Méid an Téacs

Cruinniú Poiblí maidir le Gaelcholáiste an Phiarsaigh, scoil nua i nDún Droma

Feabhra 27, 2013

Eagrófar cruinniú poiblí ar an Déardaoin, 14 Márta 2013, in Óstán Bewleys, Baile na Lobhar faoi oscailt an Ghaelcholáiste nua, Gaelcholáiste an Phiarsaigh i mí Mheán Fómhair 2014.

Dar le Cathaoirleach an ghrúpa bhunaithe, Lorcán Mac Gabhann, “is cúis cheiliúrtha dúinn uilig í gur cheadaigh An Roinn Oideachais agus Scileanna Gaelcholáiste nua, faoi phá­­trúnacht Fhoras Pátrúnacht na Scoileanna lán-Ghaeilge, a fhreastalóidh ar Dhún Droma agus na ceantair mór thimpeall air do na blianta fada amach romhainn.”

Tá éileamh fíorard ar an hIar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge reatha i mórcheantar dheisceart Átha Cliath. Bainfidh bunú Ghaelcholáiste an Phiarsaigh an brú ollmhór atá ar na scoileanna sin agus freastalóidh sé ar na daltaí sin nach bhfuil áit iontu dóibh.

Chuir an tUas Mac Gabhann in iúl, “go mbeidh deis ag tuismitheoirí teacht ag an gcruinniú poiblí ar an 14 Márta 2013, áit go mbeidh siad in ann éisteacht le hurlabhraithe éagsúla a dhéanfaidh cur síos ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar thodhchaí Ghaelcholáiste an Phiarsaigh. Beidh deis, freisin, foirm chlárúcháin a fháil ag an gcruinniú.”

http://www.gaelcholaiste.com/nua/

Contracts signed for purchase of Gaelscoil de hÍde site

Feabhra 27, 2013

The new Gaelscoil de hÍde at Oranmore has taken a major step towards becoming a reality after contracts were signed for the purchase of a site.

The acquisition of land for the school finally cleared the way for the project to advance. The purchase of the site was the main stumbling block in delaying the new building. Gaelscoil de hÍde was included in the Department of Education’s five-year building programme last March and it was envisaged that construction would commence on the project in 2015.
The proposed new school will be a 16- classroom national school, with a two-class special needs unit, and ancillary accommodation with a general purpose room. The developers are now in the process of signing the contracts and it is expected this will be completed by March 16. Outline planning permission has already been granted.
The next step is the design stage and an application for full planning permission. Gaelscoil de hÍde currently has almost 300 pupils and 20 staff, all of whom are housed in temporary accommodation with no playground space or other resource facilities.
The cost of renting the pre-fab accommodation amounts to €200,000 a year. The news has been welcomed by Galway West TDs Independent Noel Grealish and Fine Gael’s Brian Walsh. The acquisition of the site for the new school has cleared the way for development to be fasttracked,” said Dep Walsh. “I have made this case directly to the Minister for Education.”

www.advertiser.ie/galway

Teorainn ar fhás na meánscolaíochta ó Thuaidh?

Feabhra 27, 2013

Scoilteanna Idé-eolaíocha, bacanna á gcur ar iarrachtaí scoileanna néamhspleacha á mbhunú, sruthanna á mbunú i meánscoileanna Béarla; ní bheidh ann sa deireadh leis an meánscolaíocht lán-Ghaeilge ach eireaball ruball ar an chorás Bhéarla?

Níl aon amhras ach go bhfuil fás na meánscolaíochta i bhfad taobh thiar den fhorbairt atá tagtha ar an Ghaeloideachas ag leibhéal bunscoile agus naíscoile.Faoi láthair is é Coláiste Feirste, i mBéal Feirste, an t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge ‘saor scartha’ ó Thuaidh, a bhfuil 541 dalta ag freastal uirthi. Go dtí seo, tá teip ar dhá iarracht meánscoil neamhspleách lán-Ghaeilge a bhunú i nDoire agus i dTír Eoghain.

Tá trí mheánscoil aitheanta ag an Roinn Oideachais mar shruthanna san am i láthair, a chuireann roinnt ábhar ar fáil trí mheán na Gaeilge; Coláiste Chaitríona in Ard Mhaca, Scoil Iósaef i dTír Eoghain agus Ardscoil Mhaolmhaodhóg i gCo. an Dúin. Ó 2005, tá Coláiste Phádraig i gCo. Dhoire ag cur roinnt ábhar ar fáil trí mheán na Gaeilge chomh maith, gan aon aitheantas ón Roinn Oideachais.

De réir figiúirí atá bailithe ag Gaelscéal, tá 256 dalta ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge i roinnt ábhar ón chéad bhliain suas go dtí an cúigiú bliain i sruthanna sna Sé Chontae. Tá soláthar níos leithne ar fáil do dhaltaí ón chéad bhliain suas go dtí an tríú bliain (‘Eochair Chéim’ 3), le 5-10 n-ábhar/35-65% á chur ar fáil i nGaeilge, ag brath ar an scoil ar leith. Cuirtear deich n-ábhar go dtí an triú bhliana agus ceithre ábhar ar fáil ag leibhéal GCSE i gColáiste Chaitríona, an t-aon sruth a chuireann oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil ag leibhéal GCSE.
Bunaíodh an sruth i gColáiste Caitríona in 2002 agus tá 144 dalta cláraithe ann faoi láthair, an sruth is mó ó thaobh líon na ndaltaí de agus na n-ábhar a dhéantar trí mheán na Gaeilge. Cé go gcuireann an Roinn Oideachais síos ar Choláiste Chaitríona mar ‘shruth’, aithnítear mar ‘aonad’ é go coitianta, mar go bhfuil a ionad féin aige atá scoilte amach ón mháthairscoil, rud nach bhfuil amhlaidh i gcás na sruthanna eile.
Cuireadh tús leis an sruth Scoil Iósaef in 2010 agus tá an sruth in Ardscoil Mhaolmhaodhóg ag feidhmiú ó 2011. Tá Coláiste Phádraig ag reáchtáil sruth Gaeilge le hocht mbliana anuas, ach gan aitheantas níl d’acmhainn ag an scoil aon soláthar a chur ar fáil ag leibhéal GCSE. Níl sólathar ar bith sna haonaid Ghaeilge ar mhaithe le hábhar A-Leibhéal.

“Gan aitheantas ní féidir linn ach soláthar oideachais teoranta a chur ar fáil. Go dtí go bhfaighidh muid aitheantas ní thig linn múinteoirí eile a fhostú chun cur leis na hábhar atá ar fáil i nGaeilge,” a dúirt Rónán Ó Dónaill, múinteoir Gaeilge atá i bhfeighil an tsrutha i gColáiste Phádraig.

Dar le Seamús Mac Seáin, gníomhaire teanga iomráiteach as Béal Feirste, tá sruthanna ag cur “sceach i mbéal bearna” agus tá siad “le moladh go mór as roinnt ábhar a chur ar fáil i nGaeilge.”

Ach, maíonn sé gur “mór an difear idir sin agus coláiste cosúil le Coláiste Feirste”, a bhfuil 26 ábhar ar fáil suas go dtí leibhéal GCSE agus 19 ábhar ag A-Leibhéal, iad uilig trí mheán na Gaeilge.
Creideann Tomás Ó Donnghaile, duine de bhunaitheoirí Mheánscoil Dhoire, meánscoil a bhí ag feidhmiú idir 1994-2006, go bhfuil sé soiléir nach bhfuil ag éirí le polasaí Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus go bhfuil easnaimh mór ann maidir leis an bhfreastal atá á dhéanamh ar pháistí gaelscoile, “a bheas i gcónaí ag bogadh i dtreo oideachais darna leibhéal.”
I ráiteas a chuir Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) chuig Gaelscéal dúradh : “Aithníonn CnaG gur an soláthar saor scartha an múnla is oiriúnaí faoi láthair go fadtréimhseach agus go mbunaítear múnlaí scoile ag gach leibhéal de réir éilimh agus de réir an mhúnla is cirte scoile don cheantar.” “Tá CnaG aontaithe ar ‘phrótacail chun sruthanna iar-bhunscolaíochta a fhorbairt ina scoileanna saor scartha. Tabharfar faoi seo i gceantair a bhfuil sruthanna ann ag an iarbhunleibhéal.’
Ach tá cuid mhór deacrachtaí a bhaineann le sruthanna agus aonaid, dar le Tomás Ó Donghaile, mar go mbíonn siad ag brath go mór ar an mháthairscoil Béarla.

“I dtaca le mo thaithí féin, tá an polasaí mícheart in úsáid. Is céad chúram na máthairscoileanna Béarla forbairt agus fás á scoileanna féin. Is guth beag fann a bheadh ag urlabhraí an aonaid Gaeilge i dtaca le pleanáil, forbairt agus caiteachas maoine, i measc bhord gobharnóirí na máthairscoile.”

Tá taithí praiticiúl ag Ó Donghaile ar an mhéid sin agus é lárnach sna hiarrachtaí chun Meánscoil Dhoire a fhorbairt. Bunaíodh Meánscoil Dhoire in 1994, le hiarrachtaí tuismitheoirí, agus bhí sí ag feidhmiú gan aitheantas ar feadh sé bliana. Sa bhliain 2000, bhronn an Roinn Oideachais aitheantas agus maoin ar an scoil ar acht go rachadh an scoil faoi bhainistíocht Mheánscoil Bhríde, scoil áitiúl a raibh aitheantas aici cheana. Bhí 51 dalta cláraithe leis an sruth a bhí ag feidhmiú i Meánscoil Bhríde i 2002 agus in 2006, d’fhogair bord bainistíochta na scoile nach mbeadh siad ag glacadh le daltaí don sruth.

Chomh maith leis na fadhbanna a bhaineann leis an bhainistiú, tá laigí ag na haonaid ó thaobh na Ghaeilge a fhorbairt mar ghnáth-theanga labhartha. Tá sé ráite ag Muireann Ní Mhóráin as COGG, “ní éiríonn le haonaid, (seachas nuair a bhíonn siad scoite amach ón mháthair-scoil) ná le sruthanna oideachas Gaeilge agus tá teipthe ar aonaid agus sruthanna thar na blianta.

“Ní bhíonn iontu i ndeireadh an lae ach grúpa faoi leith daltaí a dtagann múinteoirí chucu á dteagasc trí Ghaeilge ach feidhmíonn an scoil trí mheán an Bhéarla – an príomhoide go minic gan Gaeilge, oifig riaracháin, fógraí ar challaire, ceaintín, foirne peile agus a leithéid. Dá bharr sin, ní bhíonn aon Ghaeilge, de ghnáth, thar tairseach na seomraí ranga.”

Tá taighde díreach coimisiúnaithe ag COGG agus Comhairle na Gaelscolaíochta agus Foras na Gaeilge ar ábhar bainteach leis seo – ar sholáthar oideachas trí Ghaeilge sna múnlaí éagsúla – scoil neamhspleách, aonad nó sruth.

Sainmhíniú ar mhúnlaí scoile ó Chomhairle na Gaelscolaíochta

– Scoileanna lán-Ghaeilge Saorscartha: idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna: Is í an aidhm atá acu ná suíomh lántumtha a sholáthar do na páistí nach máthairtheanga an Ghaeilge dóibh, de réir mar a thugtar oideachas dóibh, mar a fhásann siad agus mar a fhorbraíonn siad.

– Aonaid lán-Ghaeilge ag bunscoileanna: Bíonn na cinn seo ceangailte le scoil lán-Bhéarla óstach, go tipiciúil nuair nach mbíonn go leor daltaí ann chun scoil neamhspleách a bhunú. Is í an aidhm atá acu seo fosta ná eispéireas an tumoideachais a sholáthar do pháistí nach bhfuil an Ghaeilge ina máthairtheanga acu, agus an teagasc go léir san aonad á dhéanamh trí mheán na Gaeilge de ghnáth.

– Sruthanna lán-Ghaeilge ag iar-bhunscoileanna lán-Bhéarla: Sa socrú seo foghlaimíonn grúpa daltaí cuid dá n-ábhair trí mheán na Gaeilge, agus cuid eile trí mheán an Bhéarla. Is cur chuige páirt-thumtha é seo do phaistí nach bhfuil an Ghaeilge ina máthairtheanga acu a aistríonn ó sholáthar na gaelscolaíochta.

www.gaelsceal.ie

Paráid na Féile Pádraig i gCeatharlach

Feabhra 27, 2013

Tá na socruithe don mhórshiúl ar Lá le Pádraig i mbaile Cheatharlach fógartha agus beifear ag súil le tacaíocht agus rannpháirtíocht forleathan i mbliana.

Tionólfar na rannpháirtithe ag 2.30i.n. agus cuirfear tús leis an mórshiúl ag 3.30i.n. Baileoidh na coisithe le chéile i gcarrchlós Penneys agus is ar Shráid na Boirne a dhéanfaidh na flótaí scuaine réidh don mhórshiúl. Iarrtar ar scoileanna, clubanna spóirt, grúpaí rince agus drámaíochta, eagrais dheonacha agus an lucht gnó tacú leis an bparáid agus páirt a ghlacadh sa chomóradh. ‘Sé téama na bliana seo ná Ceiliúradh Cheatharlach 2013 agus faoin téama áirithe seo luaitear an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, Ceatharlach 800 agus Tóstal 2013. Beidh Banna na bPíobairí Ghleann Uisean ag soláthar ceoil . Siúlfaidh na Comhairleoirí áitiúla ag ceann na paráide agus ní bheidh aon seastán athbhreithnithe ann.

Mar sin le cinntiú go mbeidh mórshiúl den scoth ag baile Cheatharlach i mbliana cuirfear fáilte roimh gach tacaíocht. Iarrtar ar ghrúpaí clárú gan mhoill agus roimh an Luan, 11ú Márta ar a dhéanaí. Tá foirmeacha ar fáil ó Halla an Bhaile agus is féidir gach eolas a fháil ach glaoch ar 087 2857048.

www.carlow-nationalist.ie

Féile Drámaíochta na mBunscoileanna i gCeatharlach

Feabhra 27, 2013

Eagróidh Glór Cheatharlach Féile Drámaíochta do Bhunscoileanna in amhraclann G.B. Shaw ar an Mháirt, 12ú Márta i rith Sheachtain na Gaeilge.

Tá cuireadh tugtha do mhúinteoirí agus bunscoileanna uile timpeall an chontae drámaí a ullmhú agus a léiriú ar an stáitse ar an lá. Tá roinnt mhaith drámaí cláraithe cheana féin agus páistí i mbun cleachtaidh. Is cinnte go mbeidh sceitimíní ar na daltaí agus iad i mbun aisteoireachta ar stáitse na hamharclainne. Taispeántas a bhíonn i gceist san fhéile drámaíochta gach bliain leis an mbéim ar spraoi agus siamsaíocht seachas ar iomaíocht. Ní bhíonn comórtas ná duaiseanna san áireamh. Tá an ócáid oscailte do rang ar bith ó naíonaín bheaga go rang a sé. Is i rith am scoile a bheidh an fhéile ar siúl agus beidh fáilte roimh lucht féachana. Cead isteach saor. Tá gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Glór Cheatharlach ach glaoch ar 059 9158105, 085 1340047 nó rphost a sheoladh chuig eolas@glorcheatharlach.ie

www.carlow-nationalist.ie

An Mhí le Gaeilge

Feabhra 27, 2013

Tháinig grúpa le chéile Déardaoin seo caite ar an Uaimh, i gCo. na Mí chun cur chun cinn na Gaeilge sa chontae a phlé.

Faoi Chathaoirleacht an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Peadar Tóibín TD, leag an cruinniú amach na céimeanna a chonacthas dóibh ar cheart a ghlacadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an chontae.
Bhí idir eagrais Ghaeilge, ionadaithe poiblí, lucht comharchumainn, agus ionadaithe ó naíonraí áitiúla i measc an ghrúpa a bhí i láthair. Leagadh an-bhéim ar an oíche ar an infreastruchtúr teanga atá sa cheantar cheana féin, idir clubanna de chuid Chumann na bhFiann, naíonraí, gaelscoileanna, dhá cheantar Gaeltachta, agus craobhacha d’eagrais náisiúnta Gaeilge.
Pléadh comharthaíocht bóthair sa chontae, mar aon leis na deiseanna atá anois ar fáil do cheantair éagsúla chun stádas mar Ghréasán Gaeilge a bhaint amach faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Chuir an cruinniú romhaibh ócáid a eagrú go luath chun na dreamanna éagsúla atá ag plé leis an nGaeilge ar fud an chontae, bíodh sin sa CLG, sa chomhairle contae, san earnáil oideachais, nó trí ghrúpaí pobail a eagraíonn ciorcail chomhrá go rialta a tharraingt le chéile ionas gur féidir na deiseanna comhoibrithe eatarthu a phlé.
Tá tréimhse caite ag an Teachta Dála Tóibín ar Chomhairle Contae na Mí agus is iar-leasMhéara é ar an Uaimh, a bhaile dúchais féin. Deir sé féin go dteastaíonn uaidh go ndéanfai “na hiarrachtaí atá ar siúl i measc an phobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn a chomhordú, le bheith cinnte go bhfuil gach dream ag comhoibriú lena chéile, chun cur le héifeacht na hiarrachta ar fud an chontae.”

Foilsithe ar Gaelport.com

Cruinnithe maidir le Cuíchóiriú na hEarnála deonaí Gaeilge

Feabhra 27, 2013

Tá cruinnithe á reáchtáil ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo leis na heagrais bhunmhaoinithe Ghaeilge maidir le cuíchóiriú na hearnála deonaí.

Sa litir atá seolta ag an bhForas chuig bainistíocht na n-eagraíochtaí, deirtear gur mian le Foras na Gaeilge go bpléifí na “féidearthachtaí éagsúla a bhaineann leis an phróiseas athbhreithnithe” agus gur mian leo plé a dhéanamh ar shocruithe do thodhchaí na n-eagras tar éis 30 Meitheamh 2013, nuair a thiocfaidh deireadh leis an mbabhta maoinithe reatha.
Reáchtálfar cruinnithe le heagrais éagsúla bunaithe ar na téamaí a leanas: áiseanna don ghaelscolaíocht; feasacht agus cosaint teanga agus ionadaíocht leis na húdaráis stáit; imeachtaí a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasáin úsáide; forbairt phobail; forbairt deiseanna úsáide agus gréasáin úsáide do dhaoine óga; raidió pobail; gaeloideachas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lánGhaeilge and oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile.
Deirtear sa litir go bhfuil plécháipéis tiomsaithe ag an bhForas atá bunaithe ar thosaíochta atá luaite i gcáipéisí éagsúla ina measc an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, Plean Gnó Fhoras na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Líofa 2015 agus an dréacht-straitéis don Ghaeilge ó thuaidh i measc cáipéisí eile.
Luaitear go bhfuil treoir faighte ó na Ranna go bhfuil siad tiomanta de bheith ag iarraidh cuíchóiriú a chur i bhfeidhm agus gur mhaith leo cuíchóiriú a chur i bhfeidhm ar an gcur chuige reatha maoinithe.
Pléadh togra nua Fhoras na Gaeilge maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Nollaig 2012.
Bhuail an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan TD agus Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín MLA agus leis an Aire Sóisearach Jonathan Bell MLA ag cruinniú d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha.
Níor tháinig an CATT ar aon réiteach agus cuireadh an cinneadh ar athló go dtí an chéad chruinniú eile a reáchtálfar san earrach.
Luadh sa litir chuig ceannasaithe na n-eagras go dtuigtear d’Fhoras na Gaeilge go mbeidh ciorrú de 6% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge do 2013 ón mbuiséad a bhí ar fáil dóibh in 2012. Tá iarrtha ag na ranna ar Fhoras na Gaeilge an ciorrú seo a chur i bhfeidhm san ollbhuiséad a chuirtear ar fáil le haghaidh bunmhaoiniu.
Ba í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a thug an treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge sa bhliain 2009.

Foilsithe ar Gaelport.com

Moltaí an Phobail ó Thóstal na Gaeilge 2013

Feabhra 27, 2013

Tugadh an deis don phobal a dtuairimí maidir le cur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus beartas an rialtais don Ghaeilge a phlé ag Tóstal na Gaeilge, 16 Feabhra 2013.

‘Beart de réir Biathair’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana agus bhí saincheisteanna reatha na Gaeilge idir chamáin ag polaiteoirí, ag saineolaithe sa phleanáil teanga, ag ionadaithe an státchórais, agus ag pobal na Gaeilge le linn trí sheisiún plé a reáchtáladh le linn an Tóstail.

“Ag an Tóstal, d’iarr an pobal ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a gcás a chur faoi bhráid na nÚdarás agus dá bhrí sin lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD, le hAire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD agus le hOifigigh sinsearacha sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta”, a dúirt Stiúrthóir na Comhdhála Kevin De Barra.

Ag eascairt as an bplé maidir leis na heasnaimh atá ann i bpolasaí oideachais Gaeltachta na Roinne Oideachais agus Scileanna, lorgófar cruinniú práinneach leis an Aire Oideachais Ruairí Quinn TD go luath.

“Tá an deis anois ag an Rialtas freagra a thabhairt ar an mbuairt atá léirithe ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge agus ceannasaíocht a léiriú le forfheidhmiú an phróisis pleanála ar bhealach oscailte, cuimsitheach agus daonlathach”, dar le Kevin De Barra.

Is iad seo a leanas na moltaí a tháinig chun cinn ag Tóstal na Gaeilge 2013.

Oideachas Gaeltachta

  • Moltar go bhfeidhmeodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) mar shatailít ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar fáil chun comhairle a chur ar fáil, ach ag feidhmiú go neamhspleách, agus go hiomlán trí Ghaeilge.
  • Moltar go mbeidh buiséad COGG imfhálaithe, agus nach mbeidh aon smacht ag an CNCM ar an mbuiséad sin.
  • Moltar go gcuirfeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna polasaí oideachais sainiúil ar fáil do scoileanna Gaeltachta.
  • Moltar tacaíochtaí a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta chun córas an tumoideachais a chur i bhfeidhm iontu.

Tacaíocht do thuismitheoirí

  • Moltar go gcuirfí deiseanna sóisialta trí Ghaeilge ar fáil do pháistí agus do thuismitheoirí, agus go gcuirfí maoiniú ar fáil chuige seo.
  • Moltar go dtógfaí ar thacaíochtaí reatha ar nós an scéim “Tús Maith” i gCorca Dhuibhne.
  • Moltar go gcuirfí breis eolais ar fáil don phobal maidir leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh agus ról an phobail sa chlár seo.
  • Moltar go ndéanfar athbhreithniú ar an mbileog eolais agus ar an bpacáiste eolais atá ar fáil faoi láthair, agus go ndéanfaí cinnte go bhfuil eolas ábhartha ar fáil do thuismitheoirí, agus go bhfuil an t-eolas seo ar fáil go héasca.
  • Moltar go soiléireofaí na spriocanna a bhaineann leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

  • Moltar go ngabhfaí i ngleic leis an malairt tuairime atá ann idir an pobal agus an Stát maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
  • Moltar go ndéanfaí céimeanna forfheidhmithe na Straitéise a shoiléiriú agus go bhfógrófaí na mionsonraí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo.
  • Moltar go gcuirfí eolas rialta ar fáil don phobal maidir le cinntí na nGrúpaí Ardleibhéil.
  • Moltar go dtabharfaí ról níos láidre don phobal agus d’earnáil dheonach na Gaeilge i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain.
  • An Próiseas Pleanála Teanga
  • Moladh go gcuideodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus earnáil dheonach na Gaeilge trí chéile le hÚdarás na Gaeltachta agus le heagrais phobail maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain.
  • Moladh go soiléireofaí ról Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa Phróiseas Pleanála Teanga.
  • Moladh go gcuirfí an maoiniú agus an tacaíocht chuí ar fáil d’eagrais phobail le go mbeidh sé ar a gcumas tabhairt faoin bPróiseas Pleanála Teanga mar is ceart.

Cearta Teanga

  • Moladh go ndéanfaí torthaí an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhógairt láithreach.
  • Moladh tacaíocht a chur ar fáil do ról Oifig an Choimisinéara Teanga.
  • Moladh go gcaomhnófaí na cearta teanga a sonraíocht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi Bhunreacht na hÉireann mar aon leis na cearta a sonraíodh sa Chúirt Uachtarach i gCás Uí Bheoláin.

Earnáil Dheonach na Gaeilge

  • Moltar go nglacfaí seilbh ar cheisteanna maoinithe na hearnála deonaí agus go dtabharfaí gach tacaíocht don infreastruchtúr teanga reatha.
  • Moladh go mbeadh plé oscailte idir na geallsealbhóirí uile, Rialtais, Státchórais, Eagrais, agus pobal na Gaeilge chun teacht ar an modh is éifeachtaí chun earnáil na Gaeilge a neartú, ní a scrios.

Foilsithe ar Gaelport.com

Mí na Gaeilge i gCorcaigh

Feabhra 27, 2013

Beidh roinnt imeachtaí ar súil in Ionad Ghael-Taca agus timpeall na Cathrach le linn mhí Mhárta 2013 chun mí na Gaeilge a cheiliúradh agus Bliain na Gaeilge linn i mbliana beidh neart imeachtaí éagsúla ar siúl.

Seo hiad na himeachtaí atá socruithe do mhí na Gaeilge i gCorcaigh agus tá réimse leathan d’ imeachtaí i gceist atá feiliúnach do shean agus óg.
Dé hAoine 1 Márta: Seoladh Mí na Gaeilge @ 5.30 i.n.
Seoladh Oifigiúil –taobh amuigh d’ionad Ghael-Taca ar Phort Uí Shuilleabháin.
Dé Céadaoin 6 Márta: Iontas Gaeilge @ 1.30 i.n.
Bígí ag faire amach d’Iontas Gaeilge i gCathair Chorcaí, má tá sibh timpeall Shráid Phádraig ag an am sin!

Déardaoin 7 Márta: Cath na mBannaí @ 8.00 i.n.
Beidh “Cath na mBannaí” ar siúl san Oliver Plunkett Bar, comórtas ceoil ina mbeidh daltaí meánscoile agus daltaí ollscoile ag glacadh páirt. Beidh ceol agus craic againn! Má tá sibh faoi 18 bliain d’aois, caithfidh duine fásta a bheith leat.
Dé hAoine 8 Márta: Scannánaíocht Ghaeilge @ 7.30 i.n.
Bígí linn do thaispeántas scannán as Gaeilge in Ionad Ghael-Taca le Tadhg Ó Cruadhlaoich. Tá ceithre ghearrscannán le feiceáil agus beidh sóláistí ar fáil ar an oíche.

Dé Luain 11 Márta: Léacht le Cian Ó Sé @ 7.30. i.n.
Léacht ar Stair Chuan Chorcaí ar siúl in Ionad Ghael-Taca. Beidh sóláistí ar fáil ar an oíche.

Dé Máirt 12 Márta: Seisiún Tradcheoil @ 12.00 i.n.
Tá fáilte roimh gach saghas ceoltóra chun teacht chuig an seisiún seo in Ionad Ghael-Taca. Táimid ag súil le craic agus ceol agus beidh sóláistí ar fáil freisin.

Dé Máirt 12 Márta: Fáilte Isteach @ 7.00 i.n.
Scéalaíocht agus ceol i Leabharlann na Cathrach.

Dé Domhnaigh 17 Márta: Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig @ 12.00 i.n.
Beidh Gael-Taca ag glacadh páirte mar ghuth na Gaeilge– bígí ag faire amach!!

Dé Céadaoin 20 Márta: Tráth na gCeist Boird @ 6.30 i.n.
Tráth na gCeist Boird do dhaltaí meánscoile i gCorcaigh. Beidh sé ar siúl in Óstán an Ambassador i gCathair Chorcaí.

Déardaoin 21 Márta: Speed-Dating as Gaeilge @ 8.00 i.n.
Oíche Rómánsúil in Ionad Ghael-Taca le “Champagne Reception” , caint ‘s comhrá, seans chun bualadh le daoine nua.

Dé hAoine 22 Márta: Teacht le chéile Ciorcail Chomhrá na Cathrach @ 7.00 i.n.
Beimid ag ceiliúradh teanga na Gaeilge le chéile in Ionad Ghael-Taca le cáis, fíon, ceol ‘s craic!

Dé Sathairn 23 Márta: Lá na bPáistí @ 2.00 i.n. – 4.00 i.n.
Ionad: Gael-Taca. Beidh péinteáil aghaidhe, scéalta Gaeilge, cartúin Ghaeilge agus tuilleadh. Tráthnóna lán le spraoi do leanaí.

Dé Céadaoin 27 Márta: Seoladh Plean Gníomhach 5 Bliain le “Saol ó Dheas” ar RnaG @ 12.00 i.n Beidh Raidió na Gaeltachta ag dul amach beo anseo ó Ionad Ghael-Taca agus sinn ag seoladh ár bPlean Gníomhach 5 Bliain. Bígí linn nó bígí ag éisteacht le “Saol ó dheas” ar a 12.00 i.n. ar an lá seo ar Raidió na Gaeltachta.

Dé Sathairn 6 Aibreán: Lá bailiúcháin Ghael-Taca Beidh Gael-Taca ag bailiú airgead ar an lá sin timpeall na cathrach.
Le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.

Bíonn neart ranganna agus imeachtaí Gaeilge á reáchtáil ag Gael Taca i gCorcaigh i rith na bliana.

Tuilleadh eolais:
Gael-Taca,
22 Port Uí Shuilleabháin,
Corcaigh
T: 021 431 0841

Seachtain na Gaeilge i gCathair an Chultúir

Feabhra 27, 2013

Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn agus tá Doire – Cathair Chultúir 2013 – réidh le gach rud atá Gaelach a cheiliúradh le clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a bheas ar siúl ón 1 go dtí 17 Márta 2013.

Ceiliúrtar Seachtain na Gaeilge ag pobail ar fud fad oileán na hÉireann agus tá féile 2013 speisialta mar gur Bliain na Gaeilge í 2013, bliain ina mbeidh imeachtaí Gaeilge á gcur ar fáil i rith na bliana ar fud an oileáin.
Tosaíonn Seachtain na Gaeilge i nDoire le hÉigse Cholm Cille, imeacht bliantúil de chuid Ollscoil UIadh (Campas Mhig Aoidh) a chíorann stair litríocht na Gaeilge. Beidh Éigse 2013 ar siúl ar an Aoine 1ú agus an Satharn 2ú Márta agus i mbliana, déanfaidh na cainteoirí an téama ‘An Ghaeilge san Oileán Úr’ a thaiscéaladh.
I measc na léachtaí a bheas ar chlár na hÉigse, tá ‘Iriseoireacht na Gaeilge san Oileán úr’ agus ‘Stair na Gaeilge mar ábhar ollscoile sna Stáit Aontaithe’.

Is é buaicimeacht Sheachtain na Gaeilge do pháistí é Féile Bheag na Leabhar atá arna eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le féile Humdinger! le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is é seo an chéad fhéile leabhar agus scéalaíochta na Gaeilge do pháistí a tharla sa chathair agus ritheann an fhéile ón Déardaoin 7 go dtí an Satharn an 9 Márta le réimse imeachtaí léitheoireachta agus scéalaíochta do pháistí de gach aois.

Ar an chlár beidh imeacht le Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh le scéalaí iomráiteach Chonallach Gearóidín Bhreathnach; seisiún finscéalta agus fabhalscéalta athshamhlaithe do chluasa óga leis an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh, agus seoladh an leabhair bhig ghleoite ‘Déanann Rosie Réidh’ a scríobhadh agus a maisíodh ag ealaíontóir áitiúil Trisha Deery. Beidh Aonach Leabhar Gaeilge ar fáil i rith na féile.

Ón 11-13 Márta beidh Scéim an Fháinne á tairiscint ag Cultúrlann Uí Chanáin le deis a thabhairt dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge sa chathair agus sa dúiche fáinne airgid nó fáinne óir a bhaint amach trí scrúdú béil a dhéanamh. Beidh Bronnadh na bhFáinní ar siúl ag imeacht speisialta ar an Déardaoin 16 Márta ag a mbeidh Méara na Cathrach, an Comhairleoir Caoimhín Mac Cathmhaoil ag bronnadh teastas agus fáinní dóibh siúd ar éirigh leo cúrsaí Gaeilge a bhaint amach agus ar éirigh leo sna scrúduithe béil.
Tugtar fáilte do phobal na Gaeilge ar fad bheith linn sa chathair ar an Satharn 16ú Márta le Lá na Gaeilge a cheiliúradh, imeacht de chuid Thionscnamh an Mhéara, ag a mbeidh Cearnóg Halla na Cathrach beo leis an Ghaeilge agus an Chultúr Gaelach! Beidh ceol agus amhránaíocht ón ardán, léirithe ónár nGaelscoileanna, seastáin eolais faoin Ghaeilge, ceardlanna ealaíne agus ceirde, Céilí Mór faoin spéir agus Margadh na Cathrach Múrtha ag díol gach cineál bia agus dí ar an lá.
Fáilte roimh chách!
Críochnaíonn Seachtain na Gaeilge ar an Domhnach an 17ú Márta le Carnabhal bliantúil Lá Fhéile Pádraig agus tá breis eolais faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid dár bhFéile Earraigh ar fáil trí chuairt a thabhairt ar www.derrycity.gov.uk/stpatricksday
Bí ar an eolas is déanaí faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge trí shúil a chaitheamh ar leathanach Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire www.derrycity.gov.uk/gaeilge nó caith súil ar ár leathanach Gaeilge ar Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge.
Nó más maith leat eolas faoi Sheachtain na Gaeilge a fháil i gcló déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire, Pól Ó Frighil ar (028) 71365151, seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk nó cuir scairt ar Líne na Gaeilge de chuid na Comhairle Cathrach (028) 71376579.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »