Deontais Le Chéile Trí Ghaeilge
Feabhra 5, 2015
Tá Gaelscoileanna Teo. ag cur deontas ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’.
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Eanáir – Meitheamh 2015 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo.
Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath!
Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe.
Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
• Naíonraí / naíscoileanna
• Bunscoileanna
• Iarbhunscoileanna
Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile.
Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobal.
Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil, féach anseo
Tá gach eolas mar gheall ar an scéim seo ar fáil anseo
Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo
Laghdú ionadaíochta na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar bhord COGG
Feabhra 2, 2015
Tá laghdú ionadaíochta i ndán do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht leis na hathruithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíocht (“COGG”). Tá an Roinn i mbun cur chuige nua a cheapadh, a athróidh comhdhéanamh bhord COGG ó bhonn ó mhí an Mhárta 2015. Laghdófar bord COGG ó 23 go 13 ball, agus ní bheidh ach 2 ionadaí ar Gaelscoileanna Teo. agus 2 ionadaithe ar na scoileanna Gaeltachta ar an mbord feasta (tuismitheoir agus duine eile). Ní gá go mbeadh aon mhúinteoir mar ionadaí ar na scoileanna. Daréag ionadaí ar na scoileanna a bhí ann go dtí seo.
In áit aitheantas ar na riachtanais bhreise atá ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, tá cumhacht, ionchur agus stádas á bhaint dóibh ag staid fíor-chriticiúil ach go háirithe i gcomhthéacs todhchaí na scoileanna Gaeltachta. Leis seo, beidh deireadh leis an gcóras daonlathach chun múinteoirí agus tuismitheoirí a thoghadh ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal, agus deis cailte ag saineolaithe an oideachais lán-Ghaeilge atá ag treabhadh an ghoirt.
Tá Cathaoirleach nua ar COGG le ceapadh go luath, agus fógrófar an folúntas ar an seirbhís PAS go luath. Ról dúshlánach a bheadh ann ach a éascódh an-chuid deiseanna forbartha don earnáil.
Iarrtar ort tacaíocht a léiriú do na scoileanna lán-Ghaeilge, idir Ghaeltacht agus lasmuigh di ar cheist na hionadaíochta fíor-thábhachtach seo trí ríomhphost a chur chuig an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, T.D. ag jan.osullivan@oireachtas.ie go práinneach, agus roimh fhógairt an chinnidh.
Gairm ar pháipéir don Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas
Eanáir 22, 2015
An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas
An Tumoideachas: Bua nó Dua?
15-16 Bealtaine 2015
Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh
Tabharfaidh An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas deis do theangeolaithe, do thaighdeoirí, d’oideoirí an oideachais lán-Ghaeilge a gcuid taighde a chur i láthair agus a fhiosrú i gcomhthéacs an tumoideachais.
Tá an ghairm ar pháipéir ar siúl faoi láthair. Spriocdháta: 28 Feabhra
Cíorfaidh an chomhdháil ceisteanna a bhaineann leis an tumoideachas agus fáilteofar roimh pháipéir agus roimh phóstaeir faoi na fo-théamaí ghinearálta a leanas:
• Treoirphrionsabail an Oideachais Lán-Ghaeilge agus Beartais Oideachas Teanga
• An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha
• Riachtanais Oideachais Speisialta.
D’fhéadfaí glacadh le moltaí do pháipéir agus do phóstaeir nach mbaineann go díreach leis na fo-théamaí atá luaite thuas ach fós atá gaolmhar le téama an tumoideachais i gcoitinne.
Tá gach eolas maidir le glaoch do pháipéir agus maidir le cúrsaí clárúcháin ar fáil ag suíomh na comhdhála ag www.tumoideachas2015.ie
Ciorcláin nua – Forbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí atá ag obair i dTacaíocht Foghlama agus Oideachas Speisialta
Eanáir 5, 2015
Le go mbeidh gach scoil agus seirbhís oideachais in ann freastal ar riachtanais daltaí maidir le tacaíocht foghlama agus múineadh daltaí le riachtanais speisialta oideachais, tá maoiniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais & Scileanna ar na cláir oiliúna seo a leanas:
- Comhchlár Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí atá ag obair i dTacaíocht Foghlama agus Oideachas Speisialta – 2015/2016
- Teastas Iarchéime in Oideachas Scoláirí le Neamhoird Speictrim Uathaigh rthu (NSUanna) le haghaidh múinteoirí ag obair le Scoláirí le NSUanna orthu i Scoileanna Speisialta, i Ranganna Speisialta nó mar Mhúinteoirí Acmhainne i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna sa phríomhshruth – 2015/2016
- Clár Teastais/Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí ag obair le Scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais (Neamhoird Speictrim Uathaigh)
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna, www.education.ie. An dáta deiridh le haghaidh iarratas ná an 27 Feabhra 2015.
Comórtas an Eolaí Óig 2015 do Bhunscoileanna
Eanáir 5, 2015
Ón 8ú-10ú Eanáir, glacfaidh níos mó ná 2,700 dalta ó rang a ceathair, cúig agus sé, páirt i gComórtas an Eolaí Óig i gCumann Ríoga Bhaile Atha Cliath. I measc na scoileanna a ghlacfaidh páirt ann, tá na scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta seo: Scoil na Maighdine Muire Gan Smál, Camus, Gaelscoil Eois, Cluain Eois, agus Gaelscoil Aonach Urmhumhan, Gort Lán Rua, an tAonach. Déanfaidh a gcuid tionscadal ranga na ceisteanna suimiúla seo a fhreagairt: ‘Cén toradh citris a bhfuil an méid is mó vitimín C ann?’, ‘Cén tionchar atá ag siúcra ar do leibhéal corpacmhainne?’ agus ‘Blas. Cén fáth go n-athraíonn sé?’.
Seo tuilleadh eolais maidir le tionscamh Rang 4 Gaelscoil Aonach Urmhumhan:
Hipitéis ár dtionscnaimh is ea ‘Cén tionchar atá ag siúcra ar d’aclaíocht?’ Sular thosaigh an rang an mionscrúdú seo, cheap an rang go mbeadh sé/sí in ann rith níos tapúla ar feadh tréimhse níos faide. Rinneamar tuar thar 3 seachtaine chun an hipitéis a freagairt. Ghlac an rang páirt i dtrialacha ama; rith ar feadh aon nóiméad, léim ar feadh 30 soicind agus Squats ar feadh 30 soicind. Chomh maith leis sin, rinneamar suirbhé de na ranganna sinsir (Rang 2-6) chun fáil amach an raibh a fhios acu faoin damáiste a dhéanann siúcra don chorp agus an itheann daltaí níos mó ná an meán siúcra. Bhain an rang sárthaitneamh as páirt a ghlacadh sa tionscnamh. D’obrigh Rang 4 an-chrua agus rinneadar gaisce mar eolaithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas, tabhair cuairt ar www.rds.ie/primarysciencefair
Aonad ASD ceadaithe do Ghaelscoil Bhaile Brigín
Nollaig 19, 2014
Tá áthas an domhain ar Gaelscoil Bhaile Brigín go bhfuil cead na Roinne Oideachais & Scileanna faighte acu le hAonad ASD (neamhord de chuid speictream an uathachais) a oscailt sa scoil
“Tá muid ag súil le go mbeidh sé oscailte an t-am seo an bhliain seo chugainn” a deir príomhoide na scoile, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin. “Tá pobal na scoile ar bís agus tá muid ag súil go mór le tabhairt faoi san Athbhliain. Cabhroidh sé seo go mór linn freastal ar an bpobal scoile atá againn agus orthu siúd a bheidh ag teacht chugainn amach anseo le ASD agus a bhfuil a dtuistí ag iarraidh go bhfanfaidh siad sa choras Gaelscolaíochta.”
Tá tuilleadh eolais maidir leis an scoil ar fáil ar www.gsbhailebrigin.ie.
Scéim tógála na Roinne Oideachais & Scileanna do 2015 fógartha, 18 scoil lán-Ghaeilge le foirgnimh scoile nua a fháil
Nollaig 18, 2014
Is cúis áthais do Gaelscoileanna Teo. go bhfuil 18 scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna a ainmníodh inniu i bplean tógála na Roinne Oideachais & Scileanna don bhliain 2015. Cuirfear foirgnimh scoile nua ar fáil do na scoileanna thíos, roinnt díbh atá i cóiríocht shealadach le beagnach 30 bliain anuas. Guíonn muid gach rath ar an obair tógála agus beimis ag súil leis go mbeidh foireann agus daltaí na scoileanna thar a bheith sona agus sásta ina seomraí ranga nua.
Na scoileanna lán-Ghaeilge ar an liosta tógála do 2015 ná:
- Gaelscoil de hÍde
- Gaelscoil Charraig Uí Leighin
- Gaelscoil Mainistir na Corann
- Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin
- Scoil Caitlín Maude
- Gaelscoil Ros Eo
- Gaelscoil an Chuilinn
- Gaelscoil na Giúise
- Scoil Náisiúnta na bhForbacha
- Gaelscoil Mhic Amhlaigh
- Gaelscoil Riabhach
- Gaelscoil Mhic Aodha
- Gaelscoil Liatroma
- Gaelscoil an Ráithín
- Gaelscoil Longfoirt
- Gaelscoil an Bhradáin Feasa
- Gaelscoil Thulach na nÓg
- Gaelscoil Philib Barún
Tá an liosta iomlán agus tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna, www.education.ie.
Sciob an deis! Deontais ar fáil tríd an scéim Le Chéile Trí Ghaeilge
Deireadh Fómhair 22, 2014
Tá Gaelscoileanna Teo. ag cur deontas ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim nua ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2014 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
• Naíonraí / naíscoileanna
• Bunscoileanna
• Iarbhunscoileanna
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaelscoileanna Teo. uasmhéid de:
• €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 naíonra/scoil rannpháirteach ann
• €500 / £450 d’imeacht le 3 naíonra/scoil nó níos mó rannpháirteach ann
• €750 / £675 más 4 naíonra/scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach.
Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo: http://www.gaelscoileanna.ie/events/eolas/foirm-dimeachtai-idir-scoile/
Baineann na deontais seo leis an tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2014 amháin. Ní féidir linn deontais a cheadú d’imeachtaí lasmuigh den tréimhse sin faoi láthair. Tá súil againn an scéim a fhógairt arís in Eanáir 2015.
Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/events/foirmeacha-iarratasapplication-forms/
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Oiliúint do Bhoird i mí Dheireadh Fómhair 2014
Deireadh Fómhair 10, 2014
Cuirfidh Gaelscoileanna Teo. agus An Foras Pátrúnachta módúil oiliúna ar ‘Cosaint leanaí’ ar fáil do na boird bainistíochta i mí Dheireadh Fómhair 2014.
Tá an t-ádh orainn go mbeidh an saineolaí oideachais, Eileen Flynn, ar fáil mar oiliúnóir arís i mbliana.
Cuirfear oiliúint ar fáil ar an modúl ‘Cosaint Leanaí’:
san Ionad Oideachais i gCorcaigh ar an Déardaoin, 16 Deireadh Fómhair, idir 7.00i.n. agus 9.00i.n.
in óstán an Green Isle i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin 22 Deireadh Fómhair, idir 7.00i.n. agus 9.00i.n.
Beidh fáilte roimh ionadaithe ó bhord bainistíochta na scoile freastal air. Iarraimid ar scoileanna an fhoirm chlárúcháin atá ar fáil anseo a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig nora@gaelscoileanna.ie.
Má tá aistriúchán comhuaineach de dhíth ar éinne atá ag iarraidh freastal ar an oiliúint bheimis buíoch é sin a chur in iúl do Nóra – is ar bhonn éilimh amháin a chuirfear ar fáil é.
Má tá suim agat freastal ar an seisiún i gCorcaigh, cuir scéal chuig nora@gaelscoileanna.ie roimh an Luan 13 Deireadh Fómhair.
Má tá suim agat freastal ar an seisiún i mBaile Átha Cliath, cuir scéal chuignora@gaelscoileanna.ie roimh an Aoine 17 Deireadh Fómhair.
Folúntas le Gael Linn: Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Iar-bhunscoile)
Deireadh Fómhair 3, 2014
Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais don phost mar Oifigeach Tionscadail leis an scéim spreagtha Gaeilge ‘Gaelbhratach’ a fhorbairt ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Beidh tuiscint ag iarrthóirí ar an iar-bhunscolaíocht agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ar an dara leibhéal.
Riachtanais:
- Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht, nó a comhionann
- Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
- Tiomantas don Ghaeilge agus taithí ábhartha maidir lena cur chun cinn
- Scileanna láidre idirphearsanta
- Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
- Teacht ar charr
Post ar chonradh bliana atá i gceist agus níor mhór don té a cheapfaí a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.
Spriocdháta: Aoine 17 Deireadh Fómhair 2014.
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil: 01 6751200 nó maireh@gael-linn.ie
Tá an scéim seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus á heagrú i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge.