(English) Minister Bruton announces patronage of 9 new Post-Primary schools to be established in 2017 and 2018
Samhain 3, 2016
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 Foilsithe ag An Rialtas
Deireadh Fómhair 28, 2016
Inniu sheol an Taoiseach, Enda Kenny T.D, mar aon leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., agus leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne T.D, Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tharla an seoladh i Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua , Contae na Gailllimhe.
Tá forbairt agus feidhmiú an Pholasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar thiomantas lárnach ag an Aire Bruton sa Phlean Gníomhaíochtaí don Oideachas 2016-2019 a foilsíodh i Mí Meán Fómhair na bliana seo.
Agus é ag caint ag an seoladh, dúirt an Taoiseach gur chreid sé go raibh an Ghaeltacht ríthábhachtach do thodhchaí na teanga agus don chultúr Gaelach.
“Tá an Polasaí seo ar an gcéad straitéis chuimsitheach don oideachas sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát. Tá an Rialtas an-tiomanta d’fheidhmiú na mbeart atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus anseo, sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, déantar cur síos ar an tslí ina dtacóimid le scoileanna Gaeltachta chun oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar do pháistí na Gaeltachta,” arsa an Taoiseach.
Rinne an tAire Richard Bruton cur síos ar na dúshláin a bhíonn ag scoileanna Gaeltachta agus iad ag teagasc páistí a tháinig chun na scoile le mór-éagsúlachtaí san leibhéil taithí a bhí acu ar an nGaeilge labhartha.
“Mar Aire Oideachais agus Scileanna, is mian liom a dheimhniú go mbíonn na cúinsí cearta ar fáil chun sár-scoileanna trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht,” arsa an tAire Bruton. “Faoin bPolasaí, beidh an deis ag scoileanna sa Ghaeltacht, ó 2017 ar aghaidh, aitheantas a éileamh mar Scoileanna Gaeltachta de réir na gcritéar teangeolaíocha. Tá súil agam go mbeidh spreagadh agus gríosadh le fáil ag scoileanna ón bpróiseas aitheantais, agus go meallfar scoileanna le bheith páirteach ann,” a dúirt sé freisin.
Faoin bPolasaí, beidh scoil Ghaeltachta aitheanta mar scoil ina dtiomnaíonn an scoil gach achar agus ábhar curaclaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Beidh cúig bliana ag scoileanna a roghnaíonn stádas mar scoil Ghaeltachta chun an stádas sin a bhaint amach. Beidh fáil ag na scoileanna seo ar phacáistí d’acmhainní breise teagaisc agus eile ar bhealach céimnithe de réir mar a bhíonn dul chun cinn á léiriú acu i dtreo stádas scoile Gaeltachta.
“Is é an cuspóir atá againn ná go mbeidh scoileanna aitheanta Gaeltachta mar chéad rogha scolaíochta do thuismitheoirí na Gaeltachta,” arsa na tAire Bruton.
Beidh, freisin, ar scoileanna Gaeltachta aitheanta a bheith gafa leis na pobail lena mbaineann siad i bpróiseas pleanála na teanga Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
D’fháiltigh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne roimh fhoilsiú an Pholasaí, agus go háirithe roimh an tiomantas go mbeidh scoileanna ábalta a bheith lánpháirteach sa phróiseas pleanála teanga i ngach ceantar Gaeltachta.
“Léiríonn an riachtanas go mbeidh scoileanna Gaeltachta páirteach sa phróiseas pleanála teanga an tábhacht a bhaineann le scoileanna agus leis na pobail lena mbaineann siad a bheith ag obair go dlúth le chéile chun úsáid na Gaeilge a threisiú,” a dúirt sé.
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Déanann an Polasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022:
- Fís don oideachas Gaeltachta a rianadh a thugann aitheantas don ról a bhíonn ag scoileanna agus ag ionaid luathbhlianta chun oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus chun cumas agus úsáid na Gaeilge a chothú i mórphobal na Gaeltachta
- Díriú ar cháilíocht an teagaisc trí mheán na Gaeilge i scoileanna agus i réamhscoileanna Gaeltachta a thacú agus a fheabhsú, ionas gur féidir a dheimhniú go mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge mar chéad rogha ag tuismitheoirí i ngach ceann de na ceantair Ghaeltachta
- Leagan amach cuimsitheach a sholáthar ar raon gníomhaíochtaí comhnasctha chun an fáil ar thaithí oideachasúil ardcháilíochta agus ábhartha trí mheán na Gaeilge don uile dhuine óg atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta a dheimhniú agus sa tslí seo tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga ag pobail na Gaeltachta
- Polasaí a sholáthar inar féidir le scoileanna atá lonnaithe i gceantair phleanála na Gaeltachta roghnú ar aitheantas a ghnóthú mar scoil Ghaeltachta – beidh scoil Ghaeltachta mar scoil ina dtiomnaíonn an scoil gach achar agus ábhar curaclaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus ina mbíonn an scoil gafa leis an bpobal i bpróiseas pleanála na teanga Gaeltachta. Beidh cúig bliana ar a mhéid ag scoileanna a roghnaíonn stádas scoile Gaeltachta chun an stádas sin a bhaint amach. Beidh fáil ag na scoileanna seo ar phacáistí d’acmhainní breise teagaisc agus eile ar bhealach céimnithe de réir mar a bhíonn dul chun cinn á léiriú acu i dtreo stádas scoile Gaeltachta.
- Tabhairt faoi obair na scoileanna Gaeltachta a dhlúth-ailíniú leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta.
Módúl oiliúna ar airgeadais ar fáil do na boird bainistíochta
Deireadh Fómhair 27, 2016
Cuirfidh Gaeloideachas (Gaelscoileanna Teo.) agus An Foras Pátrúnachta módúl oiliúna ar airgeadais ar fáil do na boird bainistíochta i mí na Samhna, 2016. Iarraimid ar ionadaithe ó bhord bainistíochta na scoileanna clárú le freastal, agus fáiltonn muid roimh ceisteanna ina leith – is féidir teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.
Oops! We could not locate your form.
Gaeloideachas – ainm nua Gaelscoileanna Teo.
Deireadh Fómhair 10, 2016
Fógrófar go hoifigiúil ainm nua Gaelscoileanna Teo. ag seoladh oifigiúil Chomhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus COGG tráthnóna inniu i gCill Chainnigh.
Ag cruinniú urghnách ar an 6 Deireadh Fómhair, ghlac baill na heagraíochta leis an ainm nua Gaeloideachas – Guth don Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ainm a thugann aitheantas do fhearainn oibre iomlán na heagraíochta, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Uachtarán na heagraíochta, Cathnia Ó Muircheartaigh, “táimid an-bhuíoch do na baill uile a ghlac páirt sa chomhairliúchán faoi ainm na heagraíochta. Léiríonn a gcuid rannpháirteachta sa phlé seo tábhacht na ceiste dóibh agus mar eagraíocht táimid an-sásta gur éirigh linn aitheantas a thabhairt do mhianta na mball i dtaobh uileghabhálachta ainm na heagraíochta”. I gcomhthéacs ainmbhranda na heagraíochta, deir sé “aithnímid gur ainmbhranda láidir é Gaelscoileanna Teo. ach tá lán-mhuinín againn go rachaidh an eagraíocht ó neart go neart leis an ainm nua”.
Seolfaidh Méara Chill Chainnigh, Patrick O’Neill go hoifigiúil Chomhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus COGG tráthnóna inniu i gCill Chainnigh, ócáid a thabharfaidh blaiseadh beag ar imeachtaí na comhdhála a bheidh ar siúl ar an 11-12 Samhain sa chathair chéanna. Ag labhairt faoin gComhdháil, deir Seán Ó hArgáin, Oifigeach Caidrimh Phoiblí na heagraíochta, “Is mór an onóir dúinn Cathair Chultúrtha Chill Chainnigh a bheith roghnaithe mar láthair na Comhdhála Bhliantúil. Beimid ag súil le breis agus 300 toscaire ó chuile cearn den tír a bheidh linn don dá lá le tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil, gréasánú i measc a chéile agus clár breá siamsaíochta.”
Le clárú don chomhdháil, féach anseo.
Seastáin ag Comhdháil Oideachais 2016
Deireadh Fómhair 5, 2016
Tá ríméad orainn go mbeidh seastáin ag na heagraíochtaí thíos ag an gComhdháil Oideachais i mbliana. Beidh an Comhdháil ar siúl san Óstán Ormonde, Cill Chainnigh ar an 11 agus 12 Samhain agus is féidir clárú le freastal anseo.
- Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
- Activate Speech
- An Gúm
- An Spailpín Fánach
- An tÁisaonad
- An tOireachtas
- Breacadh
- Ceol Ireland
- CJ Fallon
- Clever Mind Toys
- Cló Iar-Chonnacht
- Coláiste na Rinne
- Coláiste Uisce
- Conradh na Gaeilge
- Coláiste na bhFiann
- Éabhlóid
- Edco
- Feachtas
- Féasta 100
- Fiontar agus Scoil na Gaeilge
- Foras na Gaeilge – An Foclóir
- Freedom Surf School
- Futa Fata
- Gael Linn
- Gaelchultúr
- GDK Network Systems Ltd.
- Glór na nGael
- Irish For Parents
- Junior Cycle for Teachers
- Lámh Chúnta
- Leabhar Breac
- Léargas
- Lurtel
- Primary Planet
- Rockfield Educational Supplies
- Spraoi
- TG4
- Tradtime
Seisiún Oiliúna ar úsáid www.irishforparents.ie
Meán Fómhair 30, 2016
Tá an suíomh www.irishforparents.ie á fhorbairt de réir a chéile agus beidh cúrsa oiliúna ar siúl ar an 26 Samhain (dáta nua) i Marino ina mbeidh deis acu siúd a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí níos mó a fhoghlaim faoin ábhar teagaisc ar an suíomh agus faoi conas é a úsáid sa seomra ranga.
Cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie le clárú don oiliúnt. Ní ghearrfar aon táille ar an gcúrsa. Tá spás d’uasmhéid 20 duine ar an gcúrsa oiliúna.
Folúntas: Oifigeach Forbartha le Gaelscoileanna Teo.
Meán Fómhair 29, 2016
OIFIGEACH FORBARTHA
(Athfhógairt)
de dhíth, a bheidh freagrach as cur chun cinn na naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht.
(ar chonradh bliana)
Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa de dhíth.
Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr riachtanach.
Scála Tuarastail: €26,383 – 45,616 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).
Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Foirm iarratais, sainchuntas poist agus critéir uilig an phoist le fáil ó blathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.
Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe:
Meánlae Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2016
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.
Cruinniú Urghnách Gaelscoileanna Teo., 6 Deireadh Fómhair 2016
Meán Fómhair 12, 2016
Thug Gaelscoileanna Teo. faoi chomhairliúchán le scoileanna faoi ainm na heagraíochta a leasú i bhfianaise an athraithe atá tagtha ar chúramaí Gaelscoileanna Teo. ó ceapadh ina ceanneagraíocht í ar an réimse Tumoideachas/ Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge in Iúil 2014.
Dá réir tá cúramaí ar an eagraíocht anois i leith na scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di mar aon le seirbhísí a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
Ag eascairt as an gcomhairliúchán sin beidh rún á rith ag Bord Stiúrtha na heagraíochta le hainm na heagraíochta a athrú. Rithfear an rún seo a leanas:
Go ndéanfar ainm na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo., a athrú go Gaeloideachas: Guth don Oideachas Lán-Ghaeilge (mar shluán).
Beidh cruinniú urghnách do Gaelscoileanna Teo. ar siúl ag 18.00 ar an 6 Deireadh Fómhair 2016 san Óstán Clarion i nGleann na Life, Baile Átha Cliath 22, chun an rún seo a chur faoi bhráid na mball.
Tá cead ag aon scoil a bhfuil ballraíocht aici leis an eagraíocht suas le trí vóta a chaitheamh ar an rún seo (ach a bheith i láthair ag an gcruinniú urghnách). Tá súil againn go mbeidh comhaltaí ó do scoil in ann bheith i láthair ag an gcruinniú tábhachtach seo. Is féidir clárú chuige trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie ag cur sin in iúl (ainm, scoil, seoladh na scoile).
Comhdháil ar Riachtanais Speisialta Oideachais sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta
Meán Fómhair 12, 2016
Bigí linn nuair a reáchtáilfear an chéad comhdháil riamh ar RSO sa chóras lán-Ghaeilge.
Ní ghearrfar costas ar rannpháirteacht ach ní mór clárú le oifig@gaelscoileanna.ie.
Beidh teorainn ar spásanna.
Eiseofar an clár iomlán go luath.
Comhdháil Bhliantúil Na Naíonraí Gaelacha
Meán Fómhair 12, 2016
Reáchtáiltear Comhdháil Bhliantúil Na Naíonraí Gaelacha gach bliain i mí Dheireadh Fómhair agus bíonn léachtaí agus seimineáir spéisiúla ar siúl. Bhí Comhdháil 2015 ar siúl ar an 2 agus 3 Samhain i mBaile Átha Luain. Beidh Comhdháil agus Cruinniú Cinn Bhliana 2016 ar siúl ar an 7 agus 8 Deireadh Fómhair sa Kilmurray Lodge, Luimneach.
Is féidir clár na comhdhála a íoslódáil anseo: Comhdhail-na-Naionrai-Gaelacha-2016-Clar