Oscailt an tSrutha i Scoil Íosaef
Eanáir 25, 2012
Osclaíodh Sruth na Gaeilge, Scoil Iósaef i Meán Fómhair 2010. Is Sruth ilchumais é agus tháinig na céad daltaí chugainn anuaraidh ó Ghaelscoileanna áitiúla éagsúla. I mí Mheán an Fhómhair 2011 tháinig naoi scoláire dhéag eile chugainn isteach sa chéad bhliain. Tá muid ag dúil go mór le tógáil ar an éacht a rinne muid anuraidh, agus guíonn muid gach rath ar ár scoláirí nua. Tá dhá sheomra ranga againn agus dhá cheann eile le theacht fá dheireadh 2012, ach bogann na scoláirí tríd an scoil iomlán ar mhaithe le réimse iomlán na n-ábhar a fháil. Tá foireann Sruth na Gaeilge ar a ndícheall caoga faoin gcéad den churaclam a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Eochairchéim a trí. Faoi láthair déanann lucht an tSrutha na hábhair seo a leanas trí mheán na Gaeilge: an Ghaeilge, an Fhraincis, Reiligiún, Stair, Saoránacht, Forbairt Phearsanta, Infhostaitheacht, Ceol agus Drámaíocht. Tá teacht ar achan áis scoile ag daltaí an tSrutha. Tá Gaelscoláirí anois ina mbaill d’achan chineál club agus cumainn sa scoil; drámaíocht, ceol, galf, peil, sacar, iascaireacht, cócaireacht Fhrancach, camógaíocht agus ríomhaireacht ina measc. Tuilleadh Eolais le fáil: Seán Ó Fearáin 028 877 61227
Torthaí dearfacha don córas gaelscolaíochta léirithe i dtuairisc nua an ESRI
Eanáir 19, 2012
Tá tuairisc nua an ESRI, a foilsíodh inné, ar fáil anseo: The Primary Classroom: Insights from the Growing Up in Ireland Study
Tá rudaí fíor-shuimiúla agus dearfacha luaite i dtaobh na ngaelscoileanna, ar a n-áirítear (é ar fáil as Béarla amháin faraor):
Ón Achoimre Feidhmeach
Ich 9: ..girls, those attending fee-paying schools, those attending gaelscoileanna and those in non-disadvantaged schools are more likely to experience active learning in their classroom than boys, those in English-medium schools and those in disadvantaged (DEIS) schools.
I dtaobh leithdháileadh ama ar ábhair an churaclaim agus tréithe scoileanna, luaitear:
Lch 21: Differences are also evident in terms of the language medium of the school. Not surprisingly, English-medium schools allocate more time to English and less time to Irish than Irish-medium schools, both Gaeltacht schools and gaelscoileanna. However, other differences are evident, with gaelscoileanna devoting more time to Drama, Music and PE than either English-medium or Gaeltacht schools (Figure 2.4). The pattern appears to reflect a broader orientation to the promotion of Irish language and culture in gaelscoileanna rather than language medium per se.
Na tosca a théann i bhfeidhm ar leithdháileadh ama:
Lch 23 Even controlling for gender mix and DEIS status, students attending gaelscoileanna spend more time on PE, Drama and Music than other students.
Grúpálacha churaclaim
Lch. 28: Gaelscoileanna are more likely than Gaeltacht or English-medium schools to provide a broad curriculum.
Modheolaíochtaí agus méid na ranganna:
Lch. 36: Children attending gaelscoileanna are more likely to be in classes of greater than 30 pupils, while girls attending single sex schools are less likely to be in large classes.
Ich 39: Children in gaelscoileanna are more likely to benefit from pair- and group-work than children in other school settings, as are children attending fee-paying schools. While in both the fee-paying sector and Irish-medium schools teachers place less emphasis on providing differentiated activities, they place a greater emphasis on hands-on activities, using play to facilitate learning and encouraging pupils to find things out for themselves. In contrast, they appear to rely less frequently on more traditional approaches like copying notes from the board.
Lch. 43: Teaching methods are found to vary by school characteristics. In keeping with the descriptive analyses presented above, teachers in girls’ schools are more likely to use more active approaches than those in boys’ or coeducational schools. In addition, teachers in gaelscoileanna are more likely to use active methods than those in English-medium or Gaeltacht schools.
Lch. 45: More active teaching approaches like pair-work, group-work and hands-on activities are all more prevalent among recently qualified teachers and decline in prominence with length of teaching experience. This is a significant finding and may signify an important shift in teacher training methodologies over time. There is also evidence to suggest that teachers take different approaches in different school and classroom contexts – with more active methods adopted in single-sex girls’ schools, fee-paying schools and gaelscoileanna, and more teacher-centred approaches in rural DEIS and urban band 1 DEIS schools.
Rannpháirtíocht na bPáistí i suíomhanna scoile éagsúla:
Lch. 49: Children attending gaelscoileanna are also less likely to report that they never like school, although again small numbers point to the need for caution in the interpretation of these results.
Meon na bPáistí
Lch. 57: Not surprisingly, children in Irish-medium schools are more positive about Irish than those in English-medium schools (see Figure 4.9), with the most positive attitudes evident among children attending gaelscoileanna. Interestingly, children attending Irish-medium schools, both gaelscoileanna and Gaeltacht schools, also have more positive attitude to Reading than those in English-medium schools. No variation is evident in attitudes to Mathematics by language medium of the school.
Lch. 59: Not surprisingly, children attending gaelscoileanna have more positive attitudes to Irish than those in English-medium schools. Interestingly, however, no significant differences are found between Gaeltacht and English-medium schools in attitudes to Irish. Finally, attitudes to the three subjects do not vary between DEIS and non-disadvantaged schools.
Lch. 61: As might be expected attitudes towards Irish are more positive among children attending gaelscoileanna, although no significant differences are found between Gaeltacht and English-medium schools in attitudes towards Irish.
Ón gconclúid:
Lch. 62: Thus, children attending gaelscoileanna are more likely to experience a broad curriculum and spend more time not only on Irish but also on Music, Art and PE.
Lch. 62: It is of policy concern too that some groups of children, namely, girls, those attending fee-paying schools, those attending gaelscoileanna and those in non-disadvantaged schools, have greater access to the kinds of active methods which may engage them in learning. Couched differently, boys and children from disadvantaged backgrounds, groups with lower levels of achievement later on in the school system, are less likely to experience active and engaging settings for learning. The reasons for such differences are unclear from the data available here, but may reflect group-work and pair-work being seen as ‘easier’ to manage with more engaged groups of students.
Gaelscoil Moshíológ ag troid na ciorraithe sa cóimheas daltaí le múinteoirí
Eanáir 17, 2012
Tá feachtas eagraithe ag Gaelscoil Moshíológ le cur i gcoinne na ciorraithe sa cóimheas daltaí le múinteoirí. Chaill an scoil múinteoir le déanaí de dheasca na ciorraithe agus tá siad buartha go n-imreoidh na ciorraithe tuilleadh droch-thionchar ar an scoil. Éilíonn siad ach go háirithe go mbeadh ciorruithe bunaithe ar líon na ndaltaí reatha sna scoileanna, seachas ar uimhreacha na bliana roimhe. Tá breis agus 460 síniú bailithe acu ar achainí atá le seoladh chuig an Aire, agus tá litreacha scríofa ag tuismitheoirí chuig na comhairleoirí agus Teachtaí Dála áitiúla agus chuig an Uachtarán, Michael D. Higgins. Ba mhór leo tacaíocht a fháil ó scoileanna eile agus ó mórphobal na Gaeilge agus na gaelscolaíochta, agus is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bhfeachtas a fháil ar Facebook nó trí teagmháil a dhéanamh leis an scoil.
Ráiteas ó phobal na scoile:
Sa bhliain 2011, athraíodh an cóimheas dalta-múinteoir i nGaelscoileanna, chun iad a chur ar chomhchéim le scoileanna eile. Mothaímid, áfach, go dteastaíonn níos mó tacaíochta oideachasúla ó pháistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna, toisc go bhfuil siad sáite i dteanga nach í a máthairtheanga í.
Tá sé fíorthábhachtach dúinn nach mbeadh drochthionchar ag na ciorraithe ar oideachas ár leanaí. Agus muid dá dtumadh i dteanga agus cultúr na hÉireann, ba mhian linn go mbeadh na deiseanna céanna acu agus a mbeadh dá bhfreastalóidís ar scoil lárshrutha.
Is mór againn an deis a chur ar fáil dár bpáistí oideachas a fháil trína dteanga náisiúnta; tá súil againn go gcuirfidh siad féin an deis chéanna ar fáil don ghlúin aníos. Táimid ag iarraidh ort do chuid tacaíochta a thabhairt dúinn, agus úsáid a bhaint as do thionchar, chun béim a chur ar thábhacht ár gcultúr agus ár dteanga, chomh maith le tosaíocht a thabhairt don oideachas mar bhealach chun cinn dár leanaí.
Le do thoil, cinntigh nach gcosnóidh deisiú na heacnamaíochta ár sochaí agus ár gcultúr orainn.
Comhráiteas na nEagras Bunmhaoinithe
Eanáir 17, 2012
Crann taca d’fhorbairt na Gaeilge mar theanga phobail é infreastruchtúr na n-eagraíochtaí Gaeilge. Tá na heagraíochtaí fréamhaithe sa phobal agus ballraíocht leathan acu a shaothraíonn ar bhonn deonach. Oibríonn foireann na n-eagraíochtaí go dícheallach agus tá taithí na mblianta acu ina gcuid sainréimsí oibre. A bhuíochas de shaothar na n-eagraíochtaí, tá fáil ag muintir na hÉireann le fada an lá ar an iliomad seirbhísí Gaeilge.
Iarradh ar Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus moltaí athchóirithe a mholadh. In ionad dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú agus teacht ar mhodhanna nua oibre, tá beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth. Ní bheadh na heagraíochtaí in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú. Chun obair na Gaeilge a dhéanamh feasta is mian le Foras na Gaeilge tairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana.
Is cúis mhór bhuartha don 19 eagras bunmhaoinithe go bhfuil sé i gceist ag an bhForas deireadh a chur leis an maoiniú acu. Creidimid go ndéanfadh cur chuige ar bhonn córas scéimeanna iomaíocha dochar tromchúiseach, do-leasaithe don Ghaeilge sna blianta amach romhainn. Ar na pointí i gcoinne mholadh an Fhorais áirímid:
- Is eagraíochtaí pobail iad na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Glacann cuid mhór daoine páirt iontu agus bíonn go leor eile ag brath orthu chun tacaíocht a thabhairt dóibh maidir le hionad na Gaeilge a threisiú ina saol. Murab ionann agus an saol tráchtála mar a gcuirtear seirbhísí ar conradh, ní oirfeadh cur chuige ar bhonn tairiscintí chun freastal ar riachtanais an phobail ó thaobh na Gaeilge de.
- Téann moladh an Fhorais glan i gcoinne choincheap na pleanála teanga agus an riachtanas go mbeadh leanúnachas i soláthar seirbhísí.
- An acmhainn is mó atá ag na heagraíochtaí ná an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an Fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpostanna á maoiniú ag an bhForas. Thar oíche, chaillfí saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí. Ní fhéadfadh riamh go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar conradh. Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.
Aithnímid an gá atá le forbairt agus cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach airgid is fearr. Ní fheictear dúinn go mbeidh luach ar airgead á sholáthair trí na scéimeanna nua. Táimid lán sásta obair i bpáirt leis an bhForas chun teacht ar mhúnlaí nua oibre a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann.
Dá réir sin, molaimid d’Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú linn le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.
Éagsúlacht Phátrúnachta – Suirbhéanna ar Oscailt
Eanáir 14, 2012
Cad atá i gceist leis seo go léir?
Cé go soláthraíonn an Stát bunoideachas saor in aisce, is iad comhlachtaí pátrúnachta a bhunaíonn scoileanna agus a shainíonn éiteas na scoileanna sin agus a cheapann boird bhainistíochta a reáchtálann na scoileanna ó lá go lá.
Tá an formhór mór (96%) de bhunscoileanna na hÉireann faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht aicmí creidimh agus thart ar 90% de na scoileanna faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí.
Tá a fhios againn go léir go bhfuil athrú mór tagtha ar shochaí na hÉireann le blianta beaga anuas. Tá teaghlaigh ina bhfuil náisiúntachtaí, reiligiúin agus creidimh éagsúla ina gcónaí anseo anois. Caithfear ár gcóras oideachais a chur in oiriúint dá bhrí sin don saol nua seo lena chinntiú go léireofar meas ar thraidisiúin éagsúla agus ar chreidimh éagsúla na ndaltaí
Fóram faoi Phátrúnacht Bunscoileanna
An bhliain seo caite, bhunaigh an tAire Oideachais agus Scileanna sainghrúpa chun dul i gcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh ar conas is féidir le bunscoileanna a bheith níos cuimsithí ó thaobh traidisiún, reiligiún agus creideamh éagsúil de.
Fuair an tAire Oideachais agus Scileanna, an tUasal Ruairí Quinn T.D. Tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais níos luaithe i mbliana agus d’fhoilsigh sé í.
Mar chuid dá fhreagra ar mholtaí an Ghrúpa Chomhairligh, tá tús curtha ag an Aire le próiseas nua chun breathnú ar an gcaoi a bhfeadfaí roinnt scoileanna atá á reáchtáil ag an Eaglais Chaitliceach a aistriú chuig comhlachtaí pátrúnachta eile i 44 ceantar ar fud na tíre. Cuirfear an próiseas seo i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar dtús sna ceantair seo a leanas: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú (lena n-áirítear An Choill Mhór Thiar agus Beaumont), Baile Átha Troim agus an Trá Mhór.
Cén chaoi a dtarlóidh sé sin?
Is éard a tharlóidh sa chéad chéim den phróiseas seo ná go n-iarrfar ar na tuismitheoirí nó na caomhnóirí go léir a bhfuil leanaí acu atá ag freastal ar bhunscoileanna nó ar réamhscoileanna sna ceantair sin a insint dúinn cén cineál bunscoile ar mhaith leo go mbeadh a gcuid leanaí ag freastal orthu. Is éard atá i gceist ná a fháil amach cé mhéid éilimh atá i measc tuismitheoirí/caomhnóirí maidir le rogha níos leithne a bheith acu ó thaobh cineálacha scoile sna ceantair sin a bhfuil rogha teoranta iontu faoi láthair. Úsáidfear freagraí na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí le féachaint cad iad na hathruithe atá riachtanach, más gá aon athrú a dhéanamh, chun go mbeidh rogha níos leithne ann ó thaobh bunscoileanna de sna ceantair sin.
Cé atá incháilithe chun an suirbhé a chomhlánú?
Tuismitheoirí/caomhnóirí na leanaí atá ag freastal ar bhunscoil nó réamhscoil san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, san Fhionnbhrú (lena n-áirítear an Choill Mhór Thiar agus Beaumont), i mBaile Átha Troim agus sa Trá Mhór. Ní chuirfear do rogha san áireamh ach amháin sa cheantar ina gcónaíonn tú agus cuirfear an chuid eile den 44 suirbhé i gcrích níos déanaí sa bhliain.
Cineálacha Pátrúnachta
Rangaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna bunscoileanna faoi láthair mar scoileanna sainchreidmheacha, idirchreidmheacha agus il-sainchreidmheacha a chuireann oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla nó na Gaeilge.
Pátrúnacht shainchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht pobal creidimh amháin. Cuireann a leithéid de scoil oideachas reiligiúnach ar fáil de réir thraidisiúin, chleachtais agus chreidimh an phobail reiligiúnaigh faoi leith. D’fhéadfadh sé oideachas níos leithne a chur ar fáil freisin faoi reiligiún agus éascú a dhéanamh ar iarrachtaí tuismitheoirí/caomhnóirí ó thraidisiúin chreidimh eile oideachas reiligiúnach a chur ar fáil ina gcóras creidimh féin.
Pátrúnacht idirchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht nó iontaobhas níos mó ná pobal creidimh reiligiúnaigh amháin. Soláthraíonn a leithéid de scoil deiseanna éagsúla maidir le hoideachas reiligiúnach.
Pátrúnacht il-sainchreidmheach: Aicmítear dhá chineál bunscoile mar scoileanna il-sainchreidmheacha i gcomhthéacs na hÉireann:
Ar an gcéad dul síos, tá na scoileanna sin nach gcuireann oideachas reiligiúnach ar fáil mar mhúnlú dá ndaltaí i rith an lae scoile, ach a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus faoi chreidimh éagsúla. Más mian leo, is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí socrú a dhéanamh i scoileanna den sórt sin chun oideachas reiligiúnach sainchreidmheach a chur ar fáil dá leanaí lasmuigh d’uaireanta scoile.
Ar an dara dul síos, tá na scoileanna sin a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus a chuireann roinnt múnlú creidimh ar fáil le haghaidh sainchreidimh éagsúla, ar iarratas tuismitheoirí, i rith an lae scoile, thar thréimhse 3 nó 4 seachtaine.
Cur síos ar Phátrúnacht
Tá an Roinn tar éis liosta de 44 ceantar a scaipeadh ar gach pátrún agus tar éis a iarraidh orthu liosta a sholáthar de na ceantair ar spéis leo a bheith ina bpátrúin iontu. D’iarr an Roinn orthu freisin cur síos gairid a dhéanamh ar an tsamhail phátrúnachta atá acu. Ní liostaítear sa suirbhé ach na pátrúin sin a léirigh spéis i bheith ina bpátrúin i gceann de na ceantair sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sholáthraithe na bpátrún, cliceáil anseo.
Cad a tharlóidh ansin?
Foilseoidh an Roinn Oideachais agus Scileanna tuarascálacha mionsonraithe faoi thorthaí na suirbhéanna. Déanfar é sin ar bhealach a léireoidh meas iomlán ar rúndacht agus ar chearta cosanta sonraí gach duine a thabharfaidh freagra. Féach an nasc chuig an bprótacal maidir le cosaint sonraí. (cliceáil anseo).
Cuirfidh torthaí an tsuirbhé ar ár gcumas a fháil amach cad é leibhéal an éilimh i measc tuismitheoirí maidir le héagsúlacht níos leithne a bheith ann ó thaobh rogha scoileanna de sna ceantair roghnaithe. Má aithnítear go bhfuil éileamh den sórt sin ann, pléifear na roghanna i gcomhpháirtíocht leis na pátrúin agus leis na pobail scoile lena mbaineann maidir leis an gcaoi a bhféadfaí úinéireacht roinnt scoileanna a aistriú.
Ní bhunófar scoileanna breise sna ceantair de thoradh an phróisis seo.
Tuilleadh Eolais agus sonraí teagmhála
Má tá aon deacracht agat ag comhlánú an tsuirbhé nó ag iarraidh a thuiscint cad is brí leis na ceisteanna, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach chun cúnamh a fháil ag uimhir shaorghlao 1800 303 621. Beidh an líne chabhrach ar oscailt ó 9.30 r.n. go 1 i.n. agus ó 2 i.n. go 5 i.n. ó Luan go hAoine fad is atá an suirbhé beo.
Iarrtar ar gach tuismitheoir/caomhnóir atá i dteideal an suirbhé a chomhlánú é sin a dhéanamh ar líne roimh an Aoine, 9 Samhain 2012. Beidh ar gach tuismitheoir/caomhnóir atá ag comhlánú an tsuirbhé a n-uimhreacha PSP a bheith ullamh acu lena n-iontráil sa suirbhé.
Sa chás nach bhfuil na tuismitheoirí/caomhnóirí in ann an suirbhé a chomhlánú ar líne, cuirfear suirbhé ar pháipéar ar fáil dóibh. Is féidir é seo a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis an uimhir shaorghlao sa Roinn Oideachais agus Scileanna 1800 303 621.
Bileog nua ar an Luath-thumoideachais
Eanáir 13, 2012
Céard é agus cé na buntáistí a bhaineann leis? Tá bileog nua dátheangach ar fáil anois ó GAELSCOILEANNA TEO. a fhreagraíonn na ceisteanna seo, agus beidh cóipeanna de á scaipeadh ar scoileanna tríd an phost an tseachtain seo chugainn. Tá an bileog ar fáil le híoslódáil anseo chomh maith (agus roinnt mhaith acmhainní eile leis!). Is féidir cóipeanna clóite breise a lorg ach teagmháil a dhéanamh linn: oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195.
Deontais d’imeachtaí idirscoile ar fáil arís!
Eanáir 13, 2012
Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.
Táimid ag glacadh le hiarratais ar deontais faoi láthair. Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na heagraíochta, mar sin sciob an deis agus líon amach an fhoirm iarratais (ar líne) gan mhoill!
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
- Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
- Bunscoileanna amháin
- Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
- Iar-bhunscoileanna amháin
Tá grianghraif sa ghailearaí de roinnt de na himeachtaí a bhfuair maoiniú tríd an scéim seo cheana agus is féidir tuairiscí na scoileanna ar a gcuid imeachtaí a léamh anseo. Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail. Tá gach eolas maidir leis an scéim ar fáil ón Oifigeach Forbartha, cspainneach@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar 01 8535193.
Gaelscoil an Chuilinn ag oscailt i mBaile an Tirialaigh i 2012!
Eanáir 12, 2012
Cáinaisnéis 2011-2012 agus Impleachtaí do Scoileanna lán-Ghaeilge
Nollaig 16, 2011
Sa cháipéis seo ciallaíonn BL bunscoileanna agus IBL iarbhunscoileanna.
1. DEIS
a. BL, Banda 1: Sceideal ar leith nua cóimheas múinteoirí le daltaí fógartha: 22:1.
b. IBL: Sceideal níos fabhraí cóimheas múinteoirí le daltaí: 18.25:1 (laghdú .75).
c. Beidh an dá shocrú i bhfeidhm ó MF 2012 agus bunaithe ar an líon dalta sna scoileanna i Meán Fómhair 2011.
d. Céimniú amach as ‘postanna oidhreachta’ (‘legacy posts’). Bheimis buíoch de scoileanna DEIS (nó aon scoil eile) ach a chur in iúl dúinn san oifig ag oifig@gaelscoileanna.ie an mbaineann na ciorraithe seo lena scoileanna.
2. Postanna Freagrachta Iarbhunscoileanna
Beartais chun faoiseamh a thabhairt ar an moratóir ar phostanna Príomhoidí Cúnta. Sprioc, oiread agus is féidir, go gcoinneofar 50% de na postanna Príomhoidí Cúnta faoi 2012/2013.
3. Cóimheas múinteoirí le daltaí
Bunleibhéal:
Athraithe céimiúla ag tosú MF 2012 ar an gcóimheas do bhunscoileanna 1,2,3,4 oide (scoileanna le níos lú ná 86 dalta). Tá tuairim is 19 gaelscoileanna le níos lú ná 86 dalta; agus 23 le níos lú ná 100 dalta. Ciallaíonn na hathraithe seo brú millteanach do scoileanna beaga agus roinnt mhaith de scoileanna Gaeltachta. Beidh impleachtaí móra ann dóibh. Beidh an líon múinteora i Meán Fómhair 2012 bunaithe ar líon na ndaltaí sa scoil ar an 30 MF 2011 mura bhfuil an scoil ag forbairt. Beidh an sceideal ceapacháin ar fáil do bhunscoileanna go luath i mí Eanáir.
Iarbhunleibhéal:
Le feidhm ó 2012/2013: múinteoir gairmthreorach le tógáil as an leithdháileadh caighdeánach. Bhí an post seo lasmuigh den chuóta go dtí seo agus bhí leithdháileadh faoi leith ann chuige.
Toradh: caillfear múinteoirí agus caillfear saineolas riachtanach do dhaltaí mura bhfuil an saineolas laistigh den leithdháileadh reatha.
Tá athchóiriú beartaithe ar an bpróiseas leithdháileadh mhúinteoirí. Sprioc: féinriar níos fearr do scoileanna a chothú; eolas níos luaithe do scoileanna mar gheall ar an leithdháileadh; simpliú ar an bpróiseas agus discréid d’úsáid na bpost a thabhairt do scoileanna. Beidh ciorclán le teacht ag deireadh Eanáir/ tosach Feabhra faoi.
4. Deontas Caipitíochta
BL agus IBL: laghdú c2% ar an deontas caipitíochta reatha agus deontais ghaolmhara eile i 2012 agus i 2013 le laghdú breise 1% i 2014 agus i 2015. Cuirfear i bhfeidhm é ar na bunrátaí caipitíochta. Do scoileanna lán-Ghaeilge, is laghdú pro rata é, sé sin, anuas ar an socrú reatha (níos fabhraí) atá ag na scoileanna sin.
NB: Ní bhaineann an laghdú le scoileanna DEIS.
5. Oiliúint Mhúinteoirí
Deireadh le deontas i dtreo costais freastal na n-ábhar oidí ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Toradh: impleachtaí anseo don tréimhse leathnaithe atá molta ag an gComhairle Mhúinteoireachta go tréimhse 9 seachtainí. Más freastal éigeantach é, titfidh an costas ar an rannpháirtí rud nach bhfuil réadúil do thréimhse chomh fada; más freastal roghnach é, beidh laghdú ar líon an fhreastail. Baol ann nach nglacfar le moladh na CM. Impleachtaí ann dá bharr do chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí.
6. Ceapachán Phríomhoidí Riaracháin
Beidh sé seo bunaithe anois ar líon na ndaltaí amháin in áit an socraithe reatha go bhfuil sé bunaithe ar líon dhaltaí móide líon mhúinteoirí. Beidh an rud céanna i gceist le ceapacháin leas-príomhoidí. Baineann seo le bunscoileanna amháin.
7. Príomhoidí Teagaisc agus imlonnú acmhainní foghlama
Bainfear an bac atá ar Phríomhoidí teagaisc a bheith ag feidhmiú mar mhúinteoirí acmhainní/tacaíocht fhoghlama.
8. Tacaíocht fhoghlama agus tacaíocht teanga á chomhtháthú
IBL: Déanfar an tacaíocht fhoghlama agus tacaíocht teanga a chomhtháthú mar phróiseas aon leithdháileadh amháin. Tabharfar breis tacaíochta do scoileanna a bhfuil líon mór daltaí ann a bhfuil tacaíocht teanga de dhíth orthu (tuigtear dúinn go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge i dteideal na tacaíochta teanga don Ghaeilge).
BL: próiseas amháin leithdháileadh d’acmhainní reatha – GAM (general allocation model) don tacaíocht fhoghlama agus múinteoirí tacaíochta teanga. Beidh sé bunaithe ar líon na bpost do mhúinteoirí ranga príomhshrutha sa scoilbhliain roimhe. Beidh leithdháileadh 5u.c (0.2 de phost) do gach scoil mheasctha nó buachaillí agus 4u.c (0.16) do gach post ranga príomhshrutha i scoil cailíní. Tá an leithdháileadh in ainm is cnuasach a éascú i dtreo postanna lán-aimseartha (25u.c sa tseachtain i ngach post lán-aimseartha) a chruthú.
Tabharfar breis tacaíochta do scoileanna a bhfuil líon mór daltaí ann a bhfuil tacaíocht teanga de dhíth orthu (tuigtear dúinn go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge i dteideal na tacaíochta teanga don Ghaeilge).
Is gá a chinntiú, sa chás go bhfuil múinteoir acmhainne nó tacaíochta foghlama á roinnt le scoileanna eile sa cheantar, go bhfuil Gaeilge chuí acu le feidhmiú trí mheán na Gaeilge, agus iad a bheith lonnaithe sa scoil lán-Ghaeilge más féidir.
9. Eagrais Oideachais
Tháinig an t-eolas thíos ó phlécháipéis rialtais eile maidir le bealaí eile le hairgead a shábháil. Mar a fheicfidh sibh, an CNCM luaite mar eagraíocht le hionsú sa ROS agus tá COGG luaite mar eagraíocht a d’fhéadfaí a scor nó a ionsú sa Roinn Oideachais.
- National Centre for Technology & Education – Ionsú sa ROS
- National Council for Curriculum Assessment – Suí isteach sa ROS
- Léargas – The Exchange Bureau – Ionsú sa ROS
- National Centre for Guidance in Education – Ionsú sa ROS
- Aontas – Ionsú sa ROS
- Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta – COGG – Scor nó Ionsú sa ROS
Tá impleachtaí an-thromchúiseacha leis an dá mholadh seo, agus ceann faoi COGG ach go háirithe. Beimid ag tabhairt faoi fheachtas litreacha chuig na scoileanna san athbhliain agus bheimis fíor-bhuíoch díot as do chúnamh leis seo.
Gníomh:
a. Ba mhór againn a chloisteáil ó scoileanna a mbeidh impleachtaí ann dóibh de bharr na gciorraithe seo. Dá gcuirfí an t-eolas chugainn ar ríomhphost nó thar guthán, cuirfimid san áireamh é agus muid ag iarraidh faoiseamh éigin a lorg ón ROS.
b. Reáchtáilfear cruinnithe san athbhliain más é toil na scoileanna go ndéanfar sin chun na himpleachtaí a phlé.
c. Déanfar Comh-fheachtas le ESG, le ceardchumainn agus le páirtithe oideachais cuí eile bunaithe ar an eolas a thagann chugainn ó scoileanna. .
Tá na cáipéisí cuí a bhaineann leis an gcáinaisnéis á bhfáil ar www.ippn.ie agus www.into.ie.
Líonra Réigiúnach: Cruinnithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh
Nollaig 14, 2011
Tá Gaelscoileanna Teo. ag obair le gréasán tacaíochta a spreagadh idir scoileanna, le go mbeidh deiseanna rialta ag pobail na scoile saineolas agus taithí a roinnt ar a chéile, dúshláin a phlé agus obair i dteannta a chéile. Chuige sin, tá an tír roinnte i 16 réigiúin againn agus táimid i mbun cruinnithe a eagrú i ngach ceann acu siúd. Tugtar cuireadh do phobail na scoileanna áitiúla teacht agus bualadh le chéile i dteannta le hionadaí ón eagraíocht. Tá na cruinnithe ar oscailt do phobal uile na scoileanna; foireann, Boird Bainistíochta, tuismitheoirí agus coistí bunaithe lonnaithe sa cheantar.
An leagan amach a bhíonn ar na cruinnithe de ghnáth ná seisiún eolais ar an earnáil agus eolas ar na seirbhísí a chuireann Gaelscoileanna Teo. ar fáil do na scoileanna chomh maith le cur síos a dhéanamh ar chur chuige an líonra. D’fhéadfadh go mbeadh aoi-chainteoir i láthair chomh maith. Ba mhian linn rannpháirtíocht a ardú in ngnó na heagraíochta le go mbeidh sé ar ár gcumas freastal níos fearr a dhéanamh ar mhianta agus ar riachtanais na scoileanna.
Se0 thíos sonraí na gcruinnithe atá beartaithe sa chéad cúpla mí romhainn:
Beidh cruinniú do na scoileanna in Iarthar Átha Cliath ar an 25 Eanáir in Óstán Bewleys, Crois an Fhearainn Nua ag 4pm. Na scoileanna atá i gceist ná: Gaelscoil Naomh Pádraig, Scoil Chaitlín Maude, Coláiste Cois Life, Gaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil na Camóige, Coláiste Chilliain, Scoil Chrónáin, Gaelscoil Inse Chór, Scoil Santain, Coláiste de hÍde, Coiste bunaithe Gaelscoil Oisín.
Beidh cruinniú do na scoileanna i gcathair, oirthear agus tuaisceart Chorcaí ar an 1 Feabhra sa Clarion, Cé an Lapaigh ag 4pm. Na scoileanna atá i gceist ná: Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Coiste bunaithe Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Gaelscoil Uí Éigeartaigh, Gaelscoil Mhachan, Gaelscoil na Dúglaise, Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Coláiste Dáibhéid, Gaelscoil Uí Drisceoil, Coláiste an Phiarsaigh, Gaelscoil an Ghoirt Álainn, Scoil na nÓg, Gaelscoil Pheig Sayers, Gaelcholáiste Mhuire, Gaelscoil de hÍde, Gaelscoil Thomáis Dáibhís, Gaelscoil Choráin, Gaelscoil na Tríonóide i gColáiste Phobail na Tríonóide, Gaelscoil Mhainistir na Corann.
Beidh cruinniú do na scoileanna i nGaillimh sa Maldron, Órán Mór ar an 1 Márta ag 4pm. Na scoileanna atá i gceist ná: Gaelscoil Iarfhlatha, Scoil Uí Cheithearnaigh, Gaelscoil Riada, Coláiste an Eachréidh, Gaelscoil Riabhach, Gaelscoil de hÍde, Gaillimh, Gaelscoil na bhFilí, Gaelscoil Dara, Scoil Fhursa, Scoil Iognáid, Coláiste Iognáid, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Coláiste na Coiribe.
Tuilleadh eolais: cspainneach@gaelscoileanna.ie nó 01 8535193.