Méid an Téacs

Deiseanna do Ghaeilgeoirí agus níos mó le teacht

Márta 30, 2011

Tá deiseanna ann do Ghaeilgeoirí agus beidh amach anseo.

B’ shin an teachtaireacht a cuireadh in iúl do 270 dalta scoile a d’fhreastail ar an seimineár mar gheall ar ghairmeacha le Gaeilge a d’eagraigh An Chomhdháil i gCeatharlach ar 25 Márta. “Tá neart deiseanna ann agus tá feabhas mór tagtha ar an scéal le fiche bliain anuas”, dar le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir ar Chumann na bhFiann.  Labhair Emma Whitmore, oifigeach forbartha Gaeilge i gCeatharlach faoi na deiseanna a thug an Ghaeilge di nuair a bhí sí ina  hiriseoir.  “Bhí sé go mór ina bhuntáiste  mar bhí mé ábalta colúin a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla- agus bíonn scileanna mar seo an-luachmhar d’fhostóirí”,  a deir sí. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar bhuntáiste breise na Gaeilge ar fáil ar www.gaelport.com

Foinse

Deiseanna oibre le Gaeilge pléite i gCeatharlach

Márta 29, 2011

Tá deiseanna ann do Ghaeilgeoirí sa saol oibre agus beidh amach anseo. B’ shin an teachtaireacht a cuireadh in iúl do 270 dalta scoile a d’fhreastail ar an seimineár mar gheall ar ghairmeacha le Gaeilge a d’eagraigh An Chomhdháil i gCeatharlach ar 24 Márta.

D’fhreastail daltaí atá ó scoileanna ar fud oirdheisceart chúige Laighean ar an seimineár atá ag taisteal ó cheantar go ceantar  ó bhí 2008 ann.

“Tá neart deiseanna ann agus tá feabhas mór tagtha ar an scéal le fiche bliain anuas”, dar le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir ar Chumann na bhFiann. Mhol sé do na daltaí gach deis a thapú agus taithí oibre a lorg i láithreacha oibre lán-Ghaeilge  má tá suim acu sa Ghaeilge.

Mhol an t-imreoir camógaí ar fhoireann Phort Láirge, Mairéad Ní Mhurchú do na daltaí dul le gairm beatha a bhfuil spéis acu ann.

“ Is aoibhinn liom an Cumann Lúthchleas Gael mar sin ba mhór an deis a thug an Ghaeilge dom bheith ag obair mar léiritheoir ar chláir spóirt TG4”, a deir sí.

Tá Eibhlín de Paor ar aon tuairim le Máiréad. Tá Eibhlín ina hÁisitheoir Ealaíon i gCúige Mumhan agus deir sí go bhfuil go leor cúrsaí gur féidir a dhéanamh sna hollscoileanna anois trí Ghaeilge.

Labhair Emma Whitmore, oifigeach forbartha Gaeilge i gCeatharlach faoi na deiseanna a thug an Ghaeilge di nuair a bhí sí ag obair mar iriseoir. “ Bhí sé go mór ina bhuntáiste mar bhí mé ábalta colúin a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla- agus bíonn scileanna mar seo an-luachmhar d’fhostóirí”,  a deir sí.

Fáilte roimh ráiteas an Aire Oideachais agus Scileanna go mbunófar Fóram do Phátrúnacht agus Iolrachas

Márta 29, 2011

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh ráiteas an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, go mbunófar Fóram do Phátrúnacht agus Iolrachas ag an mbunleibhéal. Tá súil againn go dtabharfaidh an fóram seo deis dúinn dul i ngleic leis na saincheisteanna atá ann maidir le héileamh ar an ngaelscolaíocht agus an soláthar reatha. Is cúis dóchais dúinn go bhfuil éileamh ar na ngaelscolaíocht luaite go sonrach sa ráiteas agus tá sé tábhachtach go n-aithneofar gur sainmheon teanga atá i gceist leis an ngaelscolaíocht, agus go bhfreastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar na sainmheoin creidimh uile.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.  

Fóram do Phátrúnacht agus Iolrachas le bunú

Márta 29, 2011

Bunófar fóram do phátrúnacht agus iolrachas ag an mbunleibhéal agus cuirfear tús le hathbhreithniú ar phátrúnacht sna scoileanna roimh an Cháisc.

Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD le fios go reáchtálfar cruinnithe poiblí ar an gceist agus tugadh cuireadh do thrí eagraíocht déag páirt a ghlacadh sa phróiseas, Gaelscoileanna Teoranta agus An Foras Pátrúnachta ina measc.

Is é an Dr John Coolahan, Ollamh Emeritus Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad a bheidh mar chathaoirleach ar an bhfóram agus beidh an Dr. Caroline Hussey  iar-Chláraitheoir agus Uachtarán Ionaid na Coláiste hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Fionnuala Kilfeather, iar-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ar an gcoiste comhairleoireachta.

Chuir Gaelscoileanna Teo. fáilte roimh ráiteas an Aire inné. Deir Mícheal Ó Broin go bhfuil an eagraíocht sásta go mbeidh saincheisteanna a bhaineann le héileamh ar an ngaelscolaíocht le plé ag an bhfóram.

“Is cúis dóchais dúinn go bhfuil éileamh ar na ngaelscolaíocht luaite go sonrach sa ráiteas agus tá sé tábhachtach go n-aithneofar gur sainmheon teanga atá i gceist leis an ngaelscolaíocht, agus go bhfreastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar na sainmheoin creidimh uile”, a deir sé.

Ní bheidh an Roinn Oideachais ag tarraingt siar ar cheist an chóimheasa- Quinn

Márta 29, 2011

Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD le fios sa Dáil an tseachtain seo caite nach mbeidh an Roinn Oideachais ag tarraingt siar ón gcinneadh go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí i ngaelscoileanna na tíre ó Mheán Fómhair na bliana seo.

Chuir sé an milleán ar an rialtas deireanach mar gheall go raibh ciorruithe airgeadais le cur i bhfeidhm ag an Roinn. Thug an tAire le fios go gceaptar go gcaillfear 50 post i ngaelscoileanna san fhómhair.

Dúirt sé go ndéanfaí iarracht seirbhísí oideachais a chosaint ó na ciorruithe ach go mbeadh ar ghaelscoileanna mar aon le gach aon seirbhís eile glacadh le hacmhainní laghdaithe amach anseo.

Beidh an cóimheas sna gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí Bhéarla.  Tá Gaelscoileanna na tíre buartha faoi chinneadh na Roinne Oideachais go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí ó Mheán Fómhair na bliana seo.

“Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus do-ghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís ”, arsa Mícheal Ó Broin Uachtarán Gaelscoileanna Teo a sheol feachtas i gcoinne an chinnte le déanaí.

Dhá Ghaelscoil i measc na gcúig bhunscoil nua atá faofa ag an Roinn

Márta 29, 2011

Ach díomá ar Ghaelscoil an Chuilinn nach mbeidh siad ag oscailt i mbliana.

Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil an Roinn Oideachais i ndiaidh faomhadh a thabhairt do chúig bhunscoil nua in Éirinn, agus go bhfuil na scoileanna le hoscailt idir seo agus 2013. Tá na scoileanna go léir le bheith lonnaithe i gcrios comaitéireachta Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil méadú tapaidh ag teacht i gceantair áirithe ar an daonra óg, agus an-ghá le scoileanna nua.  Is iad Educate Together agus an Foras Pátrúnachta an dá phátrún a roghnaíodh chun na scoileanna a bhunú, agus tá dhá Ghaelscoil le bheith ann chomh maith le trí scoil eile.

Osclófar dhá scoil de chuid an Fhorais Pátrúnachta, ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i gContae na Mí. Beidh Educate Together ag oscailt trí scoil i mBaile Átha Cliath. Scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha a bheidh sna scoileanna ar fad, agus ní bheidh scoileanna Caitliceacha ar bith i gceist. Cé gur dea-nuacht é seo do go leor scoileanna, is cúis díomá é do scoileanna áirithe chomh maith. Ar cheann de na scoileanna seo tá Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí lucht na scoile seo ag súil le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2011 ach de réir an méid atá ráite ag an roinn, beidh orthu fanacht bliain eile. Deir Alison Carruth, Cathaoirleach ar Choiste Bunaithe na scoile,  go bhfuil siad sásta go mbeidh Gaelscoil sa cheantar ach tá díomá orthu go mbeidh orthu fanacht bliain eile sula n-osclófar an scoil.

“Táimid réidh leis an scoil a oscailt i mí Mheán Fómhair,” ar sí. “Ní thuigimid cén fáth nach bhfuil muid ar an liosta don bhliain seo. Táimid i ndiaidh dul ar ais go dtí an Foras Pátrúnachta agus iarraidh orthu soiléiriú a fháil ón Roinn ar an gceist seo. Táimid ag fiosrú an scéil agus tá an Foras ag feidhmiú ar ár son.” Deir Alison go raibh 37 páiste cláraithe sa scoil le tosú i nGaelscoil an Chuilinn i mí Mheán Fómhair 2011. Osclófar trí bhunscoil nua in 2011 agus dhá scoil eile i mí Mheán Fómhair 2012.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra

Cuairt Scoile – Bun Scoil Cholmcille agus Gaelscoil Adhamhnáin

Márta 28, 2011

Ar an Aoine 11ú de Feabhra 2011, tháinig P5 agus múinteoir Majella as Bhun Scoil Cholmcille,  Co. Dhoire ar chuairt go rang 3 Múinteoir Pól, i nGaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn.

Bhí lá gnóthach ann ó thús an lae go deiridh, lán d’imeachtaí, craic, cluichí agus comhrá tré mheán na Gaeilge.

Chuir na daltaí ón dá scoil aithne ae a chéile fríd chluichí boird a imirt, páirt a ghlacadh i dtráth na gceist sa halla, cluichí clóis taobh amuigh agus féasta deas ag deireadh.

Bhí na foirne meascaithe, idir bhuachaillí agus  cailíní ón dá scoil agus duaiseanna bronnta ar bhuaiteoirí na gcomórtais.

Seo an dara bliain  rinneadh an nasc idir an dá scoil, le cuidiú deontas na nGaelscoileanna agus tá nasc dearfach bunaithe
idir an Ghaelscoil agus Bunscoil Cholmcille anois.              

Thug Rang múinteoir Majella cuireadh do Ghaelscoil Adhamhnáin go Doire i rith seachtain na Gaeilge. Thug muid cuairt orthu ar 15ú de Mhárta 2011. Bhí lá galanta ann agus chaith muid mhór chuid an lae amuigh ag súgradh cluichí, ina measc bhí triail mata ar fud clos na scoile, tráth na gceist, ceilí mór sa halla agus coisir.

Thaitin an lá go mór le na páistí ar fad.

Child not read to at bedtime is ‘abused’, says Quinn

Márta 28, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Time to drop Irish as core subject

Márta 28, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ag triall ar chraobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta!

Márta 28, 2011

Beidh ceoltóirí óga ó cheann ceann na tíre ag triall ar an gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an *Domhnach, 10 Aibreán*, chun páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas *SIANSA GAEL LINN 2011*.  

Is é seo buaicphointe na bliana den chomórtas seo do ghrúpaí ceoil traidisiúnta atá á reáchtáil ag Gael Linn ó 2001 i leith,  le tacaíocht ó Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.

‘Is í an aidhm a bhí againn agus muid ag tosú amach deich mbliana ó shin ná dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige’, a deir Niamh de Búrca, riarthóir Siansa Gael Linn, ‘agus sílim go bhfuil seo á bhaint amach againn. Tá ardú tagtha ar líon na ngrúpaí a bhíonn rannpháirteach bliain i ndiaidh bliana.’

Beidh 8 ngrúpa ar fad páirteach sa Chraobh: ó *Cho. Ard Mhacha –** ‘Crua’, Port an Dúnáin; ó Shligeach – ‘Teaspach’, An Scoil Ghraiméir; ó Cho. Thiobraid Árann –‘Súgach’, Dúrlas; ó Cho. Bhaile Átha Cliath – ‘Buille Lughadha’, Baile na Manach agus ‘Cibé’, Ráth Éanaigh; ó Cho. an Chláir – ‘Faoiseamh’, An Ruán; ó Luimneach – ‘Éile’, Laurel Hill Coláiste FCJ agus ó Cho. Phort Láirge – ‘Dílse’, An Trá Mhór.  *Ina measc, tá idir grúpaí ceoil scoile agus cairde a tháinig le chéile mar ghrúpa go speisialta don chomórtas seo.  Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta atá cóirithe go speisialta acu, agus beidh amhráin Gaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.

D’éirigh leis na hocht ngrúpa seo cáiliú trí dhá réamhbhabhta den chomórtas chun áit a ghnóthú sa Chraobh.   

« Previous PageNext Page »