Ról na nGaelscoileanna sa Straitéis le plé
Deireadh Fómhair 18, 2010
Tabharfaidh an tAire Pat Carey TD léargas ar an tábhacht a fheiceann sé i gcoitinne agus don Rialtas leis an earnáil ghaeloideachais ag comhdháil bhliantúil Gaelscoileanna Teo a bheidh ar siúl ar an dTulach Mhór i lár mhí na Samhna.
Tá an dlaoi mhullaigh curtha ar chlár na comhdhála ina bheidh ról straitéiseach na nGaelscoileanna i bhforbairt na Gaeilge sa chéad fiche bliain eile i gcomhthéacs na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ach go háirithe á phlé ann.
Téama tráthúil go leor atá roghnaithe mar ábhar dhíospóireachta na comhdhála dar le Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, “agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ar tí a bheith foilsithe, cuirtear os comhair ár súile comhthéacs agus tábhacht bhunúsach an ghaeloideachais i bhforbairt thodhchaí na teanga.”
Beidh cainteanna agus ceardlanna éagsúla á reáchtáil le linn na comhdhála a bheidh ar siúl san Óstán Tullamore Court ar an 19 agus 20 Samhain.
Fógraíodh chomh maith go mbeidh múinteoirí ón Tuaisceart agus ón Deisceart ag freastal ar an ócáid mar chuid de thogra nua comhoibrithe agus go mbeidh deis ag múinteoirí saineolas agus dea-chleachtas a roinnt lena chéile ón dá dlinse.
Buntáiste Breise na Gaeilge faoi chaibidil i mBéal Feirste
Deireadh Fómhair 11, 2010
Ar Déardaoin na seachtaine seo caite, reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge i mBéal Feirste i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Is i gColáiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste a bhí an seimineár ar siúl, agus bhí scoileanna ó gach cearn de Thuaisceart Éireann i láthair don seimineár eolais, agus don Aonach Oibre a bhí eagraithe ag Forbairt Feirste.
Labhair an t-iriseoir agus an craoltóir, Tomaí Ó Conghaile faoi na deiseanna éagsúla a fuair sé le linn a shaol ó Gaeilge a bheith ar a thoil aige. Phléigh Ursula Uí Dhonnaile na buntáistí acadúla agus gairmiúla breise a thug an Ghaeilge di ina saol agus í anois ina Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus le Comhairle Dhún Geanainn. Luaigh Ursula freisin gur thug an Ghaeilge buntáiste pearsanta di, ó tharla nach mbeadh sí pósta lena grá geal murach an Ghaeilge!
Bhí peileadóir Thir Eoghain, Conall Ó Máirtín i láthair freisin, a labhair ar a phost mar mhúinteoir meánscoile dara leibhéal i gColáiste Chaitríona Ard Mhacha. Is é Teicneolaíocht an Eolais an t-ábhar is mó a bhíonn á múineadh ag Conall, agus is trí Ghaeilge a bhíonn sé ag teagasc.
Rinneadh plé freisin le linn an tseimineáir ar na deiseanna oideachais agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Beidh an chéad seimineár eile de chuid Bhuntáiste Breise na Gaeilge á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge amárach i Leitir Ceanainn, agus reáchtálfar an seimineár spreagúil, spleodrach seo i mBaile Átha Cliath ar an 4 Samhain agus ar an Tulach Mhór ar an 18 Samhain. Chun do scoil a chlárú do na hócáidí seo, déan teagmháil le Brígíd, ag 01 679 4780.
Cás na Scoileanna Lán-Ghaeilge le plé ag Seimineár
Deireadh Fómhair 7, 2010
Labhróidh an saineolaí iomráiteach mionteangacha, an Dr. Daniel Bourgeois, ó Nua-Bhrunsuic, Ceanada, ag seimineár poiblí a bheidh ar siúl in Óstán na Páirce, An Spidéal ar an 14 Deireadh Fómhair 2010.
Is é téama an tseimineáir Stiúradh na Scoileanna Lán-Ghaeilge: Dúshláin & Riachtanais agus díreoidh caint an Dr. Bourgeois ar riachtanais agus ar bhainistiú an oideachais do mhionlaigh teanga agus ar na impleachtaí atá ag polasaithe stáit ar sheasmhacht na dteangacha mionlaigh.
Tá an seimineár á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Labhróidh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach Bunaidh COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh an léacht.
Deir Dr. Bourgeois gurb é “an t-oideachas an tseirbhís is tábhachtaí is féidir le stát a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail mhionlaigh atá ag iarraidh a dteanga a chaomhnú.”
“Ba chóir díriú ar na polasaithe agus na gníomhaíochtaí a chleachtar sna scoileanna dá bharr seo agus ba chríonna an mhaise don stát Bord Oideachais a bhunú, a mbeadh lámh ag tuismitheoirí agus baill an phobail ina riaradh, le bainistiú a dhéanamh ar oideachas an mhionlaigh teanga.”
Déanfar plé ar an ábhar seo i gcomhthéacs na Gaeilge sa chóras oideachais le linn na léachta agus ag seisiún oscailte ina dhiaidh.
Buntáiste Breise na Gaeilge le plé i dTuaisceart Éireann
Deireadh Fómhair 5, 2010
Ar Déardaoin beag seo, 07 Deireadh Fómhair, beidh seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge i i mBéal Feirste.
Is i gColáiste Feirste a bheidh an ócáid seo á reáchtáil agus le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge do mhic léinn sa saol oibre.
I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh an t-iriseoir agus an craoltóir Tomaí Ó Conghaile as Iúr Cinn Trá.
Labhróidh Ursula Uí Dhonnaile faoina taithí féin, mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus le Comhairle Dhún Geanainn agus labhróidh an peileadóir aitheanta agus múinteoir Gaeilge Conall Ó Máirtín faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dó agus é ag dul i mbun gairm bheatha agus ag obair le Campa Chormaic agus le Coláistí Samhraidh i nDún na nGall.
Roimhe seo, reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge na seimineáir seo i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh, agus tá ócáidí beartaithe do Leitir Ceanainn, Baile Átha Cliath agus an Tulach Mhór sna seachtainí romhainn.
Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
Ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na hAoichainteoirí labhairt.
Beidh léachtóir ó Choláiste Ollscoile Muire i láthair chun léargas a thabhairt do na daltaí scoile ar na deiseanna oideachais agus cúrsaí tríú leibhéal atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Beidh Aonach mór Oibre á reáchtáil ag forbairt Feirste i gcomhar le Coláiste Feirste ar an lá agus beidh deis iontach ag na daltaí scoile agus ag cuairteoirí labhairt le hionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal agus le hionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge ag na seastáin eolais a bheidh i láthair.
©Gaelport.com 05 Deireadh Fómhair, 2010
Acmhainn Oideachais do Mhic Léinn A Leibhéil Seolta
Deireadh Fómhair 4, 2010
Sheol an tAire Oideachais do Thuaisceart Éireann, Caitríona Ruane acmhainn eolais bunaithe ar an dráma Breithiúnas le Máiréad Ní Ghráda, a bheidh ina chabhair do mhic léinn A Leibhéil as seo amach.
Bhí an tAire i láthair ag ócáid a reáchtáladh in Ardscoil Naomh Doiminic i mBéal Feirste ar an 28 Meán Fómhair.
Ba é Pobal, scátheagras phobal na Gaeilge a chur na nótaí staidéir i dtoll a chéile agus a chur ar fáil i bhfoirm CD-ROM iad tar éis don eagraíocht ceardlanna a thabhairt do dhaltaí scoile ar an ábhar.
Tá géarghá le hacmhainní Oideachais atá in oiriúint do churaclam na scrúduithe dar le hAndrea Ní Uiginn, múinteoir Gaeilge, ”Is dúshlán mór do dhaltaí A2 í an litríocht agus, ar an drochuair, tá easpa áiseanna amuigh ansin le cuidiú leo.”
“Tabharfaidh an pacáiste seo deis iontach dúinn príomhghnéithe an dráma a phlé agus is cinnte go mbeidh áis mar seo ina bhuntáiste mhór ag daltaí agus múinteoirí.”
Chuir Séamas Mac Annaidh, an t-úrscéalaí comhairle ar Phobal maidir leis an téacs agus ghlac sé páirt lárnach sna ceardlanna a reáchtáladh sna scoileanna.
Anuas air sin, tá réamhrá le garmhac an scríbhneora, an Dochtúir Éamon Ó Ciosáin, léachtóir in Ollscoil na hÉireann Mhaigh Nuad atá ina shaineolaí ar shaothair agus ar shaol Ní Ghráda.
Tá ráite ag POBAL go gcuirfear an pacáiste eolais ar aghaidh chuig gach scoil ina bhfuil Breithiúnas ar an gcuraclam.
Dátheangachas riachtanach sa gheilleagar domhanda reatha
Meán Fómhair 29, 2010
Bronnadh Séala Eorpach Teanga ar aon tionscadal déag atá tar éis ardchaighdeán a bhaint amach i múineadh agus i bhfoghlaim teangacha in Éirinn ag searmanas ceiliúrtha a reáchtáladh in Ollscoil na hÉireann Mhaigh Nuad Dé Luain, 27 Meán Fómhair.
Ar na tionscadail ar éirigh leo sa chomórtas bliantúil, bhí ClubLeabhar.com, club leabhar ar líne a seoladh i Mí Feabhra na bliana seo.
Anuas air sin, aithníodh na héachtaí atá bainte amach ag Bunachar Logainmneacha na hÉireann agus an suíomh Gréasáin, www.logainm.ie atá forbartha ag Fiontar, DCU i gcomhpháirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.
Tugadh aitheantas do dhaoine aonair chomh maith a bhfuil mór-éachtaí bainte amach acu i gcur chun cinn na foghlama teanga.
Tugadh an onóir sin d’Art Ó Suilleabháin atá ina stiúrthóir ar Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Aithníodh an obair atá bainte amach aige ar son na Gaeilge le 25 bliain anuas agus na hacmhainní múinte atá forbartha aige le linn na tréimhse sin.
Aithníodh freisin Neasa Ní Dhomhnaill, múinteoir atá ag obair i meánscoil lán-Ghaeilge agus atá tar éis an Béarla, an Ghaeilge, an Fhraincis, an Iodáilis agus an Laidin a chur chun cinn go héifeachtach i measc dhaltaí an Ghaecholáiste, Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maighir, Contae Chorcaí.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tOllamh Tom Collins go gceaptar anois go bhfuil croílár an gheilleagair dhomhanda bogtha ar aghaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ón Eoraip.
Dúirt sé go mbeidh ar mhuintir na hÉireann mar sin, féachaint i dtreo teangacha eile agus “tabhairt faoi fhoghlaim teangacha ar shlí níos dícheallaí as seo amach agus a bheith sásta dul i ngleic leis na dúshláin atá ag gabháil leis.”
Tá searmanas bronnta an tSéala Eorpaigh Teanga ar an bhfód ó bhí 1998 ann agus bíonn ócáid chomhchosúil leis á reáchtáil i 20 tír Eorpach eile ag an am céanna.
Is í an Ghníomhaireacht náisiúnta neamhbhrabúis, Léargas atá freagrach as an ócáid a reáchtáil gach aon bhliain.
©Gaelport.com 29 Meán Fómhair, 2010
Ceisteanna Oideachais le plé ag Comhdháil an Fhorais Pátrúnachta
Meán Fómhair 22, 2010
Beidh comhdháil agus cruinniú cinn bhliana Fhorais Pátrúnachta na Scoileanna lan-Ghaeilge teo. ar siúl sa Tower Hotel i bPort Lairge ón 08 – 09 Deireadh Fómhair 2010. Is é téama na Comhdhála i mbliana Fís, Forbairt agus todhchaí scoileanna an Fhorais.
I mbliana beidh aoi-chainteoirí ón Roinn Oideachais agus Scileanna ann le labhairt ar soláthar chóiríocht bhuan do scoileanna, freisin beidh tuairisc á chur i láthair ar scoileanna idirchreidmheacha chomh maith le plé-ghrúpaí ar scoileanna ilchreidmheacha agus an mheánscolaíocht. Chomh maith leis sin seolfar suíomh Gréasáin nua an Fhorais.
Is pátrúnacht náisiúnta í an Foras do scoileanna lán-ghaeilge bunscoile agus iar-bhunscoile le freagrachtaí pátrúnachta agus bainistíochta, a bunaíodh i 1993.
Bunaíodh é ionas go mbeidh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Tá an Foras ina phátrún ar ghaelscoileanna a bhfuil éiteas creidmheach, ilchreidmheach, agus idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu agus dá bharr a fhreastalaíonn ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas Lán-Ghaeilge dá bpáistí is cuma cén cúlra creidimh atá acu.
Tá fás ag teacht ar líon na scoileanna faoin bhForas Pátrúnachta i gcónaí. Tá 58 Gaelscoil agus 3 Ghaelcholáiste faoinar bpátrúnacht faoi láthair.
Má tá tuilleadh eolais ag teastail uait mar gheall ar an gComdháil is feidir teagmháil a dhéanamh le Siobhán Seoighe; Fón: 01-8057740 nó seol ríomhphost chuig siobhan.seoighe@mie.ie
Snaschúrsa do Mhúinteoirí Gaeilge
Meán Fómhair 15, 2010
Ar mhaith leat snas a chur ar do chuid Gaeilge?
An bhfuil aon cheisteanna gramadaí agat?
Ar mhaith leat do chuid tuairimí agus taithí a roinnt le múinteoirí eile?
Cuirfear tús le sainchúrsa 5 seachtaine a bheidh dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge ar mian leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge ar 22 Meán Fómhair 2010. Reáchtálfar na ranganna gach Céadaoin ar feadh cúig seachtaine i lár chathair Bhaile Átha Cliath ó 6.30in. – 8.00in.
Cuirfear béim ar leith ar labhairt na Gaeilge sna comhráití ranga ach beidh béim chomh maith ar chúrsaí gramadaí agus ar shaibhriú foclóra. Beifear ag díriú ar chanúintí na Gaeilge san obair ghrúpa agus sna cleachtaí éisteachta. Chomh maith leis sin, beidh plé sna ranganna ar chúrsaí reatha agus ar chúrsaí oideachais. Tá an cúrsa seo á thairiscint againn do mhúinteoirí Gaeilge a bhfuil líofacht acu cheana ach a bhfuil ceisteanna acu fós ó thaobh cruinnis de ar mhaith leo díriú isteach orthu.
Beidh táille €20 ar an gcúrsa seo do bhaill chláraithe Chomhar na Múinteoirí Gaeilge ach tá líon na n-áiteanna atá ar fáil teoranta. Mar sin, ní mór teagmháil a dhéanamh le
Lároifig CNMG le clárú roimh 20 Meán Fómhair 2010.
Tuilleadh eolais ón Lároifig: (01) 639 8448/5 nó eolas@cnmg.ie
Buntáiste Breise na Gaeilge ar chamchuairt!
Meán Fómhair 7, 2010
Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr.
Sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr, beifear ag díriú ar ionaid i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn, i mBaile Átha Cliath agus ar an Tulach Mhór.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.
Roimhe seo reáchtáladh na seimineáir i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.
Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.
Béim curtha ar ról na nEagras i dTuarascáil an Chomhchoiste
Lúnasa 12, 2010
Tá molta ag an gComhchoiste Oireachtais um Gnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta gur cheart ról na n-eagras Gaeilge a aithint sa Straitéis nua don Ghaeilge mar beidh rathúlacht na Straitéise ag brath ar thacaíocht agus ar chomhordú na n-eagras.
Moltar freisin gur cheart ról príomhúil chun geilleagar agus bonneagar na Gaeltachta a fhorbairt a fhágáil faoi Údarás na Gaeltachta sa Tuarascáil a d’fhoilsigh an Comhchoiste maidir leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Bhronn Cathaoirleach an choiste, Tomás Ó Ceit TD, an Tuarascáil ar an Aire Pat Carey TD ag preasocáid a reáchtáladh i dTeach Laighin inniu, 28 Iúil 2010.
Tá 39 moladh a bhaineann leis an gcóras oideachais agus oideachas Gaeltachta, An Ghaeltacht agus normalú na Gaeilge déanta ag gComhchoiste sa Tuarascáil.
Baineann cuid do na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil chomh maith leis an ról a bheidh ag forais stáit éagsúla agus ag an bpobal i bhforfheidhmiú na Straitéise.
Chuir an tAire fáilte roimh an Tuarascáil agus thug sé le fios go mbeidh an Taoiseach mar stiúrthóir ar dhíospóireacht sa Dáil agus sa Seanad sa bhfómhar maidir leis an Straitéis. Dúirt sé go raibh dóchasach go mbeidh tacaíocht traspháirtí ann dó.
Má ghlacann an Rialtas le moltaí na Tuarascála, beidh sé de chúram ag Oifig an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar an Straitéis.
Anuas air sin, moltar gur cheart deighilt a shoiléiriú idir chúraimí Údarás na Gaeltachta/na Gaeilge agus Foras na Gaeilge agus a ndualgais a shonrú sa straitéis.
Dúirt an tAire nach raibh sé den tuairim áfach go mbeadh comhnascadh ann idir an dá eagraíocht mar bheadh deacrachtaí áirithe ag baint le gníomh mar sin ó thaobh ama de.
Ag fáiltiú roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála “Tréaslaím leis an gComhchoiste Dála as tuarascáil chuimsitheach a fhoilsiú ina bhfuil moltaí láidre, aontaithe ar bhonn trasphairtí, a bheidh chun leas na Gaeilge sa tréimhse 20 bliain romhainn.”
“D’eascair na moltaí as an bpróiseas comhairliúcháin leathan atá curtha i gcrích ag an gComhchoiste, chun tuairimí, mianta agus riachtanais pobail na Gaeilge a mheas. Tá súil ag an gComhdháil go nglacfaidh an Rialtas le moltaí uile an Chomhchoiste agus go bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go luath.”
Chuir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an Tuarascáil ag an ócáid chomh maith agus ghabh sé buíochas leis an gCoiste as an gcomhairliúcháin poiblí a chur ar siúl mar chuid den phróiseas.
Dúirt sé go raibh sé “ríthábhachtach go nglacann an Rialtas leis na moltaí i dtuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ina n-iomláine, go ndéantar iad uile a chur san áireamh sa dréacht deireanach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go gcothaítear aontas tras-pháirtí don Straitéis céanna, ar mhaithe le fiúntas agus le leanúnachas na Straitéise a chinntiú sa ghlúin romhainn.”
Chuir an eagraíocht fáilte roimh líon mór na moltaí go háirithe iad siúd a bhaineann le tábhacht inmharthanacht na Gaeltachta; ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht a fhágáil faoin Údarás; ról lárnach na n-eagras Gaeilge deonach i gcur i bhfeidhm na Straitéise; curaclam comhtháite Gaeilge agus measúnú na Straitéise a chur faoi chúram Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Taoiseach féin ag tuairisciú do Thithe an Oireachtais ar dhul chun cinn na Straitéise.
Tá an Tuarascáil ar fáil le léamh ar shuíomh Gréasáin Oifig Thithe an Oireachtais anseo. Cad é do thuairim? Fág teachtaireacht ar Facebook na Comhdhála nó seol teachtaireacht chuig @gaelport ar Twitter.
©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Iúil 2010