Méid an Téacs

Gaelscoil Moshíológ ag troid na ciorraithe sa cóimheas daltaí le múinteoirí

Eanáir 17, 2012

Tá feachtas eagraithe ag Gaelscoil Moshíológ le cur i gcoinne na ciorraithe sa cóimheas daltaí le múinteoirí. Chaill an scoil múinteoir le déanaí de dheasca na ciorraithe agus tá siad buartha go n-imreoidh na ciorraithe tuilleadh droch-thionchar ar an scoil. Éilíonn siad ach go háirithe go mbeadh ciorruithe bunaithe ar líon na ndaltaí reatha sna scoileanna, seachas ar uimhreacha na bliana roimhe. Tá breis agus 460 síniú bailithe acu ar achainí atá le seoladh chuig an Aire, agus tá litreacha scríofa ag tuismitheoirí chuig na comhairleoirí agus Teachtaí Dála áitiúla agus chuig an Uachtarán, Michael D. Higgins. Ba mhór leo tacaíocht a fháil ó scoileanna eile agus ó mórphobal na Gaeilge agus na gaelscolaíochta, agus is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bhfeachtas a fháil ar Facebook nó trí teagmháil a dhéanamh leis an scoil.

Ráiteas ó phobal na scoile:

Sa bhliain 2011, athraíodh an cóimheas dalta-múinteoir i nGaelscoileanna, chun iad a chur ar chomhchéim le scoileanna eile. Mothaímid, áfach, go dteastaíonn níos mó tacaíochta oideachasúla ó pháistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna, toisc go bhfuil siad sáite i dteanga nach í a máthairtheanga í.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn nach mbeadh drochthionchar ag na ciorraithe ar oideachas ár leanaí. Agus muid dá dtumadh i dteanga agus cultúr na hÉireann, ba mhian linn go mbeadh na deiseanna céanna acu agus a mbeadh dá bhfreastalóidís ar scoil lárshrutha.

Is mór againn an deis a chur ar fáil dár bpáistí oideachas a fháil trína dteanga náisiúnta; tá súil againn go gcuirfidh siad féin an deis chéanna ar fáil don ghlúin aníos. Táimid ag iarraidh ort do chuid tacaíochta a thabhairt dúinn, agus úsáid a bhaint as do thionchar, chun béim a chur ar thábhacht ár gcultúr agus ár dteanga, chomh maith le tosaíocht a thabhairt don oideachas mar bhealach chun cinn dár leanaí.

Le do thoil, cinntigh nach gcosnóidh deisiú na heacnamaíochta ár sochaí agus ár gcultúr orainn.

Comhráiteas na nEagras Bunmhaoinithe

Eanáir 17, 2012

Crann taca d’fhorbairt na Gaeilge mar theanga phobail é infreastruchtúr na n-eagraíochtaí Gaeilge. Tá na heagraíochtaí fréamhaithe sa phobal agus ballraíocht leathan acu a shaothraíonn ar bhonn deonach. Oibríonn foireann na n-eagraíochtaí go dícheallach agus tá taithí na mblianta acu ina gcuid sainréimsí oibre. A bhuíochas de shaothar na n-eagraíochtaí, tá fáil ag muintir na hÉireann le fada an lá ar an iliomad seirbhísí Gaeilge.

Iarradh ar Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus moltaí athchóirithe a mholadh. In ionad dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú agus teacht ar mhodhanna nua oibre, tá beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth. Ní bheadh na heagraíochtaí in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú. Chun obair na Gaeilge a dhéanamh feasta is mian le Foras na Gaeilge tairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana.

Is cúis mhór bhuartha don 19 eagras bunmhaoinithe go bhfuil sé i gceist ag an bhForas deireadh a chur leis an maoiniú acu. Creidimid go ndéanfadh cur chuige ar bhonn córas scéimeanna iomaíocha dochar tromchúiseach, do-leasaithe don Ghaeilge sna blianta amach romhainn. Ar na pointí i gcoinne mholadh an Fhorais áirímid:

  • Is eagraíochtaí pobail iad na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Glacann cuid mhór daoine páirt iontu agus bíonn go leor eile ag brath orthu chun tacaíocht a thabhairt dóibh maidir le hionad na Gaeilge a threisiú ina saol. Murab ionann agus an saol tráchtála mar a gcuirtear seirbhísí ar conradh, ní oirfeadh cur chuige ar bhonn tairiscintí chun freastal ar riachtanais an phobail ó thaobh na Gaeilge de.
  • Téann moladh an Fhorais glan i gcoinne choincheap na pleanála teanga agus an riachtanas go mbeadh leanúnachas i soláthar seirbhísí.
  • An acmhainn is mó atá ag na heagraíochtaí ná an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an Fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpostanna á maoiniú ag an bhForas. Thar oíche, chaillfí saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí. Ní fhéadfadh riamh go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar conradh. Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.

Aithnímid an gá atá le forbairt agus cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach airgid is fearr. Ní fheictear dúinn go mbeidh luach ar airgead á sholáthair trí na scéimeanna nua. Táimid lán sásta obair i bpáirt leis an bhForas chun teacht ar mhúnlaí nua oibre a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Dá réir sin, molaimid d’Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú linn le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.

Rang 6 sa Rinn – Gaelscoil na nDéise

Eanáir 16, 2012

Chuaigh daltaí Rang 6 ó Ghaelscoil na nDéise ar cuairt 3 lá go Gaeltacht na Rinne idir an 11ú Bealtaine 2011 agus an 13ú Bealtaine 2011. Bhuaileamar le daltaí Rang 6 ó Scoil na Leanaí ann ‘s ghlacamar páirt sna himeachtaí éagsúla linn. Bhí deis iontach againne ár gceantar Ghaeltachta áitiúil a fheiscint ‘s canúint na háite a chloisint ‘s a fhoghlaim. Ghlacamar páirt i gcluichí, caithimh aimsire, rince gaelach, turasanna ‘s go leor imeachtaí eile. Bhí deis iontach againn bualadh le daltaí ó ghaelscoil eile ‘s cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge i modh taitneamhach. D’fhanamar i gColáiste na Rinne (ionad Gaeilge sa Rinn) ‘s bhí ár gcuid béiltí againn ann chomh maith. Chuamar ar turasanna timpeall an cheantair agus bhíomar an-thógtha lenár nGaeltacht áitiúil!! Bhí an-spórt ‘s spraoi againn le daltaí Scoil na Leanaí chomh le muintir an Choláiste ‘s táimid ag súil go mór leis an turas ann Bealtaine seo chugainn cheana féin!!

Comórtas Sacair Cúigear an Taobh – Seachtain na Gaeilge

Eanáir 16, 2012

Tá fáilte roimh mhúinteoirí Gaelscoile agus eile foirne a chur isteach i gComórtas Sacair Cúigear an Taobh do dhaoine fásta atá Áras Chrónáin ag eagrú i gCluain Dolcáin mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012.

Beidh sé ar siúl Dé Sathairn 3ú Márta ó 2.00in-5.00in ar pháirceanna astroturf Ionad Fóilíochta Chluain Dolcáin.

Eagrófar béile do na rannpháirtithe agus lucht tacaíochta ina dhiaidh mar aon le hoíche shiamsaíochta in Áras Chrónáin níos déanaí.

Is féidir cúigear imreoir agus beirt ionadaí a bheith ar gach foireann.

Más mian leat bheith páirteach seol ainm na foirne agus ainmneacha na n-imreoirí chugam ar Facebook nó chuig colmobroin@yahoo.ie roimh 10ú Feabhra. Tuilleadh eolais 086 3927090.

Éagsúlacht Phátrúnachta – Suirbhéanna ar Oscailt

Eanáir 14, 2012

Naisc chuig na suirbhéanna

Cad atá i gceist leis seo go léir?

Cé go soláthraíonn an Stát bunoideachas saor in aisce, is iad comhlachtaí pátrúnachta a bhunaíonn scoileanna agus a shainíonn éiteas na scoileanna sin agus a cheapann boird bhainistíochta a reáchtálann na scoileanna ó lá go lá.

Tá an formhór mór (96%) de bhunscoileanna na hÉireann faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht aicmí creidimh agus thart ar 90% de na scoileanna faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil athrú mór tagtha ar shochaí na hÉireann le blianta beaga anuas. Tá teaghlaigh ina bhfuil náisiúntachtaí, reiligiúin agus creidimh éagsúla ina gcónaí anseo anois. Caithfear ár gcóras oideachais a chur in oiriúint dá bhrí sin don saol nua seo lena chinntiú go léireofar meas ar thraidisiúin éagsúla agus ar chreidimh éagsúla na ndaltaí

Fóram faoi Phátrúnacht Bunscoileanna

An bhliain seo caite, bhunaigh an tAire Oideachais agus Scileanna sainghrúpa chun dul i gcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh ar conas is féidir le bunscoileanna a bheith níos cuimsithí ó thaobh traidisiún, reiligiún agus creideamh éagsúil de.

Fuair an tAire Oideachais agus Scileanna, an tUasal Ruairí Quinn T.D. Tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais níos luaithe i mbliana agus d’fhoilsigh sé í.

Mar chuid dá fhreagra ar mholtaí an Ghrúpa Chomhairligh, tá tús curtha ag an Aire le próiseas nua chun breathnú ar an gcaoi a bhfeadfaí roinnt scoileanna atá á reáchtáil ag an Eaglais Chaitliceach a aistriú chuig comhlachtaí pátrúnachta eile i 44 ceantar ar fud na tíre. Cuirfear an próiseas seo i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar dtús sna ceantair seo a leanas: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú (lena n-áirítear An Choill Mhór Thiar agus Beaumont), Baile Átha Troim agus an Trá Mhór.

Cén chaoi a dtarlóidh sé sin?

Is éard a tharlóidh sa chéad chéim den phróiseas seo ná go n-iarrfar ar na tuismitheoirí nó na caomhnóirí go léir a bhfuil leanaí acu atá ag freastal ar bhunscoileanna nó ar réamhscoileanna sna ceantair sin a insint dúinn cén cineál bunscoile ar mhaith leo go mbeadh a gcuid leanaí ag freastal orthu. Is éard atá i gceist ná a fháil amach cé mhéid éilimh atá i measc tuismitheoirí/caomhnóirí maidir le rogha níos leithne a bheith acu ó thaobh cineálacha scoile sna ceantair sin a bhfuil rogha teoranta iontu faoi láthair. Úsáidfear freagraí na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí le féachaint cad iad na hathruithe atá riachtanach, más gá aon athrú a dhéanamh, chun go mbeidh rogha níos leithne ann ó thaobh bunscoileanna de sna ceantair sin.

Cé atá incháilithe chun an suirbhé a chomhlánú?

Tuismitheoirí/caomhnóirí na leanaí atá ag freastal ar bhunscoil nó réamhscoil san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, san Fhionnbhrú (lena n-áirítear an Choill Mhór Thiar agus Beaumont), i mBaile Átha Troim agus sa Trá Mhór. Ní chuirfear do rogha san áireamh ach amháin sa cheantar ina gcónaíonn tú agus cuirfear an chuid eile den 44 suirbhé i gcrích níos déanaí sa bhliain.

Cineálacha Pátrúnachta

Rangaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna bunscoileanna faoi láthair mar scoileanna sainchreidmheacha, idirchreidmheacha agus il-sainchreidmheacha a chuireann oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla nó na Gaeilge.

Pátrúnacht shainchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht pobal creidimh amháin. Cuireann a leithéid de scoil oideachas reiligiúnach ar fáil de réir thraidisiúin, chleachtais agus chreidimh an phobail reiligiúnaigh faoi leith. D’fhéadfadh sé oideachas níos leithne a chur ar fáil freisin faoi reiligiún agus éascú a dhéanamh ar iarrachtaí tuismitheoirí/caomhnóirí ó thraidisiúin chreidimh eile oideachas reiligiúnach a chur ar fáil ina gcóras creidimh féin.

Pátrúnacht idirchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht nó iontaobhas níos mó ná pobal creidimh reiligiúnaigh amháin. Soláthraíonn a leithéid de scoil deiseanna éagsúla maidir le hoideachas reiligiúnach.

Pátrúnacht il-sainchreidmheach: Aicmítear dhá chineál bunscoile mar scoileanna il-sainchreidmheacha i gcomhthéacs na hÉireann:

Ar an gcéad dul síos, tá na scoileanna sin nach gcuireann oideachas reiligiúnach ar fáil mar mhúnlú dá ndaltaí i rith an lae scoile, ach a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus faoi chreidimh éagsúla. Más mian leo, is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí socrú a dhéanamh i scoileanna den sórt sin chun oideachas reiligiúnach sainchreidmheach a chur ar fáil dá leanaí lasmuigh d’uaireanta scoile.

Ar an dara dul síos, tá na scoileanna sin a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus a chuireann roinnt múnlú creidimh ar fáil le haghaidh sainchreidimh éagsúla, ar iarratas tuismitheoirí, i rith an lae scoile, thar thréimhse 3 nó 4 seachtaine.

Cur síos ar Phátrúnacht

Tá an Roinn tar éis liosta de 44 ceantar a scaipeadh ar gach pátrún agus tar éis a iarraidh orthu liosta a sholáthar de na ceantair ar spéis leo a bheith ina bpátrúin iontu. D’iarr an Roinn orthu freisin cur síos gairid a dhéanamh ar an tsamhail phátrúnachta atá acu. Ní liostaítear sa suirbhé ach na pátrúin sin a léirigh spéis i bheith ina bpátrúin i gceann de na ceantair sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sholáthraithe na bpátrún, cliceáil anseo.

Cad a tharlóidh ansin?

Foilseoidh an Roinn Oideachais agus Scileanna tuarascálacha mionsonraithe faoi thorthaí na suirbhéanna. Déanfar é sin ar bhealach a léireoidh meas iomlán ar rúndacht agus ar chearta cosanta sonraí gach duine a thabharfaidh freagra. Féach an nasc chuig an bprótacal maidir le cosaint sonraí. (cliceáil anseo).

Cuirfidh torthaí an tsuirbhé ar ár gcumas a fháil amach cad é leibhéal an éilimh i measc tuismitheoirí maidir le héagsúlacht níos leithne a bheith ann ó thaobh rogha scoileanna de sna ceantair roghnaithe. Má aithnítear go bhfuil éileamh den sórt sin ann, pléifear na roghanna i gcomhpháirtíocht leis na pátrúin agus leis na pobail scoile lena mbaineann maidir leis an gcaoi a bhféadfaí úinéireacht roinnt scoileanna a aistriú.

Ní bhunófar scoileanna breise sna ceantair de thoradh an phróisis seo.

Tuilleadh Eolais agus sonraí teagmhála

Má tá aon deacracht agat ag comhlánú an tsuirbhé nó ag iarraidh a thuiscint cad is brí leis na ceisteanna, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach chun cúnamh a fháil ag uimhir shaorghlao 1800 303 621. Beidh an líne chabhrach ar oscailt ó 9.30 r.n. go 1 i.n. agus ó 2 i.n. go 5 i.n. ó Luan go hAoine fad is atá an suirbhé beo.

Iarrtar ar gach tuismitheoir/caomhnóir atá i dteideal an suirbhé a chomhlánú é sin a dhéanamh ar líne roimh an Aoine, 9 Samhain 2012. Beidh ar gach tuismitheoir/caomhnóir atá ag comhlánú an tsuirbhé a n-uimhreacha PSP a bheith ullamh acu lena n-iontráil sa suirbhé.

Sa chás nach bhfuil na tuismitheoirí/caomhnóirí in ann an suirbhé a chomhlánú ar líne, cuirfear suirbhé ar pháipéar ar fáil dóibh. Is féidir é seo a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis an uimhir shaorghlao sa Roinn Oideachais agus Scileanna 1800 303 621.

Bileog nua ar an Luath-thumoideachais

Eanáir 13, 2012

Céard é agus cé na buntáistí a bhaineann leis? Tá bileog nua dátheangach ar fáil anois ó GAELSCOILEANNA TEO. a fhreagraíonn na ceisteanna seo, agus beidh cóipeanna de á scaipeadh ar scoileanna tríd an phost an tseachtain seo chugainn. Tá an bileog ar fáil le híoslódáil anseo chomh maith (agus roinnt mhaith acmhainní eile leis!). Is féidir cóipeanna clóite breise a lorg ach teagmháil a dhéanamh linn: oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195.

Féile Scoil Drámaíochta na Gaillimhe

Eanáir 13, 2012

Tá’n sprioc-dháta ag druidim linn chun iarratais a sheoladh isteach le bheith páirteach i bhFéile Scoil Drámaíochta na Gaillimhe.

Reáchtálfar an Fhéile in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán ón Luan 6 Feabhra go dtí an Aoine 10 Feabhra 2012.

D’éirigh go breá leis an bhféile anuraidh, áit a léiríodh 35 dráma le linn na seachtaine agus táthar ag súil leis an méid céanna drámaí nó níos mó fiú i mbliana.

Caithfidh iarratais a bheith seolta isteach roimh an Aoine 20 Eanáir agus ní ghlacfar le haon Iarratais tar éis an dáta sin. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón suíomh www.scoilnatulai.com

Caithfear an fhoirm iarratais, in éineacht le táille iontrála de €30 agus cóip clóite den script a sheoladh sa phost chuig Rúnaí Féile Scoil Drámaíochta, Scoil Cholmcille, An Tulaigh, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe láithreach.

Cuirtear míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach le linn an Fhéile Scoil Drámaíochta chun tacaíocht a thabhairt do na haisteoirí óga. Go deimhin, cuirtear léiriúchán den scoth ar stáitse le linn na seachtaine agus is fiú go mór a bheith i láthair le tallann an aos óg.

GAELSCÉAL

Tús curtha le tógáil ‘Gaeláras Mhic Ardghail’

Eanáir 13, 2012

CUIRFEAR go mór leis an Ghaeilge ar an Iúir an tseachtain seo nuair a chuirfear tús leis an obair tógála ar ‘Gaeláras Mhic Ardghail’.

Táthar dóchasach go mbeidh an obair críochnaithe agus go mbeidh an Gaeláras oscailte faoi Mheán an Fhómhair 2012 – in am do chomóradh ar Choláiste Bhríde Ó Meith (1912) a bheas á reáchtáil in Iúr Chinn Trá, agus in Ó Meith Mara.

“Lárionad oidhreachta agus oideachais a bheas ann” mar Ghaeláras Mhic Ardghail, “áit a bheidh ag riaradh ar riachtanais Ghaeilgeoirí cheantair an Iúir,” de réir Séamus Mac Dhaibheid ó Chraobh an Iúir de Chomhaltas Uladh atá taobh thiar den tionscadail.

Tá an Gaeláras á thógáil ag ‘Cnocán Phádraig Naofa’, Sráid an tSéipéil, ar an Iúir. Ba le clann Mhic Ardghail, May, Úna agus Tomás, an teach seo agus is ina n-ónóir a bheas an áras ainmnithe.

Bhronn an teaghlach gaelach seo an teach agus an suíomh seo ar Chonraitheoirí an Iúir – suíomh a bhí roghnaithe ag na Bráithre Críostaí breis is 150 bliain ó shin d’fhonn a gcéad scoil in Iúr Chinn Trá a lonnú ann, Scoil Phádraig Naofa.

Tá an comhlacht tógála Kelly McEvoy Brown, as Caisleán a’ Mhuilinn, Contae an Dúin, roghnaithe leis an obair tógála a dhéanamh, conradh atá bunaithe ar phleananna a rinne Milligan Reside Larkin, ailtirí áitiúla.

Déanfar sean-bhungaló chlann Mhic Ardghail a athchóiriú chun spás teagaisc agus leabharlann-dánlann a chruthú.

Ar chúl an tí beidh Halla an Chonartha agus taobh leis dhá sheomra do ranganna na Craoibhe.

Is é Ciste Infheistíochta Gaeilge príomh-mhaoinitheoir na scéime, dream úrbhunaithe a bhí sásta suim shubstaintiúil a infheistiú sa togra nuair a ba léir dóibh go raibh Comhairle an Iúir agus Mhúrn toilteanach deontas £100,000 a thabhairt.

Is le Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge an Gaeláras agus thug Comhaltas Uladh £30,000 don tionscadal mar is dócha go mbeidh Gaeláras Mhic Ardghail ag feidhmiú mar áit chruinnithe do bhaill an Chomhaltais amach anseo.

Tá Bunscoil an Iúir suite gar don Ghaeláras agus chítear deiseanna chun seirbhísí breise iarscoile a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí óga an Iúir.
“Beidh muid ag soláthar ranganna, imeachtaí sóisialta agus oideachais, lá agus oíche le linn na seachtaine. Déanfar freastal ar leith ar pháistí a bhfuil an Ghaeilge acu cheana ach nach bhfuil fóram iarscoile acu. Táimid ag smaoineamh go háirithe ar lucht Bhunscoil an Iúir, idir dhaltaí agus tuistí,” a deir Séamus Mac Dhaibheid.

“Tá tacaíocht faighte cheana ón Heritage Lottery Fund chun Oifigeach Forbartha Oidhreachta a cheapadh agus déanfar duine a cheapadh go luath,” a deir sé, “Beidh deiseanna fostaíochta eile ann gan aon agó.”

GAELSCÉAL

Deontais d’imeachtaí idirscoile ar fáil arís!

Eanáir 13, 2012

Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.

Táimid ag glacadh le hiarratais ar deontais faoi láthair. Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na heagraíochta, mar sin sciob an deis agus líon amach an fhoirm iarratais (ar líne) gan mhoill!

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
  • Bunscoileanna amháin
  • Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
  • Iar-bhunscoileanna amháin

Tá grianghraif sa ghailearaí de roinnt de na himeachtaí a bhfuair maoiniú tríd an scéim seo cheana agus is féidir tuairiscí na scoileanna ar a gcuid imeachtaí a léamh anseo. Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail. Tá gach eolas maidir leis an scéim ar fáil ón Oifigeach Forbartha, cspainneach@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar 01 8535193.

Gaelscoil an Chuilinn ag oscailt i mBaile an Tirialaigh i 2012!

Eanáir 12, 2012

« Previous PageNext Page »