Scaití – “Counting Stars” le One Republic as Gaeilge
Iúil 22, 2014
An-jab go deo déanta ag Cliodhna, Caoimhe, Kateyln, Eimear, Charlie agis Irene le cuidiú iontach uaidh na ceolteoirí agus buachailí agus cailíni chúrsa A i gColáiste Lurgan – féach an físeán ar YouTube.
Fada uainn na táinte — ach leanfaidh muid ar aghaidh
Seo’d an saol — é casadh thart
Rachaidh muid ó neart go neart
Tóg do sheans — just lean do chroi
Déan do dhíchill — ná smaoinigh faoi
Óg — muid fós sach óg
(Bí) fiall — just tabhair na tóg
Gach rud cearr — níl bun na barr
Déan an beart — dean é níos fearr
Nach mééé…… an té ata ceart
Ach déanaim an t-ainbheart
Is méee…. an té nach mbíonn ceart
Ag déanamh an deá-bheart
I n-ainm Dé — ainm Dé — ainm Dé
Fada uainn na táinte — ach leanfaidh muid ar aghaidh
Scaití, ritheann smaointe tríd mo cheann
‘S me ag cuimhniú ar an saol a bheas i ndán
‘S b’fhéidir lá breá feicfidh mé an t-am
Seachas bheith ag strachaint — rialfaidh muid an domhan
Fág bhfuil a’ad
Imigh le sruth
Imeacht gan teacht
Gan aiféala ort
Scoláireachtaí €2,000 ar fáil ar an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais
Iúil 21, 2014
Clár páirtaimseartha thar 2 bhliain. Ranganna ar siúl 6 Shatharn i ngach seimeastar. Dírítear an clár ar chéimithe atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh. Táillí c. €2,750.
Iarratais ar line: www.pac.ie
Breis eolais: Sally Mhic Dhomhnaill 01 700 5614
www.dcu.ie/fiontar fiontar@dcu.ie
Amhrán nua ó Choláiste Lurgan
Iúil 17, 2014
Cór chúrsa A faoi stiúir Jenny Ní Ruiséil lena leagan de “Royals” le Lorde: féach an físeán ar YouTube.
Ní fhaca mé a leithéid riamh sa mbreis
Ag teacht in aois faoi scath na huaisle os cionn …..
An baile seo gan mhórtas
Níl aontas ann, Ná bí in éad liom
Ach chuile cheann mar
Dath bréig’, cúlchaint, toitín a’inn sa scuaine
Gloiní, pictiúir, réidh le glacadh dúinne
‘cuma linn
Bradán feasa ná taithí shaoil
ach chuile dhuine mar
Cristal, Maybech, seoda ar do chorp faoi
Eadach, oileáin, duitse ‘mháin don spraoi
‘cuma linn
Níl muid fuaite sa chlaonadh sin
Is níl muid inár ríoga
Ní ritheann sé ionann
An meon sin casta ar a son
Tríd ár bfhéithe — cuisle trom
Lig dom bheith inár ríthe
Fanaigí liom ar an taobh, is feicfidh tú, is tú is tú,
fillfidh muid ar ais arís
Cairde linn – ar gcúis le bród
Ó lá go lá ag druidim linn ar aghaidh
Tá fhios ag chuile dhuine beo
Gur seo mar atá
Ár ndúchas taobh linn
Ach chuile cheann mar
Dath bréig’, cúlchaint, toitín a’inn sa scuaine
Gloiní, pictiúir, réidh le glacadh dúinne
‘cuma linn
Bradán feasa ná taithí shaoil
ach chuile dhuine mar
Cristal, Maybech, seoda ar do chorp faoi
Eadach, oileáin, duitse ‘mháin dhon spraoi
Is cuma linn
Níl muid fuaite sa chlaonadh sin.
Traenáil um Chosaint & Leas Leanaí – dátaí nua
Iúil 16, 2014
Má tá ceist ar bith agat maidir leis an traenáil um chosaint leanaí, déan teagmháil le Laura ar laura@naionrai.ie nó 01-8535198.
Eolas breise le fáil anseo: https://www.naionrai.ie/ga/cursai-riachtanacha
Foirm Iarratais Cosaint Leanaí 2014
Agóid ag 13.15 inniu, 16.07.2014, ag Roinn an Taoisigh
Iúil 16, 2014
A chara,
Tá do thacaíocht de dhíth inniu más féidir in aon chor.
Tá ísliú stádais eile tugtha don Ghaeilge ó dheas ag an Taoiseach tríd Aire Stáit Gaeltachta nua a cheapadh nach bhfuil inniúil ar an nGaeilge agus is gá dúinn gníomhú láithreach.
Tá sé beartaithe againn, mar sin, agóid ghasta a dhéanamh lasmuigh de Roinn an Taoisigh inniu, Dé Céadaoin 16 Iúil 2014, ag 13.15 le cur i gcoinne cinneadh an Taoisigh.
Beimid ag bailiú lasmuigh de Roinn an Taoisigh (trasna ó Chearnóg Mhuirfean). Bheadh sé iontach ar fad dá bhféadfá a bheith linn agus muid ag léiriú go soiléir don Taoiseach nach bhfuilimid sásta len a chinneadh agus go bhfuil gá an fhadhb a réiteach láithreach.
Dar ndóigh, d’fheadfadh an Taoiseach an fhadhb seo a réiteach go simplí tríd cúram na Gaeltachta a thabhairt don Aire Stáit Aodhán Ó Riordáin atá bainteach anois leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó Séan Kyne a cheapadh mar Aire Stáit na Gaeltachta nó duine eile le Gaeilge.
Go raibh maith agat,
Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge
Deireadh Ré – Scor Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Iúil 15, 2014
I mí Eanáir na bliana seo d’fhógair Foras na Gaeilge torthaí an phróisis chuíchóirithe d’earnáil dheonach na Gaeilge inar ainmníodh sé cheanneagraíocht a mhaoineofar amach anseo faoin struchtúr nua a tháinig i bhfeidhm ar 01 Iúil 2014.
Bunaithe ar na critéir a bhí leagtha amach ag Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas iarratais níor roghnaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar cheanneagraíocht agus dá bharr tháinig deireadh le maoiniú na Comhdhála ar 30 Meitheamh 2014, agus cuireadh deireadh le fostaíocht an tseisir fhoirne ar an dáta sin.
Ag cruinniú aréir, 14 Iúil 2014, ghlac Bord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cinneadh an eagraíocht a scor de réir Mhír V de Bhunreacht na Comhdhála. Cuireadh ar an taifead le linn an chruinnithe gur mheas an Bord nach raibh de rogha acu ach an cinneadh seo a ghlacadh i bhfianaise chinneadh an Fhorais chun deireadh a chur le maoiniú na heagraíochta, agus gur le croí trom a bhí an cinneadh á ghlacadh chun Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1943, a scor le feidhm láithreach. Tugadh ardmholadh ag an gcruinniú do ghairmiúlacht fhoireann na Comhdhála, agus don obair mhór mhaith a cuireadh i gcrích ar son na teanga le breis agus 70 bliain.
Ag labhairt di ag an gcruinniú urghnách de Bhord na Comhdhála, ghabh Deirbhile Nic Craith, Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge buíochas le balleagraíochtaí na Comhdhála as a gcuid tacaíochta don eagraíocht ó bunaíodh é agus go háirithe le linn an phróisis chuíchóirithe. Dúirt sí go raibh an-obair déanta ag an gComhdháil mar eagras lárnach i ngluaiseacht na Gaeilge. Ghabh sí buíochas leis an bhfoireann as a gcuid dúthrachta agus dílseachta agus ghuigh gach rath orthu sa todhchaí amach rompu.
www.gaelport.com
Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra
Iúil 10, 2014
Beidh Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra á reáchtáil i ag Forbairt Naíonraí Teoranta gCill Dara i mí Dheireadh Fómhair 2014:
Scrúduithe TEG B2* in Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara ar an 26 Meán Fómhair 2014
Dianchúrsa FNT i Naíonra Ghearóidín, f/ch Gaelscoil Uí Fhiaich, Bóthar Chill Droichid, Má Nuad, Co. Chill Dara ar an 28-31 Deireadh Fómhair 2014
*Fáiltíonn FNT roimh iarratais ar na Scrúduithe Cainte TEG B2 chomh maith.
Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar an gcúrsa: 12 Meán Fómhair 2014.
Má tá ceist ar bith agat maidir le Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra nó TEG B2, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Laura ar laura@naionrai.ie. Eolas breise ar fáil ag https://www.naionrai.ie/ga/dianchursa-fnt
Invitation to Artists to Create for Clon Gaelscoil
Iúil 8, 2014
Artists of any genre who are interested in being considered for a “Per Cent Art Project” at Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin, Cloch na gCoillte, Iarthair Chorcaí (Clonakilty), are invited to submit an expression of interest to the Bórd Bainistíochta before 25th July.
All expressions must be made via e-mail to iarratasai@gmail.com.
It is envisaged that the Board of Management will meet with those who email and relevant issues will be discussed at that stage, after which the interested artists will be invited to submit their proposals.
The “Per Cent for Art” scheme is a government initiative, first introduced in 1988, whereby 1% of the cost of any publicly funded capital, infrastructural and building development can be allocated to the commissioning of a work of art.
Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin is a completely new building which opened in August 2013.
Principal Ms. Carmel Nic Airt said:-
“West Cork and indeed the whole of Ireland is full of creative people in diverse disciplines. We welcome expressions of interest from Artists, Musicians, Writers, Film-makers, Dance Artists, Drama Practitioners, etc. to create something unique and relevant to our school, it’s history, function and place in the world.
This is an exciting project and we look forward to hearing from creators of art in all it’s guises over the coming few weeks”.
All details about the scheme are available at:-
http://www.publicart.ie/main/commissioning/funding/per-cent-for-art/
Foghlaim conas clár raidió a dhéanamh le Raidió na Life an samhradh seo!
Iúil 8, 2014
Ar mhaith leat foghlaim conas a oibríonn na meáin chumarsáide?
Feabhas a chur ar do chuid scileanna taighde is cumarsáide?
Agus oibriú mar chuid d’fhoireann chun clár raidió a dhéanamh?
Le dianchúrsaí seachtaine ‘Tuiscint ar na Meáin & Conas Thú Féin a Chur in Iúl’ i Raidió na Life, foghlaimeoidh tú faoi na nithe thuas agus déanfaidh tú clár raidió i rith an chúrsa.
Dátaí:
CÚRSA 1: 11 – 15 Lúnasa, 10:00 – 15:00
CÚRSA 2: 25 – 29 Lúnasa, 10:00 – 15:00
Costas: €150
Ionad: Raidió na Life, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
Gach eolas ar fáil ar an bpóstaer faoi iamh.
Le Cáiliúchán FETAC Leibhéal 3 le baint amach ar chríochnú an chúrsa, tá na cúrsaí seo dírithe orthu siúd nach bhfuil aon taithí raidió acu roimhe seo agus tá siad oiriúnach go háirithe do dhaltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile.
Le haghaidh tuilleadh eolais, nó chun d’áit a chur in áirithe le haghaidh cúrsa, déan teagmháil linn i Raidió na Life ar 01-6616333 nó ag eolas@raidionalife.ie
An Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á thairiscint ag Gaelchultúr arís
Iúil 8, 2014
Tá áthas ar Choláiste na hÉireann/Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) a fhógairt go mbeidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, an chéad chúrsa iarchéime de chuid na hinstitiúide, á thairiscint den dara huair ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.
I mí Iúil anuraidh a bhronn an comhlacht rialtais Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI, nó HETAC mar a bhí) an stádas mar institiúid tríú leibhéal ar Ghaelchultúr agus roghnaigh an chuideachta Coláiste na hÉireann mar ainm don tionscadal nua.
Cuireadh tús leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2013 agus tá aon mhac léinn déag ina bhun faoi láthair.
Tá an Dioplóma ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus maireann sé trí sheimeastar ar fad. Tá sé dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mhaith leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur lena scileanna sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
Bíonn léachtaí agus ranganna teagaisc an chúrsa ar siúl Satharn amháin sa mhí i gceanncheathrú Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus dá bhrí sin is féidir le daoine as gach cearn den tír tabhairt faoin gclár (tá mac léinn as Toraigh agus mac léinn as Gaeltacht Chiarraí sa ghrúpa atá á dhéanamh faoi láthair, mar shampla).
Beidh seisiúin eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ar siúl i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2 ag na hamanna agus ar na dátaí seo a leanas:
6.00–7.00pm, Dé Máirt, 26 Lúnasa 2014
12.00–1.00pm, Dé Sathairn, 30 Lúnasa 2014
Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, mar aon le bróisiúr an chúrsa agus foirm iarratais, téigh go http://gaelchultur.com/iarcheim.aspx. Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com.
Is é an spriocdháta d’iarratais ná Dé Máirt, 2 Meán Fómhair 2014.