‘An Brat Buí’
Bealtaine 9, 2013
Tá cuireadh tugtha do Scoileanna Lán-Ghaeilge páirt a ghlacadh sa tionscnamh ‘An Brat Buí’ a dhéanann ceiliúradh ar éagsúlacht sna scoileanna bunleibhéil agus iarbhunleibhéil.
Tá an-spéis ag an tionscnamh scoileanna lán-Ghaeilge a earcú a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh i gClár an Bhrait Buí a thosóidh Meán Fómhair 2013. Is clár praiticiúil scoil-bhunaithe atá ann a chothaíonn timpeallacht dearfach chuimsitheach ina chuirtear comhionannas agus éagsúlacht chun cinn. Tá an spriocdháta do scoileanna lán-Ghaeilge sínte go dtí an 30 Bealtaine 2013.
Tá an gradam buaite ag 26 scoil sa tír, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus is iontach an rud é go bhfuil 3 ghaelscoil san áireamh anseo – Gaelscoil Riabhach, Co. na Gaillimhe, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Co. an Chláir (atá ag obair i dtreo an bhrait a ghnóthú faoi láthair).
Tá lámhleabhar na scéime ar fáil i nGaeilge anseo: http://www.yellowflag.ie/images/misc/Irish_Travellers_v7_Irish.pdf.
Tá an clár bunaithe ar chur chuige 8 gcéim praiticiúil agus tá sé dírithe ar éachtaí praiticiúla idirchultúrtha le gradam mar thoradh. Is iad na céimeanna atá i gceist ná:
- Oiliúint idirchultúrtha agus frithchiníochas don fhoireann agus don bhord (ceardlann 2 uair an chloig agus tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith).
- Ag cothú gaoil leis an bpobal lasmuigh den scoil,
- Coiste Éagsúlachta a bhunú (baill foirne, tuismitheoirí, daltaí),
- Ag tabhairt faoi athbhreithniú ar idirchultúrachas,
- Ag forbairt plean gnímh le haghaidh scoil a cheiliúrann éagsúlacht,
- Monatóireacht, measúnú agus scaipeadh eolais,
- Obair churaclaim, agus
- Forbairt cód ar éagsúlacht.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ón láithreán gréasáin www.yellowflag.ie. Más mian leat fiú do spéis a léiriú ann thar ceann na scoile tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Paula Madden ar ríomhphost yellowflagprogramme@gmail.com nó ar 01 6796577.
Is deis iontach é seo do na scoileanna lán-Ghaeilge aitheantas a fháil mar scoileanna atá cuimsitheach agus oscailte do gach páiste agus a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht. Tá súil againn a bheith in ann aitheantas agus poiblíocht a thabhairt do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil an gradam bainte amach acu nó atá ag obair ina threo ag an gComhdháil Bhliantúil 2013 ar an 22 Samhain 2013, tráth a mbeidh Uachtarán na hÉireann inár measc. Tá an-spéis agus tacaíocht á léiriú ag an Uachtarán ar an tionscnamh seo.
Tá eolas thíos freisin maidir le deiseanna do dhaoine (le taithí mhúinteoireachta) a mbeadh spéis acu cabhrú go deonach i gcur chun cinn na scéime sna scoileanna lán-Ghaeilge.
M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge
Bealtaine 1, 2013
Sa chlár nuálach seo, M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, díreofar ar oideolaíocht agus teoiric an tumoideachais agus an dátheangachais ag tagairt go sonrach do riachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus d’inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Don chéad uair i bPoblacht na hÉireann, beidh clár ilchodach le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar curtha ar fáil le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge.
Aidhmeanna an Chláir
- Barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus san oideachas Gaeltachta a chur chun cinn.
- Eolas, scileanna gairmiúla agus taighde sa réimse a fhorbairt agus a chraobhscaoileadh.
- Idirchaidreamh agus líonraí nuálaíochta, imeasctha agus feabhsúcháin sa tumoideachas a chothú, a shaibhriú agus a bhuanú.
Torthaí Foghlama an Chláir
- Feasacht, eolas agus tuiscint a léiriú ar fhealsúnacht, ar bhunús, ar threoirphrionsabail agus ar oideolaíocht an tumoideachais agus an dátheangachais.
- Páirt ghníomhach a ghlacadh i gcruthú an eolais le haghaidh na hoideolaíochta agus an chleachtais tumoideachais maraon le ceannaireacht teagaisc a sholáthar ina suíomhanna gairmiúla féin, agus don réimse i gcoitinne.
- Máistreacht a léiriú ar an bhfeasacht teanga i scríobh agus i labhairt na Gaeilge chomh maith le machnamh criticiúil a dhéanamh ar ról an chultúir agus na h’oidhreachta i bpróiseas an oideachais lán-Ghaeilge.
- Coincheapa nua agus teoiricí foghlama teanga a úsáid chun cur chuige fónta agus modhanna éifeachtacha teagaisc a chur i bhfeidhm agus ábhair eile á múineadh trí Ghaeilge.
- Machnamh breithiúnach a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt na délitearthachta agus ar thaighde ábhartha.
- Taighde agus fianaise a úsáid ar mhaithe le léargas a dhéanamh ar an gceangal idir cleachtas, taighde agus foghlaim i gcomhthéacs an tumoideachais lán-Ghaeilge.
Struchtúr an Chláir
Cuirfear tús leis an gclár i Meán Fómhair 2013. Cuirfear an clár cumaisc foghlama seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla, agus an chéad chohórt ag baint amach a gcéime i bhfómhar na bliana 2015.
Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach den chlár, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine – 6.30i.n. – 9.30i.n. ar an Aoine agus 9.30r.n. – 12.30i.n. ar an Satharn. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Is é a bheidh i gceist le gné foghlama ar an láthair de mhodúil áirithe ná seimineár ar feadh deireadh seachtaine a reáchtálfar sa Ghaeltacht.
Beidh an clár curtha ar fáil ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineár ar líne agus ar láthair, taithí phraiticiúil agus scoil samhraidh. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí tábhachtacha idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.
Modúil Mhúinte an Chláir BLIAIN 1
Seimeastar an Fhómhair (Meán Fómhair – An Nollaig)
Sealbhú agus Foghlaim an Dara Teanga: Teoiric agus Cleachtas
Teagasc na Gaeilge mar Sprioctheanga: Teoiric agus Cleachtas
An Múinteoir mar Thaighdeoir Seimeastar an Earraigh (Eanáir – Aibreán)
Bunús agus Treoirphrionsabail an Oideachais Lán-Ghaeilge
An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha: Teoiric agus Cleachtas
Taighde agus Cleachtas: Tionscadal Taighde Feidhmeach.
Scoil Samhraidh (Iúil)
An Délitearthacht: Leanúntas na Tacaíochta
Seimeastar an Fhómhair (Meán Fómhair – An Nollaig)
Modhanna Taighde
Tráchtas 1
Seimeastar an Earraigh (Eanáir – Aibreán)
Tráchtas 2
Cáilíochtaí
Cláróidh iarratasóirí don M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge. Bronnfar Máistreacht san Oideachas san Oideachas Lán-Ghaeilge ar mhic léinn má éiríonn leo i ngach gné den chlár, i. na modúil mhúinte agus an tráchtas.
Riachtanais Iontrála
- Múinteoirí cáilithe bunscoile nó iar-bhunscoile a bhfuil bunchéim ábhartha/dioplóma iarchéimesan oideachas acu ag leibhéal 2.2 Onóracha nó níos airde, agus atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Leibhéal 8 – An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí)
- Cleachtóirí Cúram agus Oideachas na Luathóige a bhfuil bunchéim ábhartha in oideachas na luathóige acu ag leibhéal 2.2 onóracha nó níos airde
- Beidh iarratasóirí nach gcomhlíonann na critéir thuas, curtha san áireamh de réir an Pholasaí ar Aitheantas Réamhfhoghlama atá ag Ollscoil Luimnigh.
- Tá gá le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána don chlár seo.
Líon áiteanna atá ar fáil
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2013/2014. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 31 Bealtaine 2013.
Sparántachtaí Taighde
Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun fiche sparántacht dár luach €2,000 in aghaidh na bliana gach bliain thar thréimhse dhá bhliain acadúla a bhronnadh ar mhic léinn a chláróidh ar an gclár seo sa bhliain 2013/2014.
Measúnú an Chláir
Cuirfear béim ar mheasúnú leanúnach agus beidh gnéithe éagsúlameasúnachta i bhfeidhmar fud an chláir. Beidh tionscadal taighde feidhmeach le seoladh i seimeastar an earraigh, bliain 1 agus beidh tráchtas ar leibhéal máistreachta le déanamh ar réimse ábhar de rogha an mhic léinn i mbliain 2 an chláir. Beidh gá an tráchtas a aighniú roimh dheireadh mhí Lúnasa 2015. Tá gach modúl sa chlár éigeantach.
Cuirfear béim ar mheasúnú leanúnach agus beidh gnéithe éagsúlameasúnachta i bhfeidhmar fud an chláir. Beidh tionscadal taighde feidhmeach le seoladh i seimeastar an earraigh, bliain 1 agus beidh tráchtas ar leibhéal máistreachta le déanamh ar réimse ábhar de rogha an mhic léinn i mbliain 2 an chláir. Beidh gá an tráchtas a aighniú roimh dheireadh mhí Lúnasa 2015. Tá gach modúl sa chlár éigeantach.
Iarratas
Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir nó le lár-oifig iontrála an choláiste ag na sonraí thíos:
T: +353 61 204325
R: tj.oceallaigh@mic.ul.ie
Foisithe ar Gaelport.com
Todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha i mbaol
Aibreán 30, 2013
Tá imní léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO., Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall agus pobal Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha maidir le fógra ón Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann todhchaí na scoile i mbaol. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn go bhfuil aitheantas sealadach na scoile, a d’oscail i 2007, le haistarraingt de bharr uimhreacha íseal. Tá 3 rogha leagtha amach ag an Roinn don scoil, eadhon; dúnadh go céimiúil, aistriú go hAonad faoi stiúir iarbhunscoil lán-Bhéarla áitiúil, nó an rogha a bheith ag na daltaí freastal ar Choláiste Ailigh, Litir Ceanainn, atá níos mó na 30 ciliméadar ó Bhun Cranncha.
Tá 34 dalta ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge i gColáiste Chineál Eoghain faoi láthair, agus 17 cláraithe le tosú sa scoil i Meán Fómhair 2013. Is buille tromchúiseach a bheadh ann dóibh dá gcaillfeadh an scoil a stádas agus dá gceilltfí oideachas lán-Ghaeilge orthu dá bharr. Roghnaigh na daltaí agus tuismitheoirí seo oideachas lán-Ghaeilge ar an tuiscint go mbeidís in ann dul go leibhéal na hArdteiste agus iad tumtha sa Ghaeilge. Bheadh cearta agus mianta na ndaltaí á shárú ag an Roinn dá ndéanfaí aitheantas na scoile a aistarraingt.
In ainneoin na n-uimhreacha beaga faoi láthair, tá éileamh méadaitheach ar oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile sa cheantar, le líon na ndaltaí ag dul in airde i nGaelscoil Bhun Cranncha. Tá sé den riachtanas am a thabhairt do Choláiste Chineál Eoghain dul i bhfeidhm go dearfach ar an ngaelscoil áitiúil le haistriú láidir idir an dá leibheál a chinntiú. Tá baol láidir ann go n-imreodh cinneadh in éadan todhchaí Choláiste Chineál Eoghain droch-thionchar ar an mbunscoil mura dtabharfaí deis dá daltaí leanúint leis an ngaeloideachas ag leibhéal na hiarbhunscoile. Déanann Coláiste Chineál Eoghain freastal ní hamháin ar na daltaí seo, áfach, ach ar daltaí a thagann ó Dhoire le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a lorg. Tugann seo deis don Roinn agus don Rialtas comhoibriú tras-teorainn a chur chun cinn de réir a ndualgais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus freastal a dhéanamh ar phobal leathan scoile. Beadh baol ró-mhór ann do thodhchaí fad-téarmach na scoile dá n-aistreofaí go hAonad í, agus buairt go dtitfeadh líon na daltaí go suntasach dá bharr.
“Tá géarghá le stádas Choláiste Chineál Eoghain a chosaint agus gach deis a thabhairt don scoil fás agus forbairt” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “Aithnímid an tábhacht a bhaineann le hinmharthanacht láidir scoileanna agus le húsáid éifeachtach acmhainní an Stáit i leith soláthair scolaíochta, ach tá an cinneadh seo ag teacht roimh am. Tá tiomantas léirithe ag pobal Inis Eoghain don scolaíocht lán-Ghaeilge agus bheadh sé tubaisteach dá gcuirfí deireadh le hinstitiúid croí-lár an phobail. Bheadh dúnadh na scoile in éadan gach gealltanas atá déanta ag an Stát i leith tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Iarraimid ar an Roinn am breise a thabhairt don scoil feasacht faoin scoil a ardú agus í a chur chun cinn sa phobal le go mbeidh uimhreacha inmharthanacha acu.”
Tá achomharc ar chinneadh na Roinne déanta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall ar son na scoile, agus síneadh á lorg acu d’aitheantas sealadach do Choláiste Chineál Eoghain. Fógrófar toradh an achomhairc seo go luath agus beimis ag súil leis go dtabharfaidh an Roinn aird ar mhianta agus riachtanais an phobail agus go mbeidh iarbhunscoil lán-Ghaeilge mar rogha ag daltaí Inis Eoghain.
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.
bláthnaid@gaelscoileanna.ie | 01 8535195
Nóta don eagarthóir
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Aiseolas maidir le Béaltriail na hArdteiste á lorg ag an CNCM
Aibreán 30, 2013
Ta suirbhé foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Churaclaim agus Measúnachta maidir le Béaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal.
Tá an suirbhé dírithe ar iarrthóirí Ardteiste a thug faoin mBéaltriail le déanaí agus iarrfar orthu a dtuairimí a roinnt i nGaeilge nó i mBéarla maidir lena dtaithí féin.
Cuireadh roinnt athruithe i bhfeidhm ar an scrúdú i mbliana agus anois tá 40% de mharcanna na hArdteiste Gaeilge á mbronnadh ar an mbéaltriail. Ba mhian leis an CNCM aiseolas a bhailiú maidir leis na hathruithe seo agus an tuairim comónta i measc iarrthóirí a mheas. Beidh tionchar ag an aiseolas seo ar an tslí a bhfoghlaimeoidh scoláirí an Ghaeilge ar an meánscoil amach anseo.
Is féidir teacht ar an suirbhé, nach nglacann ach 10 nóiméad, tríd an nasc seo https://www.surveymonkey.com/s/P2DRFYM.
Foilsithe ar Gaelport.com
26 Aibreán 2013 – Sprioclá d’iarratais ar Iompar Scoile
Aibreán 22, 2013
Sprioclá d’iarratais ar Iompar Scoile don scoilbhliain 2013/14
26ú Aibreán 2013
Cuir iarratas isteach ar líne @ www.buseireann.ie
Coláiste Ghlór na Mara – Oíche eolais do thuismitheoirí 23.04.2013
Aibreán 16, 2013
Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
Aibreán 15, 2013
Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid gramadaí?
Ar mhaith leat bheith níos líofa sa rang?
Ar mhaith leat mioneolas faoi théarmaíocht ábhair?
Ar mhaith leat cuidiú a fháil le nótaí/tuairiscí a scríobh nó le labhairt le tuismitheoirí?
Seo an cúrsa duit!
Luan 12 – Aoine 16 Lúnasa 2013
Tuilleadh eolais:
eolas@cogg.ie
Níl aon táille ar an gcúrsa seo.
Póstaer: DianchursaCOGG
Acmhainní oideachais nua – Bunachar Logainmneacha na hÉireann
Aibreán 15, 2013
Tá na hacmhainní oideachais seo á soláthar mar áis do theagascóirí agus d’fhoghlaimeoirí. Cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann is ea na logainmneacha. Tá súil againn mar sin go spreagfaidh na hacmhainní seo spéis daoine iontu. Tá na hacmhainní i nGaeilge agus tá siad inphriontáilte.
Tá tuilleadh eolais agus na hacmhainní féin ar fáil ar www.logainm.ie.
Stocaireacht de dhíth le stádas COGG a chosaint
Aibreán 10, 2013
Teastaíonn ón Roinn Oideachais go ndéanfaí COGG a comhtháthú leis an CNCM agus iad a lonnú ina n-oifigí, rud a chiallódh nach mbeidh foireann COGG in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge mar a ndearnadar i gcónaí. Tá buairt ann go gcaillfidh an eagraíocht neamhspleáchas agus go mbeidh sí mar fho-rannóg den CNCM (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim & Measúnaithe), go háirithe nuair a bheidh ré bhord reatha na heagraíochta thart i 2014. Chiallódh seo go mbeadh níos lú ionchur ón earnáil gaelscolaíochta agus Gaeltachta maidir leis na nithe a bheadh de dhíth orthu. Le cinntiú nach dtarlaíonn seo, tá tábhacht ar leith ann go leanfaí ag maoiniú na heagraíochta go díreach agus go mbeidh COGG go hiomlán i gceannas ar a buiséad féin mar a bhaineann sé lena clár oibre.
Mar chuid de stocaireacht náisiúnta faoi cur chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, tá Gaelscoileanna Teo. ag comhoibriú le 63 eagraíocht eile le cosaint a dhéanamh ar stádas COGG. Bheadh muid go mór faoi choimín dá bhféadfá na hachainí thíos a chur faoi bhráid na teachtaí dála áitiúla atá sa scoilcheantar ar mhaithe le todhchaí COGG:
1. Go mbeidh buiséad COGG imfháilithe i gcónaí (sé sin nár cheart go mbeadh aon chumhacht ag an CNCM ar bhuiséad COGG)
2. Go ndéanfaí neamhspleáchas Bord COGG a choimeád agus go bhfuil gá ag aontú scríofa a bheith ann ón Stáit ina leith (ní chóir go mbeadh bord COGG faoi smacht ag bord CNCM)
3. Gur féidir le hoifig COGG a bheith mar shatailít den CNCM ach nach féidir foireann COGG a lonnú in oifigí an CNCM.
Íoslódáil an PDF anseo
Is féidir níos mó eolais a fháil faoi COGG ag www.cogg.ie
Eolas míchruinn mar bhunús le ráiteas an Aire ar chleachtas rollacháin na scoileanna lán-Ghaeilge
Aibreán 5, 2013
Tá díomá léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. faoi ráiteas an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le toradh an athbhreithnithe ar an bpróiseas rollacháin do scoileanna, mar a tuairiscíodh in alt san Irish Independent ar an 4 Aibreán faoin teideal “Irish language schools targeted over restrictive entrance rules”. Chur an ráiteas a tuairiscíodh ann cleachtas sriantach i leith próisis rollacháin scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.
D’fhógair an tAire le déanaí go bhfuil dréacht bhille á ullmhú aige le cur faoi bhráid an Oireachtais go luath chun rialachán a chur faoin gcleachtas rollacháin agus iontrála i scoileanna uile na tíre. De réir ráitis an Aire, beidh mar bhunús ag an ndréacht bhille go mbeidh, i measc eile, córas aonchineálach amháin do gach cineál scoile, beag beann ar shainmheon teanga na scoile. Eascraíonn an dréacht bhille as comhairliúchán a rinne an tAire i 2011 leis na páirtithe oideachais, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc.
Dheimhnigh GAELSCOILEANNA TEO. ina aighneacht chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an gceist seo gur córas oscailte agus cuimsitheach atá sa chóras gaelscolaíochta ina bhfáiltítear roimh pháistí ó gach cineál cúlra. D’aithin an aighneacht an dúshlán i dtaobh ró-éileamh a bhaineann le roinnt scoileanna, rud a fhágann nach mbíonn an deis ar oideachas lán-Ghaeilge ag gach páiste ar mian leo é. I gcás na scoileanna seo ach go háirithe, aithníodh an riachtanas a bhaineann le cur chuige a chaomhnaíonn sainmheon agus polasaí teanga na scoileanna.
Léiríonn an ráiteas a tuairiscíodh san Irish Independent, áfach, míthuiscintí ó bhonn. Léiríonn an cleachtas sna scoileanna go bhfáiltítear roimh theaghlaigh le gach leibhéal cumais sa Ghaeilge, agus roimh theaghlaigh gan chumas ach a léiríonn spéis agus tiomantas do chur chun cinn na teanga, rud a théann glan i gcoinne ráiteas an Aire.
D’ardaigh Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Máirín Ní Chéileachair, ceist faoi bhunús taighde an ráitis a tuairiscíodh agus mhol sí “go mbeadh sé níos réadúla breathnú ar bhunús na faidhbe seo, is é sin nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh. Dá ndéanfaí freastal cuí ar an éileamh suntasach atá ann do scoileanna lán-Ghaeilge ní bheadh reachtaíocht de dhíth ar an gceist seo. Baineann an cheist seo leis an 30% de bhunscoileanna agus an 20% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh. In áit cur leis an soláthar, réiteach fadtéarmach a shásódh mianta uile na dtuismitheoirí arb é a rogha oideachas é ná an gaeloideachas, tá éilíteachas agus cleachtas sriantach á chur i leith na scoileanna.” Luaigh an alt céanna go bhfuil thart ar 100 gaelcholáiste sa tír faoi láthair, rud atá míchruinn. Tá 35 iarbhunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae, 5 sna 6 contae, agus 21 iarbhunscoil ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. leis an gcomhairliúchán go díreach leis an Aire, leis an Roinn agus leis na hionadaithe poiblí ar an gceist seo chun leas na Gaeilge agus na gaelscolaíochta.
Tuilleadh eolais:
Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.
0872861655 | mairinnicheileachair@gmail.com
Nóra Ní Loingsigh, Leas-Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.
01 8535191 | nora@gaelscoileanna.ie