Cuairt Garry Kasparov Ar Éireann, Márta 28-30ú, 2014
Márta 25, 2014
I nDeireadh Fómhair 2013, d’fhógair Garry Kasparov go mbeadh sé ina iarrthóir ar Uachtaránacht FIDE (Fédération Internationale des échecs nó an Chónaidhm
Dhomhanda Fichille). Tá sé ag beartú áit Kirsan Ilyumzhinov as Kalmykia, atá ina shealbhóir oifige le 18 mbliana, a ghlacadh sa toghchán a thionólfar i Lúnasa 2014 le linn Oilimpiad Fichille Tromsø. Chuige sin, is ábhar mórtais d’Aontas Fichille na hÉireann Garry Kasparov a óstáil ar an chuairt stairiúil dhá lá seo go hÉirinn ag tosú ar 28ú Márta.
Le linn chuairt Garry Kasparov díreofar ar bhualadh le toscairí as Éirinn agus as tíortha eile máguaird dá dtabharfaidh sé mionsonraí faoina chlár uachtaránachta chomh maith le héisteacht le ceisteanna a ardóidh toscairí a bhaineann lena dtíortha féin. Buailfidh sé fosta le daltaí scoile a imríonn ficheall agus beidh cruinniú ar leith ann le scoth imreoirí díograiseacha fichille na hÉireann.
Le linn a chuairte, casfar air páistí a imríonn ficheall ó Ghaelscoileanna as gach cearn de Chúige Laighean agus iad ag Comórtas Bliantúil Fichille Chúige Laighean a thionólfar i dTeach an Ard-Mhéara Dé hAoine, Márta 28. Le linn an chomórtais seo bronnfar gradam ar chuid de na réaltaí óga s’againn. Is iad seo foireann faoi 12 bl. Bernadette Stokes a thug an chraobh abhaile leo ó chomórtas bliantúil fichille na 4 Náisiún (Éire, Sasana, Albain & an Bhreatain Bheag) an samhradh seo caite; Daniel Dwyer, 8 bl. Curadh Mionúir Bhun Raite agus Admira Kecskemeti, 8 bl. Curadh fichille faoi 12 bl. Thuaisceart Éireann. Beidh Eamon Gilmore, Tánaiste, i láthair chomh maith le Dermot Lacey, Leas-Ard-Mhéara le hómós a thabhairt do pháistí a imríonn ficheall. Is i nGaeilge a bheas an ócáid ar fad agus táimid ag súil le cúpla focal Gaeilge ón Uas. Kasparov. An Ghaeilge agus an Rúisis an dá theanga a labhrófar i dTeach an Ard-Mhéara i rith na hócáide. Labhróidh Fiachra Scannan agus Daniel Dwyer i nGaeilge agus i Rúisis ar son na bpáistí. Buailfidh Sava Stoisavljevic, rúnaí ginearálta ECU le toscairí de chuid FIDE lena bpáirtíocht i bhficheall na hEorpa a phlé. Beidh Jan Callewaert (an Bheilg), uachtarán Fhondúireacht Fichille Kasparov agus iarrthóir mar Leas-Uachtarán i gcomhpháirt le Garry Kasparov, i láthair freisin.
Fís Garry Kasparov: “An fhicheall a ardú ó leibhéal an phobail; an cluiche a leathadh i réimse an oideachais mar chaighdeán cultúrtha chomh maith le bheith ina spórt rathúil tráchtála.” Coinnigh súil ar shuíomh idirlín an ICU le haghaidh tuairiscí ar imeachtaí a bhaineann leis an chuairt ríthábhachtach ar Éirinn ó Mhárta 28ú-30ú ag Garry Kasparov, Curadh Clúiteach Domhanda Fichille .
Páistí ó Ghaelscoil Bhun Cranncha páirteach i bhfíseán ó Thurasóireacht Éireann le Col. Chris Hadfield
Márta 25, 2014
Féach an físeán anseo!
John Spillane páirteach sa cheiliúradh i nGaelscoil an Ghoirt Álainn
Márta 25, 2014
Ceiliúradh mór ar 20 bliain ar an bhfód a bhí ann le déanaí ag Gaelscoil an Ghoirt Álainn, Corcaigh. Ghlac páistí ó ranganna 3,4,5 agus 6 cpáirt sa mhórshúl a bhí ar siúl i gcathair Chorcaí do Lá Fhéile Pádraig, mar ionadaithe ón scoil.Tá tuilleadh faoin ócáid agus grianghriaf le feiceáil ar www.foras.ie.
Deontais ar fáil – Scoileanna Domhanda WorldWise
Márta 24, 2014
Tá deontais ar fáil ó Scoileanna Domhanda WorldWise (mar chuid de Chúnamh Éireann) le hoideachas forbartha a chur chun cinn i scoileanna iarbhunleibhéil, dírithe ar an tréimhse Meán Fómhair 2014 – Bealtaine 2015.
Cad is Oideachas Forbartha ann?
Próiseas oideachais atá san oideachas forbartha a dhíríonn ar feasacht a ardú ar chomh inathraitheach, idirspleách agus éagothrom is a bhfuil an domhain ina bhfuil muid. Tá Scoileanna Domhanda WorldWise ag iarraidh daltaí agus múinteoirí a spreagadh i dtreo an oideachas forbartha trí maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil d’iarbhunscoileanna, gréasáin scoileanna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair le scoileanna, le go mbeidh ceartas agus forbairt domhanda mar ghné de ghníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim. Tá sonraí maidir leis an gclár le fáil ar www.worldwiseschools.ie agus tá tacaíocht i nGaeilge ar fáil do rannpháirtithe an chláir.
Deontais 2014
Más suim le do scoil nó eagraíocht iarratas a dhéanamh ar deontas don scoilbhliain 2014-2015, cláraigh linn ar www.worldwiseschools.ie/funding. Is féidir clárú chomh maith trí teagmháil a dhéanamh linn ar 01 6852078 nó info@worldwiseschools.ie. Is é an 16 Aibreán 2014 an spriocdháta le haghaidh iarratais.
Gael Champa 2014
Márta 24, 2014
Is campa spóirt samhraidh í Gael-Champa a chuireann imeachtaí cultúrtha, oideachasúla agus spóirtiúla ar fáil do phaistí trí meán na Gaeilge!
Freastlóidh an campa ar pháistí ó scoileanna lán-Bhéarla chomh maith le Gaelscoileanna. I measc na n-imeachtaí beidh peil Ghaelach, iomanaíocht, rugbaí, eitpheil, sacar, cispheil, snámh, dráma, rince céilí agus tuilleadh leis.
Tá Gael-Champa ar ais an samhradh seo! Déan cinnte áit a fháil ar;
Seachtain na Gaeilge spraíúil i gCultúrlann Uí Chanáin
Márta 24, 2014
Bhí Seachtain na Gaeilge ar dóigh againn i mbliana sa Chultúrlann don phobal uilig idir óg is Sean agus idir Foghlaimeoirí is Gaeilgeoirí. Chun tús samhlaíoch a chur leis na himeachtaí, bhí Féile Bheag na Leabhar ar ais againn i mbliana ar Lá Domhanda an Leabhair. D’eagraigh muid seo i gcomhair le Comhairle Cathrach Dhoire. Tháinig páistí ó na 3 Gaelscoileanna le chéile sa Chultúrlann chun an Leabhar Gaeilge a cheiliúradh. Bhí Lúrapóg Larapóg i láthair agus chuir siad seó le páistí do pháistí os ár gcomhair. Bhí sé lán de shaibhreas teanga, teannas, grinn, craic agus diabhlaíocht! Chomh maith leis sin tháinig an tSeanchaí Iomráiteach Conallach, Gearóidin Bhreathnach chun scéalta nuachumtha is seanbhunaithe a insint do na páistí. Tá sé de rún againn ócáid bliantúil a dhéanamh den Fhéile seo.
Bhí éacht déanta ag Club óige Setanta, ag Triax ach go háirithe ag Gaelscoláirí áitiúla agus ag na Sollus Highland Dancers nuair a d’ullmhaigh siad tobshlua mór Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge. Rinne siad tobshlua mór spraíúil i Foyleside ina raibh Damhsa Gaelach, Damhsa Hip Hop agus Damhsa na Garbhchríoch. Chomh maith leis sin, cheol siad leagan Gaeilge den amhrán clúiteach sin “Wake me up.” Chuir an taispeántas spreagthach seo iontas agus gliondar ar an phobal a bhí amuigh ag siopadóireacht agus is cinnte gur dúisíodh meon Gaelach iontu uilig.
Thug Linda Irvine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, thug sí cuairt ar an Chultúrlann arís chun léacht agus plé a dhéanamh ar Protastúnaigh agus an Ghaeilge agus an stair folaithe atá acu leis an teanga. Ag an ócáid céanna, seoladh taispeántas darb ainm “An Teanga Bheo” a chuireann síos ar an ábhar céanna agus atá curtha le chéile ag an Chultúrlann. Thug an léacht seo deis d’fhoghlaimeoirí agus do Ghaeilgeoirí léargas a fháil ar ghné den Ghaeilge nach bhfuil eolas ag an mhórphobal air agus bhí deis acu fadhbanna agus féidearthachtaí a phlé le Linda í féin.
Chuir muid deireadh taitneamhach le Seachtain na Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig nuair a bhí lá iomlán imeachtaí ar fáil saor in aisce sa Chultúrlann. Bhí an áit plódaithe le teaghlaigh ag baint sult as an Scéalaíocht, as an Mhúnlú Balún, as an Phéintéireacht aghaidhe, as na Seisiúin Cheoil agus go háirithe as na Fanzini Bros, a thug a seó sorcais go Doire. Bhí an léiriúchán Gaeilge seo lán de geáitsí iontacha ón bheirt Ciarraíoch agus bhain na páistí mar aon leis na daoine fásta sult as.
Bhí neart imeachtaí eile ann chomh maith agus níl anseo ach blaiseadh beag. Caithfidh muid tosú anois ar phleanáil don bhliain seo chugainn
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Mórshráid Shéamais
Doire
BT48 7DF
Aip nua do lucht na hArdteiste
Márta 24, 2014
Cúnamh breise ar fáil dóibh siúd a bheas ag tabhairt faoin mBéaltriail ag deireadh na míosa
Agus 40% de mharcanna na Gaeilge ag dul don bhéaltriail, tá áis shuimiúil nua seolta ag www.clevercourses.ie mar chabhair do dhaltaí na hArdteistiméireachta.
Is aip idirghníomhach é Sraith Pictiúr 2014 a chuireann síos ar na fiche pictiúr a scrúdaítear mar chuid den bhéaltriail. Taobh istigh de gach scéal tá fuaimrianta, foclóir cuí, frásaí úsáideacha chomh maith le haistriúcháin Bhéarla agus tá 120 fuaimrian ó chainteoirí dúchasacha le feabhas a chur ar fhoghraíocht na ndaltaí.
Is áis iontach úsáideach í Sraith Pictiúr don ullmhúchán agus an dul siar atá ar siúl ag daltaí i láthair na huaire in am don bhéaltriail a bheas ag tarlú ag deireadh mhí an Mhárta.
Tá an aip cruthaithe ag sain-mhúinteoirí agus iar-scrúdaitheoirí don scrúdú béil agus deir tairgeoirí Sraith Pictiúr go gcuidíonn sé le daltaí tógáil ar na scileanna riachtanacha lena leagan féin a dhéanamh de na scéalta le sármharcanna a fháil sa scrúdú béil.
Dúirt Tiernan O’Neill, Bainisteoir Mhargaíocht Táirge, clevercourses.ie, “I ndiaidh dom bualadh le go leor múinteoirí Gaeilge le roinnt seachtainí anuas, tá an t-aiseolas an-dearfach go dtí seo, agus tá go leor acu i ndiaidh an Aip a íoslódáil le húsáid lena gcuid daltaí. Cuireann sé an ICT chun cinn san oideachas chomh maith, agus tá muid paiseanta faoin aidhm sin”.
Tá an Aip Sraith Pictiúr 2014 ar fáil don ardleibhéal agus don ghnáthleibhéal ag Google Play agus siopaí iOS ó €1.99 go €4.49.
Foilsithe ar Gaelport.com
Rith ar son Gaelscoil Mhic Aodha!
Márta 20, 2014
Cú Chulainn i 3D
Márta 19, 2014
Ar an 23 Eanáir i bPáirc an Chrócaigh, sheol Micheál Ó Muircheartaigh go hoifigiúil an cluiche ‘In Cú Chulainn’s Footsteps’ – cluiche nua ríomhaireachta atá ina áis nuálaíoch deartha chun daoine óga a mhealladh i dtreo na foghlama agus a bhfuil sé mar aidhm aige an teanga agus an cultúr a chur chun cinn ag an am céanna. Dhear agus chruthaigh an comhlacht Éireannach Duineacu an cluiche ríomhaireachta.
Feiceann muid sa chluiche, cluiche ina bhfuil an iomáint lárnach, an príomhcharactar ag taisteal ar oileán draíochta, ag tabhairt faoi phuzail agus thomhais de réir mar a théann sé thart. Casann sé ar áiteanna cáiliúla chomh maith le daoine mór le rá i saol an cheoil, na lítríochta, an spóirt agus an bhéaloidis mar chuid dá chuid tascanna.
Is eachtra 3D é an cluiche seo ina n-úsáidtear cliceanna luchóige nó buillí ar an scáileán agus tá leagan ar fáil do scoileanna atá inleasaithe ag brath ar riachtanais mhúinteoirí.
Sa chluiche tá Micheál Ó Muircheartaigh, Clannad, Kíla agus Sharon Shannon agus daoine eile nach iad.
Dúirt Francisco Blásquez, úinéir an chomhlachta, ag an seoladh: “tá muid iontach sásta go raibh Micheál Ó Muircheartaigh in ann an cluiche seo ‘In Cú Chulainn’s Footsteps’ a sheoladh dúinn inniu i bPáirc an Chrócaigh. Tá muid iontach buíoch de na daoine ar fad a thug cuidiú dúinn le linn an tionscadail agus tá an-áthas orainn go bhfuil cuid mhaith de na daoine sin i láthair inniu. Tá muid iontach bródúil as an chluiche agus tá muid ag súil go mór go mbeidh ráchairt air sna scoileanna agus i measc daoine óga chomh maith”.
Ag labhairt ar son Fhoras na Gaeilge, dúirt an Príomhfheidhmeannach, Ferdie Mac an Fhailigh “tá cluichí den chineál seo iontach tábhachtach do chur chun cinn na Gaeilge i measc an aos óig agus leis an ghné oideachasúil de beidh luach ar leith leis i suíomh na scoile agus do dhaoine óga sa bhaile. Níl aon dabht agam go cuirfidh sé go mór le sealbhú na Gaeilge ag daltaí. Toisc gur féidir an teanga a athrú nó leibhéal teanga a chur in óiriúint d’aois na bpáistí agus gur féidir ábhar an chluiche a chur in óiriúint chomh maith, beidh sé iontach úsáideach ag múinteoirí le haghaidh réimse leathan ábhar’.
‘Cuireann sé gliondar orm an Ghaeilge agus na gnéithe eile dár n-oidhreacht shaibhir a fheiceáil i gcroílár an tionscadail iontach seo” a dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill.
“Mar mhúinteoir scoile tuigim go rí-mhaith na buntáistí a bhaineann le háiseanna nuálaíocha nó nua-aimseartha mar seo nuair a bhaintear úsáid astu ar an mbealach ceart’.
“Tréaslaím le gach duine atá bainteach leis an tionscadal seo agus guím gach rath air. Gabhaim comhghairdeas le Francisco agus táim iontach tógtha leis an tsuim agus leis an bpaisean atá aige don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach ach go háirithe lena chúlra Spáinneach”
Is comhlacht Éireannach é Duineacu atá lonnaithe i gCondae na Mí a chuireann sraith de sheirbhísí teicneolaíochta agus seirbhísí idirghníomhach/oideachais agus cluiche ar fáil.
Bunaiodh Duineacu in 2012 chun cluichí agus tionscadail mar seo a fhorbairt – ICF mar thionscadal tosaigh. Tá cúlra ag an chomhlacht i bhforbairt cluichí ríomhaireachta sa Spáinn agus tá stair rathúil acu.
Sa bhliain 2005 d’éirigh leo VCS a chruthú, teicneolaíocht a ligeann do dhaoine a bhfuil deacrachtaí radharc na súil bogadh thart ar thimpeallachtaí 3D.
Bunaithe ar an teicneolaíocht seo d’éirigh leo cluiche 3D a fhorbairt, a rinneadh i 5 teanga, le comhoibriú ó dhaoine mór le rá sa Spáinn.
Thacaigh ONCE, eagraíocht mór do na Daill sa Spáinn, leis an chluiche . Chruthaigh siad cluiche eile d’arb ainm Piopa chun bulaíocht a aithint i scoileanna. Glacadh go fonnmhar leis an réamhléiriú don chluiche seo.
Ina dhiaidh seo shocraigh an comhlacht cluiche nua a fhorbairt a bhí bunaithe ar mhiotaseolaíocht na hÉireann agus dhírigh siad ar Chú Chulainn mar cheann de na tagairtí is mó agus is tábhachtaí sa mhiotaseolaíocht. Tháinig bunaitheoirí an chomhlachta go hÉireann i 2009 chun tús a chur leis an tionscadal atá á sheoladh inniu.
Ainm teagmhála – Francisco Blásquez – 086 7878909
Suíomh – www.duineacu.com
Guíonn Gaelchultúr beannachtaí na Féile Pádraig ort
Márta 19, 2014
Rinneadh ceiliúradh ar chultúr na hÉireann ar fud na cruinne inné. Teastaíonn uainne anseo i nGaelchultúr go leanfadh an ceiliúradh sin ar aghaidh, mar sin idir seo agus 5pm Dé hAoine, 21 Márta, is féidir clárú le haghaidh ceann ar bith de na cúrsaí seo a leanas ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, ar leathphraghas:
Gaeilge gan Stró! – Beginners Level (3 mhí: €22.50, 6 mhí: €40, 12 mhí: €74.50)
Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level (3 mhí: €22.50, 6 mhí: €40, 12 mhí: €74.50)
Gramadach gan Stró (3 mhí: €22.50, 6 mhí: €40, 12 mhí: €74.50)
Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr
Comhairleacht & oiliúint Ghaeilge|Irish language consultancy & training
www.gaelchultur.com | www.ranganna.com | www.siopa.ie
+353 (1) 484 5220 | 1890 252 900 | eolas@gaelchultur.com