Príomhoide ceaptha ar Ghaelscoil an Chuilinn, scoil le hoscailt i Meán Fómhair 2012
Meitheamh 11, 2012
Ba mhór le AN FORAS PÁTRÚNACHTA agus GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas a dhéanamh le príomhoide nua Gaelscoil an Chuilinn, Fergus Ó Conghaile. Is scoil nua lán-Ghaeilge, comhoideachasúil í Gaelscoil an Chuilinn, faoi phátrúnacht AN FORAS PÁTRÚNACHTA, agus osclóidh sí don chéad uair i Meán Fómhair 2012 ar Bhóthar Bhaile an Phaoraigh, Baile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15.
Tá ana-thaithí ag Fergus ar chóras na gaelscolaíochta agus forbairt scoileanna nua agus tá sé ar bís le tabhairt faoina ról nua. “Is onóir mhór dom ceannasaíocht a ghlacadh ar Ghaelscoil an Chuilinn” a dúirt sé. “Is ard-chaighdeán oideachais trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil an sprioc, comhtháite le hoidhreacht cultúrtha na hÉireann in atmaisféar ceansach, comhmheasach. Chonaic mé formhór na spriocanna seo beo bríomhar i nGaelscoil Mhic Amhlaigh agus i nGaelscoil na Camóige, áit a d’fhoghlaim mé mo cheird agus áit a cuireadh caighdeán oideachais den chéad scoth ar fáil. Creidim go mbeadh sé mar aidhm againn i nGaelscoil an Chuilinn, maitheas i ngach páiste a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir na maitheasa sa saol atá thart air/uirthi.”
Osclóidh an scoil le ranganna naíonáin sóisir agus sinsir agus beidh éiteas idir-chreidmheach ag an scoil. Guíonn Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí AN FORAS PÁTRÚNACHTA, gach rath ar Fhergus ina phost nua. “Tá deis iontach ann dó agus don fhoireann a bheidh leis acmhainn luachmhar oideachais, Gaeilge agus cultúrtha a bhunú sa cheantar” a dúirt Ó hEaghra. “Is catalaíoch iad na scoileanna lán-Ghaeilge do bhorradh ar fhorbairt i ngach réimse sna ceantair ina bhfuil siad lonnaithe. Tá lán mhuinín ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA as Fergus. Tiocfaidh fás agus forbairt ar an scoil faoina stiúir agus beidh AN FORAS PÁTRÚNACHTA ar fáil chun tacú leis ar gach uile bealach scoil den scoth a chruthú.”
“Thar ceann GAELSCOILEANNA TEO., agus na scoileanna lán-Ghaeilge uile sa tír, ba mhaith liom tréaslú le Fergus as a cheapachán agus tréaslú le Gaelscoil an Chuilinn agus a pobal ar fad as an dul chun cinn iontach atá déanta chun an éacht seo a bhaint amach” a dúirt Bláthnaid ní Ghreacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “Táimid ag tnúth go mór le bheith ag tacú leis an scoil sna blianta beaga agus fada atá roimpi chun dul ó neart go neart.”
Is iontach an deis é oscailt na scoile lán-Ghaeilge seo do na páistí a bheith ag teacht isteach sa bhfómhair agus do na glúinte páistí amach anseo a bhfaighidh buntáiste an oideachais lán-Ghaeilge. Beidh pobal na scoile ag súil go mór le comhoibriú le Fergus agus tá sé i gceist ócáid a eagrú go luath ag a mbeidh deis ag na tuismitheoirí a chláraigh a bpáistí leis an scoil bualadh leis. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Gaelscoil an Chuilinn nó daltaí a chlárú leis an scoil nua trí glaoch a chur ar 086 323 6187 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais:
AN FORAS PÁTRÚNACHTA
Caitríona Bairéad, Oifigeach Forbartha :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110 :: www.foras.ie
GAELSCOILEANNA TEO.
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha :: cspainneach@gaelscoileanna.ie :: 01- 853 5193 :: www.gaelscoileanna.ie
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 61 bhunscoil agus 3 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. An fhís atá ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal. Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht www.foras.ie.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Bunaíodh an eagraíocht i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tugann an eagraíocht spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil don phobal, nó don duine sa phobal, a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail. Tá 175 bunscoil lán-Ghaeilge agus 41 iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair.
Smiles all round as Irish higher-level is plain sailing
Meitheamh 8, 2012
Unexpected Irish Questions cause confusion
Meitheamh 8, 2012
Being a true Belieber pays off academically
Meitheamh 8, 2012
Scléip ar Raidió na Gaeltachta ag 09.00 an Satharn seo!
Meitheamh 7, 2012
Rinneadh cláir do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus an craobh Scléip agus tá an-áthas orainn na dátaí don 5 chlár sin a fhógairt.
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.
Craolfar an chéad chlár de Scléip ar Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn an 9ú Meitheamh ag a 9.00 r.n, agus gach Satharn ina dhiaidh sin ar feadh 5 seachtaine:
- Babhta Laighean: 9ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Mumhan: 16ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Ulaidh: 23ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Chonnachta: 30ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Craobh Ceannais: 7ú Iúil 2012 @ 9.00 r.n
Comhghairdeas arís leis na buaiteoirí agus a gcuid scoileanna agus ár mbuíochas mór le Fiachna Ó Braonáin agus a fhoireann as Raven Productions, a rinne taifead ar an gcomórtas i mbliana thar ceann Raidió na Gaeltachta.
Irish language bodies welcome report
Meitheamh 7, 2012
Corn Ghlór na nGael na mBuachaillí
Meitheamh 6, 2012
Tháinig an ghrian amach thar Pháirc Uí Bhriain, Éire Óg do chomórtas Chorn Ghlór na nGael na mbuachaillí.
Ghlac foirne ó cheithre scoil mheascaithe páirt sa chomórtas Gaelscoil Cheatharlach, Beann na gCaorach, Baile Haicéad agus Gaelscoil Átha Í. Tá an comórtas do dhaltaí i rang a cúig agus níos óige. Cabhraíonn seo le dul chun cinn scileanna na himreoirí a fhorbairt agus tugann sé stáitse dóibh gan tionchar rang a sé.
Chun an méid is mó cluichí a thabhairt do chuile dhuine d’imir gach foireann a chéile.
Thosaigh Gaelscoil Cheatharlach i stíl mórthaibhseach i gcoinne Bheann na gCaorach le Andrew Mac Eochaidh ag déanamh an damáiste ar son na Gaelscoile. Bhí an cosúlacht ar go raibh an cluiche faoi smacht ag buachaillí na Gaelscoile ach choinnigh Finbarr Ó Caomhánaigh srian ar a gcuid scóranna san céad leath. Fuair Cillain Ó Duibh cúl iontach do Bheann na gCaorach ach bhí Gaelscoil Cheatharlach ro-láidir go háirithe i lár na páirce le Hugh Ó Dubhlaoich. Críochnaigh an cluiche 0-6 go dtí 1-0.
Sa dara cluiche d’imir Gaelscoil Átha Í i gcoinne Bhaile Haicéad. Thóg sé tamall don chluiche seo teacht chun beochta gan scór ar bith suas go dtí leath ama. Bhí cuid mhaith de na seansanna ag Baile Haiceád ach bhí an cosantóir Fallou Sangre thar barr do Átha Í.
Sa dara leath tháinig Baile Haicéad amach i bhfad níos dírithe ar an gcluiche agus ghnóthaigh siad dhá chúl. Bhí Eoin Ó Broin suas agus síos an pháirc imeartha agus bhí Jack Ó Ceallaigh in ann na scóranna a thógaíl gan stró ar bith. An scór deireannach ná 2-2 go dtí 0-0. Bhí seans ag Átha Í an chéad chluiche a chur taobh thiar díobh le chluiche ar an bpointe i gcoinne Bheann na gCaorach agus thosaigh siad ar an mbealach ceart le cúl. Níorbh leor é sin áfach le himreoirí cosúil le Cathal Ó Neill ar an bpáirc agus chríochnaigh an cluiche 2-2 go dtí 1-0 i bhfábhar Bheann na gCaorach.
Le bua amháin ag trí fhoireann ansin bhí gach cluiche eile an-tábhachtach. Chuir Gaelscoil Cheatharlach ags bean na gCaorach chun páirce agus d’úsáid buachaillí na Gaelscoile an taithí a bhí acu ag imirt i bpáirceanna Éire Óg. Chuir Tadhg Ó Ceallaigh agus Diarmaid de Rút taispeántas den scoth i láthair mar chosantóirí . Níor lig siad isteach ach pointe amháin i rith an chluiche ar fad agus is eácht mór é sin le tosaithe mar Adam Ó Duinn ag imirt do Bheann na gCaorach. Bhí Cathal Ó Móráin lán d’fhuinneamh ins na tosaithe agus chlárairigh sé cúpla scór álainn. Chríochnaigh an cluiche 2-5 go dtí 0-1 i bhfábhar na Gaelscoile.
Bhí cluiche ar ardchaighdeán ag Beann na gCaorach i gcoinne Bhaile Haicéad. Bhí Oisín agus Seán Ó Maoilmhána go hiontach do Baile Haiceád i rith an chluiche ar fad agus rinne Luke Ó Conghaile deimhin de nach bhfaighfeadh Beann na gCaorach cúl agus é idir na maidí. É sin ráite thóg buachaillí Bheann na gCaorach a bpointí agus le cabhair ó Sheán Ó Súilleabháin agus Cathal Ó Néill bhí an bua acu le 0-7 go dtí 1-2.
Bhí ar Ghaelscoil Cheatharlach dul thar Ghaelscoil Átha Í chun Corn Ghlór na Gael a bhuachaint agus ní raibh fadhb ar bith acu. Bhuaigh siad an cluiche le stíl iontach peile agus iad ábalta an liathróid a bhogadh go han-tapaidh go dtí go raibh pas oiriúnach ar na cártaí. Thóg siad an cinneadh ceart uair i ndiaidh uaire chun scór de 3-7 a reachtáil suas. Bhí Tomás Ó Murchú lán de spiorad do Átha Í ach bhí Gaelscoil Cheatharlach ro-láidir dóibh. Chríochnaigh an cluiche ar scórlíne 3-7 go dtí 1-1 agus an trófaí ag dul 100 méadar suas an bóthar ó Éire Óg go dtí Gaelscoil Cheatharlach don dara bliain as a chéile.
Ghlac an captaen Andrew Mac Eochaidh leis an sciath agus ghabh sé buíochas leis na foirne go léir chomh maith leis na múinteoirí as páirt a ghlacadh i gcomórtas Chorn Ghlór na nGael 2012.
www.carlow-nationalist.ie
Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011
Meitheamh 6, 2012
Foilsíodh staitisticí nua inniu a thugann léargas ar stádas na Gaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht. Bailíodh na staitisticí mar chuid de scéim labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2010/2011. Tháinig deireadh leis an scéim ag deireadh na scoilbhliana seo caite.
Rinne 3,370 teaghlach iarratas ar dheontas faoin scéim don scoilbhliain 2010/2011 agus thuill 2,760 teaghlach deontas faoin scéim – 2,322 teaghlach a thuill an deontas iomlán agus 438 teaghlach eile a thuill an deontas laghdaithe.
I gcomparáid leis an scoilbhliain roimhe sin, tháinig méadú beag ar líon na n-iarratasóirí agus tháinig laghdú beag ar líon na n-iarratasóirí rathúla.
Faoin scéim d’íoc an Roinn deontas in aghaidh na scoilbhliana le teaghlaigh sa Ghaeltacht má shásaigh siad an Roinn gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha agus go raibh an líofacht nádúrtha acu dá réir.
Bhí an scéim ar an bhfód ó na 1930í ach ceapadh go raibh easnaimh sa scéim agus tá molta ag an rialtas clár tacaíochta teaghlaigh a chur ar fáil ina háit.
Ar na heasnaimh ba mó a bhain leis an scéim, luadh nár fhreastal sé ar pháistí ar aois réamhscoile agus nach raibh bunús láidir teangeolaíoch leis. Thagair Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD don laige sin sa ráiteas a eisíodh inniu.
“Tá sé aitheanta go forleathan ar feadh i bhfad nach raibh Scéim Labhairt na Gaeilge, dá fheabhas í, ar an scéim ba éifeachtaí chun tacú leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin. Aithníodh go príomha nach raibh mórán tionchair ag an scéim sin ar iompar teanga theaghlaigh na Gaeltachta a raibh páistí ag aois réamhscoile iontu”, a dúirt sé.
Os a choinne sin áfach bhí saineolaithe agus eagraíochtaí ag brath ar staitisticí na scéime mar shlat tomhais ar láidreacht agus laigí na teanga i gceantair Ghaeltachta.
I gCúige Chonnacht bhí laghdú beag ar líon na dteaghlach a rinne iarratas ar an scéim i gContae Mhaigh Eo agus d’éirigh le céatadán níos fearr an deontas a fháil.
I nGaillimh bhí titim beag ar líon na dteaghlach a fuair an deontas ó 1058 sa scoilbhliain 2010/2011 go 1025 teaghlach anuraidh.
Fuarthas níos mó iarratas i nDún na nGall an bhliain seo caite ná mar a bhí ann an bhliain roimhe sin agus bhí titim beag ar an líon teaghlach a thug an deontas leo.
I gCiarraí bhí méadú beag ar an lion teaghlach a chuir iarratas isteach ach ba figiúir seasmhach a bhí ann ó thaobh an líon teaghlach ar bronnadh an deontas orthu.
D’fhógair an Rialtas Scéim Tacaíochta Teaghlaigh ag tús mhí na Bealtaine Tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.
D’eisigh an Roinn an chéad bhileog eolais a chuirfear ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu agus beidh an Roinn ag cur pacáistí tacaíochta ar fáil ar iarratais ó thuismitheoirí.
D’fhoilsigh The Irish Times tuairisc le déanaí áfach a thug le fios nach raibh ach 13 iarratas faighte ag an Roinn ó thuismitheoirí ag lorg an phacáiste eolais. Tá sé mar chuspóir ar an gclár nua seo go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus í threisithe mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht.
Foilsithe ar Gaelport.com
CRUINNIÚ EOLAIS: GAELSCOILEANNA NUA AG OSCAILT SA CHÉIM AGUS I dTAMHLACHT I 2013
Meitheamh 5, 2012
Cuirfear mór-fháilte roimh thuismitheoirí a bhfuil spéis acu a gcuid páistí a chur chuig Gaelscoileanna nua atá beartaithe le n-oscailt sa Chéim agus i dTamhlacht i 2013 agus beidh fáilte ar leith roimh éinne ar mian leo cabhrú leis na Gaelscoileanna nua a chur chun cinn. Tá na cruinnithe eolais seo á reáchtáil ag An Foras Pátrúnachta agus ag GAELSCOILEANNA TEO. ar an Mháirt, 26 Meitheamh 2012 ag 8i.n. in Óstán Bewley’s, Baile na Lobhar, Baile Átha Cliath 18 agus ar an gCéadaoin, 27 Meitheamh 2012 in Óstán Maldron, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24.
Chuir an dá eagrais an-fháilte roimh fhógra an Aire Ruairí Quinn i mí an Mhárta seo caite go mbeidh Gaelscoileanna nua ag oscailt sa Chéim agus i dTamhlacht i mí an Mheán Fómhair, 2013, agus An Foras Pátrúnachta roghnaithe mar phátrún na scoileanna nua seo.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, an phátrún scoile is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, “Is iontach an scéal é go mbeidh Gaelscoileanna nua ag oscailt sa Chéim agus i dTamhlacht. Tá an t oideachas lán-Ghaeilge ag dul ó neart go neart, ach go háirithe le trí Ghaelscoil san iomlán ag oscailt sa chontae idir 2012 agus 2013 faoin bpátrúnacht céanna.” Beidh an scoil nua sa Chéim mar an dara Ghaelscoil faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta a bheidh lonnaithe sa cheantar, ó d’oscail Gaelscoil Thaobh na Coille i 1995 agus tá sí ag fás ó shin. Lean Ó hEaghra ag rá go “gcuirfidh na Gaelscoileanna nua go mór leis na ceantair agus sásóidh siad an t-éileamh láidir atá ann don oideachas lán-Ghaeilge.” Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO., go mór roimh oscailt na scoileanna nua. Deir Ardfheidhmeannach na heagraíochta, Bláthnaid ní Ghréacháin, i leith na bhforbairtí seo in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge, “Tá an-áthas orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt don éileamh mór ar scoileanna lán-Ghaeilge trí Ghaelscoileanna a cheadú do na ceantair seo. Mar eagraíocht atá ag plé le bunú agus forbairt na scoileanna lán-Ghaeilge uile ar bhonn náisiúnta le 40 bliain anuas, deimhníonn fás na gluaiseachta seo go bhfuil tuiscint ag méadú go forleathan agus go tréan sa phobal go bhfuil iliomad buntáistí ann do pháistí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge. Tá an tuiscint ag méadú go gcuirtear sár-chaighdeán oideachais ar fáil do gach páiste ó gach cineál cúlra socheacnamaíochta, teangeolaíochta agus inniúlachta agus is iontach an deis í do pháistí i gceantair na Céime agus Tamhlacht a bheith páirteach sa chóras fíor-éifeachtach seo. ”
Beidh deis ag tuismitheoirí a bpáistí a chlárú sna scoileanna ag na cruinnithe poiblí seo, agus beidh foireann An Foras Pátrúnachta agus foireann GAELSCOILEANNA TEO. i láthair le buaileadh le tuismitheoirí agus ceisteanna a fhreagairt. Cuirfear eolas ar fáil maidir leis na Gaelscoileanna nua, buntáistí na gaelscolaíochta agus conas is féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i mbunú agus i gcur chun cinn na scoileanna. Ba mhór linn buaileadh leat ann más spéis leat do pháiste a chlárú, tuilleadh eolais a fháil nó ról lárnach a ghlacadh i dtodhchaí na scoileanna.
Tuilleadh eolais:
An Foras Pátrúnachta
Caitríona Bairéad, Oifigeach Forbartha :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110 :: www.foras.ie
GAELSCOILEANNA TEO.
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha :: cspainneach@gaelscoileanna.ie :: 01- 853 5193 :: www.gaelscoileanna.ie
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá 61 bunscoil agus 3 meánscoil faoi phátrún An Foras Pátrúnachta. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu. An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Bunaíodh an eagraíocht i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tugann an eagraíocht spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil don phobal, nó don duine sa phobal, a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail. Tá 175 bunscoil lán-Ghaeilge agus 41 iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair.
26/06/2012 ag 20:00
An Chéim
Óstán Bewley’s, An Pháirc Láir, Baile na Lobhar, B.Á.C. 18
27/06/2012 ag 20:00
Tamhlacht: Teach na Giúise/An Seanbhábhún
Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh(N81), Tamhlacht, B.Á.C. 24
Andrew McKimm: Leaving Cert: it’s an Irish renaissance as hostilities cease
Meitheamh 5, 2012