2017-2018 Fulbright Irish Awards: Application Deadline 4pm, 28 October 2016
Deireadh Fómhair 13, 2016
Fulbright Irish Awards provide grants and support for postgraduate students, researchers, lecturers and professionals across all disciplines, to study, research or teach in the USA. The application deadline is 4pm, 28th October 2016.
To find out more, visit the Fulbright Irish Awards page. Interested candidates should review the eligibility criteria & award categories on our website, then contact awards@fulbright.ie for the 2017-2018 Award application guidelines & the link to the online application.
Further information:
- Watch the 2017-2018 Fulbright Irish Awards Webinar here
- Fulbright Ireland Ambassadors are available to give on-campus support, find details of the Ambassador on your campus here
- Watch interviews with Fulbright Alumni here or read their testimonials here
- Fulbright Award Managers can be reached at awards@fulbright.ie or by phone on +353 1 660 7670 to answer queries
We encourage you to share this information with students and colleagues. If you have any queries do not hesitate to contact me.
Emma Loughney
Communication & Administration Manager
The Fulbright Commission
T: +353 (0) 1 230 9802 www.fulbright.ie
Dea-scéal fógartha sa Bhuiséad do Scoileanna Aon-Oide
Deireadh Fómhair 12, 2016
Fáiltíonn Gaeloideachas (Gaelscoileanna Teo.) roimh fhógra an Aire Bruton go gceadófar an dara múinteoir do gach scoil oileáin gur scoil aon oide í agus an dara múinteoir do gach scoil gur scoil aon oide í ar an mórthír a bhfuil múinteoir i bhfeighil 6 rang nó os a chionn. Ar fíor-bheagán infheistíochta ag leibhéal na Roinne, tá inmharthanacht scoileanna beaga oileáin níos daingne. Gabhann muid buíochas leis an Aire Kyne, T.D. a chabhraigh go mór le feachtas Scoil Náisiúnta Inis Meáin ina leith, agus a léirigh an-tacaíocht do chás na scoileanna beaga, inmharthanacht na n-oileán agus caomhnú na Gaeilge. Comhghairdeas leis na scoileanna a mbaineann an dea-scéal seo leo. Tá sé i gceist ag Gaeloideachas tabhairt faoi fheachtas stocaireachta ar cheist an chóimheasa sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sna míonna atá romhainn.
BUDGET FAILS EARLY CHILDHOOD EDUCATION AND CARE
Deireadh Fómhair 12, 2016
Tuesday 11 October 2016
Press Release of the Association of Childhood Professionals
Budget 2017 was a missed opportunity to avert the funding crisis that is currently stalking early childhood education and care provision.
The key priority in Budget 2017 should have been investment in frontline services to enable them to deliver high quality supports to young children and parents. In this respect the budget measures revealed today were a complete failure.
The government’s vision for Ireland to be one of the best small countries in the world in which to grow up and raise a family was not evident as required investment failed to materialise.
Current regulatory requirements mean that it is really expensive to provide high quality early education and care. Parents cannot afford this high cost but in the absence of substantial investment the shortfall is being supplemented through the poor pay and conditions of both early childhood providers and their employees.
With an average wage of little more than €10 per hour many in the early years workforce exist in relative poverty. There is a staffing crisis that is beginning to impact on the level of provision that is available to parents as the poor pay and conditions provide little incentive for the workforce to remain or to attract new entrants
The failure of the government to increase capitation levels means that the poor conditions within the profession remain and centres will continue to close. Obviously this will impact on the government’s capacity to deliver on promises made in Budget 2017.
The 1.4 weeks of non-contact time is a welcome development as it is a recognition that 15 hours of delivery requires additional time to plan, implement, review, document; engage with parents, multidisciplinary teams, inspectorates, mentors, compliance audits; cleaning and maintenance; administration; staff meetings; CPD; etc. However in the absence of substantial investment this gesture smacks of tokenism to a profession that has long been neglected and exploited.
The inclusion of the Affordable Childcare Scheme is a welcome measure for parents and children however members of the early years profession have little confidence that the funds allocated for this will be sufficient to cover the full costs of provision and remove them from relative poverty
Further information: Marian Quinn, Chairperson, Association of Childhood Professionals: The professional body representing practitioners in early years and school age care and education
086 1984431
Tionól Teagaisc 2016
Deireadh Fómhair 11, 2016
Beidh Tionól Teagaisc 2016 á reáchtáil ag an PDST ar an Sathran 22 Deireadh Fómhair in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath (09:00 – 16:00) Seimineár Náisiúnta Gaeilge atá sa Tionól Teagaisc do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile. Is féidir le múinteoirí freastal ar rogha ceardlann phraiticiúil faoi mhúineadh na Gaeilge agus éisteacht le múinteoirí agus le saineolaithe éagsúla ag labhairt faoi ghnéithe ar leith de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge.Is féidir clarú ag http://www.pdst.ie/ga/comhdhalacha
Comórtas náisiúnta dearadh póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’
Deireadh Fómhair 10, 2016
Sheol Fíbín a gcéad chomórtas náisiúnta dearadh póstaer thiar i mí Márta ar thóir íomhá poiblíochta do chamchuairt an chompántais don dráma Ardteiste ‘An Triail’ agus d’éirigh go hiontach leis. Tháinig iontrálacha iontacha isteach ó scoláirí as gach cearn den tír. Chuir Fíbín tús le camchuairt na bliana seo sa Belltable i Luimneach an Luan seo caite agus críochnóidh an chamchuairt sa Taibhdhearc i nGaillimh ag deireadh na míosa. Ní raibh sé éasca buaiteoir a roghnú ach d’éirigh le Ryan Long, scoláire ealaíne sa 5ú bliain i Mayfield Community School i gCorcaigh an duais a bhuachan agus bhí an iomaíocht an-ghéar go deo. D’oibrigh Ryan le grafaicí ríomhaire agus le Photoshop chun a dhearadh deiridh a bhaint amach. Bhronn Bainisteoir Margaíochta Fíbín, Caitlín Nic Dhonnacha duaiseanna luach €800 ar Ryan, ina measc táibléad Android, póstaer sínithe don scoil agus bronnadh ticéid ar Ryan agus a rang chun An Triail a fheiceáil ar stáitse san Everyman. Bhain Ryan agus a rang an-sásamh as seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an léirithe chomh maith.
Mar thoradh ar an suim a cuireadh sa chomórtas seo sheol Fíbín comórtas náisiúnta ealaíne do chamchuairt na bliana seo chugainn ar thóir íomhá poiblíochta nua ag an TY Expo i gCill Dara i lár na míosa seo caite. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar shuíomh Gréasáin Fíbín agus ar a gcainéil meáin shóisialta. Tá na sonraí go léir le fáil ar www.fibin.com
Scléip 2017 – spriocdáta ag teannadh linn !
Deireadh Fómhair 10, 2016
Meabhrú beag go bhfuil an spriocdáta Scléip Gael Linn 2017, an comórtas tallainne do hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilgeag teannadh linn–Dé Luain, 24 Deireadh Fómhair!
Tá gach eolas faoin gcomórtas, mar aon le foirmeacha iontrála, ar fáil ag an nasc seo http://www.gael-linn.ie/default.aspx?treeid=268&id=36, nó ó Gael Linn 01:6751200/eolas@gael-linn.ie. Is libhse an stáitse…
Dúil sa Ghaeilge … Dúil sa Bhia … ní gá féachaint níos faide ná Scoil Chócaireachta an Daingin!
Deireadh Fómhair 10, 2016
Deireadh Seachtaine Bia & Beocht, 12 & 13 Samhain
Thar an deireadh seachtaine seo beidh ranganna cócaireachta, taispeántas cócaireachta, siúlóid treoraithe le scéalaíocht, filíocht agus amhránaíocht maraon le bia álainn i gcóir lón agus dinnéar!
Tósóidh an deireadh seachtaine seo le fáiltiú beag le tae, caife agus blastóga beaga. Leanfar seo le rang cócaireachta teagmhálach agus lón!!! Tar éis lón blasta beidh siúlóid treoraithe le Muiris Ó Scanláin, siúlóid taitneamhach le scéalaíocht, filíocht agus amhránaíocht meascaithe isteach leis! Tiocfar thar n-ais an scoil i gcóir dinnéar an tráthnóna sin. Maidin Domhnach beidh rang cócaireachta teagmhálach ‘briclóin’ … sin meascán do bhricfeast agus lón!!! Ina dhiadh san beidh taispteántas cócaireachta roimh a fhágfar slán leis an scoil.
Tá liosta lóistín le rátaí speisialta mar pháirtithe again, mar sin má tá lóistín ag teastáil ní gá ach é a lua linn agus tú ag cur an deireadh seachtaine seo in áirithe.
Costas iomlán an deireadh seachtaine seo ná €220.
Má tá suim agat teacht go dtí an deireadh seachtaine iontach seo ní gá ach dul i dteagmháil linn ar:
r-phost info@dinglecookeryschool.ie
fón 086 872 3521
suíomh www.dinglecookeryschool.ie
Gaeloideachas – ainm nua Gaelscoileanna Teo.
Deireadh Fómhair 10, 2016
Fógrófar go hoifigiúil ainm nua Gaelscoileanna Teo. ag seoladh oifigiúil Chomhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus COGG tráthnóna inniu i gCill Chainnigh.
Ag cruinniú urghnách ar an 6 Deireadh Fómhair, ghlac baill na heagraíochta leis an ainm nua Gaeloideachas – Guth don Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ainm a thugann aitheantas do fhearainn oibre iomlán na heagraíochta, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Uachtarán na heagraíochta, Cathnia Ó Muircheartaigh, “táimid an-bhuíoch do na baill uile a ghlac páirt sa chomhairliúchán faoi ainm na heagraíochta. Léiríonn a gcuid rannpháirteachta sa phlé seo tábhacht na ceiste dóibh agus mar eagraíocht táimid an-sásta gur éirigh linn aitheantas a thabhairt do mhianta na mball i dtaobh uileghabhálachta ainm na heagraíochta”. I gcomhthéacs ainmbhranda na heagraíochta, deir sé “aithnímid gur ainmbhranda láidir é Gaelscoileanna Teo. ach tá lán-mhuinín againn go rachaidh an eagraíocht ó neart go neart leis an ainm nua”.
Seolfaidh Méara Chill Chainnigh, Patrick O’Neill go hoifigiúil Chomhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus COGG tráthnóna inniu i gCill Chainnigh, ócáid a thabharfaidh blaiseadh beag ar imeachtaí na comhdhála a bheidh ar siúl ar an 11-12 Samhain sa chathair chéanna. Ag labhairt faoin gComhdháil, deir Seán Ó hArgáin, Oifigeach Caidrimh Phoiblí na heagraíochta, “Is mór an onóir dúinn Cathair Chultúrtha Chill Chainnigh a bheith roghnaithe mar láthair na Comhdhála Bhliantúil. Beimid ag súil le breis agus 300 toscaire ó chuile cearn den tír a bheidh linn don dá lá le tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil, gréasánú i measc a chéile agus clár breá siamsaíochta.”
Le clárú don chomhdháil, féach anseo.
‘Dearcadh úr’ ag teastáil ón Roinn Oideachais maidir le maoiniú Gaelscoileanna – an tAire Oideachais
Deireadh Fómhair 6, 2016
D’admhaigh an tAire Oideachais Richard Bruton go bhfuil “dearcadh úr” ag teastáil ón Roinn Oideachais maidir leis na comórtais a reáchtáiltear le maoiniú a cheadú do scoileanna nuabhunaithe, agus aird a thabhairt ar an éileamh réasúnta mór atá ann do scoileanna lánGhaeilge.
Bhí an tAire Bruton ag freagairt ceiste ón Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh ag cruinniú de chuid an Choiste Oideachais le deireanas.
Dúirt Ó Clochartaigh go “bhfuiltear den tuairim go bhfuil bac á chur ar Ghaelscoileanna” tríd an gcóras atá i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais le hairgead do thograí caipitil a dháileadh.
“Léirítear sna figiúirí ón ESRI don bhliain 2015 go roghnódh 23% an Ghaelscolaíocht dá gcuid gasúr ach níl ina ngaelscoileanna ach 6.7% de líon iomlán na scoileanna in Éirinn. Táthar ann den tuairim go bhfuil bac á chur ar ghaelscoileanna tríd an gcóras atá agaibh do dháileadh an airgid do chaipiteal tograí. “An dtabharfá freagra air sin? D’fhéadfadh scoil lánGhaeilge a bheith ina Educate Together nó ina scoil Chaitliceach. Ní bhaineann ceist na pátrúnachta le ceist na ngaelscoileanna. Is léir go bhfuil éileamh mór orthu ach nach bhfuilimid ag cur maoiniú ar fáil le freastal ar an éileamh sin,” a dúirt Ó Clochartaigh.
Dúirt an tAire Bruton go “nglacann” sé leis na pointí a luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh agus d’admhaigh gur gá “dearcadh úr” a bheith ag a Roinn i leith na ceiste.
“I take your point about the Gaelscoileanna in the competitions for selection and in those areas we do need to have a fresh look at how those competitions are put in place. Of course we would hope that some of the transfer of patronage would go to Gaelscoileanna to reflect the demand,” a dúirt sé.
Dúirt sé freisin go bhfuil a n-aird á díriú anois ag oifigigh na Roinne ar cheist na pátrúnachta agus go bhfuiltear ag déanamh iarrachta “cur leis an rogha” atá ar fáil do thuismitheoirí agus go bhfuil an obair sin “an-tábhachtach”.
Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, le Tuairisc.ie go mbíonn “míthuiscint” ann maidir le gaelscoileanna nuabhunaithe agus cúrsaí creidimh.
“Is scoileanna iad a fhreastalaíonn ar pháistí de gach creideamh nó gan aon chreideamh, díreach mar a dhéanann scoileanna Educate Together. Tugtar le fios go bhfuil rogha le déanamh idir an teanga theagaisc agus an cur chuige i leith an reiligiúin. Is trua sin mar cuireann sé tuismitheoirí ar strae, tuismitheoirí gur mian leo oideachas ilchreidmheach agus lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dá gclann,” a dúirt sí.
Ó Pheann an Phiarsaigh ar camchuairt i nDeisceart na Tíre an tseachtain seo
Deireadh Fómhair 5, 2016
Seo liosta na n-ionad ina mbeidh muid ag léiriú an dráma Ó Pheann an Phiarsaigh an tseachtain seo:
*AN RINN* – Halla na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge – Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair @ 8 i.n.
*UCC* – An Seomra Caidrimh, Áras Uí Rathaille (ORB), Coláiste na hOllscoile, Corcaigh / UCC – Dé hAoine, 7 Deireadh Fómhair @ 12.30 i.n.
*BAILE BHUIRNE* – Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí – Dé hAoine, 7 Deireadh Fómhair @ 8.30 i.n.
*FEOTHANACH* – Halla na Feothanaí, Baile na nGall (Co. Chiarraí) – Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair @ 8 i.n.