Méid an Téacs

Ráiteas ó Gaelscoileanna Teo. maidir le fógra an Aire Oideachais agus Scileanna i leith mórthionscnaimh tógála scoile

Samhain 18, 2015

Cóiríocht chuí geallta do scoileanna

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh ráiteas ón Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O Sullivan, maidir le hinfheistíocht chaipitiúil atá le déanamh i scoileanna sa tréimhse 2016-2021. Tá liosta de na mórthionscnaimh tógála foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a léiríonn go ndéanfar cóiríocht chuí a chur ar fáil do 27 bunscoil agus 16 iarbhunscoil lán-Ghaeilge, scoileanna atá ag feidhmiú faoi láthair i bhfoirgnimh shealadacha nó i gcóiríocht a bhfuil géarghá aici le hathchóiriú. Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le pobail na scoileanna seo; cabhróidh an infheistíocht atá deimhnithe anois ag an Aire le fás agus forbairt na scoileanna agus soláthar oideachais lán-Ghaeilge. Leanfaidh an eagraíocht ag plé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le deimhniú go dtarlóidh na forbairtí go tráthúil agus i gcomhairle leis na scoileanna féin, agus leanfar le stocaireacht ar son na scoileanna nach bhfuil soláthar cuí déanta dóibh go fóill.

Bunscoileanna nua – féidearthacht scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú

I measc na scoileanna a bhfuil cóiríocht bhuan á socrú dóibh, tá na bunscoileanna nua beartaithe do cheantair Marino/Droim Conrach/Baile Átha Cliath 1 agus Stigh Lorgan/Baile na nGabhar, atá le hoscailt don chéad uair i 2016. Tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le tuismitheoirí sa dá cheantar atá i mbun feachtas le héileamh gur scoileanna ilchreidmheacha lán-Ghaeilge faoin bhForas Pátrúnachta a bheidh sna scoileanna nua seo. Déanfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna cinneadh maidir le sainmheon agus pátrúnacht na scoileanna go luath i 2016, bunaithe ar léirithe spéise ó thuismitheoirí.

Ina ráiteas ar an 17 Samhain, d’fhógair an tAire freisin go mbeidh scoileanna nua le bunú i 2017 agus 2018. 4 bhunscoil agus 9 n-iarbhunscoil a bheidh i gceist, i gceantair éagsúla timpeall na tíre. Roghnófar sainmheon teanga na mbunscoileanna bunaithe ar éileamh ón bpobal agus ar iarratais na bpátrún ionchasach, agus pléifidh Gaelscoileanna Teo. leis na pátrúin, na scoileanna agus an pobal i ngach ceantair díbh le cinntiú go dtabharfaí éileamh ar sholáthar lán-Ghaeilge san áireamh.

Iarbhunscoileanna nua – neamhaird déanta ar éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge

Is cúis mhór díomá do Gaelscoileanna Teo., áfach, gur trí Bhéarla a bheidh an 9 n-iarbhunscoil nua ag teagasc, de réir fhógra na Roinne. Déanann an cinneadh seo faillí ar an éileamh atá ann d’iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge. Tá aighneachtaí cheana féin faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le 5 cheantar ina bhfuil tuismitheoirí i mbun dianfheachtas le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a éileamh dá gcuid páistí, aighneachtaí nach bhfuil aon aitheantas tugtha ag an Aire dóibh sa ráiteas seo. Tá feachtais láidre ar bun le tamall ag tuismitheoirí i mBaile an Chollaigh, Baile Átha Cliath 15, Port Laoise, Sligeach agus Tuaisceart Chathair Chorcaí, agus fágfar daltaí gan rogha an tumoideachais lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh ag an iarbhunleibhéal de dheasca an chinnidh seo. Leanfaidh Gaelscoileanna Teo. le stocaireacht ar son tuismitheoirí agus daltaí gur mian leo tumoideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh.

Tá sé aitheanta ag an Aire ina ráiteas go bhfuil éileamh dóthanach ar iarbhunscoil neamhspleách lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, áit ar bunaíodh Aonad lán-Ghaeilge i 2014. Níl sé i gceist an an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt don éileamh seo go dtí 2019, áfach, ainneoin go bhfuil sé léirithe ag pobal an cheantair go bhfuil éileamh leordhóthanach ann le hiarbhunscoil neamhspleách a oscailt láithreach. Tacaíonn Gaelscoileanna Teo. leis an éileamh seo agus iarraimid ar an Aire soláthar cuí a dhéanamh do dhaltaí Chill Dara Thuaidh ó Mheán Fómhair 2016 trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách a cheadú i Maigh Nuad. Tá stocaireacht leanúnach á déanamh ag Gaelscoileanna Teo. ar an Roinn d’fhonn aitheantas mar scoileanna neamhspleácha a bhaint amach d’Aonaid eile timpeall na tíre; leithéidí Ghaelcholáiste an Chláir, a bhfuil 150 dalta ag freastal uirthi ach nach bhfaigheann an tAonad tacaíocht chuí ón Roinn agus go bhfuil bac á chur ar a chumas fáis dá bharr. Tá géarghá le polasaí a bheith ag an Roinn Oideachais a thacaíonn le forbairt phleanáilte an tsoláthair ag leibhéal na hiarbhunscoile, agus go mbeadh meicníocht ann a thabharfadh an deis do gach Aonad fás ina scoil neamhspleách agus freastal mar is cuí a dhéanamh ar dhaltaí a roghnaíonn oideachas lán-Ghaeilge.

Comhdháil Oideachais

Pléifear cóiríocht scoile agus éileamh ar sholáthar tumoideachais lán-Ghaeilge i measc go leor eile ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. a bheidh ar siúl ar an 20 agus 21 Samhain sa Sheraton, Baile Átha Luain. Freastalaíonn foireann na scoileanna agus naíonraí lán-Ghaeilge ar an ócáid seo, chomh maith le hionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus na páirtithe oideachais. ‘Forás Feasa, Saothrú Chun Feabhais’ atá mar théama na Comhdhála i mbliana agus tá clár cuimsitheach oiliúna le cur i láthair na rannpháirtithe. Beidh cruinniú cinn bhliana Gaelscoileanna Teo. ar siúl ar Satharn an 21 Samhain. Is féidir clárú le freastal ar an gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie. Lean an Chomhdháil ar Twitter: #ComhdháilGST

Críoch

Tuilleadh eolais maidir le: Cóiríocht scoile, Comhdháil Gaelscoileanna Teo.

Nóra Ní Loingsigh, Ardfheidhmeannach Gníomhach, Gaelscoileanna Teo.

+353 1 853 5191 | +353 87 673 7560

Tuilleadh eolais maidir le: Scoileanna nua

Clare Spáinneach, Oifigeach Sinsearach Forbartha & Polasaí, Gaelscoileanna Teo.

+353 1 853 5193 | +353 87 972 4020

Nótaí don eagarthóir

Gaelscoileanna Teo.

Bunaíodh Gaelscoileanna Teo. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta freisin. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.

 

Feachtais i dtaobh scoileanna nua:

Marino/Drom Conrach/BÁC 1 http://www.gaelscoileanna.ie/northdub/

Stigh Lorgan/Baile na nGabhar http://www.gaelscoileanna.ie/southdub/

Iarbhunscoileanna nua http://www.gaelscoileanna.ie/bunu-scoil-nua-iarbhunscoileanna/

Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo.

http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/
Preasráiteas na Roinne Oideachais agus Scileanna

http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2015/PR15-11-17.html

Gaelcholáiste nua le hoscailt i Maigh Nuad i 2019

Samhain 18, 2015

Thug an Roinn Oideachais le fios inniu go n-osclófar Gaelcholáiste nua i Maigh Nuad sa bhliain 2019. Is de bharr éilimh ó thuismitheoirí agus ó dhaltaí a osclófar é.

Nuair a bunaíodh Coláiste Pobail Mhaigh Nuad i 2014, bhí Aonad Gaeilge ann agus dúradh ag an am dá mairfeadh an tAonad ceithre bliana go mbunófaí Gaelcholáiste agus go dtiocfadh sé faoi scáth Bhord Oideachais Chill Mhantáin agus Chill Dara, i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta.

Tá ag éirí leis an Aonad Gaeilge ó shin agus é ag dul ó neart go neart. Tugann tuismitheoirí agus daltaí i dTuaisceart Chill Dara tacaíocht dó ar bhonn leanúnach.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais inniu go n-osclófar an Gaelcholáiste nua i 2019 agus go bhfreastalóidh tuairim is 500 dalta ar an scoil nua.

Scéla ó www.tuairisc.ie

Folúntas: Stiúrthóir Cúnta

Samhain 18, 2015

Tá Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra nua a d’oscail in Éadan Doire, Co. Uíbh Fháilí. Is iad na huaireanta oibre ná Luan go dtí Aoine, 08.45r.n.- 12.45i.n. nó 3 lá in aghaidh na seachtaine 08.45r.n – 02.45i.n
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
• CDBO Leibhéal 6 nó níos airde
Déan teagmháil le Nicole ag nicole2006@eircom.net má tá spéis leat cur isteach ar an bpost.

€4,300 baillithe ag maidin caifé do ranganna ASD i nGaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Samhain 17, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas: Oifigigh Oideachais leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Samhain 17, 2015

Is mian le COGG Oifigeach Oideachais bunscoile agus Oifigeach Oideachais iar-bhunscoile a earcú.

Beidh na hoifigigh freagrach as forbairt áiseanna teagaisc do theagasc na Gaeilge agus do theagasc trí Ghaeilge mar aon le freagrachtaí eile.

Gach eolas ar fáil ar www.cogg.ie

An dáta druidte: 4pm Dé Luain 30 Mí na Samhna 2015.

Folúntas: Gaelcholáiste Phort Láirge

Samhain 17, 2015

Tá ionadaí de dhíth i nGaelcholáiste Phort Láirge. Tá tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/16918/

Folúntas: Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGall

Samhain 16, 2015

Tá Gaelscoil na gCeithre Máistrí ag lorg príomhoide teagaisc. Tuilleadh sonraí ar fáil thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24300/

Comortas Raidio RTÉ RnaG do scoileanna

Samhain 16, 2015

Mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916, tá comórtas clár raidió fógartha ag RTÉ RnaG do scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre.

Cuirfear fáilte roimh mholtaí ó scoileanna do chlár raidió i nGaeilge 30 nóiméad ar fhad ar théama an Éirí Amach as seo go 7 Nollaig.

Roghnófar na cúig iarratas is fearr, agus oibreoidh léiritheoir raidió mar chomhairleoir agus meantóir leis na scoileanna chun na cláracha sin a léiriú.  Craolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta iad in earrach 2016.  Bronnfar duais €1000 ar an gclár is fearr.

Is féidir teacht ar an eolas ar fad ag www.rte.ie/rnag/comortas1916

Folúntas: Gael-Choláiste Chill Dara

Samhain 16, 2015

Tá ionadaí do shaoire mháithreachais de dhíth i nGael-Choláiste Chill Dara. Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/16897/

Curaclam Nua Teanga Do Bhunranganna Sna Bunscoileanna

Samhain 16, 2015

Den chéad uair, cuirfidh an curaclam nua an struchtúr céanna i bhfeidhm ar an nGaeilge agus ar an mBéarla. Díreoidh sé ar scileanna i bhforbairt na teanga labhartha, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Dearadh an curaclam nua le haghaidh na bpáistí óga ó na naíonáin shóisearacha go Rang a Dó.

De réir an Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, ‘’Leasú suntasach a mbeidh fáilte roimhe é seo ar conas a fhoghlaimíonn na daltaí is óige a gcuid scileanna teanga. Den chéad uair, ní bheidh idirdhealú ann sa chur chuige idir Teagaisc na Gaeilge agus an Bhéarla. Tá torthaí foghlama soiléire agus clocha míle forbartha leagtha síos sa dá theanga dár bpáistí óga.’’
Ó mhí Mheán Fómhair 2016, beidh béim ar an snáithe teanga ó bhéal, agus an bhliain dár gcionn beidh béim ar na snáitheanna nua léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Faoi mhí Mheán Fómhair 2018 beidh gach snáithe den churaclam nua á múineadh do na páistí ó ranganna na naíonán go Rang a 2.

Tabharfar isteach curaclam nua atá á ullmhú faoi láthair do ranganna 3-6 i mí Mheán Fómhair 2019.
‘’Is leasú suntasach é seo agus tá sé ríthábhachtach go mbeidh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ar fáil do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí maidir le feidhmiú an churaclaim nua lena chinntiú go mbaineann ár ndaoine óga an leas is fearr as. Ar mhaithe leis an bhforbairt ghairmiúil seo a chur ar fáil dúnfar na scoileanna ar feadh lá amháin breise gach bliain go ceann 3 bliana. Cé nach n-oirfidh sé seo do roinnt tuismitheoirí, buntáiste an-mhór a bheidh ann i neadú an churaclaim nua. Tá rath aon athrú curaclaim ag brath ar mhúinteoirí díograiseacha atá gafa leis an gcuraclam seo. Tá sé tábhachtach go bhfaighidh siad an Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach atá riachtanach leis an gcuraclam seo a chur i láthair ár bpáistí óga.’’

« Previous PageNext Page »