Méid an Téacs

Múinteoir Gaelscoile, Tiobraid Árann

Bealtaine 28, 2012

Tá múinteoir bunscoile á lorg ag Gaelscoil Aonach Urmhumhan le tréimhse mháithreachais a chlúdú.

Toisc gur Gaelscoil í seo, is fearr Gaeilge líofa a bheith ag iarrthóirí.

Iarratais:
Ní mór iarratais a chur chuig cathaoirleach na scoile roimh 31 Bealtaine 2012:
FAO: An Cathaoirleach,
Pádraic Ó Curraoin,
Bóthar Naomh Chonláin,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann

Bíodh na foirmeacha a leanas iniata le gach iarratas:

-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí scríofa
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Gráid an chleachtaidh teagaisc
-Tuairiscí cigireachta
-CV (Neamhcheangailte/Unbound)

Tuilleadh eolais: 067 33509 nó inezgau@gmail.com.

Múinteoir acmhainne á lorg ag Gaelscoil na Camóige

Bealtaine 28, 2012

Tá múinteoir acmhainne á lorg ag Gaelscoil na Camóige, Baile Átha Cliath, le  tréimhse mháithreachais a chlúdú.

Is scoil lán Ghaeilge í Gaelscoil na Camóige agus tá Gaeilge líofa ag teastáil ag na hiarratasóirí don phost seo.

Iarratais:
Seolfar iarratais, roimh 28 Bealtaine 2012, chuig:
FAO: An Cathaoirleach
Gaelscoil na Camóige,
Bóthar an Úlloird,
Cluain Dolcáin,
BÁC 22.

Bíodh na foirmeacha a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
-Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht

Ground-breaking Initiative ‘Dissolving Boundaries’ in Schools

Bealtaine 24, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge

Bealtaine 24, 2012

Fud fad na tíre beidh teaghlaigh ag spraoi trí mheán na Gaeilge ag picnicí ar 27 Bealtaine mar chuid de phicnic náisiúnta Chomhluadar.

Is eagraíocht í Comhluadar a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge.

Beidh an phríomhphicnic ar siúl i bPáirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath ach beidh picnicí eile á reáchtáil ar fud na tíre, ina measc, Co. Dhoire, Dún na nGall, Co. Longford, Co. Lú, Co. Mhaigh Eo agus Co. Luimnigh.

Deir  Nicole Ní Cheallaigh, Oifigeach Imeachtaí Náisiúnta le Comhluadar: ‘Is deis iontach í an Phicnic Náisiúnta do ghrúpaí atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile agus imeacht nádúrtha i nGaeilge a bheith acu. Tá neart suime léirithe ag ár mbaill féin agus ag grúpaí pobail ann.’

Ní cúis imní é mura luaitear do cheantar thuas. Is féidir do phicnic féin a eagrú agus í a chlárú le Comhluadar  agus beidh pacáiste áiseanna á chur ar fáil do gach aon dream a dhéanann a bpicnic a chlárú leo.

Tá fáilte roimh gach duine chuig an bPicnic Náisiúnta, cé go bhfuil sí dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil sé ar intinn acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí.
Bíonn imeachtaí den tsaghas seo á n-eagrú go minic ag Comhluadar chun deis a thabhairt do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge chomh maith.

Tá sé i gceist ag Comhluadar An Phicnic Náisiúnta a eagrú go bliantúil amach anseo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPicnic Náisiúnta ar an suíomh gréasáin www.comhluadar.ie

Spraoicheist Gael Linn ag Éigse Cheatharlach

Bealtaine 23, 2012

Tá sé i gceist ag Gael Linn tráth na gceist boird trí Ghaeilge dar teideal Spraoicheist a eagrú do dhaltaí bunscoile i gCeatharlach le linn Féile na hÉigse ar an gCéadaoin, 13 Meitheamh ag 10.00r.n. Is i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc a tionólfar an ócáid.

Is é an aidhm atá le Spraoicheist ná a léiriú do na daltaí gur féidir leo píosa spraoi a bheith acu tré mheán na Gaeilge‚ fiú muna bhfuil siad líofa sa teanga.

Beidh 6 bhabhta ceisteanna san áireamh le 10 gceist i ngach babhta agus iad dírithe ar dhaltaí as na hardranganna. Míneofar gach ceist i nGaeilge shimplí agus cuirfear foclóir gearr ar fáil chun gur féidir na focail is deacra a mhíniú agus a mhúineadh roimhré.

Ceadófar do gach scoil suas le cúig fhoireann a iontráil agus bronnfar duais ar gach ball foirne den 4 fhoireann is airde marc. Tabharfar roinnt spotduaiseanna amach i rith na hócáide chomh maith.

Eagrófar ceolchoirm ghearr tar éis bronnadh na nduaiseanna agus tabharfar cuireadh do dhaltaí ó na scoileanna éagsúla  míreanna 5 nóiméad nó mar sin ar fhaid de cheol, amhráin Ghaeilge, rince srl a chur i láthair.

Tá litir eolais agus foirm iontrála seolta chuig príomhoidí scoileanna uile an cheantair. Má tá aon cheist is féidir glaoch ar Niamh in Gael Linn ag 01 6753303 nó oifig Ghlór Cheatharlach ag 085 1340047. Bí páirteach sa Spraoicheist i mbliana.

www.carlow-nationalist.ie

13 iarratas ar phacáiste tacaíochta teanga Roinn na Gaeltachta

Bealtaine 23, 2012

TRÍ CINN déag d’iarratais atá faighte ag Roinn na Gaeltachta go dtí seo ar an bpacáiste tacaíochta teanga do thuismitheoirí a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta mí ó shin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Ag tús na seachtaine bhí iarratas ar an bpacáiste tacaíochta déanta ag seisear ón nGaeltacht agus seachtar lasmuigh den Ghaeltacht.

De réir eolais a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don cholún seo, tháinig ceithre cinn de na hiarratais sin ó dhaoine atá ag obair le heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge agus a chuir fios ar na pacáistí chun tuismitheoirí áitiúla a chur ar an eolas faoi cad a bhí ar fáil.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta leis an gcolún seo nach rabhthas ag súil le líon mór iarratas ag tús na scéime: “Ní tharlóidh sé seo thar oíche, is cuid an-tábhachtach an pacáiste tacaíochta den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh ach níl ann ach rud amháin i measc go leor rudaí eile.

“Tiocfaidh an t-éileamh ar na pacáistí ó na bileoga eolais atá á scaipeadh de réir a chéile againn ar na hospidéil atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta. Tógfaidh sé tamall an córas a chur ar a chosa cearta.”

Mar chuid den phacáiste faigheann tuismitheoirí leabhrán a chuireann comhairle phraiticiúil ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge agus dlúthdhiosca agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí.

Thug an Roinn le fios go mbeifí ag cur leis an bpacáiste agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh “de réir a chéile”. Tuairim is €8 a chosnaíonn gach pacáiste ar Roinn na Gaeltachta nuair a chuirtear costais riaracháin agus poist san áireamh.

Tá an pacáiste tacaíochta teanga dírithe ar thuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus tá sé á scaipeadh mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh nua a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ar 26ú Aibreán.

Tháinig an clár in áit deontas Scéim Labhairt na Gaeilge a bhíodh á híoc le teaghlaigh Ghaeltachta nó gur cuireadh deireadh léi anuraidh.

Faoin gclár nua tá 12 beart ar leith leagtha amach ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclanna a thógáil le Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go rabhthas “dóchasach” go dtiocfadh borradh faoi líon na n-iarratas atá á dhéanamh ar an bpacáiste tacaíochta teanga “de réir mar a chuirtear i bhfeidhm an beart”.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh sé róluath breithiúnas a thabhairt ar conas mar a bhí ag éirí leis an scéim nua.

“Níor mhiste a rá go bhfuil sé i bhfad róluath, shílfeá, a bheith ag déanamh breithmheasa faoin mbeart seo nuair atá an oiread sin céimeanna fós le glacadh le go mbeadh an beart faoi lán seoil,” a dúirt sé.

Thug an t-urlabhraí le fios gurbh é “príomhchuspóir” an bhirt nua ná feasacht a chothú i measc tuismitheoirí faoi na buntáistí a bhain le rogha na Gaeilge mar theanga na clainne.

“Feidhm áisitheoireachta atá á glacadh ag an Roinn sa chás seo. Is faoi thuistí agus faoin bpobal trí chéile atá sé an rogha a dhéanamh faoi cad atá uathu ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt sé.

Is féidir le tuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar phacáiste tacaíochta teanga ach teangmháil a dhéanamh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

www.irishtimes.com

Coláiste Ráithín ar East Coast FM

Bealtaine 23, 2012

Labhair Paul Moore, urlabhraí Cairde Ráithín, ar an ngéarchéim cóiríochta atá ag an scoil. Is féidir éisteacht leis an agallamh ar http://eastcoast.fm/onair/programmes/morningshow (tá sé i gcuid 2, i ndiaidh na nuachta). Tá tuilleadh eolais maidir le feachtas na scoile ar fáil anseo.

Babhta Ceannais Beo! 11 Bealtaine 2012 @ an RCC Leitir Ceanainn

Bealtaine 22, 2012

Tar éis bliain gnóthach don tionscnamh, bhí slua bailithe san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn dé hAoine seo cháite do babhta ceannais an chomórtas Beo! Le 6 scoileanna timpeall na tíre tagtha chuig Dún na nGall don lá, bhí sceitimíní soiléir i measc na daltaí i rith an lae. Bá hiad na scoileanna seo a leanas a ghlac páirt:

  • Gaelcholáiste Chill Dara,
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair,
  • Grennan College,
  • Pobalscoil na Rosann,
  • Bridgetown Vocational College, agus
  • St Columba’s College.

Tar éis lá gnóthach, inár rinne na scoileanna an “pitch” deireanach do’n Chraobh, chomh maith le imeachtaí eile eagraithe i rith an lae, bhí an cinneadh deireanach fágtha chuig an grúpa oiliúnach moltóireachta. Ar an painéal, bhí Jackie Hayden, Una Mullally, Brian Fisher (Practice Makes Perfect), Cian McCarthy (Dirty 9’s, Raidio na Life), Mary O’Hagan (Today FM) agus Paddy McKenna (2FM, Storyfold). Is léir gur chuaigh na daltaí i bhfeidhm orthu siúd, agus go raibh díospóireacht ann sular piocadh buaiteoir do’n chomórtas, Bridgetown Vocational College.
I ndiaidh an obair chruadh, bhain gach éinne sult as a gig a lean, ag a sheinn grúpa áitiúil, Jamaican Vampires, na Dirty 9’s, Storyfold agus More Than Conquerors.
Ceithre seit don scoth a bhí ann gan dabht, agus críoch iontach ar fad ar bliain a chonaic an tionscnamh ag fás agus ag forbairt. Agus níl deá-fhocail níos fear le fail nó é sin a fuaireas ó Paddy McKenna ina dhiaidh ar 2FM, gur “fiú cam-ruathar 23 huaire” le freastail ar an ócáid.

Guíonn muid chomhghairdeas leo siúd uilig a bhí páirteach i rith an chomórtas.

Gaelcholáiste na Mara – Lá Spóirt Idirscoile

Bealtaine 22, 2012

Bhí lá spórt idirscoile iontach ar siúl i nGaelcholáiste na Mara Dé Céadaoin 16ú Bealtaine. Tugadh cuireadh do na scoláirí céad bliana ó Mheánscoil Garman agus  ó Ghaelcholáiste Phort Láirge freastal ar an ócáid. Ghlac 120 scoláire ar fad páirt in imeachtaí an lae agus bhaineadar sult is spórt as . Bhí na daltaí roinnte i bhfoirne meascaithe le daltaí ón dtrí scoil ar gach foireann agus ainmneacha na gcontae ar na foirne difriúla. I measc na gcomórtais a eagraíodh bhí cluichí cispheile, peil gaelach, rásaí éagsúla, puc fada,tarraingt téide, srl.

Ag an deireadh ba í foireann Bhaile Átha Cliath  an fhoireann ab fhearr agus bronnadh bonn breá ar gach duine acu. Ba é buachaill an lae ná Killian Gorby ó Mheánscoil Garman, ba í cailín an lae ná Niamh Bridges ó Ghaelcholáiste Phort Láirge agus bronnadh an bua don scoil ab fhearr ar an lá ar Ghaelcholáiste na Mara. Míle buíochas do na múinteoirí spóirt ó Ghaelcholáiste na Mara a d’eagraigh imeachtaí an lae; oidí Tony, Gearóid agus Breandán agus do na múinteoirí ón dá scoil eile a thug lámh cunta dóibh.

Gaelscoil Mhic Amhlaigh wins national award

Bealtaine 18, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »