Seisiún Eolais- Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht)
Deireadh Fómhair 28, 2015
Beidh Coláiste Ollscoile Naomh Muire ag tairscint an tseisiúin seo a leanas d’iarratasóirí:
Seisiún Eolais
Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht)
12.15 p.m. – 1.45 p.m. 27 Máirt 2015.
Tá an Teastas Iarchéime san Oideachas (TICO) dírithe ar chéimithe a bhfuil ard líofacht sa Ghaeilge acu agus ar mian leo bheith cáilithe ina múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge. Gheobhaidh tú eolas ar na gnéithe seo a leanas ag an tseisiún dhátheangach seo:
- Coláiste Ollscoile Naomh Muire- cé muid féin agus saol an Choláiste;
- Gnáthaimh iarratais agus iontrála;
- An Clár TICO sa Bhunscolaíocht agus san Iarbhunscolaíocht.
Beidh deis ann ceisteanna a chur má tá níos mó eolais de dhíth. Más maith leat freastal ar an tseisiún eolais, iarrtar ort dul i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil faoi 12.00 Aoine 23 Deireadh Fómhair 2015.
Beidh fearadh na fáilte romhat go Coláiste Ollscoile Naomh Muire.
Muna bhfuiI tú ábalta freastal ar an tseisiún ach gur mhaith leat pacáiste iarratais a fháil, gabh i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil trí ríomhphost agus luaigh do sheoladh baile sa teachtaireacht.
Rphost: admissions@smucb.ac.uk nó guthán 028 90268320.
Aip Nua ‘Saol Faoi Shráid’
Deireadh Fómhair 23, 2015
Sheol Leo Moran as na Saw Doctors an leabhar agus an aip nua ‘Saol Faoi Shráid’ ag Féile Baboró 2015. Tá siad seo bunaithe ar an tsraith puipéadóireachta do leanaí atá le feiceáil ar Cúla 4 ar TG4 i láthair na huaire. Tá an leabhar nua foilsithe le tacaíocht ó COGG agus beidh an aip á foilsiú sna seachtainí seo romhainn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Scéal spraíúil agus spleodrach faoi chairdeas ó Patricia Forde, Kevin O’Boyle agus Meangadh Fíbín, cruthaitheoirí Saol faoi Shráid atá sa leabhar nua ‘An Giotár Nua’ agus í ar fáil i siopaí díolta leabhar mórthimpeall na tíre.
Tá leagan beag agus mór den leabhar ar fáil. Tá an leabhar mór feiliúnach do mhúinteoirí, naíolanna agus naíonraí.
Gan an iomarca a insint daoibh seo giota gearr faoin scéal…..
Is breá le Glibín a bheith ag seinm an ghiotáir….ach níl aon ghiotár aige! Socraíonn Ribín giotár a dhéanamh as bruscar dá deartháir Glibín ach is rún atá ann. Cabhraíonn a cairde Dris agus Rocco léi ach tá fearg ar Ghlibín mar nach bhfuil Ribín sásta spraoi leis.
Beidh an aip ar fáil saor in aisce i gceann seachtain nó dhó….coinneoidh muid ar an eolas sibh!!
Leabhair Ghaeilge ó The O’Brien Press
Deireadh Fómhair 20, 2015
Sraith leabhar do léitheoirí óga atá maisithe go hálainn. Bealach fíorspreagúil í an tsraith seo leis an nGaeilge a shaothrú sa seomra ranga. Áis iontach í freisin do thuismitheoirí ar mhaith leo léamh na Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile. Breathnaigh ar an gcatalóg anseo
Tá Tyrone Productions ag Lorg na mBunscoileanna Lán-Ghaeilge is Siamsúla in Éirinn
Deireadh Fómhair 13, 2015
An í do bhunscoil áitiúil an scoil is éirimiúla sa tír? An bhfuil na daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus an fhoireann cliste críonna? Ar bhreá leat deis dul ag obair le réalta móra na Gaeltacha Seo Linn?
Tá muid ag lorg na mbunscoileanna lán-Ghaeilge is siamsúla agus éirimiúla in Éirinn chun páirt a ghlacadh i sraith teaghlaigh nua agus spleodrach le haghaidh TG4.
Tá muid ag iarraidh go bhfeicfidh an lucht féachana cé chomh suáilceach agus cumasach atá do chuid daltaí, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar obair chrua foirne na scoile. Is deis iontach, faoi leith í seo taispeáint don tír cé chomh speisialta agus atá do scoil!
Cuirfidh muid an tallann is fearr i láthair – mar sin, má tá teaghlach iontach ceolmhar, banna scoile den scoth, scil aisteach nó ar leith, píosa grinn, taispeántas spóirt suntasach, filíocht fonnmhar nó cleas draíochta dochreidte ag tárlú i do scoilse, tá muid ag iarraidh cloisteáil uait.
Gheobhaidh na scoileanna a roghnófar an deis dul ag obair le mórcheoltóirí na Gaeilge, Seo Linn, a bhfuil fíor-ghaisce déanta acu ar YouTube lena gcuid físeáin ceoil spreagúla Coláiste Lurgan. Le cabhair ó Seo Linn, ullmhóidh na scoileanna léiriúcháin ceoil den chéad scoth, as amhrán reatha aistrithe go Gaeilge, agus beidh sé seo mar bhuaicphointe de gach clár.
Mar sin, má theastaíonn uaidh do scoilse clú agus cáil a bhaint amach, tapaigh do dheis!
Níl ort ach ríomhphost a sheoladh chuig scoileanna@tyrone-productions.ie le haghaidh na sonraí ar fad agus foirm iarratais.
Seol isteach do iarratas chomh luath agus is féidir – Is é an Spriocdáta le haghaidh iarratais ná 30ú Deiridh Fómhair, 2015.
Spraoi: Tionscadal nua ó Raidió na Life dírithe ar bhunscoileanna
Deireadh Fómhair 7, 2015
Cad é?
‘Séard atá i SPRAOI ná tionscadal de chuid Raidió na Life chun an staisiún ar fáil mar áis foghlama do bhunscoileanna agus guth a thabhairt do pháistí i bpobal na Gaeilge.
- Beidh foireann SPRAOI ag tabhairt cuairteanna ar ghaelscoileanna ar fud fad Bhaile Átha Cliath; ag labhairt leis na páistí faoi féidearthachtaí a bhaineann leis an raidió pobail agus ag taifead agallaimh agus ceol leo. Mairfidh an cuairt thart ar 40 nóiméad
- Craolfar na taifeadtaí ar sraith raidio úrnua, speodrach do pháistí bunscoile ar Raidió na Life
- Amach anseo, beidh an stáisiún ag reachtáil sraith ceardlainn craoltóireachta do pháistí bunscoile i stiúideó Raidió na Life chomh maith.
Cathain?
Beidh camchuairt na scoileanna ar siúl i rith mí Dheireadh Fómhair 2015 agus muid ag seoladh an tionscadal go foirmeálta ar 31 Samhain ag Oireachtas na Samhna 2015, in Óstán Citywest. Cuirfear tús leis an sraith raidió nua i mí na Samhna
Conas gur féidir leat clárú don camchuairt scoile nó tuilleadh eolais a fháil faoi na ceardlainn craoltóireachta?
Más mian leat go dtugadh foireann SPRAOI cuairt ar do scoil nó má tú ag iarraidh spéis a léiriú sna ceardlainn craoltóireachta, is féidir teangmhail a dhéanamh le Judy-Meg ag judy.meg@raidionalife.ie nó glaoch a chur orainn ag 01 6616 333
Scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus tacaíocht le matamaitic san ardoideachas faoi chaibidil ag an gCoiste um Oideachas
Deireadh Fómhair 7, 2015
Scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus tacaíocht le matamaitic san ardoideachas faoi chaibidil ag an gCoiste um Oideachas
Tiocfaidh comhaltaí an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach le chéile amárach chun cruinniú dáchodach a thionól agus chun plé a dhéanamh le hionadaithe don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus do Ghréasán Tacaíochta Foghlama Matamaitice na hÉireann.
6 Deireadh Fómhair 2015
Tosóidh an cruinniú ar 2.00 p.m. i Seomra Coiste 4 amárach, Dé Céadaoin, an 7 Deireadh Fómhair 2015.
Ar dtús, tabharfaidh an tUas. Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach Ainmnitheach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), aitheasc don Choiste maidir leis na riachtanais ar leith atá ag na scoileanna Gaeltachta agus ag na Gaelscoileanna, idir bhunscoileanna agus iar bhunscoileanna, agus maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag freastal ar na riachtanais sin. Sa dara cuid den chruinniú déanfaidh an tUas. Ciarán O’Sullivan cur i láthair ar fhionnachtana an tsuirbhé a rinne Gréasán Tacaíochta Foghlama Matamaitice na hÉireann (GTFMÉ) le déanaí le mic léinn i ndáil le tacaíocht foghlama matamaitice.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Joanna Ní Thofa, TD: “Léiríonn an cruinniú seo a leithne atá feidhm an Choiste, go háirithe maidir le cúrsaí oideachais. Is deis é ár gcruinniú leis an Uas. Ó hAiniféin léargas a fháil ar na saincheisteanna éagsúla a bhfuil ar scoileanna na Gaeltachta agus ar Ghaelscoileanna aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe anois i bhfianaise an fháis leanúnaigh atá ag teacht ar na dúshláin dhéimeagrafacha, theangeolaíocha agus eile.
“Beidh deis againn ansin éisteacht leis an Uas. O’Sullivan agus é ag caint faoin tuarascáil ó GTFMÉ, ‘Student Evaluation of Mathematics Learning Support: Insights from a large scale multi-institutional survey’. Tá léargas luachmhar sa suirbhé faoin athrú ó mhatamaitic ar an dara leibhéal go dtí matamaitic ar an tríú leibhéal do mhic léinn i raon leathan réimsí agus faoin tionchar atá ag seirbhísí tacaíochta matamaitice. I bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an matamaitic agus le hábhair ghaolmhara ó thaobh mic léinn a ullmhú i gcomhair na ndeiseanna fostaíochta atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar seo againne atá i mbéal forbartha, tá an suirbhé seo an tráthúil.
Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal chomh maith trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Críoch
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Liam O’Brien
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
P: +353 1 618 4484
M: +353 86 189 5098
liam.obrien@oireachtas.ie
Twitter @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Cathaoirleach:
Joanna Ní Thofa (Páirtí an Lucht Oibre)
Teachtaí:
Séamus Ó Banáin (Fine Gael); Réamann de Buitléir (Fine Gael); Catherine Byrne (Fine Gael); Ciarán Ó Canáin (Fine Gael); Siobhán Ní Choileáin (An Comhaontas Pobal seachas Brabús); Micheál Ó Connacháin (Páirtí an Lucht Oibre); Clare Ní Dhálaigh (Neamhspleách); Séamus Ó Dálaigh (Fine Gael); Nollaig Ó hÚrdail (Fine Gael); Cathal Mac Conaill Óig (Fianna Fáil); Eoghan Ó Briain (Sinn Féin); Liam Ó Deaghaidh (Fianna Fáil); Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin); Breandán Ó Riain (Páirtí an Lucht Oibre)
Seanadóirí:
Séamus Ó Dorchaí (Fine Gael); Gearóid Ó Creachmhaoil (Neamhspleách); Marie Uí Mhaoldomhnaigh (Páirtí an Lucht Oibre); Máire Uí Mhóráin (Páirtí an Lucht Oibre); Averil de Paor (Fianna Fáil); Marie-Louise Ní Dhomhnaill (Neamhspleách)
http://www.oireachtas.ie/parliament/mediazone/pressreleases/2015/name-29783-en.html
Bilingualism and Special Needs
Meán Fómhair 22, 2015
The third in our series on bilingualism by Millie Slavidou deals with bilingualism and special needs. If you missed the first two parts, you can find them here – 7 Reasons to Bring up Your Kids Bilingual and Supporting Bilingualism in Tweens and Teens.
Parents of children with special needs frequently find they need to grow a thick skin to deal with all the ignorance and comments directed at them, and this is especially true in a bilingual family. As a mother of a child with special needs myself, bringing him up in a bilingual family has been a challenge. I have been accused of deliberately trying to sabotage his development through speaking my own language to him!
Even health care professionals can be incredibly negative about bilingualism, and it is very common for speech and language therapists to advise parents to use only one language at home. On one memorable occasion, my son’s case worker at the Centre for Mental Health told me that she would refuse to refer my son for speech therapy if I insisted on speaking a second language to him. “Speech and language therapy,” she declared, “can only be done in one language.” Of course, I requested a new case worker. Child psychologists are also frequently known to be against the idea of speaking more than one language at home.
So why do I persist in doing so? Well, there is no reason not to speak two languages to a person who happens to have special needs.
International studies have shown only benefits and not drawbacks to the use of two languages, and children with various conditions, such as Down’s syndrome, autism, and developmental and cognitive delays have been shown to be able to cope with more than one language. Not only do they cope, but research suggests that the stimulation offered by a second language can help children with special needs to function better. They are not learning them as foreign languages, which is a very different matter, but being brought up speaking both from birth.
If this is the case, you might wonder, then why the negativity from professionals towards bilingualism? Such matters are rarely simple. Firstly, research does not always reach the people on the ground for a long time after it has been carried out, and some professionals may have studied and been trained at a time when it was standard practice to discourage bilingualism. Secondly, those people may have little experience of bilingualism themselves, and unfortunately, they may extrapolate from their monolingual difficulties in learning a foreign language as an adult and apply that to the very different situation of bilingualism from birth – two native tongues.
Many researchers have suggested that bilingualism may even boost the cognitive abilities of children with learning disabilities and cognitive delays. So why would I limit and restrict my child by depriving him of one of his languages?
Interestingly, although in our own case my son has a limited active vocabulary, the words that he does use are words for the same thing in either language, which means that both his languages are progressing at the same rate. The same is true of his passive vocabulary, the things that he understands and responds to but does not actively use himself are the same things in both languages.
Oíche eolais maidir le bunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath
Meán Fómhair 22, 2015
An bhfuil suim agat san fheachtas bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach nua a bhunú i Marino/Droim Conrach/Baile Átha Cliath 1? Tá bunscoil nua le hoscailt sa cheantar sin i Meán Fómhair 2016 agus tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le hiarratas An Foras Pátrúnachta go mbeidh an scoil nua ina scoil lán-Ghaeilge. Tuilleadh eolais le fáil anseo http://www.gaelscoileanna.ie/northdub
Más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas seo, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar chruinniú poiblí i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar an 30ú Meán Fómhair ag 20.00. Tabharfar eolas breise maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge agus a chuid buntáistí ar an oíche agus beidh deis ag daoine ceisteanna a chur ar an bpainéal cainteoirí. Is iad na haoi-chainteoirí a bheidh linn ar an oíche ná:
- Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín
- Beirt Tuismitheoirí ag labhairt faoin taithí atá acu siúd ar an oideachas lán-Ghaeilge
- Ionadaí ón bhForas Pátrúnachta
- Ionadaí ó Gaelscoileanna Teo.
Achieving Leadership Excellence In Your School
Meán Fómhair 22, 2015
An in-depth workshop covering Leadership for Learning and Management Skills for School Leaders and Managers
Tuilleadh eolais anseo
Deireadh seachtaine eachtraíochtaí do theaghlaigh
Meán Fómhair 22, 2015
Tá deireadh seachtaine eachtraíochtaí á eagrú ag Glór na nGael do theaghlaigh Ghaeilge ag Ionad Eachtraíochta Chairlinn, Contae Lú, Dé hAoine agus Dé Sathairn 23 agus 24 Deireadh Fómhair.
Beidh scéalaíocht ann agus siúlóid sa choill ann Aoine. I measc na himeachtaí ar an Sathairn beidh sreang zip, ropaí arda, rianadóireacht agus comhrac léasair. Beidh imeachtaí eile do pháistí atá ró-óg le páirt a ghlacadh sna himeachtaí eachtraíochta thuas luaite.
Cosnóidh an t-imeacht aon oíche amháin agus lá €45 an duine, idir óg agus aosta. Clúdóidh an costas sin lóistín oíche Aoine, bricfeasta, lón agus imeachtaí an lae.
Beidh Glór na nGael ag eagrú sraith imeachtaí eile scéalaíochta trasna na tíre ag an Samhain do theaghlaigh Ghaeilge. Beidh mionsonraí na n-imeachtaí eile á gcur ar fáil ar ball.
Tá Glór na nGael ag iarraidh ar theaghlaigh ar suim leo páirt a ghlacadh san imeacht seo scéal a chur chucu roimh deireadh Mhí Mheán an Fhómhair. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag marcas@glornangael.ie nó ar ghuthán ag +353 86 171 9755.