Méid an Téacs

Suas le 510 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta curtha isteach

Iúil 9, 2015

Cuireadh suas le 510 aighneacht faoi bhráid na Roinne Oideachais le linn an phróisis chomhairliúcháin a rinneadh an mhí seo caite faoin dréachtpholasaí nua maidir le hoideachas Gaeltachta. Tháinig deireadh leis an bpróiseas sin Dé hAoine seo caite, an 3 Iúil.

Thug urlabhraí na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhféadfaí figiúr cruinn beacht a thabhairt go fóill ach go bhfuil tuairim is 360 aighneacht cláraithe ag an Roinn go dtí seo agus suas le 150 eile fós le clárú.

Cheana féin dúirt an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, go mbeidh an polasaí nua oideachais don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.

Cuireadh fáilte roimh mholtaí na Roinne nuair a fograíodh iad toisc gur thug siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil an teanga fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb shiúd é an chéad uair ó bunaíodh an Stát a thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ar dhaltaí ar cainteoirí dúchais iad. Dá réir sin tá aitheantas tugtha acu go dteastaíonn polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

Beidh grúpaí fócais ag teacht le chéile san fhómhar chun tuilleadh scagtha a dhéanamh ar na moltaí agus ar na tuairimí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn ‘go hiomlán trí mheán na Gaeilge’ agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor sna ranganna naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Moltar freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta an teagasc ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge feasta, más rud é gurb Béarla atá in uachtar iontu faoi láthair.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí leis an éileamh atá ar an teagasc a bheith i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh ‘mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagaisc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí,’ moltar gur cheart féachaint ‘ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór’.

Breis agus 200 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta faighte ag an Roinn Oideachais

Iúil 2, 2015

Os cionn 200 aighneacht a bhí faighte tráthnóna inné ag an Roinn Oideachais maidir lena dréachtpholasaí Gaeltachta.

Tá go dtí an Aoine bheag seo, an 3 Iúil, ag an bpobal aighneachtaí a chur faoi bhráid na Roinne maidir leis an tsraith moltaí don oideachas Gaeltachta a fógraíodh ag tús mhí na Bealtaine.

Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan i bhfreagra ar cheist Dála Dé Máirt go raibh breis agus 100 aighneacht faighte ag a roinn faoin dtráth sin, ach thug urlabhraí ón Roinn Oideachais le fios tráthnóna inné go raibh an méid céanna aighneachtaí arís faighte ó shin acu.

Thug an tAire Oideachais le fios go mbeadh a polasaí oideachais nua don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.

Roimhe sin, cuirfear sraith grúpaí fócais ar bun i Meán Fómhair chun tuilleadh scagadh a dhéanamh ar na moltaí agus eagrófar fóram speisialta i mí Dheireadh Fómhair chun plé a dhéanamh ar na tuairimí agus na moltaí a tháinig chun tosaigh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí.

Mar chuid den phróiseas sin, eagraíodh cruinnithe poiblí cheana féin i gCiarraí, sa Ghaillimh agus i nDún na nGall.

D’eagraigh an eagraíocht Tusmitheoirí na Gaeltachta sraith chruinnithe chomh maith i gConamara. I ráiteas ón eagraíocht sin dúradh gurbh é “an pointe is suntasaí a tháinig ó na cruinnithe seo ná go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí an oiread suirbhéanna agus aighneachtaí chun cinn agus is féidir”.

Cuireadh fáilte roimh mholtaí na Roinne nuair a fograíodh iad toisc gur thug siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Tugadh suntas ar leith d’fhógairt na moltaí mar gurb é an chéad uair ó bunaíodh an Stát a d’aithin an Roinn Oideachais go hoifigiúil go bhfuil riachtanais ar leith ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad agus go bhfuil gá dá réir le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

http://tuairisc.ie/breis-agus-200-aighneacht-faoin-oideachas-gaeltachta-faighte-ag-an-roinn-oideachais/

Bord nua ceaptha do COGG

Meitheamh 25, 2015

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Jan O’ Sullivan ceapachán chomhaltaí nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta inniu. Críochnóidh téarma oifige na gcomhaltaí nua i mí Nollag na bliana 2018.

Is iad seo a leanas comhaltaí nua COGG:

Bord COGG

Dúirt an tAire O’Sullivan go bhfuil ról lárnach ag COGG maidir le forbairt an oideachais trí Ghaeilge agus le teagasc na Gaeilge, agus lena chinntiú go mbíonn áiseanna teagaisc ar ardchaighdeán ag na scoileanna chun “freastal ar riachtanais na múinteoirí agus na mac léinn.”

Dúirt sí freisin go raibh sí ag súil le bheith ag obair “go dlúth” leis an gcomhairle nua sna blianta atále theacht agus ghabh a buíochas leis na comhaltaí atá ag dul as oifig as a dtiomantas agus a ngairmiúlacht.

Tugann COGG comhairle faoi mhúineadh trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lánGhaeilge. Tá an eagraíocht ar an bhfód ó bhí 1998 ann agus comhordaíonn sí soláthar téacsleabhar agus áiseanna foghlama i nGaeilge chomh maith le seirbhísí taca eile do scoileanna a fheidhmíonn sa teanga.

Idir an dá linn, tá an Comhchoiste Oireachtais um Iompair agus Cumarsáid ag cuardach léirithe spéise ó dhaoine ar mhaith leo go gceapfaí ar bhord TG4 iad.

Ba cheart dóibh sin a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu ráiteas agus cuntas beatha a chur faoi bhráid an Chomhchoiste. Ceapfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an comhalta nuair a bheidh comhairle curtha air ag an gComhchoiste.

http://tuairisc.ie/bord-nua-ceaptha-do-cogg/

Tús á chur le cruinnithe faoin oideachas Gaeltachta anocht

Meitheamh 23, 2015

Cuirfear tús anocht le sraith cruinnithe faoi na moltaí oideachais don Ghaeltacht i Seanscoil Sailearna in Indreabhán ag 8in. Is í an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht atá ag reáchtáil na gcruinnithe i gceantar Chonamara.

Tabharfar tuilleadh eolais faoi na moltaí atá á ndéanamh sa dréachtpholasaí don oideachas sa Ghaeltacht a sheol an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan  ag tús mhí Bhealtaine. Déanfar cur i láthair gairid ina míneofar moltaí na Roinne agus beidh seisiún plé ann ina dhiaidh sin faoi na bealaí a bhféadfadh tuismitheoirí páirt a ghlacadh sa bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun i láthair na huaire.

Tugann na moltaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i rith na sraithe naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

De réir na moltaí, tabharfar cúnamh ar leith do scoileanna Gaeltachta aistriú go múineadh trí Ghaeilge más é an chaoi go bhfuil an teagasc á thabhairt trí Bhéarla iontu i láthair na huaire.

Tá moladh conspóideach i measc mholtaí na Roinne freisin go mo bha cheart breathnú “ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór.”

Tá sé mar aidhm ag an dréachtpholasaí tabhairt faoi na dúshláin atá roimh phobal agus scoileanna na Gaeltachta, ina measc stádas mionlaithe na bpáistí a thógtar le Gaeilge i roinnt scoileanna Gaeilge, an méadú ar úsáid an Bhéarla i bpobail Ghaeltachta agus líon na scoileanna Gaeltachta nach ndéanann teagasc do gach ábhar trí Ghaeilge.

http://tuairisc.ie/tus-a-chur-le-cruinnithe-faoin-oideachas-gaeltachta-anocht/

An tUachtarán i gCloich na gCoillte agus ar Oileán Chléire

Meitheamh 17, 2015

Thug an tUachtarán Mícheál D Ó hUiginn cuairt ar Chorcaigh le déanaí. Thug Uachtarán na hÉireann  cuairt an tseachtain seo caite ar Oileán Chléire agus ar Chloich na gCoillte áit ar oscail sé Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin  Ochtar daltaí a bhí sa Ghaelscoil 20 bliain ó shin. Anois tá 350 dalta ag freasal uirthi.

Cartlann Grianghraf anseo: http://tuairisc.ie/gailearai-an-tuachtaran-i-gcloich-na-gcoillte-agus-ar-oilean-chleire/ 

Aghaidh tugtha ag moltaí na Roinne Oideachais ar na dúshláin is mó roimh scoileanna Gaeltachta

Bealtaine 7, 2015

Tá sraith moltaí déanta sa dréachtpholasaí oideachais don Ghaeltacht a fhoilseofar tráthnóna inniu a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i rith na sraithe naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta aistriú go teagasc trí Ghaeilge más rud é go bhfuil siad ag feidmhiú faoi láthair trí Bhéarla.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagaisc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar gur cheart féachaint “ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór”.

De réir na moltaí eile “cuirfear pacáiste d’acmhainní breise” ar fáil do scoileanna Gaeltachta ag áireamh:

  •  tacaíocht ar leith do chainteoirí dúchais agus beartais a chinnteoidh go bhfuil an curaclam ábhartha dóibh
  • forbairt ghairmiúil níos fearr do mhúinteoirí a theagascann i scoileanna Gaeltachta
  • deiseanna le haghaidh forbairt ghairmiúil do phríomhoidí scoileanna Gaeltachta
  • treoir faoi thacaíocht agus faoi pháirtíocht tuismitheoirí
  • bunú naisc níos láidre idir naoinraí Gaeltachta agus bunscoileanna Gaeltachta

Aithníonn an Roinn Oideachais sa dréachtpholasaí go bhfuil dúshláin ar leith roimh scoileanna Gaeltachta

I measc na n-dúshlán sin tá “éagsúlacht mhór theangeolaíoch” daltaí scoile na Gaeltachta; stádas mionlaithe na bpáistí a thógtar le Gaeilge i scoileanna Gaeltachta; an méadú ar úsáid an Bhéarla i bpobail Ghaeltachta; an brú ar scoileanna aistriú go teagasc trí Bhéarla; agus líon na scoileanna Gaeltachta nach ndéanann teagasc do gach ábhar trí Ghaeilge.

Tá sé mar aidhm ag na moltaí nua, a deirtear, cabhrú le pobal agus scoileanna na Gaeltachta tabhairt faoi na dúshláin seo.

Chuirfeadh na moltaí chomh maith le cumas scoileanna Gaeltachta oideachas trí Ghaeilge a sholáthar agus chabhróidís le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna agus “i bpobal na Gaeltachta i gcoitinne”.

Beidh roinnt teaghlach ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta i measc na n-aíonna a bheidh i láthair ag ócáid i mBaile Átha Cliath tráthnóna nuair a sheolfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, an dréachtpholasaí nua oideachais don Ghaeltacht.

Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta inné go rabhthas ag “ag súil go mór leis na moltaí” agus go leor “tuairiscí dearfacha” cloiste acu fúthu.

Creidtear go bhfuil tábhacht ar leith le hócáid an lae inniu mar gurb é seo an chéad uair ó bunaíodh an Stát a aithneoidh an Roinn Oideachais go hoifigiúil go bhfuil riachtanais ar leith ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad agus go bhfuil gá dá réir le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh phaistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

Beidh na moltaí a sheolfar inniu mar bhunús le próiseas comhairliúcháin agus beidh deis ag pobal na Gaeltachta agus ag an bpobal i gcoitinne a dtuairimí a thabhairt faoi fhorbairt an pholasaí nua a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana seo.

Ba é Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú, a d’fhógair ag ócáid de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBealtaine na bliana 2013 go raibh faoina Roinn tabhairt faoin bpolasaí nua a dhréachtadh. Tá na moltaí a sheolfar inniu bunaithe ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar anailís ar sholáthar agus ar éileamh an oideachais i gceantair Ghaeltachta agus “ar chás-staidéir ar an gcleachtas i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna samplacha sa
Ghaeltacht”

Nuair a thiocfaidh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin, beidh súil go ndíreofar sa pholasaí nua ar na ceisteanna móra faoi churaclaim, soláthar téacsleabhar agus oiliúint múinteoirí, chomh maith le soláthar acmhainní agus áiseanna do scoileanna na Gaeltachta.

Maidir le ceist an churaclaim, dúirt saineolaí i réimse na dteangacha, an Dr David Little ó Choláiste na Tríonóide, sa mbliain 2003, go raibh se “inguistically and educationally indefensible” gurbh é an curaclam Gaeilge céanna a bhí ann don mhionlach de chainteoirí dúchais sa tír agus an móramh arb é an Béarla a gcéadteanga.

Tá tuarascálacha tábhachtacha taighde faoi chás an oideachais Ghaeltachta foilsithe ag COGG in imeacht na mblianta, ina measc Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta le Seosamh Mac Donncha, a foilsíodh i 2004, agus Struchtúr Oideachas na Gaeltachta leis an Dr Peadar Ó Flatharta, a foilsíodh i 2007.

Rinne Iar-Chathaoirleach COGG, Breandán Mac Cormaic, tagairt i réamhrá Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta do líon na dtuarascálacha faoi chúrsaí oideachais a foilsíodh ach nár tugadh feidhm dóibh sa Ghaeltacht, ag dul chomh fada siar leis an gcéad tuarascáil ó Choimisiún na Gaeltachta i 1926. Dúirt sé “nach raibh aon ghanntanas tuarascálacha ann” ach gur “beag toradh a bhí ar aon cheann díobh” go dtí sin.

Ag 4pm inniu a sheolfaidh an tAire Oideachias agus Aire Stáit na Gaeltachta na moltaí nua a bheidh mar bhunús leis an bpolasaí Gaeltachta nua.

Dúirt urlabhraí Thuismitheoirí na Gaeltachta nach raibh i bhfógra an lae inniu ach “an chéad chéim”.

“Níl anseo ach an chéad chéim, ar ndóigh. Tá súil againn go n-éisteofar leis an méid a bheidh le rá ag pobal na Gaeltachta le linn an phróisis chomhairliúcháin agus go gcuirfear a gcuid mianta agus éilimh san áireamh sa pholasaí a fhoilseofar ina dhiaidh sin.

“Ní mór an polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm go críochnúil ina dhiaidh sin arís agus an maoiniú cuí a chur ar fáil leis an méid sin a dhéanamh. Beidh muid ag tacú go láidir le múinteoirí, príomhoidí agus scoileanna na Gaeltachta,” a dúirt urlabhraí Thuismitheoirí na Gaeltachta le Tuairisc.ie.

http://tuairisc.ie/polasai-oideachais-don-ghaeltacht-le-seoladh-trathnona-i-mbaile-atha-cliath/

Is mithid glacadh le cuireadh an Aire agus moltaí a chur ar aghaidh faoi oideachas na Gaeltachta…

Bealtaine 7, 2015

Ní mór an gean a bhíonn ag aon duine ar thuarascálacha Rialtais mar gur beag acu, mo léan, a chuirtear i bhfeidhm. “Ní dócha go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma i ngeall ar na costais féideartha a bhaineann leis” an lipéad a bhíonn faoi cholún an staid reatha go mion minic agus is ionann an scéal ag an dréachtpholasaí (Straitéis 20 Bliain?) don oideachas sa Ghaeltacht. Ach tá an taighde déanta arís agus aithnítear go hoifigiúil faoi dheireadh gur mionlach i scoileanna Gaeltachta anois na páistí a thógtar le Gaeilge agus go bhfuil riachtanais ar leith ag na páistí agus na scoileanna sin agus freagracht ar an Stát ina leith.

Ag tús seo an tSamhraidh, is mithid dearmad a dhéanamh ar an tsiléig agus glacadh le cuireadh an Aire Oideachais moltaí a chur ar aghaidh faon dréachtpholasaí nua, agus tugann sí an cuireadh sin do gach duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht agus ní scéal tuismitheoirí ná múinteoirí amháin é seo. Beidh an polasaí nua sin á fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Molaimse:

  • Deireadh le siollabas comónta do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí. Sainchúrsa céimnithe a dhéanfaidh forbairt ar chumas, ar thuiscint agus ar mhuinín an chainteora dúchais ó aois a 4 go hArdteist
  • Cruinniú poiblí a eagrú i ngach scoil Ghaeltachta don phobal uilig leis an scéal uilig a phlé, dearcadh an mhórphobail a fháil agus moltaí a chur le chéile nó daoine a mhisniú lena gcuid moltaí a cheapadh
  • Seisiún eolais do thuismitheoirí na scoile a bhfuil páistí óga acu chun tionchar a gcinneadh teanga ar oideachas a gclainne a phlé go macánta gan aon imeaglú ná mór is fiú agus leas a bhaint as a bpáirtíocht agus a saintaithí
  • Forbairt ghairmiúil do phríomhoidí scoileanna Gaeltachta chun an polasaí Gaeilge a phlé, a chumadh agus straitéisí agus tacaíochtaí coincréiteacha a liostú agus a éileamh
  • Treoir shoiléir thrédhearcach do scoileanna maidir le daltaí a dteastaíonn scolaíocht uathu ach nach bhfuil dóthain Gaeilge acu le leas a bhaint as scoileanna aonteangacha Gaeltachta
  • Oiliúint dualgais agus cáilíocht dá réir do mhúinteoirí ar mian leo obair i scoileanna Gaeltachta ag gach leibhéal
  • Sainchúrsaí do mhúinteoirí ábhar maidir le béarlagair agus téarmaíocht a sainábhair féin agus a ról maidir le saibhriú theanga a ndaltaí
  • Lucht tacaíochta oideachais, comhairleoireachta agus sláinte a chur ar fáil do gach scoil Ghaeltachta trí Ghaeilge
  • Cuirtear pionós sa leithroinnt ar scoileanna Gaeltachta atá ag múineadh aon ábhar trí Bhéarla nó a chuireann scrúduithe, nótaí, téacsleabhair trí Bhéarla ar fáil agus bíodh sin mar chuid den mheasúnú iomlán scoile
  • Ná cloiseadh aon dalta Gaeltachta focal Béarla taobh istigh de bhallaí na scoile sa cheád dá bhliain a bheidh sí/sé ansin, ní áirím tosú á léamh
  • Ná glactar le haon mholadh faoi scoileanna Béarla do Bhéarlóiri sa nGaeltacht – déanaidís freastal ar chúrsaí Gaeilge sna laethanta saoire, cuirtear dianchúrsaí ar bun dóibh in ionaid faoi leith go dtí go mbeidh an Ghaeilge acu nó cuirtear bus ar fáil go ceantar Béarla
  • Glacadh an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an bhfreagracht atá uirthi cáilíochtaí gairmiúla cuí a éileamh óna gcuid ball.

http://tuairisc.ie/is-mithid-glacadh-le-cuireadh-an-aire-agus-moltai-a-chur-ar-aghaidh-faoi-oideachas-na-gaeltachta/

Teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart ar ghasúir na Gaeltachta – an Roinn Oideachais

Bealtaine 7, 2015

Caithfear aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr Gaeltachta ar chainteoirí dúchais iad agus a aithint nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí

Tá teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart i gcaitheamh na mblianta ar “an líon réasúnta beag de ghasúir” a bhfuil an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh acu agus tá “an seans deireanach ann anois beart samhailteach cróga a ghlacadh” dar le tuarascáil nuafhoilsithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Deirtear sa tuarascáil a seoladh inné mar chuid den phróiseas le polasaí nua oideachais a fhorbairt don Ghaeltachta go gcaithfear “aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr” ar cainteoir dúchais iad agus a aithint “nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí”.

Mura ndéanfar é seo, maítear go leanfaidh “an gcomhshamhlú atá ag tarlú i suíomhanna mionteanga ar fud an domhain” agus go rachaidh rachaidh “tobar na Gaeilge i ndísc”.

D’eascair an tuarascáil seo as staidear a rinne saineolaithe as Coláiste Phádraig, Droim Conrach faoi stiúir an Dr. Phádraig Uí Duibhir ar iarratas ó COGG ar son na Roinne Oideachais. Iarradh go ndéanfaí athbhreithniú ar riaradh an oideachais i ndlinsí eile a bheadh inchurtha leis na ceantair Ghaeltachta. Scrúdaíodh cás na Breatnaise, na Bascaise, na Catalóinise, Naabeehó, na Fraincise, na Freaslainnise, na Gáidhlig, na Haváise, na Maoraise agus na Sualainnise.

Idir an dá linn, chuir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta araon fáilte roimh an dréachtpholasaí ar oideachas Gaeltachta a foilsíodh inne freisin.

Bhí ionadaithe ón bhForas ar an gCoiste Ardleibhéil Oideachais a bhí ag plé leis an dréachtpholasaí a fhorbairt le tamall de bhlianta anuas. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur iarracht chothrom atá sa dréachtpholasaí dul i ngleic le ceisteanna atá “ciotach agus casta” agus atá ag baint as iarrachtaí an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht le blianta fada.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis go rabhthas ag súil go dtapófar an deis aiseolas ar na moltaí a thabhairt don Roinn Oideachais.

Duradh go raibh géarghá le polasaí cuimsitheach oideachais a thógann san áireamh na cúinsí éagsúla, ina measc “éagsúlacht teangeolaíocht, riachtanais na gcainteoirí dúchais Gaeilge agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí, riachtanais churaclaim, inniúlacht teanga agus cumas teagaisc na múinteoirí chomh maith le ról phobal na scoile i gcoitinne”.

Duirt urlabhraí an Udarais go raibh “páirt fíorthábhachtach ag oideachas sa phróiseas pleanála teanga” agus go rabhthas ag súil “go nglacfaidh pobal na Gaeltachta an deis atá ar fáil dóibh anois ionchur a bheith acu i múnlú an pholasaí chríochnúil”.

http://tuairisc.ie/teipthe-ar-an-statchoras-freastal-mar-is-ceart-ar-ghasuir-na-gaeltachta-an-roinn-oideachais/

62% de dhaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ag foghlaim teanga eile

Márta 5, 2015

‘Ábhar imní’ iad na figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, a deir Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG

Rinne 62% de na daltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge le trí bliana anuas staidéar ar theanga eile seachas an Béarla.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise déanann formhór na ndaltaí Ardteistiméireachta a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar ar theanga nó teangacha eile chomh maith leis an mBéarla.

Le trí bliana anuas fuair 6,111 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge agus rinne 3,791 duine acu sin staidéar ar theanga nó ar theangacha eile nach Béarla iad, ina measc an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus eile.

Anuas air sin, tháinig méadú beagnach 5% ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge idir 2011 agus 2014. 1,997 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2011/12 agus 2,088 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2013/14.

Tháinig méadú freisin ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile – ó 1,237 sa bhliain 2011/12 go 1,272 sa bhliain 2013/14.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, gur “ábhar imní” iad na figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise agus dúirt sí go bhfuil sí ag súil go mór le torthaí an athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair ar an diólúine ón nGaeilge.

“Dá mhéid ionchur teanga a bhíonn ag páiste is ea is fearr é go háirithe do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Is í an Ghaeilge an t-ábhar is oiriúnaí do dhaltaí más fadhb léitheoireachta atá acu mar murab ionann agus Fraincis agus teangacha eile na hEorpa tá 50% de mharcanna an scrúduithe ag dul don scrúdú béil agus don chluastuiscint.

“Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon rud eisciachtúil faoin nGaeilge ná a thabharfadh le fios go mbíonn fadhbanna ar leith ag baint le foghlaim teanga amháin seachas teanga eile,” a dúirt Muireann Ní Mhóráin le Tuairisc.ie.

Tosaíodh ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge sa Roinn Oideachais ag deireadh na nóchaidí, breis agus cúig bliana dhéag ó shin.

San áireamh sna figiúirí thuas tá daltaí iarbhunscoile a rinne an Ardteistiméireacht, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta sna blianta 2012, 2013 agus 2014. Ní áirítear na daltaí a bhí ar an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG), scoláirí ar chúrsaí iar-Ardteistiméireachta ná scoláirí a bhí i mbun athscrúdú na hArdteistiméireachta.

Ceadaítear díolúine ón nGaeilge i sé chás;

  1. Sa chás go bhfuil míchumas foghlama ar leith ar an dalta sa mhéid is go dteipeann air na leibhéil a mbeifí ag súil lena mbaint amach sna bunscileanna teanga sa mhá
  2. Sa chás go bhfuil an dalta ar mhíchumas foghlama ginearálta de bharr mórbhaic mheabhracha agus go bhfuil teipthe air leibhéil shásúla a bhaint amach sna bunscileanna teanga sa mhá
  3. Sa chás go bhfuil an dalta ar mhíchumas foghlama ginearálta de bharr morbhaic céadfaigh agus go bhfuil teipthe air leibhéil shásúla a bhaint amach sna bunscileanna teanga sa mhá
  4. Sa chás gur ón gcoigrích an dalta agus nach mbeadh dóthain Béarla aige ag am an chláraithe, ní bheadh sé de dhuaglas air ach teanga amháin a fhoghlaim, Gaeilge nó Bé
  5. Sa chás go bhfuair an dalta a bhunoideachas i dTuaisceart Éireann nó taobh amuigh d’Éirinn go dtí go raibh sé 11 bliain d’aois
  6. Sa chás gur cláraíodh an dalta cheana féin mar dhalta aitheanta i mbunscoil nó i scoil dara leibhéal agus go mbeadh athchlárú á dhéanamh aige tar éis tréimhse thar lear.

http://tuairisc.ie/62-de-dhaltai-a-fuair-dioluine-on-ngaeilge-ag-foghlaim-teanga-eile/

‘Bualadh bos’ don Phríomhoide in áit ‘agóid’ i gColáiste Eoin

Eanáir 29, 2015

Mhínigh príomhoide na scoile Finín Máirtín, ag tionól na maidine i gColáiste Eoin, nár cuireadh ar ceal ceardlann ar an mbulaíocht homafóbach mar a tuairiscíodh inné.
Tuigtear do Tuairisc.ie gur bhuail daltaí Choláiste Eoin a mbosa ag deireadh thionól na maidine sa scoil inniu tar éis do Phríomhoide na scoile, Finín Máirtín, a mhíniú dóibh nár cuireadh ar ceal ceardlann ar an mbulaíocht homafóbach a bhí le reáchtáil sa scoil.

Mhínigh an príomhoide do na daltaí gur ar athló a cuireadh an cheardlann fad is a bhí nósanna imeachta á leanúint i dtaobh ceisteanna tuismitheoirí faoi reáchtáil na ceardlainne.

Dúirt sé go ngabhfadh an cheardlann ar aghaidh agus dúirt sé go raibh Coláiste Eoin tuisceanach do chách agus go ndéanann an scoil gach iarracht pobal scoile uileghabhálach a chur chun cinn.

Tuairiscíodh go forleathan inné agus inniu gur cuireadh ceardlann a a bhí le tabhairt ag ShoutOut, grúpa a chuireann i gcoinne na bulaíochta homafóbaí, do dhaltaí na hidirbhliana ar ceal toisc go rabhthas buartha nach raibh cothrom na féinne á thabhairt do chaon taobh den cheist.

I ráiteas a d’éisigh Coláiste Eoin, dúradh gur cuireadh cumarsáid scríofa ó roinnt tuismitheoirí faoi bhráid Bhord Bainistíochta na scoile a léirigh a n-imní faoin gceardlann.

“Sa chomhthéacs seo, bhí sé de dhualgas ar an mBord aghaidh a thabhairt ar na nithe uile a éiríonn agus comhairle dá réir a lorg ó na forais bainistíochta comhairliúcháin Chaitliceacha atá ar fáil do scoileanna.

“Déanadh soiléir ó thús do ShoutOut nach raibh an cheardlann a bhí socraithe á cur ar ceal agus ní fíor gur amhlaidh atá.”

Dúradh freisin go bhfuil sé i gceist ag Coláiste Eoin cuireadh a thabhairt do ShoutOut an cheardlann a reáchtáil sa scoil le linn na bliana acadúla seo agus gur reáchtáladh ceardlanna dá leithéid sa scoil cheana gan “agóid nó ábhar eile ina leith”.

Bhí scéalta ar na meáin inné freisin go n-eagródh daltaí Choláiste Eoin agóid inniu faoi scéal na ceardlainne, ach tuairiscítear anois nár tharla a leithéid.

www.tuairisc.ie

« Previous PageNext Page »