Aitheantas Oifigiúil do cheithre scoil i dTuaisceart Éireann
Lúnasa 12, 2010
Fógraíodh le déanaí gur éirigh le ceithre Ghaelscoil i dTuaisceart Éireann aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais don chéad bhliain scoile eile.
Cúis mhór áthais a bhí ann do na tuismitheoirí agus eagrais áitiúla a chur tús lena bhfeachtais tamall fada ó shin gaelscoileanna a bhunú i Machaire Fíolta agus i Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire agus i gCill Chaoill i gContae an Dúin agus i mBaile Meánach i gContae Aontroma.
Táthar ag súil go mbeidh na scoileanna ag oscailt ar an gcéad lá de Mheán Fómhair i mbliana má éiríonn leis na scoileanna coinníollacha na Roinne a shásamh.
Gan amhras, bhí an dea-scéal á cheiliúradh sa halla rince in Óstán an Europa i mBéal Feirste coicís ó shin, áit a raibh oíche tiomsaithe airgid ann ar son Ghaescoil an tSeanchaí atá mar cheann de na scoileanna a fuair aitheantas an tseachtain seo.
Bronnadh aitheantas ar na scoileanna seo de bharr an éilimh atá ann ar an nGaelscolaíocht sna ceantair scoile seo.
Níl sé as an áireamh go mbunófaí gaelcholáistí nó iar-bhunscoile sna ceantair sin amach anseo ach oiread.
Fuair iarratas na scoileanna tacaíocht ó Chomhairle na Gaelscolaíochta atá den tuairim go mbeidh deiseanna forbartha eile ann sna ceantair seo ag brath ar an éileamh a bheidh ann don Ghaelscolaíocht iar-bhunscoile.
©Gaelport.com 10 Lúnasa 2010
An Ghaeilge mar Chritéar Aitheantais do Scoileanna Nua
Lúnasa 10, 2010
Tá leasú suntasach ar an gcóras chun aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua dara leibhéal fógartha ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD.
Tá i gceist ag an Tánaiste creatlach de chritéir nua a leagan amach, a úsáidfear chun measúnú trédhearcach a dhéanamh ar iarratais chun scoileanna nua dara leibhéal a bhunú.
Tá beartaithe ag an Tánaiste Grúpa Comhairleach um Pátrúnacht Dara Leibhéal a bhunú, chun machnamh a dhéanamh ar na hiarratais, agus chun comhairle a sholáthar don Tánaiste, tar éis don ghrúpa suirbhé a chur i gcrích faoi thuairimí na dtuismitheoirí agus na critéir nua atá le leagan síos a úsáid.
Tá tuartha go mbeidh méadú de 67,000 dalta breise sa chóras oideachais iar-bhunscoile faoin mbliain 2024, agus is in oirthear na tíre is mó atá an méadú seo tuartha.
Deir an Tánaiste go bhfuil “gá le critéir shoiléire agus breis trédhearcachta sa chinnteoireacht faoin bpátrúnacht sna cásanna seo de bharr go bhfuil comhlachtaí pátrúnachta éagsúla anois ag iarraidh scoileanna nua a bhunú”.
Tá na critéir mhionsonraithe fós le socrú, ach tá tugtha le fios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar soláthar do dhaltaí ar mhiste leo a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge, trí Aonad Gaeilge a bhunú laistigh den scoil, i gceantair nach bhfuil dóthain daltaí do Ghaelscoil dara leibhéal.
I measc na gcritéar eile atá aitheanta ag an Tánaiste, áirítear cumas na scoile freastal ar líon idir 800 go 1,000 dalta, ach bheadh tairseach níos ísle de 400 dalta i gceist do Ghaelcholáistí.
Agus í ag tagairt don mholadh go mbunófaí Aonad Gaeilge i scoil lán-Bhéarla, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta “cé go bhfáiltímid roimh an mholadh do sholáthar Aonaid a fhreastalóidh ar mhianta na ndaltaí don ghaeloideachas sa chás nach mbeadh éileamh dóthanach do scoil neamhspleách, ní mór go leanfaí leis an idirphlé idir an Roinn agus Gaelscoileanna Teoranta ar mhaithe le hathbhreithniú agus forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar mhúnla an Aonaid mar choincheap agus mar chur chuige. Is cinnte go sásaíonn sé riachtanais ar leith, ach tá a lán dúshlán ag baint leis an mhúnla reatha”.
©Gaelport.com 10 Lúnasa 2010
Tacaíocht léirithe ag Laochra Spóirt do Ghaelscoil Ráth Tó
Iúil 27, 2010
Rinne laochra spóirt áitiúla agus idirnáisiúnta cuairt ar Ghaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí, Dé Céadaoin seo caite ar lá oscailte do thuismitheoirí.
Ar an oíche bhailigh muintir na háite, tuismitheoirí agus daoine eile atá ag glacadh páirte sa fheachtas le chéile sa seomra ranga nua ina bhfuiltear ag súil an chéad rang a chur ar siúl ann ar an 30 Lúnasa.
Beidh an ghaelscoil ag oscailt a doirse gan aitheantas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ach bhí áthas ag an slua a bhí i láthair gur éirigh le hiarrachtaí an fheachtais ionad sealadach a chur ar fáil do na scoláirí óga agus gur éirigh leo múinteoir a fhostú chomh maith.
Níor ceadaíodh aitheantas don ghaelscoil in ainneoin éileamh an mhór léirithe do ghaelscoil nua sa cheantar.
Ar na laochra spóirt a léirigh tacaíocht don scoil bhí Bernard Dunne, an dornálaí; Patrick O’Rourke agus Caoimhín King, peileadóirí agus Barry Geraghty, a mbeidh iníon leis ag freastal ar an scoil nuair a osclaíonn sí.
Deir Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. “go léiríonn an tacaíocht atá ann don choiste bunaithe ó phobal na háite, agus ón bpobal i gcoitinne go bhfeictear riachtanas mór do ghaelscoil sa cheantar chun freastal ar éileamh d’oideachas lán-Ghaeilge.”
Anuas air sin, léirigh na heagraíochtaí atá ag tacú leis an bhfeachtas ‘Aitheantas’ áthas go bhfuil an seomra ranga nua ullamh don chéad téarma scoile.
Mar chuid den fheachtas sin tá Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus An Foras Pátrúnachta ag comhoibriú ar mhodhanna éagsúla chun airgead a thiomsú don scoil.
Oíche Mhór ar son na Gaelscolaíochta
Iúil 27, 2010
Beidh Pádraig Ó Sé, Jon Saunders agus Desi Kelliher ar stáiste i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine d’oíche mhór siamsaíochta ar son Ghaelscoil an tSeanchaí Macaire Fíolta i nDoire.
Níl aitheantas faighte ag an scoil ón Roinn Oideachais go fóill in ainneoin na n-iarrachtaí atá ar bun i measc an phobail áitiúil.
Is é Iontaobhas na Gaelscolaíochta i gcomhpháirt le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain atá ag reáchtáil an ócáid tiomsaithe airgid ar son na Gaelscoile agus déanfar airgead a bhronnadh ar Ghaelscoil Ráth Tó ar an oíche chomh maith.
Beidh Caitríona Ruane, an tAire Oideachais Thuaisceart Éireann, i láthair don ócáid a bheidh ar siúl sa Europa Hotel, Dé Sathairn 31 Iúil.
Anuraidh baillíodh 12,600 ar mhaithe le Naíscoil Uachtar Tíre ag an ócáid chéanna agus táthar ag súil tuilleadh airgid a thiomsú i mbliana le tacaíocht na gcairde atá le teacht ag an oíche ó Thír Chonaill, Chorcaí, Chiarraí agus Chonamara.
Anuas air sin, bronnfar seic ar Ghaelscoil Ráth Tó ar an oíche. Beidh TACA, an carthanas a bhailíonn airgead ar son na Gaelscolaíochta ó thuaidh, ag bronnadh £2,000 ar an scoil.
Oíche mhór don Ghaelscolaíocht ó thuaidh agus ó dheas a bheidh ann agus tá ticéid fós ar fáil. Déan teagmháil le Iontaobhas na Gaelscolaíochta (InaG) ar 02890 241510 chun tuilleadh eolais a fháil.
Páistí Gaelscoile ar barr
Meitheamh 15, 2010
Rinne an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann taighde spéisiúil maidir leis an oideachas ó Thuaidh le gairid a thug le fios go bhfuil páistí Gaelscoile ag tuilleamh marcanna níos airde ná páistí atá ag freastal ar scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla ansiúd, ní hamháin sa mhata ach sa Bhéarla chomh maith.
Rinneadh comparáid idir páistí a raibh an cineál cúlra eacnamaíoch céanna ag a gclann agus iad i mbun a gcuid taighde.
Tá na torthaí seo thar a bheith spéisiúil ó tharla go ndearna cigirí scoile cáineadh le gairid ar an gcaighdeán a bhí ag roinnt Gaelscoileanna sa Tuaisceart.
Ag labhairt faoi seo, dúirt an Dochtúir Réamaí Mathers ó Chomhairle na Gaelscolaíochta, go raibh an bhéim a leagadh ar na Gaelscoileanna le linn na cigireachta a rinneadh ar an earnáil ar fad míchothrom.
Dúirt sé go dtaispeánann na torthaí seo go bhfuil na páistí Gaelscoile ag fáil torthaí níos airde ná páistí eile sa dá ábhar is tábhachtaí sa churaclam bunscoile agus rinne sé tagairt don taighde a rinne Coláiste na Banríona le gairid, áit ar thug siad faoi deara go bhfuil cuimhne ghearrthéarmach níos fearr ag páistí Gaelscoile ná páistí eile de bharr an dátheangachas
Tacaíocht na Comhairle á lorg ar cheist na Gaelscoile
Bealtaine 10, 2010
Cuirfear dlús faoin bhfeachtas ‘Aitheantas’ inniu nuair a mholfar rún ag cruinniú de chuid Chomhairle Chontae na Mí ag moladh agus ag tacú le Coiste Bunú Gaelscoil Ráth Tó.
Tá sé mar sprioc ag an bhfeachtas tacú le hiarrachtaí an choiste áitiúil, gaelscoil a chur ar bun sa cheantar in ainneoin gur dhiúltaigh an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil a thabhairt do ghaelscoileanna nua i mbliana.
Is é an rún a bheidh á moladh ná go dtacaíonn agus molann Comhairle Contae na Mí an obair déanta ag Coiste Bunú Gaelscoil Ráth Tó agus éilíonn an Comhairle ar an Aire Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt láithreach do Ghaelscoil Ráth Tó a bheidh ag oscailt i mí Meán Fómhair 2010.
Chuir Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna tús leis an bhfeachtas nua lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.
Tá súil ag an gCoiste áitiúil ranganna scoile a reáchtáil go sealadach san fhoirgneamh atá ag an Cumann Lúthchleas Gael sa bhaile ón gcéad lá de mhí Mheán Fómhair agus táthar ag tiomsú airgid i láthair na huaire. Cuireadh tús le feachtas earcaíochta d’fhoireann na scoile le déanaí chomh maith.
An Ghaelscolaíocht faoi bhagairt
Bealtaine 4, 2010
Tháinig fás agus forbairt ar earnáil na Gaelscolaíochta in Éirinn le scór bhliain anuas ach anois tá riar maith de na heagrais Ghaeilge buartha go bhfuil An Roinn Oideachais ag cur laincise ar fhorás na hearnála amach anseo.
Is ceist í seo a d’ardaigh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge nuair a labhair sé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge coicís ó shin i gCathair Luimnigh.
Tá sé i gceist ag ardstátseirbhísigh sa Roinn “an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras stáit má ligtear leo”, dar leis.
Is é cás na gaelscoile nua i Ráth Tó i gCo. na Mí a spreag cuid mhaith den chaint seo. Dhiúltaigh an Roinn aitheantas oifigiúil a thabhairt don scoil i mbliana.
Dúirt Mac Fherghusa gur mór an náire é nár thug an Roinn aitheantas do ghaelscoileanna nua i mbliana agus gur “ mithid do phobal uile na Gaeilge troid go fíochmhar i gcoinne an naimhdeas seo agus tacú lena leithéid de Ghaescoil Ráth Tó atá ag oscailt gan aitheantas i Meán Fómhair.”
Dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do ghaelscoileanna nua i mbliana ar an mbonn nach raibh na scoileanna ag sásamh critéir nua de chuid na Roinne maidir le córais phleanála.
An tseachtain seo caite d’fhógair cúig eagraíocht Gaeilge go raibh tús curtha le feachtas nua dar teideal ‘Aitheantas’ lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.
D’fháiltigh Cathaoirleach an Choiste Bunaithe, Seán Ó Buachalla, roimh an tacaíocht ag rá “ tá an-obair romhainn ag cinntiú go mbeidh gaelscolaíocht ar fáil do phobal Ráth Tó agus thug seasamh phobal na Gaeilge spreagadh ollmhór do na tuismitheoirí.”
Luaigh sé go mbeidh an Coiste áitiúil ag obair go dian chun an t-airgead a tiomsú don scoil a bhunófar i Mí Meán Fómhair gan aitheantas. Is ábhar imní do choiste na scoile nach bhfuil an Roinn ag déanamh idirdhealú ar éileamh a bhíonn ann ar scoileanna Béarla agus ar scoileanna Gaeilge.
Beidh na heagraíochtaí ag déanamh stocaireachta ar bonn náisiúnta ar son na scoile agus cheana féin tá tacaíocht faighte ag an scoil ó chomhairleoirí áitiúla.
“Táimid dóchasach” a deir Seán. “ Labhraíomar cheana le bunaitheoirí na Gaelscoileanna eile a raibh fadhbanna mar sin acu. D’éirigh leo sa deireadh stádas a bhaint amach agus táimid dóchasach go n-éireodh leis an gcoiste an t-aitheantas céanna a bhaint amach go luath”.
©www.gaelport.com 04 Bealtaine 2010
Feachtas nua chun tacú le Gaelscoil Ráth Tó
Aibreán 26, 2010
Tá fógartha ag cúig eagraíocht Gaeilge go bhfuil siad ag teacht le chéile i comhfhiontar chun tacú le Gaelscoil nuabhunaithe. D’fhógair Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, An Foras Pátrúnchta agus Gaelscoileanna Teo. go bhfuil siad siad aontaithe ar thacaíocht a sholáthar do Choiste bunaithe Gaelscoil Ráth Tó.
Beidh an feachtas seo, ‘Aitheantas’ ag obair lámh i lámh lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachas mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.
Dhúiltigh an Roinn Oideachas agus Scileanna aitheantas a bhronnadh ar an scoil i mbliana cé go bhfuil sé ráite ag an Roinn go bhfuil gá le soláthar oideachas breise ar an mbaile.
Tá an Roinn ag déanamh neamhard ar mianta tuismitheoirí Ráth Tó agus neamhard ar an t-éileamh d’oideachas lánGhaeilge.
Ag labhairt faoin bhfeachtas seo dúirt Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael gur “cheist náisiúnta agus áitiúl an dúiltú seo. Níor osclóidh Gaelscoil nua ó 2008. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn sásta an Ghaeilge a aithint mar chuid den mheasúnú ar soláthar oideachas.”
D’fháiltigh Cathaoirleach an Choiste Bunaithe, Seán Ó Buachalla, roimh an tacaíocht ag rá “ tá an-obair romhainn ag chinntiú go mbeidh gaelscolaíocht ar fáil do phobal Ráth Tó agus thug seasamh pobal na Gaeilge spreagadh ollmhór do na tuismitheoirí.”
Tá sé beartaithe ag na heagraíochtaí gach tacaíocht a thabhairt do phobal Ráth Tó agus iad ag troid ar son cearta tuismitheoirí; freastal mar ba choir a fháil ón Roinn.
Osclóidh Gaelscoil Ráth Tó, gan aitheantas, ar 1 Meán Fómhair i CLG Ráth Tó, Páirc Seán Eiffe, Ráth Tó, Co. na Mí.
Cruth Úr ar Láithreán Gréasáin Gaelscoileanna
Aibreán 21, 2010
Tá suíomh nua forbartha ag GAELSCOILEANNA TEO. agus tá le leagan amach úr agus eolas ar www.gaelscoileanna.ie ar gach gné d’obair na heagraíochta. Tá súil ag an eagraíocht go gcabhróidh an leagan amach nua atá le daoine eolas maidir leis an ngaelscolaíocht agus acmhainní a bhaineann lái a aimsiú go héasca.
I measc na n-áiseanna ar an suíomh nua tá liosta na scoileanna agus sonraí teagmhála dóibh, tá nuachtlitir leictreonach na heagraíochta agus cartlann de na heagráin a foilsíodh cheana, tá eolas maidir le Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus comhairle maidir le feachtasaíocht agus scoileanna nua a bhunú.
Tá go leor le híoslódáil ón suíomh chomh maith: léachtaí, cur i láthair, ábhar oiliúna do Bhoird Bhainistíochta, foilseacháin agus eile.
Tá an DVD a eisíodh i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta a thugann an-chuid eolais ar an gcóras gaelscolaíochta le feiceáil ar an bpríomhleathanach, agus tá grianghraif agus físeáin le feiceáil ann ó na himeachtaí éagsúla a nglacann pobal na gaelscolaíochta páirt iontu. Tá tuairiscí le léamh chomh maith ó scoileanna a ghlac páirt sa scéim deontais Imeachtaí Idirscoile.
Tá súil ag Gaelscoileanna Teo. go mbeidh an suíomh níos idirghníomhaí fós amach anseo nuair a fhorbrófar foirmeacha ar líne do sheirbhísí na heagraíochta, agus beidh siad ag cur leis go leanúnach.
Cuirtear fáilte roimh aiseolas faoin suíomh; is féidir ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie le do thuairimí a chur in iúl dóibh.
Comhdháil Bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta
Márta 9, 2010
D’oscail an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, Comhdháil Bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta a bhí ar siúl i gColáiste Feirste, Béal Feirste Dé hAoine seo caite go hoifigiúil agus chuir sí in iúl don slua a bhí i láthair go raibh i gceist aici athbhreithniú ar an nGaelscolaíocht a chur ar bun go luath ina mbeadh an bhéim ar an gcomhionannas.
Ag labhairt di faoin athbhreithniú dúirt sí: “Soláthraíonn sé bealach chun tosaigh atá cuimsitheach, cruthaitheach agus straitéiseach agus cinntíonn sé go bhfuil an earnáil mar chuid den chóras, seachas taobh amuigh de.”
Labhair sí faoin bhfís atá aici d’fhorbairt na hearnála amach anseo agus go raibh i gceist aici an comhionannas a chur chun tosaigh sa chóras scoile ina mbeadh “ an deis chéanna ag gach páiste bheith rathúil, beag beann ar a gcúlra socheacnamaíoch, ar a n-inscne, ná ar a gcine” Reáchtáil Comhairle na Gaelscolaíochta an chomhdháil i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta agus na Boird Oideachais agus Leabharlann sa cheantar.
Pléadh ag an gcomhdháil modhanna measúnaithe éifeachtúla, foghraíocht agus modhanna éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna.
Anuas air sin, pléadh na fadhbanna is mó a bhíonn ag cur as do scoileanna ar bhonn laethúil. D’fhógair sí go raibh i gceist aici scéim phíolótach a chur ar bun chun dul i ngleic le fadhbanna bainteach leis an gcóras taistil. “Toisc go bhfuil sé níos fusa do pháistí teacht ar an Ghaelscolaíocht beidh mo Roinn ag tástáil scéim phíolótach do bhusanna scoile ainmnithe ar roinnt bealaí.”
Thagair sí freisin don bhuairt atá léirithe ag scoileanna cóiríocht chuí chompordach a chur ar fáil chomh maith: “Tá a fhios agam go bhfuil saincheisteanna áirithe a bhaineann le hearnáil na Gaelscolaíochta, lena n-áirítear an gá atá le cóiríocht níos fearr agus socruithe iompair atá níos fearr. Chuir mé £2m ar fáil d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta lena chinntiú gur féidir tabhairt faoi fhadhb na droch-chóiríochta atá ag roinnt scoileanna a luaithe agus is féidir.”
©www.gaelport.com 09 Márta 2010