Scléip – síneadh leis an dáta deiridh d’iontrálacha
Eanáir 22, 2013
Leis an deis is fearr a thabhairt do scoileanna iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas, tá síneadh curtha leis an dáta deiridh iontrála go dtí an 25 Eanáir 2013. Tá 20 scoil cláraithe linn go dtí seo, bí cinnte bheith in éineacht leo ag na hócáidí spraíúla agus spreagúla atá beartaithe againn!
18 Feabhra 2013: Amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath
22 Feabhra 2013: Amharclann an Firkin Crane, Corcaigh
26 Feabhra 2013: Amharclann an Riverbank, Droichead Nua, Co. Chill Dara
1 Márta 2013: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
9 Márta 2013: Amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath (Craobh Ceannais)
Tá súil againn go mbeidh an oiread rath ar Scléip na bliana seo is a bhí anuraidh, nuair a ghlac níos mó ná 500 dalta páirt ann. Ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na hiomaitheoirí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Bígí cinnte agus na rialacha a léamh roimh an fhoirm iontrála a chomhlánú!
Tá an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó grúpa is fearr san iomlán. Beidh deis ag cách dul san iomaíocht sna réamhbabhtaí agus roghnófar an tallann is fearr le dul ar aghaidh chuig an craobh ceannais.
Beidh an ceoltóir agus craoltóir Fiachna Ó Braonáin linn arís i mbliana le taifead a dhéanamh ar an gcomórtas, agus craolfar 5 chlár bunaithe ar chraic agus ceol Scléip 2013 ar Raidió na Gaeltachta. Tá súil againn go mbainfidh rannpháirtithe Scléip 2013 oiread taitneamh as bheith ina réaltaí raidió is a bhain iomaitheoirí na bliana seo chaite, agus is cinnte gur bhain éisteoirí Raidió na Gaeltachta an-sult as na cláir, a tugadh ard-mholadh dóibh as feabhais an cheol agus siamsaíocht a bhí le cloisteáil iontu.
Tá costas iontrála €20/£15 ar gach rannóg agus uasmhéid €100/£75 le n-íoc ag aon scoil amháin. Déanfar an táille a dhearbhú leat ar sonrasc i ndiaidh duit an fhoirm iontrála a chomhlánú.
Má tá aon cheist ina leith nó aon amhras ort faoin rannóg is feiliúnaí duit, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn.
Rialacha: http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/rialacha/
Foirm iontrála: http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/foirm/
Cruinniú práinneach maidir le stádas COGG
Eanáir 15, 2013
Beidh cónascadh na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi chaibidil ag cruinniú práinneach atá le reáchtáil ag eagrais Ghaeilge agus oideachais amárach.
D’fhógair Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag comhdháil oideachais ar 23 Samhain 2012 go raibh an cinneadh déanta ag an Roinn go mbeadh an Chomhairle le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) sa bhliain 2013.
Ó bunaíodh COGG sa bhliain 2002 cuireann an Chomhairle acmhainní riachtanacha ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar fud na tíre.
I measc na n-acmhainní tacaíochta atá forbartha ag an gComhairle do scoileanna tá téacsleabhair Ghaeilge, leabhair teagaisc; dlúthdhioscaí, póstaeir, cláir Ghaeilge agus acmhainní leictreonacha nua-aimseartha. Anuas air sin, cuirtear comhairle ar fáil don rialtas agus don earnáil oideachais maidir le ceisteanna a bhaineann leis an ngaeloideachas.
Tionólfar cruinniú idir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna, a raibh baint lárnach acu i mbunú na Comhairle chomh maith leis an bhForas Pátrúnachta agus na Naíonraí Gaelacha d’fhonn plean gnímh a chur le chéile.
Tá na heagrais buartha go gcuirfear deireadh le ról COGG mar gníomhaireacht neamhspleách agus go mbeadh an focal scoir ag an CNCM ar chúrsaí airgid.
Léiríodh imní go bhféadfadh go mbeadh COGG mar rannóg Gaeilge sa CNCM agus nach mbeadh COGG ag déanamh na hoibre ar cheart di a dhéanamh.
Sa bhliain 2009, mhol tuarascáil Choilm Mhic Cárthaigh (Tuarascáil an Bhoird Snip Nua) gur cheart deireadh a chur leis an gComhairle.
Ag an am chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta na cosa i dtaca don Chomhairle agus mhol an Roinn gan cúraimí COGG a dhíscaoileadh.
Luadh sa tuarascáil gurb é foilsiú téacsleabhair don dara leibhéal an t-aon feidhm a bhain le hobair na Comhairle agus bhí an tuairim ann go raibh easpa tuisceana ar ról COGG.
Le bliain anuas, áfach is cosúil go raibh athrú intinne ar an Roinn agus luadh go hindíreach le hionadaithe ó COGG go dtiocfaidh an lá go mbeadh cónascach ann leis an CNCM.
Ní raibh aon fhógra oifigiúil tugtha do COGG nó don CNCM faoin gcónascadh go dtí an lá sular shiúil Seán Ó Foghlú amach ar stáitse ag Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.
Dar leis an Roinn Oideachais beidh airgead an státchiste á chaitheamh ar bhealach níos éifeachtúla toisc go mbeadh “feidhmeanna ginearálta riaracháin, atá mar ualach suntasach ar fhoireann bheag, á gcur ar fáil anois ag CNCM,”
Ach is é an locht is mó atá ann i bplean na Roinne ná go bhfuil dhá theanga éagsúla á n-úsáid mar teanga oifige ag an dá ghníomhaireacht.
Faoi láthair is í an Ghaeilge teanga oibre COGG agus tá an bhuairt ann go mbeadh an triúr atá fostaithe go lánaimseartha ag an gComhairle ag obair mar aonad laistigh den CNCM.
Sa chás sin bheadh coimhlint teanga ann toisc nach mbeadh foireann iomlán CNCM in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
In ainneoin sin tá an Roinn den tuairim gur socrú ciallmhar atá ann. Ag labhairt dó faoin gcinneadh dúirt Seán Ó Foghlú, “Coinneoidh COGG aitheantas dá cuid féin faoi choimirce CNCM. Láidreoidh an beart seo a cumas le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge i gcoitinne”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Gaelscoil nua do Chill Dara, Meán Fómhair 2013 agus Suirbhé na Roinne – Preasráiteas An Foras Pátrúnachta
Eanáir 14, 2013
Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu go bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge nua le hoscailt i mBaile Chill Dara i Meán Fómhar na bliana seo. San fhógra céanna chuir an tAire in iúl go bhfuil tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar thuismitheoirí mar gheall ar dhífheistiú scoileanna ón eaglais Chaitliceach.
Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “ Tá ríméad orainn do mhuintir Chill Dara. Tá éileamh ollmhór do scoil lán-Ghaeilge sa cheantar rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lán-Ghaeilge eile sa cheantar.” Lean Ó hEaghra ag rá, “Tá An Foras Pátrúnachta buíoch don Roinn as freagra dearfa a thabhairt ar a n-iarratas ar son mhuintir Chill Dara.”
Ó thaobh Dífheistiú Scoileanna Caitliceacha tá tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar 38 ceantar ar fud na tíre. Tá an tAire ag iarraidh ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 08 Feabhra 2013. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne ag www.education.ie nó is féidir gach eolas a fháil ar ár suíomh ag www.foras.ie.
Deir ó hEaghra ‘deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú’. Lean Ó hEaghra ar aghaidh ‘Creidimid go bhfuil ceart ag gach dalta oideachas trí Ghaeilge a fháil má tá sé uathu. Seo deis do thuismitheoirí an ceart sin a lorg.”
Tá An Foras Pátrúnachta ag soláthar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh thuismitheoirí ó bunaíodh é i 1993. Beidh eolas cuimsitheach mar gheall ar an bpróiseas ar suíomh An Foras Pátrúnachta (www.foras.ie) agus beimid ar fáil chun eolas a sholáthar ar bhuntáistí oideachas lán-Ghaeilge, an sainspiorad Ilchreidmheach nó fúinn mar phátrún.
Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Caoimhín Ó hEaghra:: 01-6294110 :: eolas@foras.ie
Siobhán Seoighe :: 01-6294110 :: eolas@foras.ie
Faoi An Foras Pátrúnachta
Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 61 bhunscoil agus 3 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. An fhís atá ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal. Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht.
Tuilleadh eolais: www.foras.ie
Suirbhéanna maidir le pátrúnacht bunscoile ar oscailt i 38 ceantar trasna na tíre
Eanáir 14, 2013
Minister Quinn asks parents to indicate which patron bodies they would like to see running primary schools in their area.
Parents of all children aged 0 to 12 years in 38 areas across Ireland are being asked by the Minister for Education and Skills what patrons they would like to see operating their local primary schools.
Surveys are going live today (Monday 14th January) and are an expansion of pilot surveys on primary school patronage which were conducted late last year in five towns.
The survey can be accessed on line via www.education.ie and parents or guardians of primary school going children and 0 to 5 year olds in the 38 towns and suburbs (list below) are being urged to fill it in. They will need to have their PPS number in order to complete the survey; however, these details are only being used for verification purposes.
The aim of the survey is to establish the level of demand from parents for diversity of school patronage in each of the towns. At present, some 96% of primary schools are under church patronage, with more than 90% or approximately 3,000 schools under the remit of the Catholic Church. This survey initiative follows on from the recommendations of the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary sector.
If parents indicate they would like a wider choice of patron, then the Department of Education and Skills (DES) will ask existing patrons to come up with a plan to transfer some schools to other patron bodies.
“This is an historic opportunity for parents to have a real say in the type of school they wish to send their children to, be it denominational, multi-denominational, all-Irish or other,” said Minister Ruairí Quinn T.D.
“In the 38 towns and suburbs where the surveys are taking place, there is little prospect of any new schools opening as the population remains stable and there is enough capacity within existing schools. However, if parents demonstrate through this survey that they want a greater choice of primary school then we will work with existing patrons to transfer patronage to ensure they can send their children to a school which best reflects their own ethos and beliefs.”
The bodies which have indicated that they would like to become patrons of any divested schools in the identified areas are the VECs, An Foras Patrúnachta, Educate Together, and in a small number of areas the National Learning Network and the Redeemed Christian Church of God.
Kildare Town has been removed from the original list of areas to be surveyed, following consultation with patrons. The town already has an Educate Together school, opened in September 2011. There was also a recommendation to establish an all-Irish school in the town in coming years. Since then, an Foras Patrúnachta has produced sufficient evidence of demand for an all Irish school in Kildare and the establishment of a Gaelscoil will commence in September 2013.
A code of conduct has been worked out in consultation with the patron bodies which will limit expenditure on the provision of information. The code is designed to ensure the surveys are conducted in a reasonable manner, avoiding contentious commentary.
A comprehensive information campaign by the DES in each of the areas begins today and will include a leaflet drop to every household giving details of the survey and advertising on local radio and newspapers. A free helpline is also available in the Department for anyone who has any difficulties in completing the survey: 1800 303621.
The helpline will be open from 9.30 to 1pm and 2pm to 5pm, Monday to Friday. Paper based versions of the survey are also available on request.
The survey process will be overseen by the independent New Schools Establishment Group. The Department will publish detailed reports on the survey outcomes.
Parents and guardians of all 0 to 12 year olds in the 38 towns have from now until the 8th of February to complete the survey at www.education.ie.
List of 38 areas to be surveyed
- Ballina
- Ballinasloe
- Ballyfermot/ Chapelizod/ Palmerstown/ Cherry Orchard
- Bandon
- Birr
- Buncrana
- Carrick-on-Suir
- Carrigaline
- Celbridge
- Clonmel
- Cobh
- Dublin 6
- Dungarvan
- Edenderry
- Enniscorthy
- Fermoy
- Kells (Ceanannas)
- Killarney
- Leixlip
- Longford
- Loughrea
- Malahide
- Monaghan
- Nenagh
- New Ross
- Passage West
- Portmarnock
- Roscommon
- Roscrea
- Rush
- Shannon
- Skerries
- Thurles
- Tipperary
- Tuam
- Westport
- Wicklow
- Youghal
There are 311 primary schools in the 38 areas.
Cruinniú maidir le bunscoil nua sa Chéim
Eanáir 14, 2013
Dáta don Dialann 2013 – beidh cruinniú i Sandyford Community Centre ag 19.30 ar an 14/01/13 maidir leis an nGaelscoil Nua sa Chéim atá le hoscailt i Meán Fómhair 2013. Tá an cruinniú á n-eagrú ag pátrún na scoile, An Foras Pátrúnachta, agus tá tuilleadh eolais ar fáil anseo:
- Suíomh: http://www.foras.ie/
- Twitter: https://twitter.com/AFPatrunachta
- Facebook: http://www.facebook.com/pages/An-Foras-P%C3%A1tr%C3%BAnachta/185008058242337
- Blog: http://afpatrunachta.wordpress.com/
Scléip 2013 le craoladh ar Raidió na Gaeltachta
Eanáir 8, 2013
Tá an spriocdháta d’iontrálacha don chomórtas tallainne Scléip ag druidim linn (an 18ú Eanáir) agus tá dea-scéal againn a thabharfaidh spreagadh do na daltaí agus iad i mbun cleachtadh; beidh an ceoltóir agus craoltóir Fiachna Ó Braonáin linn arís i mbliana le taifead a dhéanamh ar an gcomórtas, agus craolfar 5 chlár bunaithe ar chraic agus ceol Scléip 2013 ar Raidió na Gaeltachta. Tá súil againn go mbainfidh rannpháirtithe Scléip 2013 oiread taitneamh as bheith ina réaltaí raidió is a bhain iomaitheoirí na bliana seo chaite, agus is cinnte gur bhain éisteoirí Raidió na Gaeltachta an-sult as na cláir, a tugadh ard-mholadh dóibh as feabhais an cheol agus siamsaíocht a bhí le cloisteáil iontu.
Mar sin, ná déanaigí dearmad foirm iontrála a chomhlíonadh thar ceann na scoile, agus beimid ag súil le sibh a fheiceáil ag ceann de na babhtaí réigiúnacha gan ró mhoill. Má tá aon cheist agaibh i leith rialacha an chomórtais, na rannóga is feiliúnaí do na daltaí nó eile, tá gach fáilte romhaibh teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó cspainneach@gaelscoileanna.ie.
- Rialacha: http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/rialacha/
- Foirm iontrála: http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/foirm/
- Dátaí: http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/scleip-2013-datai/
Scléip 2013 – Dátaí don dialann
Nollaig 19, 2012
Tá áthas orainn na dátaí a fhógairt do Scléip 2013. Ócáidí spraíúla agus spreagúla a bhíonn sna comórtais, do na daltaí rannpháirteacha agus na múinteoirí a chabhraíonn leo, agus tá súil againn go mbeidh an oiread rath ar Scléip na bliana seo is a bhí anuraidh, nuair a ghlac níos mó ná 500 dalta páirt ann. Ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na hiomaitheoirí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Bígí cinnte agus na rialacha a léamh roimh an fhoirm iontrála a chomhlánú!
Tá an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó grúpa is fearr san iomlán. Beidh deis ag cách dul san iomaíocht sna réamhbabhtaí agus roghnófar an tallann is fearr le dul ar aghaidh chuig an craobh ceannais.
18 Feabhra 2013
Amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath
22 Feabhra 2013
Amharclann an Firkin Crane, Corcaigh
26 Feabhra 2013
Amharclann an Riverbank, Droichead Nua, Co. Chill Dara
1 Márta 2013
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
NB Níl sé i gceist babhta a reáchtáil i nGaillimh i mbliana de dheasca an freastal an-íseal a bhí ar an mbabhta ann le blianta beaga anuas. Tabharfar cuireadh do na scoileanna a bhíodh ag freastal ar an gceann sin freastal ar an mbabhta san Axis ar an 18 Feabhra ina ionad. Is oth linn go gcuirfidh seo turas bhreise ar roinnt scoileanna ach tá súil againn go mbeidh eispéireas na ndaltaí níos fearr san Axis – beidh rannpháirtíocht níos airde agus atmaisféar sceitimíneach ann. Cuirfear deontas ar fáil le cabhrú leis na costais taistil a chlúdach faoin scéim imeachtaí idirscoile, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn más mian leis an scoil leas a bhaint as.
Beidh craobh ceannais Scléip ar siúl in amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath ar an 9 Márta.
An dáta deiridh d’iontrálacha ná an 18 Eanáir 2013. Má tá aon cheist ina leith nó aon amhras ort faoin rannóg is feiliúnaí duit, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó cspainneach@gaelscoileanna.ie.
Éileamh ar éagsulacht i mbunscoileanna na tíre
Nollaig 12, 2012
Tá éileamh ar rogha pátrúnachta níos leithne i mbunscoileanna na tíre, dar leis an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD
Tá tuarascáil nua ar shuirbhé a rinneadh ar thuismitheoirí i gcúig cheantar foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna inniu. Ghlac 1,788 tuismitheoir a raibh leanaí réamhscoile agus bunscoile acu páirt sna suirbhéanna i mí Dheireadh Fómhair.
Rinneadh suirbhéanna san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, i dTrá Mhór, i mBaile Átha Troim agus i bhFionnbhrú mar chuid de fhreagra den Aire Oideachais agus Scileanna ar an bhFóram um Pátrúnacht agus Iolrachas in earnáil na mBunscoileanna
Tá gaelscoil i ngach ceann de na cúig bhaile cheana féin, ar féidir léi freastal ar an éileamh ar scoil Ghaeilge a tháinig chun cinn sa suirbhé.
Léiríonn an tuarascáil go raibh idir 37% agus 50% de na tuismitheoirí sna cúig cheantar ag lorg rogha pátrúnachta níos leithne.
Ós a choinne sin, bhí idir 35% agus 44% de na tuismitheoirí sásta leis an rogha a bhí acu.
‘”Thug an suirbhé seo deis do thuismitheoirí an cineál scoile a theastaíonn uathu dá gcuid páistí a chur in iúl. Cé go bhfuil mórchuid daoine sásta leis na scoileanna atá ar fáil cheana féin ina gceantar, is léir go bhfuil daoine eile ag lorg rogha níos mó, ” a dúirt an tAire Oideachais.
Maidir leis an rogha idir scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge, roghnaigh idir 70% agus 80%, nach mór, scoil Bhéarla, agus idir 10% agus 21% scoil Ghaeilge.
I gcás na dtuismitheoirí sin a dteastaíonn rogha pátrúnachta níos leithne uathu, ba é Educate Together céad rogha idir 56% agus 76% de thuismitheoirí, ba é An Foras Pátrúnachta céad rogha idir 6% agus 26% de thuismitheoirí agus ba iad na Coistí Gairmoideachais céad rogha idir 10% agus 18% de thuismitheoirí.
Tá se fógartha chomh maith go reáchtálfar suirbhéanna eile i gceantair eile i mí Eanáir 2013.
Foilsithe ar Gaelport.com
Ráiteas Ruairí Quinn ina ábhar conspóide ar líne arís
Nollaig 12, 2012
Tá sé ráite ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD inniu gur chúis buartha dó an méid ama a chaitear ar an nGaeilge agus ar an reiligiúin i mbunscoileanna na tíre.
Chuir ráiteas an Aire an lasair sa bharróg agus bhí plé bríomhar ar Facebook agus ar Twitter i rith an lae.
Foilsíodh ráiteas an Aire ar shuíomh Gréasáin an Irish Examiner agus Breaking News níos túisce sa lá. Dar leis an Aire, is faoi chúram údaráis agus pátrúin na scoileanna a bhfuil dáileadh na n-uaireanta le linn an lá scoile ach gur b’fhearr leis go gcaithfí níos lú ama ar an nGaeilge agus an reiligiún agus níos mó ama ar an matamaitic agus an eolaíocht.
Foilsíodh staidéar idirnáisiúnta nua inniu a thugann le fios go bhfuil an caighdeán léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta i scoileanna na hÉireann os cionn an mheáin ach gan dóibh a bheith ar an gcaighdeán céanna leis na tíortha ar bharr an liosta.
Rinneadh neart plé ar an ábhar seo le linn olltoghcháin 2011 nuair a sheas Páirtí an Lucht Oibre agus na páirtithe polaitíochta eile i gcoinne thogra Fhine Gael a mhol an Ghaeilge mar ábhar roghnach ar an Ardteist, moladh a baineadh siar sular toghadh an Rialtas reatha.
Dúirt an tAire Ruairí Quinn go bhfuil easpa cothromaíochta idir an méid ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge agus ar an reiligiúin i gcomparáid le hábhair eile agus dála an scéil, bhí se ar aon tuairim i mí Aibreán na bliana seo nuair a ardaíodh an cheist chéanna.
Dúirt sé ag an am gur gá plé suntasach a dhéanamh ar an mbéim a chuirtear ar an nGaeilge agus an reiligiún mar ábhair scoile ionas gur bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt.
Foilsithe ar Gaelport.com
Ísliú Stádais An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Samhain 29, 2012
Alltacht ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus GAELSCOILEANNA TEO. ar ísliú stádais An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Aithníonn boird stiúrtha Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus Gaelscoileanna Teo. gur reáchtáil an dá eagraíocht comhchomhdháil den scoth, dar teidil ‘Féinmheastóireacht, Forbairt, Feabhas’ in Óstán an Ardilaun i nGaillimh Dé hAoine seo caite. D’fhreastail níos mó ná 300 duine ar an gcomhdháil, an líon is mó daoine a d’fhreastail ar chomhdháil Gaeloideachais go dtí seo. Cuireadh scoth na gceardlanna ar fáil do na rannpháirtithe mar aon le heolas cuimsitheach ar a gcuid áiseanna teagaisc Gaeilge ó na comhlachtaí a raibh seastáin acu aige.
Baineadh siar as a raibh i láthair, agus, as na scoileanna go léir, nuair a d’fhógair Ard -Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú, go mbeidh An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta á comhtháthú leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe (CNCM). Tá alltacht ar an dá eagraíocht go bhfuil an Roinn ag pleanáil seo agus is cinnte go mbainfidh an cinneadh seo go mór ó éifeacht COGG bheith ag feidhmiú mar aonán neamhspleách agus mar eagraíocht a bheidh ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ag labhairt di thar cheann Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. dúirt Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, “gur léir nach bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag feidhmiú de réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge tríd an ísliú stádais seo a chur i bhfeidhm. Luaitear sa Straitéis go gcuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas a chomhlíonadh ach is léir nach bhfuil an Roinn ag comhlíonadh a dualgais maidir leis an straitéis sa chás seo.” Luaitear freisin sa Straitéis ‘beidh príomhról ag COGG i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil Oideachais’. Cén chaoi ar féidir le COGG príomhról a bheith aici más ag laghdú a cuid cumhachtaí atá an Roinn Oideachais?
Dúshláin mór do na scoileanna a bheidh ann nuair nach mbeidh siad in ann a gcuid oibre go léir le COGG a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, rud a bheadh do-dhéanta agus iad slogtha ag an CNCM, áit nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag gach éinne a oibríonn ann. Léiríonn seo fiú nach aon sábháil airgid a bheidh ann mar go mbeidh ar COGG fós a riarachán iomlán féin a dhéanamh.
“Is na scoileanna a bheidh thíos leis sa deireadh nuair a bhfuil an baol ann go laghdófar stádas COGG níos mó thar na blianta atá romhainn agus mar sin nach mbeidh an soláthar céanna acmhainní ar fáil do scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar líon na n-acmhainní i nGaeilge do na scoileanna seo tá géarghá i gcónaí cur leis agus de réir mar a athraíonn curaclaim beidh gá le hacmhainní eile arís”, arsa Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán Gaelscoileanna Teo.
Beidh an dá eagraíocht ag troid go láidir in aghaidh an chinneadh seo ar son na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Ar ceann de na moltaí láidre maidir le COGG atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge luaitear go ndéanfar ‘beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Gaeilge i mBaile Bhúirne i gCo. Chorcaí’. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag déanamh a mhalairt de tacaíocht a thabhairt do COGG agus ní féidir seasamh le sin.
Críoch
Tuilleadh Eolais:
Nóra Ní Loingsigh (Gaelscoileanna Teo.) ag 087-6737560 / Máirín Ní Chéileachair ag 087-2861655
Treasa Ní Mhainín (Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo.) ag 087-6777140.
Nóta don eagarthóir
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Is í Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. an t-aon eagraíocht oideachais Gaeltachta atá ag feidhmiú ar an mbonn náisiúnta, a chuireann tacaíochta agus comhairle ar fáil, mar aon le stocaireacht a dhéanamh ar son na scoileanna Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal.