Méid an Téacs

Stiúrthóir Naíonra – Uíbh Fhailí

Márta 26, 2013

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra i mBiorra, Co. Uibh Fhailí.
Ráta pá: €20 san uair agus 30 uair sa tseachtain.
Tá an Stiúrthóir ag teastáil le haghaidh seisiún maidine agus seisiún tráthnóna.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge (labhartha agus scríofa) ag an iarrthóir mar aon le cáilíocht CDBO/FETAC Leibhéal 5 nó 6 ina iomláine.
Moltar go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt fúthu:
• Dianchúrsa FNT
• Oiliúint gharchabhrach
• Child Protection Training

Is é 29 Márta 2013 an spriocdháta. Eagrófar agallaimh i ndiaidh an dáta sin.

Is féidir glaoch a chur ar Stella ag 085 7112211 nó riomhphost: info@stellathompson.com má tá spéis agat sa phost.

Féile na bPáistí 2013

Márta 26, 2013

Beidh Féile na bPáistí ar siúl i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ón 2-4 Aibreán 2013.

Seo é an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil an fhéile ealaíon seo do pháistí ar siúl agus beidh féile na bliana seo á reáchtáil le linn laethanta saoire na cásca chun go mbeidh deis ag páistí freastal ar na himeachtaí éagsúla atá beartaithe.

Beidh na himeachtaí ar siúl in Áras Inis Gluaire i gCo. Mhaigh Eo thar thrí lá ón Máirt 2 – Déardaoin 4 Aibreáin 2013.

Mar chuid de na himeachtaí beidh seó agus ceardlanna do gach aoisghrúpa á reáchtáil. Beidh seó beo de chuid na ndeartháireacha Fanzini- beirt fhear grinn. Anuas air seo beidh ceardlann drumadóireachta leis na Rúach Rhythms & Seó Puipéad faoi stiúir Carmel Balfe. Is gá áit a chur in áirithe do na ceardlanna do pháistí de bharr éileamh.

Tuilleadh eolais:
Áras Inis Gluaire
Béal an Mhuirthead
Co. Mhaigheo
t.mccafferty@arasinisgluaire.ie / 09781079
www.arasinisgluaire.ie

Teastas Nua Surfála seolta ag Scoil Surfála Freedom

Márta 26, 2013

Tá tús curtha ag Scoil Surfála Freedom i gcomhar le Billabong le teastas surfála deireadh seachtaine trí Ghaeilge.

Tá Scoil Surfála Freedom ar an bhfód le 30 bliain anois agus í lonnaithe sa Trá Mhór, Co. Phort Láirge gar do Ghaeltacht na Rinne. Tá an-éileamh ar na ranganna surfála trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil ann mar aon le campaí samhraidh d’aoisghrúpaí éagsúla.

Tá clár eisceachtúil curtha le chéile agus an scoil I gcomhar leis an mbranda aitheanta, Billabong, a chuirfidh ar chumas daoine cáilíocht a bhaint amach tar éis dóibh scileanna nua a fhoghlaim.

Dúirt stiúrthóir Scoil Surfála Freedom, Billy Butler: “Chuireamar tús leis an turas seo i 2008 agus táimid ag cur lenár gclár ó shin. Beidh teastais ar fáil ó Chumann Surfála na hÉireann don Chúrsa Teastas Surfála seo trí Ghaeilge do aon duine ar mhaith leo caighdeán aitheanta tosaitheora nó idirmheánach surfála a fháil trí Ghaeilge. Tá lúcháir orainn é a chur ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ónár gcomhpháirtí oirirc Billabong.”

Tá eolais maidir leis an teastas ar fáil ar www.freedomsurfschool.com.

Leabhar úr do pháistí foilsithe ag Futa Fata

Márta 26, 2013

Seoladh an leabhar is déanaí ón údar Patricia Forde i dTaibhdhearc na Gaillimhe an tseachtain seo caite.

Is pictiúrleabhar é Lísín – Scoil na bPáistí Deasa ina n-insítear scéal fhoghlaí mara óg ag tosú i scoil ghalánta nua agus í ag iarraidh réiteach leis na páistí ardnósacha ann.

Is í an t-ealaíontóir Francach Joelle Dreidemy a mhaisigh Lísín – Scoil na bPáistí Deasa, a bhfuil ar an gceathrú leabhar foilsithe ag an údar le Futa Fata.

Bhí daltaí ó Ghaelscoil Dara, Scoil Fhursa agus Gaelscoil Mhic Amhlaigh i láthair ag an seoladh sa Taibhdhearc áit a raibh ceol na mara á chasadh ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus a iníon Róise.

Tá Lísín – Scoil na bPáistí ar fáil anois ar chostas €7.95 ó www.futafata.ie agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.

Foilsithe ar Gaelport.com

Suirbhé Pobail ar Sheirbhís Nuachta Gaeilge – Glac Páirt agus Scaip an Scéal

Márta 25, 2013

Ba mhaith le Foras na Gaeilge tú a chur ar an eolas maidir le suirbhé nua atá le comhlánadh – tá an suirbhé seo dírithe ar phobal labhartha na Gaeilge ar mhaithe lena gcuid mianta agus tuairimí a thomhas i dtaca le treochtaí léitheoireachta nuachta agus rogha formáide is fearr do sheirbhís nuachta Gaeilge amach anseo. Tugtar cuireadh duitse an suirbhé a chomhlánadh agus an scéal a scaipeadh le daoine eile – féach thíos maidir le mionsonraí:

Comhthéacs: Tá seirbhís rialta nuachta á soláthar do phobal na Gaeilge i bhformáid chlóite le breis agus 100 bliain ó nuachtáin laethúla agus seachtainiúla. Léiríonn an meath leanúnach atá tagtha ar dhíolachán nuachtán lán-Ghaeilge go bhfuil gnáthaimh léitheoireachta nuachta phobal na Gaeilge athraithe agus á n-athrú i rith an ama.

Sprioc: Is mian le Foras na Gaeilge freastal ar phobal léitheoireachta na Gaeilge agus céimeanna a ghlacadh a chuirfidh leis an bpobal sin. Chuige sin, ba mhaith le Foras na Gaeilge mianta agus riachtanais phobal na Gaeilge féin a mheas ina leith. Cuideoidh torthaí an taighde seo le Foras na Gaeilge aontú ar an gcur chuige is fearr chun seirbhís nuachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge taobh istigh d’acmhainní teoranta an Fhorais.

Amscála: Iarrtar ar an bpobal freagairtí ar an suirbhé thíos a chur chuig Foras na Gaeilge faoi 12.00 meán lae an 16 Aibreán 2013.

Is féidir an suirbhé seo a chomhlánadh beo ar-líne ag www.gaeilge.ie/suirbhe

Seo puipéad, ceardlann is ceolchoirm, Dé Sathairn – Féile Raifteirí 2013

Márta 22, 2013

An Cheolchoirm Mhór — Main Concert
Siobhán Peoples, Breanndán Ó Beaglaíoch agus Laoise Kelly
Seosamh Ó Neachtain (damhsóir), Muireann Ní Dhuigneáin (Bean an Tí).

Breanndán Ó Beaglaíoch, Laoise Kelly and Siobhán Peoples
Seosamh Ó Neachtain (dancer), Muireann Ní Dhuigneáin (Bean an Tí).
8.00 p.m.
Leabharlann Bhaile Locha Riach — Loughrea Library

Do leanaí — Children
Seó puipéid Spraoi le Branar — Puppet show
11.00 a.m.
Leabharlann Bhaile Locha Riach — Loughrea Library

Ceardlann filíochta – Poetry Workshop
11.00 a.m.
le
Gearóid Mac Lochlainn
Seomra ócáide Ghaeilge Locha Riach — Loughrea’s Irish Centre, Gaeilge Locha Riach.
Eolas: 091-870718 /www.lochariach.com

Cámpa Spóirt na Cásca FEACHTAS ar ceal

Márta 22, 2013

Ar an drochuair, Ní bheidh an Campa Spóirt na Cásca eagraithe ag FEACHTAS ag dul ar aghaidh ón 25ú – 28ú Mí na Márta 2013. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag liam.feachtas@gmail.com.

Príomhoide do Ghaelscoil nua i mbaile Chill Dara

Márta 21, 2013

Cuirtear fáilte roimh iarratais do phost an Phríomhoide.

Is scoil nua lán-Ghaeilge, comhoideachasúil í an Ghaelscoil nua do Bhaile Chill Dara faoi phátrúnacht AN FORAS PÁTRÚNACHTA.

Tá éiteas il-chreidmheach ag an scoil. Tá an scoil fós ag glacadh le hiarratais ó dhaltaí do Mheán Fómhar 2013.

Ba cheart litir clúdach, foirm iarratais do Phríomhoide i nGaeilge agus teistiméireachtaí a sheoladh ar ríomhphost amháin chuig: caoimhin@foras.ie

Glacfar le hiarratais suas go Dé hAoine, 12 Aibreán 2013.

Beidh na hagallaimh ar siúl go luath ina dhiaidh sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.foras.ie nó www.educationposts.ie

Príomhoide do Ghaelscoil na Céime, BÁC 18

Márta 21, 2013

Cuirtear fáilte roimh iarratais do phost an Phríomhoide.

Is scoil nua lán-Ghaeilge, comhoideachasúil í Gaelscoil na Céime faoi phátrúnacht AN FORAS PÁTRÚNACHTA. Tá éiteas il-chreidmheach ag an scoil. Tá an scoil fós ag glacadh le hiarratais ó dhaltaí do Mheán Fómhar 2013.

Ba cheart litir clúdach, foirm iarratais do Phríomhoide i nGaeilge agus teistiméireachtaí a sheoladh ar ríomhphost amháin chuig: caoimhin@foras.ie

Glacfar le hiarratais suas go Dé hAoine, 12 Aibreán 2013.

Beidh na hagallaimh ar siúl go luath ina dhiaidh sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.foras.ie nó www.educationposts.ie

Príomhoide do Ghaelscoil Theach na Giúise

Márta 21, 2013

Cuirtear fáilte roimh iarratais do phost an Phríomhoide.

Is scoil nua lán-Ghaeilge, comhoideachasúil í Gaelscoil Theach na Giúise faoi phátrúnacht AN FORAS PÁTRÚNACHTA. Tá éiteas il-chreidmheach ag an scoil. Tá an scoil fós ag glacadh le hiarratais ó dhaltaí do Mheán Fómhar 2013.

Ba cheart litir clúdach, foirm iarratais do Phríomhoide i nGaeilge agus teistiméireachtaí a sheoladh ar ríomhphost amháin chuig: caoimhin@foras.ie

Glacfar le hiarratais suas go Dé hAoine, 12 Aibreán 2013.

Beidh na hagallaimh ar siúl go luath ina dhiaidh sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.foras.ie nó www.educationposts.ie

« Previous PageNext Page »