Méid an Téacs

Solas le Seo Linn: DD FOGHLAIM NA GAEILGE + LEABHAR OIBRE

Deireadh Fómhair 20, 2017

Capture

Ná caill amach ar an tairiscint speisialta seo!

Leabhar amháin + DD ar €5**

Má cheannaítear 30 cóip nó níos mó ar €3 an ceann**

Chun an praghas speisialta seo a fháil, seol ríomhphost go: Jessica@seolinn.ie

Is tionscadal é ‘’Solas’’ a chruthaigh an grúpa Gaelach Seo Linn. Is í an aidhm don acmhainn ná ‘Solas’ a chur ar an tábhacht a bhaineann lenár dteanga agus cultúr a chaomhnú, agus a thaispeáint do dhaoine idir óg agus aosta, gur teanga bheo í gur féidir a úsáid go laethúil. Tá an leabhar líonta le liricí, nótaí ceoil, cordaí, cluichí agus agallaimh le himreoirí spóirt cáiliúla agus bíonn an fhoghlaim bunaithe ar bheith gníomhach agus tú ag eisteacht leis an gceol. Tá muid ag déanamh ár ndíchill chun an Ghaeilge a thabhairt timpeall an domhain ar fad!

Go simplí, is í an sprioc ná an Ghaeilge a dhéanamh chomh taitneamhach agus is féidir agus go mbeadh teacht níos fearr ag daoine uirthi. Tá an-dul chun chinn déanta leis an tionscadal go dti seo, ach go háirithe lenár gcuid oibre ar líne le Seo Linn agus TG Lurgan. Anois tá bhur gcúnamh ag teastáil an Ghaeilge a scaipeadh agus a chur ar fáil d’éinne thart timpeall na cruinneoige!

Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi seo ónár suíomh idirlín www.seolinn.com

Ná bíodh moill oraibh dul i dteagmhail le jessica@seolinn.ie má bhíonn aon cheist agaibh.

**Níl costais phostála san áireamh

NÓTA:
Is acmhainn aonair é an leabhar oibre ‘Solas’ do dháltaí scoile ar dtús báire. Tá muid ag iarraidh go mbeadh na daltaí in ann an leabhar a thabhairt ABHAILE agus na cleachtaí ‘scluichí a dhéanamh leis an DD. Cinnte is féidir le múinteoirí an leabhar oibre a cheannacht mar acmhainn dóibh féin ach LE BHUR dTOIL déanagaí an rogha a ofráil do na dáltaí an pacásite Solas a ordú dóibh féin.
Dearadh an leabhar oibre idirghníomhach seo ag Seo Linn – is múinteoirí bunscoile cáilithe triúr as an gceathrar agus tá siad tar éis an-chuid oibre a chur isteach ann le go mbeadh sé ar ardchaighdeán agus líonta le hábhar tairbheach. Ba mhór go mór linn dá staonfadh sibh ó aon fhótóchóipeáil a dhéanamh de mar tá sé mar chuid de shaothar Seo Linn.
Tá freagra iontach faighte againn go leor scoileanna agus tá súil againn go leanann sé se oar aghaidh.

Go raibh míle maith agaibh,
Seo Linn

Breacadh don scoilbhliain 2017/18

Deireadh Fómhair 18, 2017

Breacadh – Iris do dhaoine óga a thaitneoidh  le gach duine (idir bhuachaillí agus chailíní) mar tá sé barclíonta ó chlúdach go clúdach leis na scéalta is deireanaí.

Is féidir orduithe don iris Breacadh a dhéanamh anois don scoilbhliain 2017/18 http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/breacadh-foirm-ordaithe-2017.pdf

Is iris í seo atá feiliúnach do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile araon.

Feargal Ó Cuilinn imithe ar shlí na fírinne

Deireadh Fómhair 17, 2017

Déanann Gaeloideachas comhbhrón ó chroí le muintir, cairde agus comhghleacaithe Fheargail Uí Chuilinn. Beidh cuimhne againn uile air mar fhear a raibh grá agus dílseacht don Ghaeilge agus don ghaelscolaíocht go mór ina chroí istigh agus mar bhunchloch dá shaol. Áireoimid uainn é mar dhíograiseoir teanga, a thug faoi fhorbairt na teanga go croíúil, go fonnmhar, go dearfach agus le meangadh mór air i gcónaí.  Suaimhneas síoraí dá anam.

CUIREADH: Scéalta na nÉanlaithe

Deireadh Fómhair 12, 2017

Ba mhór ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta tú a bheith i láthair

           nuair a sheolfaidh an Dr Éanna Ní Lamhna

Scéalta na nÉanlaithe: Cuairteanna agus Cuairteoirí le Helen Ó Murchú, 

leabhar do dhaoine óga faoin mbagairt éiceolaíochta agus mhorálta is mó

atá roimh aos óg an lae inniu.

Ionad: An Taisce, Halla na dTáilliúirí, An Lána Cúil, Baile Átha Cliath 8

Am: 6PM, Déardaoin 19 Deireadh Fómhair

1

2

 

Oscailt Oifigiúil Choláiste Dhún Másc

Deireadh Fómhair 12, 2017

Cuireadh tús oifigiúil le Coláiste Dhún Másc ar an Aoine, an 15ú Meán Fomhair le idir daltaí, foireann na scoile, comhairleoirí, tuismitheoirí agus aíonna speisialta ón mBord Oiliúna agus Traenála agus an Foras Pátrúnachta i láthair ar an lá speisialta, stairiúil seo. Tosnaíodh an ócáid le dreas beag ceoil ó na daltaí, a sheinn réimse de shaghasanna ceoil difriúla agus a chan i nGaeilge agus i mBéarla, i gcoimeád le cultúr agus atmaisféar na scoile.

Chuir Joe Cunningham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhoird Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uibh Fháile tús leis na horáidí ar an lá, agus ba léir an lúcháir a bhí air agus é ag labhairt faoi dhúshlán an fheachtais don scoil nua ón tús go dtí lá cinniúnach na hoscailte agus cé chomh sásta is a bhí sé leis an dul chun cinn a bhí déanta. Mhol sé gach éinne as an gcabhair agus an tacaíocht a bhí faighte acu agus ghabh sé buíochas leo araon.

Spreag na daltaí oráid Paul Fields, stiúrthóir scoile leis an mBord Oideachais agus Oiliúna. D’iarr sé ar na daltaí cur síos a dhéanamh ar an scoil nua ag usáid 6 fhocal, ceann de na freagraí a fuair sé ná “Éadaí nua, bróga nua,cáirde nua” a léirigh i slí iontach conas mar a bhraith na daltaí faoi thús saoil na scoile.

Labhair Cathaoirleach Chomhairle Chontae Laoise, Pádraig Fleming, faoin bhfiúntas a bhain le scoil nua a bheith sa bhaile agus gur mór an onóir é do na daltaí a bheith mar na céad daltaí riamh i gColáiste Dhún Másc.

Ina óráid, labhair Caoimhín Ó hEaghra ón bhForas Patrúnachta faoi thairbhe an dátheangachas agus ghuigh sé gach rath ar an bhfoireann agus ar na daltaí ina saoil scoile amach anseo. Mhínigh sé gurb é an Fóras Pátrúnachta príomh phatrún an oideachais trí mheán na Gaeilge le 56 Gaelscoil agus 5 mheánscoil faoina bpátrúnacht go dtí seo. Is é seo an chéad uair don Fhoras a bheith i gcomhpháirt leis an mBord Oideachais agus Oiliúna agus mhol Caoimhín an teacht le chéile seo a chinntigh tús na scoile nua. Dúirt seo gurb iontach an rud é a bheith ábalta oideachas dara leibhéil trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir Phort Laoise.

Chuir an príomhoide, Aoife Elster, an béim ar na daltaí féin, ag míniú dóibh gurb iad tús, lár agus críoch na scoile. Labhair sí faoi na féidearthachtaí a bhí amach rompu mar gheall ar an méid oibre a rinneadh agus a dhéanfaí sna toghchaí lena cinntiú go mbeadh gach aon deis sa saol acu. Rinne sí tagairt freisin do thraidisiún na foghlama agus na Gaeilge a bhí san fhoirgneamh le céad bliain anuas, ó ranganna Gaeilge Conradh na Gaeilge, go naíonra Peggy Uí Dhuifin a spreag bunú na Gaelscoile agus fiúntas filleadh ar an traidisiún sin mar Ghaelcholáiste.

B’í Cathaoirleach Bord Oideachais agus Oiliúna, agus comhairleoir áitiúil Phort Laoise, Caroline Dwane-Stanley a d’oscail an scoil go hoifigiúil. Chuir sí béim ar an tábhacht a bhí leis an scoil nua a bheith insan bhaile agus cé gur álainn an foirgneamh a bhí ag an scoil, nach raibh ann ach láthair sealadach go dtí go mbeadh foirgneamh buan ar fáil. D’fhógair sí go raibh litir scríofa aici chuig an Aire Oideachais, Richard Bruton, cuimhneamh ar sheanchlochar an bhaile don láthair scoile nua, ionas go mbeadh beocht na ndaltaí scoile i lár an bhaile athuair. Diaidh ar ndiaidh a tógtar na caisleáin, agus más aon léargas é an obair atá déanta go dtí seo, cinnte go rachaimid ó neart go neart agus go mbeidh toghchaí rathúla i ndán dúinn.

Caoimhín ó hEaghra (An Foras Patrúnachta) ag oscailt oifigiúil Choláiste Dhún Másc

Oscailt Oifigiúil Choláiste Dhún Másc

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Deireadh Fómhair 11, 2017

PREASRÁITEAS 11.10.17

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh an infheistíocht mhéadaithe do chúrsaí oideachais agus Gaeilge a fógraíodh i gcáinaisnéis an lae inné. Léiríonn an méadú 2.5 milliún atá imfháilithe sa bhuiséad do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta  agus na hoileáin aitheantas an Rialtais go bhfuil sé thar am gníomhú ar cheist infheistíochta sa teanga agus sa chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tar éis tréimse an-dúshlánach de chiorraithe a bheith ag an nGaeilge agus an nGaeltacht, tugann ráiteas an lae inné roinnt sóláis agus céimeanna á nglacadh ar deireadh le tús a chur le hath-infheistíocht sa teanga.

In ainneoin an bhuiséid mhéadaithe seo, áfach, aithníonn Gaeloideachas nach leor é leis na cuspóirí pleanála teanga uile a bhaint amach ná leis na gníomhaíochtaí éagsúla atá beartaithe ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur i gcrích go sásúil. Le trí bliana anuas, tá laghdú suntasach de 4.5% tagtha ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge in ainneoin réimse freagrachta mór ag an bhForas mar aon le feidhmeanna níos uileghabhálaí ag na ceanneagraíochtaí atá á maoiniú. Tá sé riachtanach go ndéanann an Rialtas athbhreithniú air seo agus ar na héilimh éagsúla atá ag na heagraíochtaí teanga láithreach ionas go mbeidh cothrom na féinne á thabhairt don teanga agus do phobal na Gaeilge.

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh an méadú de 5.8% sa bhuiséad oideachais, a chinnteoidh cóimheas daltaí le múinteoirí níos fabhraí trí mhéadú i líon na múinteoirí mar aon le méadú i líon na gcúntóirí riachtanais speisialta ag an mbunleibhéal.  Is cinnte go rachaidh an t-allúntas breise seo chun leasa na scoileanna uile, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ina measc atá ag streachailt le fada le dúshláin earcaíochta agus ionadaíochta. Ní mór áfach an t-infreastruchtúr ceart a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh cumas Gaeilge cuí mar aon le hoiliúint ar chur chuige an tumoideachais ag múinteoirí agus ag cúntóirí riachtanais speisialta a bheidh ag feidhmiú sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Fáiltítear roimh an bhéim ar fholláin na ndaltaí trí 100 comhairleoir gairmthreoracha móide 10 siceolaithe breise NEPS a bheith curtha ar fáil. Fáiltítear freisin roimh an €2 mhilliún a dhéanfar a infheistiú sa scéim phíolótach Urlabhra agus Teanga sna bunscoileanna, agus tá Gaeloideachas ag súil leis go mbeidh an scéim ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí sin. Is beag ábhar sásaimh a bhí ann ag an iarbhunleibhéal, áit a mbeidh an cóimheas gan athrú, agus é ag leibhéal níos measa ná mar a bhí 10 mbliana ó shin. Tá sé thar am go ndéanfaí na leibhéal roimh an ghéarchéim airgeadais a thabhairt ar ais chun go mbeidh leibhéal níos airde oideachais á bhaint amach ag daltaí na n-iarbhunscoileanna.

Ag labhairt tar éis fhoilsiú na cáinaiséise, dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “Céim chun tosaigh atá sa bhfógra cáinaisnéise seo, le béim ar threisiú agus forbairt a bheidh chun leasa na teanga agus an oideachais. Tá díomá, áfach, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nár tógadh a gcuid bunriachtanas san áireamh, mar a bhí leagtha amach sa Phlean Infheistíochta a d’eisigh Conradh na Gaeilge mí an Mheithimh 2017. Táthar ag súil leis go ndéanfar athbhreithniú ar an gcáipéis fhíorthábhachtach seo, a forbraíodh le díograis ag leibhéal an phobail, eagraíochtaí agus údaráis éagsúla an Stáit”.

CRÍOCH

Teagmháil
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
01-85351930| blathnaid@gaelscoileanna.ie

Gaeloideachas
Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.

Sparántachtaí taighde bronnta ar mhic léinn An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál

Deireadh Fómhair 11, 2017

Sparántachtaí taighde bronnta ar mhic léinn An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál

Ar an Satharn, 07 Deireadh Fómhair 2017, bhronn Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tUas. Dónal Ó hAiniféin, spárántachtaí taighde ar mhic léinn an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Bronnadh naoi sparánacht déag arbh fhiú suas le €6,000 an ceann iad in aghaidh an mhic léinn. Ag an ócáid, dúirt an tUas. Dónal Ó hAiniféin “Tá COGG an-sásta tacú leis na mic léinn ar an gclár iarchéime iontach seo agus tá ardmholadh tuillte ag foireann Choláiste Mhuire gan Smál as ceannródaíocht a léiriú san earnáil seo, earnáil atá de shíor i mbun éabhlóide”.

Tús turais nua sa ghort: An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, Hayley Roe, mac léinn an chláir agus An tUas. Dónal Ó h’Ainiféin, Cathaoirleach COGG

Tús curtha leis an Aistear Taighde:  An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, Bríd Ní Fhéinne, mac léinn an chláir agus An tUas. Dónal Ó h’Ainiféin, Cathaoirleach COGG

Léirigh Comhordaitheoir an Chláir, An Dr T.J. Ó Ceallaigh gur céimeanna ríthábhachtacha iad ullmhú agus forbairt ghairmiúil na múinteoirí in éabhlóid an tumoideachais éifeachtaigh teanga in Éirinn. Dúirt sé, “In ainneoin nádúr éagsúil agus dinimiciúil na gclár tumoideachais, tá easnamh mór taighde ar raon leathan topaicí a bhaineann le forbairt múinteoirí sa tumoideachas. Níos mó ná riamh, tá gá le béim a chur ar thaighde agus ar oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí chun machnamh agus iniúchadh a dhéanamh ar bhuanna agus ar dhua an oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Tá plé gairmiúil lánbhrí den sórt sin ríthábhachtach le haghaidh rath agus fhás leanúnach an oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn agus le haghaidh an tumoideachais ar fud na cruinne. Táimid an-bhuíoch do COGG as ucht na tacaíochta.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní MhóráinTréaslaím le Coláiste Mhuire gan Smál agus leis an Dr TJ Ó Ceallaigh as an gcúrsa máistreachta seo a fhorbairt ag tréimhse cinniúnach don oideachas Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Is cinnte go mbainfidh na mic léinn, agus dá réir sin a gcuid scoileanna, an-tairbhe as”.

Seoladh an clár iarchéime, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, i gColáiste Mhuire gan Smál i 2013. Is é seo an chéad chlár iarchéime sa tír le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Ma tá tuilleadh eolais uait a bhaineann leis an gclár trasearnála cumaisc foghlama seo, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, is féidir teacht ar eolas ar leith anseo nó teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir Cláir, An Dr T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie

Ar chúl: Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tUas. Dónal Ó h’Ainiféin, An Dr Neasa Ní Chuaig, Léachtóir ar an gClár, An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, Peadar Ó Tuathail, Joe Ó hEachteirn Sa lár: Donncha Ó Treasaigh, Bríd Ní Fhéinne, Eliosia Ní Lorcáin, Bríd Ní Sheighin, Lisa Nic Dhoinnléibhe, Máire Uí Dhifaigh, Orlaith Ní Fhoghlú, Hayley Roe, Aoife Ní Dhonnabháin, Yvonne de Faoite Suite chun tosaigh: Máirtín Pléimeann, Méabh Nic an tSaoir, Muireann Ní Arrachtáin, Niamh Uí Chadhla, Elaine Ní Longaigh, Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir

Folúntas san Áisaonad (Coláiste Mhuire)

Deireadh Fómhair 11, 2017

aisa

Tá Comhairleoir Oideachais de dhíth ar an Áisaonad i gColáiste Mhuire don tréimhse go dtí 30 Meitheamh 2018.

Is saininstitiúid ardoideachais ardfheidhmíochta é Coláiste Mhuire atá

bunaithe ar chreideamh, sa traidisiún Caitliceach, agus tá comhsholáthar acadúil aige le hOllscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá daoine leis an taithí chuí agus atá spreagtha á lorg aige le bheith mar bhaill den fhoireann le cur le rath an choláiste san am atá le teacht. Mar chúiteamh, tairgeann Coláiste Mhuire tuarastal agus coinníollacha tarraingteacha, ballraíocht i scéim pinsean sochar sainithe (TPS) agus teidlíocht saoire fhlaithiúil.

 Comhairleoir Oideachais 

£37,706 – £50,618 comhlán sa bhliain. Ceapfar an t-iarratasóir a n-éireoidh leis ar bhonn téarma sheasta go dtí 30 Meitheamh 2018. Cuirfear iarratasóirí a bhfuil deis téarma iasachta á lorg acu san áireamh.

Íoslódáil paca eolais ó http://www.smucb.ac.uk/employment/ le tuilleadh eolais faoin ról, critéir roghnúcháin agus foirm iarratais a fháil. Nó iarr paca eolais ag recruitment@smucb.ac.uk nó trí ghlao gutháin a chur ar 028 9026 8207. Ní mór iarratais a bheith againn tráth nach moille ná 12 meán lae, Dé Céadaoin, 18 Deireadh Fómhair 2017. Glacfaidh an Coláiste le foirmeacha iarratais a chuirfear trí ríomhphost.

Is Fostóir Comhdheiseanna é Coláiste Ollscoile Naomh Muire agus cuireann sé fáilte roimh iarratais ó gach cuid den phobal, go háirithe iad siúd atá faoi mhíchumas. Faoi láthair, tá tearcionadaíocht ag an phobal Phrotastúnach i measc na foirne. Mar sin de, chuirfí fáilte ar leith roimh iarratais ón chuid seo den phobal.

 

Scéalta ón Rúis – Cuireadh do 11.10.2017

Deireadh Fómhair 10, 2017

Ba mhór ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta 

agus Ambasáid Chonaidhm na Rúise i gcomhar

le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh tú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh

An Dr. Aidan Doyle, Roinn na Gaeilge,

 Scéalta ón Rúis

Aistriúcháin agus aistí ar mhórscríbhneoirí na Rúise

le

Risteárd Mac Annraoi

 

Sa Seomra Caidrimh, Ionad na Gaeilge Labhartha,

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

 

5pm, Dé Céadaoin 11 Deireadh Fómhair 2017

    FS & An Timire, 37 Sr. Líosain, Baile Átha Cliath 2

01/7758502        antimire@gmail.com         www.timire.ie

Oíche Eolais don Naíonra

Deireadh Fómhair 10, 2017

You are invited to attend an information evening about a Naíonra in North Liatroim.

Naíonra Information Evening

Thursday 26th Oct. 6pm, 

The Glens Centre, 

Cluainín (Manorhamilton).

Guest Speakers will include

Nancy Healy – Childcare support and development worker, Leitrim County Child Care Committee

Katie Ní Riain  – Naíonra development officer,  Gaeloideachais

Rachael de Buitléir  – Spraoi le Chéile Naíonra director, Cora Droma Rúisc (tbc)

There will be a question and answer session after the talks with tea and coffee provided. 

Committee Progress

Parents of 38 children have thus far expressed an interest in their children attending a Naíonra in North Liatroim.

Coiste Naíonra Thuaisceart Liatroma (The North Liatroim Naíonra Committee) has met with the Leitrim County Childcare Committee who roundly welcome the possibility that a third Naíonra will open in Liatroim.

We have also been in touch with the Naíonra umbrella body Gaeloideachais who are delighted to support us in establishing the Naíonra.

Type of Provision

The type of provision provided will depend on parental demand and as such we would like you to fill in the attached questioner and email it back to us. It will be either a1. play school, 2.creche or 3.outdoor childcare

and will be either into 1.Sessional -3 hours  – morning or afternoon 2. Part time – 4 hours 3. Full time – 6 hours.

and will either be a standalone facility or attached to another facility like a school or another childcare provider

Grúpa Tuistí Tachran  – Irish Language Parent and Toddler – Wed. 11am

The Castle Café now has an Irish language parent and toddler group meeting upstairs every 2nd Wednesday.

Come along with your child on 18th of Oct, 1st Nov, 15th Nov, 29th Nov. etc.

More Info Call 

Edel 086 161 7234 or Annemarie 086 400 9063

Irish Classes for Parents Wed. 10.30am

The Castle Café will also host Irish classes for parents every other second wednesday

11th Oct, 25th Oct, 8th Nov. 22nd Nov. etc.

More Info call 

Ruth 085 801 6550

What is a Naíonra 

There are 327 Naíonraí established across the country.

A naíonra is an Irish-Medium pre-school, catering for children aged between three and five years of age, in which the Stiúrthóir, or creche worker, speaks only Irish in their interactions with the children. Under the guidance of the trained Stiúrthóir the children learn Irish through play, nursery rhymes and songs.

A Naíonra generally includes children from English speaking homes, where it serves as a form of early immersion in Irish, and also children from Irish speaking homes, where it offers mother-tongue support, as well as exposure to English from the other children. Being exposed to Irish as a living language this early makes acquiring the language far easier as they continue their schooling and also compliments any other language the child may be exposed to at home.

« Previous PageNext Page »