Clubanna Óige Feachtas
Nollaig 3, 2015
Eagraíonn Feachtas clubanna óige trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga. Tá sé mar aidhm acu seo an féinriar agus an fhorbairt phearsanta a chur chun cinn i measc bhaill na gclubanna. Tá Feachtas i gcónaí ag lorg ball agus ceannairí nua! Más spéis leat a bheith páirteach i gClub Óige Feachtas, féach anseo.
Bíonn Club Óige Feachtas, Tamhlacht ar siúl gach Luan in Ionad John Bosco, Droimneach ó 6.30-8i.n.
Bíonn Club Óige Feachtas, Baile Brigín ar siúl gach Máirt i Halla Spóirt Ghaelscoil Bhaile Brigín ó 6.30-8 i.n.
An bhfuil spéis agat club óige a thosú i do cheantar féin?
Is féidir le Feachtas tacaíocht a thabhairt duit agus an próiséas a éascú! Cabhraíonn siad le:
- poiblíocht
- earcaíocht
- dea-chleachtas
- árachas
- traenáil
- bunú an chlub & go leor eile.
Más spéis leat club a thosú i do cheantar áitiúil, faigh tuilleadh eolais anseo!

Tráth na gCeist Feachtas
Nollaig 3, 2015
Eagraíonn Feachtas comórtas náisiúnta Thráth na gCeist gach bliain do scoláirí iarbhunleibhéil. Bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn an-chraic ag na hiomaitheoirí ar fad! Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear an t-imeacht seo agus is deis iontach í do na scoláirí an teanga a úsáid taobh amuigh de chomhthéacs an tseomra ranga. Má tá tuilleadh eolais i dtaobh Thráth na gCeist Feachtas uait, déan teagmháil le foireann na heagraíochta ag eolas@feachtas.ie nó 01 672 5940
Beidh dhá réamhbhabhta ar siúl san athbhliain. Tuilleadh sonraí thíos.
Dáta + Am | Ainm na Scoile | Áit |
Dé Máirt
19.01.2016 +5 iar nóin |
Coláiste Ard Feá,
Br.Bhaile na Lorgan, Baile Mhuineacháin |
Co. Mhuineacháin |
Dé Luain 01.02.2016 +4.00 i.n. | Coláiste an Phiarsaigh,Gleann Maghair, | Co. Chorcaí |
Cuairt ar Dhaidí na Nollag, saor in aisce
Nollaig 1, 2015
Beidh Daidí na Nollag ag teacht go dtí Ionad Garraíodóireacta “Easy Garden”, Spawell Sports & Leisure Complex, Templeogue (in aice le C.L.G. Naomh Jude) idir 11 r.n. agus 4 i.n. ar an 5ú agus 6ú Mí Nollag.
Beidh Gaeilge aige agus ba bhreá leis an Ghaeilge a úsáid leis na páistí.
An rud is fearr? Níl aon costas i gceist agus geobhaidh gach páiste bronntanas beag uaidh.
Is féidir níos mó eolais a fháil ó Liam Ó Culbáird ag 086 3814422
Ráiteas ó Gaelscoileanna Teo. maidir le fógra an Aire Oideachais agus Scileanna i leith mórthionscnaimh tógála scoile
Samhain 18, 2015
Cóiríocht chuí geallta do scoileanna
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh ráiteas ón Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O Sullivan, maidir le hinfheistíocht chaipitiúil atá le déanamh i scoileanna sa tréimhse 2016-2021. Tá liosta de na mórthionscnaimh tógála foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a léiríonn go ndéanfar cóiríocht chuí a chur ar fáil do 27 bunscoil agus 16 iarbhunscoil lán-Ghaeilge, scoileanna atá ag feidhmiú faoi láthair i bhfoirgnimh shealadacha nó i gcóiríocht a bhfuil géarghá aici le hathchóiriú. Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le pobail na scoileanna seo; cabhróidh an infheistíocht atá deimhnithe anois ag an Aire le fás agus forbairt na scoileanna agus soláthar oideachais lán-Ghaeilge. Leanfaidh an eagraíocht ag plé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le deimhniú go dtarlóidh na forbairtí go tráthúil agus i gcomhairle leis na scoileanna féin, agus leanfar le stocaireacht ar son na scoileanna nach bhfuil soláthar cuí déanta dóibh go fóill.
Bunscoileanna nua – féidearthacht scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú
I measc na scoileanna a bhfuil cóiríocht bhuan á socrú dóibh, tá na bunscoileanna nua beartaithe do cheantair Marino/Droim Conrach/Baile Átha Cliath 1 agus Stigh Lorgan/Baile na nGabhar, atá le hoscailt don chéad uair i 2016. Tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le tuismitheoirí sa dá cheantar atá i mbun feachtas le héileamh gur scoileanna ilchreidmheacha lán-Ghaeilge faoin bhForas Pátrúnachta a bheidh sna scoileanna nua seo. Déanfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna cinneadh maidir le sainmheon agus pátrúnacht na scoileanna go luath i 2016, bunaithe ar léirithe spéise ó thuismitheoirí.
Ina ráiteas ar an 17 Samhain, d’fhógair an tAire freisin go mbeidh scoileanna nua le bunú i 2017 agus 2018. 4 bhunscoil agus 9 n-iarbhunscoil a bheidh i gceist, i gceantair éagsúla timpeall na tíre. Roghnófar sainmheon teanga na mbunscoileanna bunaithe ar éileamh ón bpobal agus ar iarratais na bpátrún ionchasach, agus pléifidh Gaelscoileanna Teo. leis na pátrúin, na scoileanna agus an pobal i ngach ceantair díbh le cinntiú go dtabharfaí éileamh ar sholáthar lán-Ghaeilge san áireamh.
Iarbhunscoileanna nua – neamhaird déanta ar éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge
Is cúis mhór díomá do Gaelscoileanna Teo., áfach, gur trí Bhéarla a bheidh an 9 n-iarbhunscoil nua ag teagasc, de réir fhógra na Roinne. Déanann an cinneadh seo faillí ar an éileamh atá ann d’iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge. Tá aighneachtaí cheana féin faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le 5 cheantar ina bhfuil tuismitheoirí i mbun dianfheachtas le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a éileamh dá gcuid páistí, aighneachtaí nach bhfuil aon aitheantas tugtha ag an Aire dóibh sa ráiteas seo. Tá feachtais láidre ar bun le tamall ag tuismitheoirí i mBaile an Chollaigh, Baile Átha Cliath 15, Port Laoise, Sligeach agus Tuaisceart Chathair Chorcaí, agus fágfar daltaí gan rogha an tumoideachais lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh ag an iarbhunleibhéal de dheasca an chinnidh seo. Leanfaidh Gaelscoileanna Teo. le stocaireacht ar son tuismitheoirí agus daltaí gur mian leo tumoideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh.
Tá sé aitheanta ag an Aire ina ráiteas go bhfuil éileamh dóthanach ar iarbhunscoil neamhspleách lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, áit ar bunaíodh Aonad lán-Ghaeilge i 2014. Níl sé i gceist an an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt don éileamh seo go dtí 2019, áfach, ainneoin go bhfuil sé léirithe ag pobal an cheantair go bhfuil éileamh leordhóthanach ann le hiarbhunscoil neamhspleách a oscailt láithreach. Tacaíonn Gaelscoileanna Teo. leis an éileamh seo agus iarraimid ar an Aire soláthar cuí a dhéanamh do dhaltaí Chill Dara Thuaidh ó Mheán Fómhair 2016 trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách a cheadú i Maigh Nuad. Tá stocaireacht leanúnach á déanamh ag Gaelscoileanna Teo. ar an Roinn d’fhonn aitheantas mar scoileanna neamhspleácha a bhaint amach d’Aonaid eile timpeall na tíre; leithéidí Ghaelcholáiste an Chláir, a bhfuil 150 dalta ag freastal uirthi ach nach bhfaigheann an tAonad tacaíocht chuí ón Roinn agus go bhfuil bac á chur ar a chumas fáis dá bharr. Tá géarghá le polasaí a bheith ag an Roinn Oideachais a thacaíonn le forbairt phleanáilte an tsoláthair ag leibhéal na hiarbhunscoile, agus go mbeadh meicníocht ann a thabharfadh an deis do gach Aonad fás ina scoil neamhspleách agus freastal mar is cuí a dhéanamh ar dhaltaí a roghnaíonn oideachas lán-Ghaeilge.
Comhdháil Oideachais
Pléifear cóiríocht scoile agus éileamh ar sholáthar tumoideachais lán-Ghaeilge i measc go leor eile ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. a bheidh ar siúl ar an 20 agus 21 Samhain sa Sheraton, Baile Átha Luain. Freastalaíonn foireann na scoileanna agus naíonraí lán-Ghaeilge ar an ócáid seo, chomh maith le hionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus na páirtithe oideachais. ‘Forás Feasa, Saothrú Chun Feabhais’ atá mar théama na Comhdhála i mbliana agus tá clár cuimsitheach oiliúna le cur i láthair na rannpháirtithe. Beidh cruinniú cinn bhliana Gaelscoileanna Teo. ar siúl ar Satharn an 21 Samhain. Is féidir clárú le freastal ar an gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie. Lean an Chomhdháil ar Twitter: #ComhdháilGST
Críoch
Tuilleadh eolais maidir le: Cóiríocht scoile, Comhdháil Gaelscoileanna Teo.
Nóra Ní Loingsigh, Ardfheidhmeannach Gníomhach, Gaelscoileanna Teo.
+353 1 853 5191 | +353 87 673 7560
Tuilleadh eolais maidir le: Scoileanna nua
Clare Spáinneach, Oifigeach Sinsearach Forbartha & Polasaí, Gaelscoileanna Teo.
+353 1 853 5193 | +353 87 972 4020
Nótaí don eagarthóir
Gaelscoileanna Teo.
Bunaíodh Gaelscoileanna Teo. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta freisin. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.
Feachtais i dtaobh scoileanna nua:
Marino/Drom Conrach/BÁC 1 http://www.gaelscoileanna.ie/northdub/
Stigh Lorgan/Baile na nGabhar http://www.gaelscoileanna.ie/southdub/
Iarbhunscoileanna nua http://www.gaelscoileanna.ie/bunu-scoil-nua-iarbhunscoileanna/
Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo.
http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/
Preasráiteas na Roinne Oideachais agus Scileanna
Comortas Raidio RTÉ RnaG do scoileanna
Samhain 16, 2015
Mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916, tá comórtas clár raidió fógartha ag RTÉ RnaG do scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre.
Cuirfear fáilte roimh mholtaí ó scoileanna do chlár raidió i nGaeilge 30 nóiméad ar fhad ar théama an Éirí Amach as seo go 7 Nollaig.
Roghnófar na cúig iarratas is fearr, agus oibreoidh léiritheoir raidió mar chomhairleoir agus meantóir leis na scoileanna chun na cláracha sin a léiriú. Craolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta iad in earrach 2016. Bronnfar duais €1000 ar an gclár is fearr.
Is féidir teacht ar an eolas ar fad ag www.rte.ie/rnag/comortas1916
‘An Tionscnamh Teanga: 40 Bliain ar Aghaidh’
Samhain 5, 2015
Díríonn an clár seo ó Raidió na Life ar ghluaiseacht radacach a d’fhás sna 60idí; gluaiseacht ón bpobal aníos a d’éiligh bunscoileanna trí Ghaeilge i nGalltachtaí BÁC. 40 bliain ó shin tháinig 7 scoil lán-ghaelach ar an saol sa chathair laistigh de 10 mbliana. Éist leis anseo agus scaip an scéal.
Ábhar oideachais san Irish Independent
Samhain 3, 2015
Foilsíonn an Irish Independent ábhair i nGaeilge le haghaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
Tá pacáiste oideachais ann gach Céadaoin le haghaidh bunscoileanna. Sa phacáiste seo, tá: Eureka, iris dhathúil eolaíochta, Seachtain Óg, áis sheachtainiúil teagaisc, agus Scope (iris mhíosúil Mata, ar fáil i mBéarla amháin). Is pacáiste luachmhar é seo agus ní chosnaíonn sé ach €0.25 agus cuirtear é chuig nuachtánaí ainmnithe gach seachtain.
Ar Fheabhas – is forlíonadh é seo agus tá sé bunaithe ar churaclam na hArdteiste agus clúdaíonn sé na gnéithe tábhachtacha uile a chabhróidh le daltaí agus le múinteoirí ullmhú do na scrúduithe. Foilsítear ar an gCéadaoin é freisin, ní chosnaíonn eagrán ach €0.30, agus cuirtear go díreach chuig na scoileanna é.
Bíonn cóip den Irish Independent (agus Seachtain istigh) in éineacht leis an dá thairiscint. Ordaigh ar líne anois ag schools.independent.ie nó cuir r-phost chuig schoolorders@independent.ie.
Nuachtlitir an NCCA
Samhain 3, 2015
Tá an t-eagrán is deireanaí de nuachtlitir an NCCA le fáil anois http://goo.gl/weQxoI
Slí Draíochta na Gha Ghréine
Deireadh Fómhair 29, 2015
Scéilín sí is ea Slí Draíochta na Gha Ghréine faoi chailín óg, Nóra, a aismíonn na síoga agus í amuigh ag spraoi lena haintín Róisín. Slí Draíochta an Gha Ghréíne an chéad leabhar idirghníomhach, i nGaelige,
Is éard atá i gceist le ‘leabhar idirghníomhach’ ná leabhar a léitear ar thaibléad nó an iPad a bhfuil insint béil taifeadta ar an scéal agus beochan ar na pictiúir.
Moladh go hard an togra seo ar RTÉ (ó 3:38)
Is féidir teacht ar níos mó eolais ar: http://www.demifay.com/sli_draiochta.html
‘Tógáil Clainne le Gaeilge – Cad é tá le Déanamh?’
Deireadh Fómhair 29, 2015
31.10.2015 | Svuít Vanessa in Óstán City West | 2.30 i.n.
Beidh cruinniú oscailte, ‘Tógáil Clainne le Gaeilge – Cad é tá le Déanamh?’ á eagrú ag Glór na nGael ag Oireachtas na Samhna ag 2.30in Dé Sathairn 31 Deireadh Fómahir sa Svuít Vanessa in Óstán City West. Fáilte roimh chách.