoile fud fad na tíre, le hócáidí á reáchtáil i gCill Airne, i nGaillimh, i gCaisleán an Bharraigh, i Leitir Ceanainn, i gCorcaigh, i mBéal Feirste, agus ar an Tulach Mhór.
I measc siúd a labhair ag an seimineár ar an Tulach Mhór, bhí an t-iriseoir spóirt, Evanne Ní Chuilinn, Ateangaire de chuid an Aontais Eorpaigh, agus léachtóir de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Susan Folan, an t-iománaí agus an múinteoir bunscoile, Daragh Egan, oifigeach forbartha de chuid Chomharchumann Ráth Chairn, Bríd Ní Chofaigh, agus an t-iriseoir le TG4 agus RTÉ Irene Ní Nualláin
Thug na cainteoirí ar fad léargas an-spéisiúil faoina rólanna féin, agus conas ar bhain siad amach na gairmeacha atá acu i láthair na huaire. Chuir na daltaí an-spéis sa seimineár, rud a bhí ríshoiléir, ó na ceisteanna breátha a chur siad ar an bpainéal tar éis na cainte.
Bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tógáil ar dea-obair na bliana 2010, trí sraith eile de Bhuntáiste Breise na Gaeilge a eagrú mórthimpeall na tíre arís san athbhliain.
35 Páiste nua ag clárú i scoil gan aitheantas, Gaelscoil Ráth Tó
Samhain 17, 2010
Chláraigh 35 páiste nua le tosú i nGaelscoil Ráth Tó i Meán Fómhair 2011 ag cruinniú cur in aithne sa scoil Déardaoin, 02 Samhain 2010, in ainneoin go bhfuil an scoil fós ag fanacht le haitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Tháinig tuistí agus páistí ar cuairt chuig Gaelscoil Ráth Tó chun bualadh leis an bpríomhoide Tricia Ní Mhaolagáin agus chun eolas a fháil faoin scoil.
Fógróidh An Roinn Oideachais agus Scileanna liosta ceantracha ina mbeidh scoileanna nua á mbunú go luath; tá muintir Ráth Tó ag súil go mbeidh siad ar an liosta sin agus go mbronnfar aitheantas ar Ghaelscoil Rath Tó, a d’oscail gan aitheantas ná tacaíocht stáit i Meán Fómhair na bliana seo.
Léiríonn an slua a d’fhreastail ar an gcruinniú agus an t-éileamh leanúnach ó theaghlaigh d’oideachas lánGhaeilge i Rath Tó go bhfuil géarghá freastal ar mhianta thuismitheoirí an cheantair trí aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó láithreach.
Dúirt Tricia Ní Mhaolagáin, Príomhoide Ghaelscoil Ráth Tó: “Chaill fiche páistí a bhí ar liosta na scoile an deis oideachas lánGhaeilge a bheith acu toisc nár ceadaíodh Gaelscoil Ráth Tó i mbliana.
“An bhfuil glúin eile de pháistí Ráth Tó chun an deis sin a chailliúint arís, nó bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an rud cheart a dhéanamh agus tacú le Gaelscoil Ráth Tó trí aitheantas a thabhairt di?