Gaelscoil release balloons to signify 12-year wait
Bealtaine 10, 2012
Dhá chúrsa nua EPV á gcur ar fáil ag Gaelchultúr
Bealtaine 10, 2012
Tá breis is 2,000 múinteoir bunscoile tar éis cúrsa EPV ar líne de chuid Ghaelchultúir a dhéanamh ó cuireadh tús leo trí bliana ó shin, agus tá sé curtha in iúl ag cuid mhór acu gur mhaith leo cúrsa de chuid an chomhlachta a dhéanamh arís an samhradh seo. I bhfianaise na spéise sin, tá dhá chúrsa nua forbartha againn chun freastal ar an éileamh mór atá ann:
Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Is cúrsa é seo atá dírithe orthu siúd a bhíonn ag lorg modhanna níos éifeachtaí chun an Ghaeilge a mhúineadh. Tá ceachtanna samplacha a bhaineann le téamaí an churaclaim, mar aon le físeáin ina léirítear conas na ceachtanna sin a mhúineadh, curtha ar fáil i ngach aonad. Beidh múinteoirí a thabharfaidh faoin gcúrsa in ann na ceachtanna samplacha seo a úsáid sa seomra ranga agus aithris a dhéanamh orthu chun ceachtanna eile a scríobh iad féin.
Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile: Tá an cúrsa gramadaí seo dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán réasúnta maith gramadaí acu cheana féin ach ar mian leo dul i ngleic le rialacha níos dúshlánaí agus barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga.
San iomlán, tá ocht gcúrsa ar líne á dtairiscint ag Gaelchultúr do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo. Tá aitheantas faighte acu uile ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus beidh gach múinteoir a thabharfaidh faoi chúrsa go críochnúil i dteideal trí lá Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) a thógáil. Is féidir cliceáil ar ainmneacha na gcúrsaí anseo thíos chun tuilleadh eolais a fháil fúthu, chun triail a bhaint as aonaid shamplacha, nó chun cúrsa a chur in áirithe.
Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga
Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Rang 1 agus 2
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Rang 3 agus 4
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Rang 5 agus 6
Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga
Tá an-ráchairt ar chúrsaí EPV an chomhlachta ó cuireadh ar fáil ar dtús iad in 2009 agus ceann de na cúiseanna atá leis sin, dar le Siobhán Patten, Bainisteoir Sainchúrsaí Gaeilge le Gaelchultúr, ná an t-ábhar suimiúil, úsáideach atá le fáil iontu. “Tá neart smaointe praiticiúla agus gníomhaíochtaí spraíúla sna cúrsaí agus bíonn na rannpháirtithe ag súil go mór le triail a bhaint astu sa seomra ranga.”
Gné eile a thaitníonn le rannpháirtithe na gcúrsaí, dar le Siobhán, ná chomh loighciúil is atá an leagan amach. “Táimid tar éis cur leis an teicneolaíocht ó bhí anuraidh ann, agus beidh sé níos fusa ag múinteoirí a mbealach a dhéanamh trí na cúrsaí ná mar a bhí roimhe seo, fiú. Ní gá do mhúinteoir, mar sin, bheith an-eolach ar an teicneolaíocht agus é nó í ag tabhairt faoi chúrsa dár gcuid.”
Tá ardmholadh faighte ag Gaelchultúr ó rannpháirtithe na gcúrsaí seo ar líne. Seo an méid a bhí le rá ag beirt mhúinteoirí a thug fúthu roimhe seo:
“Teastaíonn uaim mo bhuíochas a ghabháil libh go léir i nGaelchultúr – is cinnte go mbainfidh mé úsáid as ábhar an chúrsa seo sa seomra ranga. Maith sibh!”
“Is é seo an cúrsa is úsáidí agus is praiticiúla a rinne mé riamh. Molfaidh mé do mo chairde tabhairt faoi agus tá mé ag súil le cúrsa eile a dhéanamh libh an samhradh seo chugainn.”
Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar na sráideanna
Bealtaine 10, 2012
Tabharfaidh pobal Ghaelscoil Mhic Amhlaigh chuig na sráideanna maidin Shathairn seo chugainn, 12 Bealtaine, ar mhaithe lena bhfeachtas chun síneadh a fháil don scoil agus chun cóiríocht cheart a chur ar fáil do phaistí na scoile.
Baileoidh siad le chéile san Fhaiche Mhór ag 11.15r.n. le haghaidh imeacht beag spraíúil agus ansin beidh siúlóid acu síos tríd Shráid na Siopaí. Ag 12.00 meán lae, gar do shiopa bácús Griffins ag bun Shráid na Siopaí, cuirfidh siad críoch lena agóid trí 12 balún a scaoileadh san aer, mar chomhartha ar an 12 bliain atá an scoil ag fanacht ar an síneadh scoile.
Tá an scoil ag lorg tacaíochta ó phobal na Gaillimhe don fheachtas seo, mar is léir nach ceist airgid atá i gceist, mar go bhfuil airgead ag an Roinn Oideachais chun Gaelscoil úr nua a thógáil i gCnoc na Cathrach. Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh ag iarraidh ar an Roinn plé lena fadhbanna cóiríochta atá acu féin roimh thús a chur le tógáil scoil úr. Níl mórán nach n-aontódh leis an éileamh sin.
http://www.advertiser.ie/galway
Irish alive and well in Gaelscoil Átha Í
Bealtaine 9, 2012
Bunscoil an Iúir get successful inspection report
Bealtaine 9, 2012
Gaelscoil Chionn tSáile – drámaíocht agus ealaín den scoth
Bealtaine 9, 2012
Chomhghairdeas le grúpa drámaíochta Rang 1 & Rang 2 ó Ghaelscoil Chionn tSáile a bhuaigh Comórtas 4, sé sin scoileanna le 4-8 múinteoirí ranga iontu, i bhFéile Dhrámaíochta na hÉireann le déanaí i Muilleann gCearr. Tá an-sceitimíní orainn toisc gurb í an chéad bhliain dúinn cur isteach ar an gcomórtas agus dúradh linn nach minic a thárlaíonn sé go mbúann grúpaí an céad uair dóibh cur isteach air!
Ardmholadh do gach éinne a bhí páirteach ann idir páistí agus múinteoirí Ciara, Alma agus Siobhán Ní Bhruacháin.
Chomhghairdeas freisin do Ellie Nic an Taoisigh a bhuaigh duais sa chomórtas ealaíne Texaco don dara uair. Déirigh léi duais a fháil ann nuair a bhí sí i Rang na Naíonáin Bheaga chomh maith. Maith thú Ellie!
Seachtain Na Gaeilge – Gaelscoil Mhic Easmainn 2012
Bealtaine 9, 2012
Cuireadh tús le imeachtaí Seachtain na Gaeilge 2012 i nGaelscoil Mhic Easmainn le Aifreann na nÓg i Séipéal Naomh Éoin maidin Domhnaigh ag 9 r.n. An tAthair Proinsias Ó Nualláin a dúirt an tAifreann agus ghlac tuismitheoirí agus daltaí na Gaelscoile páirt sna léachtaí, paidreacha , iomainn agus ceol. B’ocáid scoile aoibhinn spioradálta í.
Maidin Dé Luain dhúisíomar go léir le Raidió Chiarraí agus daltaí na Gaelscoile ag rá na “ads” as Gaeilge. Buachaillí agus cailíní ó Naíonáin Bheaga go Rang a 6 a bhí mar “Guth na Ríochta” ag cur na cláracha in aithne don lucht éisteachta le linn na seachtaine. Dé Máirt d’fhágamar slán le Rang a 5 a bhuail an bóthar go hInis, Co. an Chláir lena dhráma “Goid Asal an Rí”. In amharclann bhreá ‘Glór’ a bhí Féile na Mumhan agus fair play dóibh – dheineadar an bheart. Thugadar an trófaí abhaile leo agus anois táid ag ullmhú do Chraobh na hÉireann sa Mhuileann gCearr ag deireadh Mí Aibreáin.
Maidin Dé Céadaoin bhí Gaelscoil Mhic Easmainn ar fad ar an stáitse leis an Seó Ardáin Bhliantúil ina raibh mír bheag ó gach rang idir ceol, amhránaíocht, scéalaíocht agus filíocht. Arís taispeántas den scoth ó ghach éinne agus an-atmaisféar timpeall na scoile.
Ba lá mór é an Déardaoin nuair a bhí an Ghaelscoil oscailte don bpobal. Chuireamar céad míle fáilte roimh na cuairteoirí go léir go dtí Lá Oscailte 2012 lenár gCór Scoile a chan go binn soiléir. Bhí na cuairteoirí an-thógtha lenár scoil tar éis tamall á chaitheamh ag éisteacht, ag ceistiú agus ag siúl timpeall na scoile. Oíche Déardaoin d’eagraigh ár gComhairle na dTuismitheóirí Tráth na gCeist Teaghlaigh ina raibh ard oíche spóirt agus craic ag gach éinne idir óg agus aosta. .
Osclaíodh doirse na scoile maidin Dé hAoine do Thráth na gCeist agus Céilí idirscoileanna. Ghlac tuairim is 30 bord páirt i dTráth na gCeist. Iar mhúinteoir Máistir Seán Ó Dónaill a bhí mar Máistir na gCeisteanna agus tar éis cúpla ceist cruaidh ag an deireadh b’í Scoil Ard Fhearta a bhuaigh an chéad duais. Comhghairdeas le muintir Ard Fhearta arís. Buíochas chomh maith leis na foirne a tháinig chugainn ar an lá ó Scoil an Teaghlaigh Naofa, Trá Lí, Gaelscoil Faithleann, Cill Áirne agus Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí. I ndiaidh lóin breá blasta cuireadh tús leis an gCéilí. Máistir Deaglán agus Máistir Colm a bhí mar “fhear a’ tí”. Ard-chéilí a bhí ann inar mheasc na leanaí an mhaith lena chéile ag déanamh Ionsaí na hInse, Fallaí Luimní agus Bróg ar an Asal ar feadh an tráthnóna. Tugadh an chuid duaiseanna amach dos na rinceoirí is fearr agus na h-amhránaithe éagsúla chomh maith. Bhí sólaistí tuillte go maith acu faoin dtráth seo agus thug na cuairteoirí aghaidh ar an mbóthar abhaile, caite traochta i ndiaidh la an thaitneamhach i nGaelscoil Mhic Easmainn – ach ní raibh daltaí na Gaelscoile seo críochnaithe fós mar bhí an Banna Ceoil ag siúl i bParáid Lá le Pádraig ar an Satharn ag seinnt go haoibhinn, ag féachaint go hálainn – le cótaí nua i mbliana – bhí gach éinne an bhródúil as an breis is 70 dalta a ghlac páirt i bParáid Lá Fhéile Pádraig 2012.
Chun deireadh a chur le imeachtaí na seachtaine deineadh clár Raidió le Méabh Lawlee ar Raidió Chiarraí, Caint Chiarraí a bhí craolta beo oíche Dé Domhnaigh ar a dhein leanaí na Gaelscoile scéalaíochta, agallamh beirte, amhránaíocht agus cúpla píosa ceoil . Níl aon dabht ach go raibh seachtain ghníomhach ach taitneamhach ag muintir na Gaelscoile le linn Seachtain na Gaeilge 2012.
Cleamhnas Gasta in Eochaill
Bealtaine 9, 2012
Ar an 15ú Márta tháinig an dá scoil Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill agus Coláiste Daibhéid, Corcaigh le chéile le haghaidh ócáid mhór Sheachtain na Gaeilge, sé sin Comórtas Cleamhnas Gasta. B’é seo an chéad uair a eagraíodh comórtas idirscoile do Sheachtain na Gaeilge i bPobalscoil na Tríonóide agus bhí sceitimíní áthais ar na daltaí go léir. Meascadh na daltaí le chéile i naoi ngrúpaí agus tugadh cúpla nóiméad dóibh an oiread eolais agus ab fhéidir a fháil amach faoi na daoine eile sa ghrúpa, iad ag imeacht ó dhuine go duine. Nuair a bhí an t-am istigh ghlaoigh Fear an Tí, Liam Ó Laochdha ar dhaltaí ó gach grúpa agus tugadh pointí dóibh do gach aon phíosa eolais a bhí aimsithe acu. Tar éis an chomórtais cuireadh sólaistí ar fáil do gach éinne agus bhí deis ag daltaí aithne níos fearr a chur ar a chéile. Bhain na daltaí go léir ard-taitneamh as an ócáid agus táimid go léir ag tnúth cheana féin le Mí na Márta 2013! Míle buíochas ag dul chuig Iníon Ní Fhlatharta a d’eagraigh an ócáid, chuig mhúinteoirí Choláiste Daibhéid as an dtacaíocht a thug siad dúinn agus chuig dhaltaí Idirbhliana a chabhraigh go mór ar an lá.
Seoladh Oifigiúil Connect 3 – Acmhainn Feasacht Teanga agus Chaidrimh Phobail
Bealtaine 9, 2012
Ar an Chéadaoin 16ú Bealtaine seolfaidh Méara Dhoire, an Seanóir Maurice Devenney, acmhainn nua feasacht teanga agus deachaidrimh dar teideal Connect 3. Cuideoidh an acmhainn nua ar-líne seo le teagascóirí agus foghlaimeoirí san iar-bhunoideachas plé a dhéanamh ar an Ghaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh i gcomhthéacs an chaidrimh phobail.
Dearadh agus forbraíodh an acmhainn nuálach seo ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le The Verbal Arts Centre le dearcthaí daoine óga sa cheantar seo i leith na Gaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh a thaifeadadh. Rinneadh suirbhé le daoine óga ó scoileanna éagsúla i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire le bunleibhéal feasacht teanga i measc na bhfoghlaimeoirí a mheas agus le hiniúchadh a dhéanamh ar an tionchar atá ag cúinsí sóisialta ar dhearcthaí daoine óga i leith teangacha. Rinneadh ainilís ar shonraí an suirbhé agus is ar an eolas seo a bunaíodh suíomh idirlín CONNECT 3.
Agus é ag caint roimh sheoladh an tionscadail, dúirt an Méara, an Seanóir Maurice Devenney “Cruthaíonn an tionscnamh seo go n-oibríonn cur chuige cruthaitheach go maith nuair a bhíonn tú ag plé le hábhair theibí ar nós teanga agus féiniúlacht chultúrtha agus de thairbhe gur dearadh an tionscadal seo i bpáirtíocht le daoine óga ón cheantar comhairle seo is léiríonn sé go beacht na dearcthaí atá coitianta i measc daoine óga sa cheantar seo i leith na Gaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh. Mholfainn do gach scoil feidhm a bhaint as an acmhainn chruthaitheach seo le dearcthaí dearfacha i leith teangacha a chothú agus le deachaidreamh a chur chun cinn”.
Is féidir cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín nua ag www.connect-3.co.uk áit a bhfuil quiz idirghníomhach agus réimse d’acmhainní teagaisc a théann le curaclam iar-bhunoideachas Thuaisceart Éireann. Maoiníodh CONNECT 3 ag Rannán Deachaidrimh Chomhairle Cathrach Dhoire agus seolfar é mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain an Deachaidrimh 2012 sa cheantar comhairle seo a bheidh ar siúl ón 14ú go dtí an 19ú Bealtaine 2012.
www.connect-3.co.uk
Deireadh an Chomórtais BEO beagnach anseo!
Bealtaine 9, 2012
Is iad seo a leanas na scoileanna a roghnaíodh do chraobh BEO ar 11ú Bealtaine:
- Gaelcholáiste Chill Dara
- Pobalscoil Ghaoth Dobhair
- Grennan College
- Pobalscoil na Rosann
- Bridgetown Vocational College
- St Columba’s College
Comhghairdeas agus ádh mór!