Méid an Téacs

SCLÉIP GAEL LINN – Craobhchomórtas 2019 i ‘Clasach’ !

Eanáir 28, 2019

Beidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2019 ar siúl in amharclann Clasach, Cluain Tarbh (www.clasac.ie ) ar an gCéadaoin seo chugainn, 30 Eanáir 2019.   Comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil é Scléip atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, le béim ar na healaíona comhaimseartha.  Tá comórtas Scléip á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag – i nGaillimh, ar an Srath Bán,   i mBaile Átha Cliath agus  i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas. Beidh os cionn 300 scoláire,  idir amhránaithe, ceoltóirí agus rinceoirí óga  ó Dhún na nGall go Daingean Uí Chúis ar stáitse i rith na craoibhe!

Beidh na moltóirí ag súil le duaiseanna a bhronnadh ar thaispeántais den scoth i ngach rannóg, don chéad agus don dara háit. Beidh Gradam Scléip le bronnadh ar an mhír is fearr ar fad le linn an lae.  Bronnfar duais Gradam Nós, chomh maith,  don amhrán nua-chumtha is fearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa.  Is í Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá,  a bheidh mar láithreoir ar an ócáid.  Táimid ag súil le han-lá !

Tá clár an lae le fáil anseo, agus beidh fáilte roimh lucht féachana!

CRÍOCH
Tuilleadh eolais:  Seán Ó Ceallaigh 087/2510980 nó

Niamh de Búrca 01/6753303

Riarthóir oifige á earcú ag Gaeloideachas

Eanáir 24, 2019

Conradh 3 bliana

Duine le sárscileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán labhartha agus scríofa sa Ghaeilge de dhíth.

Tuilleadh eolais, foirm iarratais, agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV –  meánlae, Aoine, 8 Feabhra 2019. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Tá an post seo lonnaithe sa phríomhoifig i Marino, Baile Átha Cliath 9.

Scála Tuarastail: €23,339 – €39,112

Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2019 – Cainteoirí ó Chiarraí agus Conamara ag ceiliúradh !

Eanáir 24, 2019

Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta ó Chiarraí agus ó Chonamara a thug Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2019 leo ar na mallaibh!   Is ar an gCéadaoin, 23 Eanáir a reáchtáladh an ócáid ghradamúil seo, san Óstán County Arms, Biorra. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu agus ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.  Déanann Foras na Gaeilge an comórtas a mhaoiniú.

Painéal de chúigear moltóir a bhí i láthair ar an oíche-Áine Hensey, Íde Uí Uallacháin, Féilim Mac Donnchadha, Seán Mac Labhraí agus Eoghan Mac Cormaic.  Bhí an chaighdeán chomh hard go raibh dúshlán mhór rompu na foirne bhuacacha a roghnú!  Sa rannóg shóisearach den chomórtas, bhí neart tuairimí ag na cainteoirí  óga ar fad ar an ábhar spéisiúil  ‘Tá cultúr na tíre seo slán sábháilte i lámha an aosa óig!’  Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad foireann  Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis ( Páidí Mac Gearailt, Meadhbh Nic an Ultaigh agus Antaine Ó Séaghdha ) na buaiteoirí!  Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath agus Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath. Threoraigh na múinteoirí bródúla, Ciara Ní Shé agus Méabh Breathnach, na cainteoirí óga agus iad ag ullmhú don bhabhta ceannais seo agus do na díospóireachtaí ar fad a bhí acu i rith an chomórtais.

Foireann ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal ( Aoife Nic Dhonncha, Siobhán Ní Neachtain agus Aisling Ní Chonghaile) a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach.  Éacht eile é seo don scoil, a bhfuil traidisiún láidir díospóireachta inti – bhí beirt den fhoireann seo, Siobhán agus Aisling, mar churaidh sóisearacha ag Craobhchomórtas Uí Chadhain 2017!  Ba í Tríona Uí Mhurchú, Príomhoide na scoile, an múinteoir a bhí i mbun na foirne arís agus í an-bhródúil as a cuid scoláirí.  Sa díospóireacht seo freisin bhí foirne ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí, agus arís eile, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath.  Phléadar an rún ‘Is córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí!’, a bhí tráthúil do na scoláirí sinsearacha seo,  agus bhí na hóráidithe uilig an-eolach faoin ábhar agus ag bréagnú a chéile tríd síos!

Is é  Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh a bhí mar aoichathaoirleach ar an oíche. Is iar-bhuaiteoir de chuid an chomórtais é féin, agus bhí dea-chuimhní cinn aige ar na díospóireachtaí a raibh sé féin páirteach iontu agus é ina scoláire. Luaigh sé gur sheas an taithí leis agus é ag dul chun cinn ina ghairm beatha roghnaithe.  Bhí sé an-mholtach faoi chainteoirí óga na hócáide seo, a léirigh tuiscint mhaith ar na hábhair a bhí á gcíoradh acu, agus thug sé a chuid tuairimí féin ar chóras na bpointí, ach go háirithe! Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas, na curaidh sóisearacha, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, agus na curaidh sinsearacha, Coláiste Chroí Mhuire, agus bronnadh dearbháin de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach san ócáid.

Agus é ag tréaslú leis na duaiseoirí, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn: ‘Tá tábhacht ar leith ag baint le spreagadh a thabhairt do dhaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge. Dá bhrí sin, is ábhar sásaimh do Gael Linn an leibhéal rannpháirtíochta i gComórtas Uí Chadhain agus an t-ardchaighdeán díospóireachta atá á léiriú ag daltaí. Táimid go mór faoi chomaoin ag na múinteoirí as a ndúthracht agus a ndílseacht don chomórtas.’

Curaidh na hÉireann!  Foireann Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal  a bhuaigh an comórtas díospóireachta Uí Chadhain / Gael Linn i gcraobh na sinsear. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir, Tríona Ní Mhurchú, agus an t-aoichainteoir, an tOllamh Ciarán Ó hÓgarthaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Curaidh na hÉireann! Foireann Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhuaigh an comórtas díospóireachta Uí Chadhain / Gael Linn i gcraobh na sinsear. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir, Tríona Ní Mhurchú, agus an t-aoichainteoir, an tOllamh Ciarán Ó hÓgarthaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

Curaidh na hÉireann!  Buaiteoirí chomórtas díospóireachta Ui Chadhain Gael Linn i gcraobh na sóisear, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, lena múinteoirí Ciara Ní Shé, ar chlé, agus Méabh Breathnach, ar dheis. S a phictiúr chomh maith tá Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, ar chlé, ags an t-aoichainteoir Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Curaidh na hÉireann! Buaiteoirí chomórtas díospóireachta Ui Chadhain Gael Linn i gcraobh na sóisear, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, lena múinteoirí Ciara Ní Shé, ar chlé, agus Méabh Breathnach, ar dheis. S a phictiúr chomh maith tá Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, ar chlé, ags an t-aoichainteoir Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie nó

Tomás Ó Cadhla, Riarthóir an chomórtais 087:7474927

An bhfuil scoil nua le hoscailt i do cheantar in 2019?

Nollaig 18, 2018

Tá bunscoileanna nua le hoscailt i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, Corcaigh agus sa Mhí i Meán Fómhair 2019.

Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi láthair agus is féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil cónaí orthu sna ceantair éagsúla a rogha pátrúnachta a chur in iúl ar líne. Ba mhaith leis an bhForas Pátrúnachta bunscoileanna ilchreidmheacha lán-Ghaeilge a chur ar fáil agus tá vóta tuismitheoirí i ngach ceantair uathu. Más maith leat go mbeadh an rogha seo ar fáil, is féidir do vóta a chlárú ar www.patronage.education.gov.ie

Le vóta a chaitheamh, is gá go mbeadh páiste faoi bhun aois 5 agat, agus cónaí air nó uirthi sa limistéar pleanála scoile. Beidh Eircode agus uimhir PPS do pháiste uait leis seo a dheimhniú.

Má tá aithne agat ar thuismitheoirí eile sna ceantair éagsúla, bheadh sé iontach uilig dá bhféadfaí an scéal a roinnt orthu agus iad a spreagadh le vóta a chaitheamh agus an scéal a scaipeadh. Tá breis eolais ar fáil ar www.Gaelscoil4all.ie

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas, nó maidir leis na buntáistí a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge do do pháiste, tá lánfháilte romhat teagmháil a dhéanamh le Gaeloideachas ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie. Ná déan dearmad go bhfuil roinnt acmhainní foghlama agus féinteagaisc ag Gaeloideachas atá dírithe ar thuismitheoirí agus caomhnóirí: Déan Comhrá ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians agus IrishforParents.ie

Comórtas Clár Raidió do Mheánscoileanna do Bhliain na Gaeilge

Samhain 27, 2018

Tá comórtas clár raidió do mheánscoileanna fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.  Tá duais €1000 don chlár raidió is fearr.

Déanann Bliain na Gaeilge ceiliúradh ar theanga na nGael, agus ó mhí Eanáir i mbliana bhí réimse leathan imeachtaí agus tograí ar bun agus é mar aidhm acu suim agus rannpháirtíocht sa teanga a spreagadh i measc an phobail, agus aird a dhíriú ar thábhacht na nGaeltachtaí agus ar athbheochan na teanga le 125 bliain anuas.

Tá dhá chéim leis an gcomórtas seo ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ar dtús báire, tugtar cuireadh do scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas, moltaí a chur isteach do chlár raidió 30 nóiméad ar fhad, i nGaeilge, bunaithe ar an téama ‘Bliain na Gaeilge 2018’.  Is é Dé Luain 17 Nollaig an spriocdháta.

Ansin, roghnófar an cúig iarratas is fearr, agus cuirfear léiritheoir raidió ag obair leis na scoileanna leis na cláracha sin a chur i dtoll a chéile.  Craolfar iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge i mí Márta 2019.

Bronnfar €1000 ar an gclár is fearr.  Is éard a bheidh á lorg ag na moltóirí cláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.

Tá an comórtas seo á reáchtáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Is deis iontach atá anseo do dhaltaí scoile foghlaim faoi chúrsaí craoltóireachta agus cúrsaí raidió, agus suim a spreagadh iontu i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Tá gach eolas faoin gcomórtas agus foirm iarratais ag www.rte.ie/rnag/comortas2018  .  Is féidir ceisteanna a chur chuig comortas2018@rte.ie.

Caithfear iarratais a bheith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin Luan 17 Nollaig.

–CRÍOCH–
27 Samhain 2018

Breis Eolais:

Caitríona Ní Bhaoill, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
086 8769585   caitriona.nibhaoill@rte.ie

Beirt Oifigeach Sinsearach ar lorg ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Samhain 27, 2018

Tá dhá phost nua le líonadh mar a leanas: Oifigeach Sinsearach Tacaíochta Oideachais agus Oifigeach Sinsearach Tacaíochta Forbartha. Tá leabhráin eolais, foirmeacha iarratais agus níos mó eolais san achar “Foilsiúcháin” ar shuíomh Chomhairle na Gaelscolaíochta. Tá na foirmeacha iarratais le bheith ar ais roimh 5.00 i.n. Luan 10ú lá Nollaig.

I dtaca leis an phost mar Oifigeach Sinsearach Tacaíochta Oideachais thiocfadh leis an phost bheith fóirsteanach don té ar mhaith leis/léi tréimhse ar iasacht óna c(h)uid oibre go ceann tamaill idir bliain nó trí bliana. Tuilleadh eolais ó Phól Ó Mórdha: Guthán 90897311 nó pomordha@comhairle.org

(English) Homework’s out in December for Clonakilty Gaelscoil pupils who practice gratitude

Samhain 27, 2018

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas i Naíonra Cholmcille, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath

Samhain 26, 2018

Stiúrthóir á earcú ag Naíonra Cholmcille
20 uair in aghaidh na seachtaine

Ag teastáil:
Cáilíocht Fetac ag Leibhéal 5 nó níos airde in Oideachas Luathbhlianta/Cúram Leanaí
Taithí bheith ag obair i suíomh cúram leanaí
Scileanna maithe eagrúcháin agus foirne
Caighdeán maith Gaeilge scríofa agus labhartha
Garchabhair
Tuiscint ar Aistear, Síolta agus ar Churraclaim Luathfhoghlama

Má tá suim agat sa phost, cuir cóip de do CV chuig naionracholmcille@gmail.com

Dáta tosaithe 7 Eanáir 2019

Siúlóid faoi Sholas na Gealaí

Samhain 21, 2018

Moonlit Walk as Gaeilge in Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha/Glenveagh

Aoine/Friday, 23 November 2018

Leaving from – Fáilte Ireland Tourist Office (next to Polestar roundabout) Leitir Ceanainn ag 7.00pm

The group will make their way by car out to St. Colmcille’s Cross, Gartan, the starting point of the Lough Insagh walk to the Castle (1hr 15mins approx)

Bíodh éadaí oiriúnacha ort agus bíodh deoch the agus greim le hithe leat

Come suitably attired and bring warm drink, food and torch

Ag an Chaisleán, bain sult as do shuipéar féin (enjoy your own supper) san Orangery agus ansin, beidh síob ar ais go Gartán ar an bhus

Fáilte roimh all Irish speaking abilities!

Tuilleadh eolais/for further information, contact Róise nó Seán i Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn ag – rmcclafferty@donegalcoco.ie nó sdaimhin@donegalcoco.ie nó teileafón – Róise – 087 9693965 nó Seán – 087 9670985

Gaelscoileanna á gceiliúradh ar Raidió na Life!

Samhain 21, 2018

20160620_113032

Craolfar sraith nua darbh ainm ‘Mo Ghaelscoil’ ar Raidió na Life idir an 21ú Samhain agus 7ú Nollaig. Craolfar dhá eagrán den chlár gleoite seo gach seachtain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine ag a 11:00 r.n.

Thar tréimhse dhá bhliain, chuaigh foireann léiriúcháin ó Raidió na Life ar camchuairt go sé gaelscoileanna fud fad Bhaile Átha Cliath, ag reáchtáil ceardlanna raidió agus ag taifeadadh na gclár spraíúil seo. Bhí deis ag na páistí scileanna nua a fhoghlaim agus tugann an tsraith raidió seo ardán dóibh scéal a nGaelscoil féin a insint ina nguthanna féin.

Na gaelscoileanna a ghlac páirt sa sraith ná Gaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil an Chuilinn, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil Thaobh na Coille, Lios na nÓg agus Scoil Chaitlín Maude. Chuir gach gaelscoil a stampa féin ar a n-eagrán féin sa sraith seo, ag tabhairt blaiseadh den atmaisféar ina scoil don lucht éisteachta.

Leis na páistí ag cur agallaimh ar na múinteoirí agus scoth an cheoil agus na drámaíochta le cloisteáil, léiríonn na cláir seo an borradh atá tagtha ar an nGaelscolaíocht san ardchathair agus talann agus samhlaíocht an ghlúin óig!

Craolfar na cláir ar Raidió na Life ar na dátaí seo a leanas, ag a 11:00 ar maidin:

  • Dé Céadaoin 21 Samhain: Lios na nÓg
  • Dé hAoine 23 Samhain: Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Dé Céadaoin 28 Samhain: Gaelscoil Bhaile Munna
  • Dé hAoine 30 Samhain: Gaelscoil an Chuilinn
  • Dé Céadaoin 5 Nollaig: Scoil Chaitlín Maude
  • Dé hAoine 7 Nollaig: Gaelscoil Thaobh na Coille

Judy-Meg Ní Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun na gceardlanna a reáchtáil sna scoileanna, in éindí le hAonghus Ó Lochlainn agus Pádraig Ó Conghaile. Judy-Meg Ní Chinnéide agus Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta. Tá an tsraith maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is é Foras na Gaeilge a mhaoiníonn formhór ghníomhaíochtaí Raidió na Life.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Judy-Meg Ní Chinnéide, 01 6616 333.

 

Faoi Raidió na Life:

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail le 25 bliain anuas mar stáisiún pobail sainspéise.  Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le beirt fhostaí eile páirtaimseartha.  Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain.  Feidhmíonn sé faoi stiúir Bhord Stiúrtha deonach freisin. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, comharchumann pobail neamhbhrabúis a bunaíodh i 1989 le seirbhís raidió Gaeilge a bhunú is a fhorbairt do Bhaile Átha Cliath, a reachtálann Raidió na Life. Is féidir le baill den phobal ballraíocht a ghlacadh sa chomharchumann trí scaireanna a cheannach (eolas ar www.raidionalife.ie)

Tá na mílte craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Cormac Ó hEadhra, Dr. Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin, Rónán Ó Muirthile (Iar-láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104) agus neart eile nach iad.

Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin.

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d’éisteoirí.  Aithnítear an stáisiún freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonach/damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl.  – agus na cláir go léir curtha i láthair trí Ghaeilge.  Déanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le cláracha á gcur i láthair ar an stáisiún i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Pholainnis is an Spáinnis leis.

 

– CRÍOCH – 

Next Page »