Athrú ar Dháta do Chomhdháil Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
Meán Fómhair 26, 2011
Tháinig moladh láidir ó scoileanna go n-athrófaí dáta Comhdháil & Cruinniú Cinn Bhliana ESG TEO ón Satharn 1 Deireadh Fómhair mar a bhí beartaithe, go lá scoile, chun deis níos fearr a thabhairt do scoileanna freastal air.
Ghlac Bord Stiúrtha na heagraíochta leis an moladh sin ag a gcruinniú seachtain ó shin, agus, reáchtálfar an Chomhdháil & CCB ar an Aoine 14ú Deireadh Fómhair in Óstán an Ardilaun, Gaillimh dá réir.
Tá cinntí tábhachtach maidir le h-oideachas, comhnascadh scoileanna beaga, agus, múineadh na Gaeilge á ndéanamh faoi láthair ag an Roinn, agus, ní mór do scoileanna Gaeltachta ionchur agus ionadaíocht a bheith acu sa phlé seo. Déanfar na toipicí seo uile a chíoradh ag an gComhdháil agus beidh sé ríthábhachtach go mbeidh ionadaithe óna scoileanna Gaeltachta i láthair ar an lá chun a n-ionchur a dhéanamh sa bplé.
Déanfar cur i láthair chomh maith ar cháipéis na Roinne Oideachais & Scileanna, Páipéar Díospóireachta ar Chreat Rialála do Rollú Scoil, a foilsíodh i mí an Mheithimh. Beidh impleachtaí aige seo do gach scoil Gaeltachta, agus, beidh na himpleachtaí sin á bplé ag an gComhdháil.
Foilsithe ar Gaelport.com
Beáltriail Ghaeilge don Teastas Sóisearach
Meán Fómhair 21, 2011
Rinne beagnach 4,300 dalta an bhéaltriail Ghaeilge do scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh sa bhliain 2011. Tháinig torthaí an Teastais Shóisearaigh amach Dé Céadaoin seo caite an 14 Meán Fómhair agus ba spéisiúil na staitisticí a bhain leis an ábhar Gaeilge.
Rinne 48,349 dalta an páipéar Gaeilge (idir ardleibhéal, ghnáthleibhéal agus bhonnleibhéal) as 56,930 dalta a rinne an Teastas Sóisearach i mí an Mheithimh seo caite. D’éirigh le 80.6% as 23,931 dalta grád A,B nó C a fháil sa pháipéar ardleibhéil. Fuair 77.2% as 22,488 dalta grád A, B nó C sá pháipéar ar an ngnáthleibhéal agus d’éirigh le 76.3% as 1,930 dalta grád A, B nó C a fháil sa pháipéar ar an mbonnleibhéal.
Mar chuid den scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach is féidir leis na daltaí scrúdú béaltrialach a roghnú. Tháinig méadú ar líon na ndaltaí a roghnaigh an scrúdú béaltrialach ó 1,687 dalta sa bhliain 2010 go dtí 4,276 dalta sa bhliain 2011. Chomh maith leis sin, tháinig méadú ar líon na scoileanna a d’ofráil an scrúdú béaltrialach ó 54 scoil sa bhliain 2010 go dtí 94 scoil sa bhliain 2011.
Creidtear go bhfuil níos mó daltaí ag roghnú na béaltrialach mar chuid den scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach chun taithí a fháil don scrúdú san Ardteistiméireacht. Bronnfar 40% de mharcanna an ábhair Gaeilge ar an mbealtriail san Ardteist ón mbliain seo ar aghaidh.
Ag tagairt do staitisticí an Teastais Shóisearaigh deir Saffron Rosenstock ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge gur maith an rud é scrúdú cainte a bheith mar chroílár an Teastais Shóisearaigh ionas go mbeidh na daltaí ullmhaithe don bhéaltriail atá rompu i mbliain a sé.
Gaelport
Tionscadal Tumoideachais i nGaeltacht Dhún na nGall
Meán Fómhair 6, 2011
Tá trí bhunscoil Gaeltachta i nDún na nGall tar éis tabhairt faoi thionscadal tumoideachais nua le go mbeadh an Ghaeilge amháin le cloisteáil i ranganna na naíonán sóisearach.
Ciallaíonn sé sin nach mbeidh Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr ag tosú ar theagasc an Bhéarla go dtí na naíonáin shinsearacha.
Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí ar son Ghuth na Gaeltachta go bhfuil an polasaí seo chun leas na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go mbíonn “torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí sa dá theanga dá bharr”.
“Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuilimid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú, a deir sé.
D’eagraigh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo. Chomh maith leis sin, d’eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bhainistíochta agus cúrsa traenála do mhúinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge.
Táthar ag súil go gcuirfidh seacht mbunscoil eile atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall an beartas céanna i bhfeidhm go luath.
“Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta, ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é”, a deir Mac Niallais.
©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011
An Ghaeilge faoi chaibidil i gCorcaigh
Meán Fómhair 6, 2011
Ar cheann de phríomhspriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go dtí 250,000, ach cé mhéad díobh siúd a bheidh lonnaithe i gCathair Chorcaí?
Déanfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár poiblí i gCathair na Reibiliúnach a reáchtáil i dtreo dheireadh na míosa, chun pobal na cathrach a chur ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, agus chun plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach.
“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar an tsraith seimineár seo, agus is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.
Labhróidh aoichainteoir áitiúil, ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, faoin dea-chleachtas pleanála teanga i gceantar uirbeach, agus tabharfaidh ionadaí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gnóthaí Gaeltachta léargas ar na riachtanais pleanála teanga sa cheantar áitiúil, mar a shonraítear iad faoin Straitéis.
Pléifidh Liam Ó Rinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG), agus Jerry Ahern, Cathaoirleach Chraobh Niall Uí Chathasaigh de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), na bealaí ar féidir leis an CLG agus CCÉ an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.
Mar aon leis na haoichainteoirí thuas, beidh ionadaithe ón gComhairle Cathrach agus ón gComhairle Contae, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge atá an-ghníomhach sa cheantar ar nós Gael-Taca agus Cumann na bhFiann ag tabhairt léargais faoina gcláir oibre féin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge i gCathair agus i gContae Chorcaí sna blianta romhainn. Tabharfar léargas ar na tionscadail atá á bhforbairt cheana féin chun cabhrú i dtreo ghealltanais na Straitéise a chomhlíonadh.
Ag caint faoin seimineár, deir Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is í aidhm an tseimineáir phoiblí ná eolas faoi dheiseanna cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar bhonn comhtháite a scaipeadh ar mhuintir an cheantair d’fhonn gréasáin Gaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt”.
Ionas go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, is cinnte gur gá go leor daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh chách chuig an seimineár seo, más duine thú gan oiread is focal Gaeilge, nó más duine thú a raibh
Gaeilge agat ar scoil, nó gur mhaith leat Gaeilge a mhúineadh do do chlann, cuirfear fearadh na fáilte roimh gach uile duine chuig an seimineár, agus reáchtálfar an seimineár go hiomlán dátheangach chun an freastal is fearr a dhéanamh ar líon is mó daoine.
Tá cead isteach chuig an seimineár saor in aisce, ach iarrtar ar dhaoine clárú roimh ré trí do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil do Chillian de Búrca, cillian@comhdhail.ie.
Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna freisin, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.
©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Méan Fómhair 2011
Comhdháil ar Oideachas Gaeltachta
Meán Fómhair 6, 2011
Déanfaidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta TEO (ESG) a gComhdháil Oideachais agus a gCruinniú Cinn Bhliana a reáchtáil ar Dé Sathairn 01 Deireadh Fómhair 2011 in Óstán an Ard Oileáin i nGaillimh.
Beidh scoth na n-aoichainteoirí i láthair chun plé a dhéanamh ar ábhair thábhachtacha a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta. I measc na gcainteanna a thabharfar ar an lá, pléifidh Deirbhile Nic Craith (INTO) na himpleachtaí fostaíochta a bhaineann le comhnascadh a dhéanamh idir scoileanna beaga. Pléifidh Maolsheachlainn Ó Caollaí le ceist na Gaeilge san Ardteistiméireacht, agus beidh daltaí Gaeilge agus na scrúduithe stáit faoi chaibidil ag Muireann Ní Mhóráin, (COGG).
Déanfar plé freisin ar shainriachtanais oideachais, agus na saincheisteanna ar an ábhar seo, mar a bhaineann sé le scoileanna Gaeltachta.
Beidh toghchán á reáchtáil i rith an Chruinnithe Cinn Bhliana do Ghnáth Stiúrthóirí na heagraíochta agus ceapfar Coiste na nOifigeach óna stiúrthóirí sin tar éis an chéad chruinniú don bhord nuacheaptha.
Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ionadaíoch go náisiúnta ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí sna Gaeltachtaí ar fad, Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht seo oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i Scoileanna Gaeltachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil dhíreach le Treasa Ní Mhainín, oifig@esg.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011
Seimineáir Ghairmeacha in Iarthuaisceart na Tíre
Lúnasa 24, 2011
Agus rang na hardteiste 2011 ag machnamh ar na tairiscintí do na cúrsaí ollscoile, tá sé tráthúil do bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha.
Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha sa mheánscoil san iar-thuaisceart páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil.
Reáchtálfar seimineáir i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma ar 11 Deireadh Fómhair agus Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin ar 12 Deireadh Fómhair 2011.
Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mór.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar leithéidí todhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.
Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Beidh fáilte roimh daltaí agus scoileanna ó na ceantair mháguaird freastal ar an dá seimineáir.
Tuilleadh eolais: http://www.gaelport.com/bbnag
©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011
Eileamh leanúnach ar chúrsaí Gaeilge sna hOllscoileanna
Lúnasa 24, 2011
Is cosúil go bhfuil éileamh leanúnach ar na cúrsaí ollscoile a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge in ollscoileanna na tíre de réir staitisticí bunaithe ar na tairiscintí a d’eisigh an Lár-Oifig iontrála inné.
Bhí an treocht sin le feiceáil ach go háirithe i gcúrsaí iriseoireachta agus craoltóireachta. Tháinig méadú ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do roinnt de na cúrsaí iriseoireachta a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge mar chomh-ábhar iontu.
Iriseoireacht
Tháinig méadú de 15 phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil don chúrsa sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht a bhíonn ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (465 pointe).
Bhí an scéal amhlaidh i Ollscoil na hÉireann Gaillimh áit a raibh éileamh níos mó ar an gcúrsa cumarsáide i mbliana (330 pointe). Chomh maith leis sin, bhí méadú de 30 pointe i gceist leis an mbunchéim sa Ghaeilge agus na Meáin a bhíonn á reáchtáil in Ollscoil Luimnigh (400 pointe).
Oideachas
Bhí laghdú de chúig phointe nó mar sin le feiceáil i measc na gcúrsaí bunmhúinteoireachta sna coláistí oideachais ach amháin i gColáiste Phádraig, áit a raibh méadú de chúig phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil ó iarrthóirí ón nGaeltacht (440 Pointe).
Na Dána
Bhí laghdú beag ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do chéimeanna sna Dána i mórán de na hollscoileanna. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh bhí laghdú de cúig phointe ann i mbliana (345 pointe)agus thit líon na bpointí don chúrsa sna Dána i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath go 440 pointe.
Tháinig méadú áfach ar líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim sna Dána (Léann an Aistriúcháin)in Ollscoil na hÉireann Gaillimh (405 pointe).
Tráchtáil agus Gnó
Bhí laghdú beag le feiceáil sa réimse seo chomh maith. Thit líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim Tráchtáil le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 450 pointe go 440 pointe i mbliana. Bhí laghdú le feiceáil i mBaile Átha Cliath chomh maith. Bhí 330 pointe ag teastáil ó iarrthóirí ar an gcúrsa Gnó agus Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, laghdú de 10 bpointe ón bhliain seo caite. Bhí 410 pointe ag teastáil ó iarrthóirí a bhí ag iarraidh an chéim sa Ghaeilge agus sa Ghnó a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.
Bhí laghdú beag le feiceáil sna cúrsaí dlí chomh maith agus thit líon na bpointí don bhunchéim sa Dlí agus sa Ghaeilge a bhíonn á tairiscint ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh go 500 pointe.
Cúrsaí eile
Tá Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath fós ag glacadh le hiarratais don bhunchéim BA (Onóracha) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta. Ní raibh an cúrsa seo san áireamh i lámhleabhar na Lár-Oifige iontrála i mbliana agus más maith le hiarrthóirí iarratais a dhéanamh don chúrsa seo is fearr teagmháil a dhéanamh le Scoil na dTeangacha ann www.dit.ie/schooloflanguages.
©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011
Lámh cúnta do thuismitheoirí- leabhrán úr seolta
Lúnasa 18, 2011
Seoladh áis luachmhar an tseachtain seo a bheidh ina chabhair do thuismitheoirí gur mian leo cúpla focal a úsáid lena bpáistí óga gach lá.
BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe leanaí is teideal don leabhrán atá curtha le chéile ag an cuideachta deonach Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT).
Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Is í aidhm an leabhair seo ná Gaeilge nádúrtha a úsáidtear le linn gnáth-ghnásanna laethúla sa bhaile, a sholáthar. Tosaigh le gníomhaíochtaí nó gnásanna ar leith a roghnú, agus bain úsáid as focail agus frásaí Gaeilge mar chuid de na gníomhaíochtaí seo.’
Tá Gaeilge shimplí sothuigthe sa leabhrán úr agus tá CD ag gabháil leis an leabhrán mar chabhair le fógraíocht.
Chomh maith leis sin tá ceithre leagan den CD ar fáil atá oiriúnach do chanúintí éagsúla: Connacht, Mumhan, Uladh agus canúint chaighdeánach.
Tá an leabhrán ar fáil le ceannach ar €10 ó FNT www.naionrai.ie agus i siopaí leabhar.
©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Lúnasa 2011
Comhghairdeas le Rang na hArdteiste 2011
Lúnasa 17, 2011
Beidh lucht na hArdteiste fud fad na tíre ag bailiú a gcuid torthaí ar maidin, ina measc siúd an deichniúr a fuair torthaí den scoth agus ocht A1 ina ghlac acu go léir.
Ó thaobh na Gaeilge de léiríonn na staitisticí a eisíodh inniu go ndearna 14,359 dalta scoile an ábhar ag an Ardleibhéal agus astu siúd, theip ar 144 duine.
Fuair 790 duine (5.5%) A1 sa Ghaeilge ag an Ardleibhéal.
Rinne 25,200 duine scrúdú sa Ghaeilge ag an ngnáthleibhéal agus theip ar 1,311 duine sa scrúdú sin.
Tuairiscítear ar shuíomh Gréasáin The Irish Times ar maidin gur thit líon na ndaltaí a ndearna an Ghaeilge sna scrúduithe san iomlán arís mar gheall nár thug ach 44,300 faoin ábhar sna scrúduithe i mbliana. Laghdú de 1,200 ó 2009 a bhí ann de réir na tuairisce.
Ag labhairt dó sa Chlochán i gContae na Gaillimhe inniu thréaslaigh an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD na scoláirí agus dúirt sé gurbh cheart dóibh a bheith bródúil as gaisce a dhéanamh sna scrúduithe.
©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Lúnasa 2011
An dátheangachas i bpobail mhionteanga á scrúdú i leabhar nua
Lúnasa 10, 2011
An dátheangachas aontreoch comhuaineach ina phríomhchúis ag géarchéim na mionteangacha.
Sin é príomhthéama leabhair nua atá faoi bhealach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas atá á fhoilsiú ag an gcomhlacht Leabhar Breac. Cnuasach alt atá sa leabhar a chíorann éifeacht an dátheangachais ar phobail mhionteanga na Gaeilge agus a eascraíonn as páipéir a tugadh ag na Scoileanna Earraigh don Phleanáil Teanga a d’eagraigh Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le dhá bhliain anuas. I measc na n-údar a scríobh alt don leabhar tá iarscoláirí an MA sa Phleanáil Teanga a reáchtáiltear in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé d’aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú agus tuiscintí míbhisiúla a cheistiú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch.
Maítear in ailt éagsúla sa leabhar gurb é an dátheangachas aontreoch comhuaineach is bunús le géarchéim na mionteangacha, is é sin go sealbhaíonn go leor cainteoirí óga arb í an mhionteanga a gcéad teanga, go sealbhaíonn siad an dara teanga chomh luath céanna lena gcéad teanga, ach go bhfanann formhór mór na mórtheangóirí aonteangach ó thaobh feidhme agus gnáis de, den chuid is mó. Tá an dátheangachas roghnach i bhfeidhm i measc mórtheangóirí agus an dátheangachas éigeantach i measc mionteangóirí. Tá an leabhar á chur in eagar ag Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus ag an iriseoir agus taigdeoir an Acadaimh, Ciarán Lenoach. Is iad na húdair eile atá rannpháirteach sa togra foilsitheoireachta: Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Laoise Ní Thuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Éamonn Ó Bróithe, Oifig an Choimisinéara Teanga; Aoife Ní Chonchúir, Pobalscoil an Daingin agus Paula Nic Cionnaith, comhlacht Spraoi.
Díríonn Ciarán Lenoach ina altsa ‘An Ghaeilge Iarthraidisiúnta agus a Dioscúrsa’ ar ghnéithe éagsúla den dioscúrsa acadúil i dtaca le meath struchtúir na teanga agus an dlúthbhaint atá ag an bpróiseas leanúnach sin leis an dátheangachas sa Ghaeltacht. Scagtar go speisialta na laigí i gcur chuige an dioscúrsa cheannasaigh nach dtugann aghaidh ar fhabhtanna reatha an dátheangachais éagothroim. Pléitear na tréithe míbhisiúla a bhaineann leis an gcoibhneas seo i gcás na Gaeltachta, i gcomhthéacs na sochtheangeolaíochta idirnáisiúnta, in alt Chonchúir Uí Ghiollagáin ar ‘An Mionteangachas agus na hEolaíochtaí Teanga.’ Áitíonn Aoife Ní Chonchúir ina haltsa ‘Feasacht Sochtheangeolaíochta agus Riachtanais Siollabais Chainteoirí Dúchais na Gaeltachta,’ i dtaca le Corca Dhuibhne de, gur gá luí ar thábhacht an tsealbhaithe bhaile, ar riachtanas an treisithe shóisialta agus acadúil i gcomhthéacs an oideachais fhoirmiúil, agus ar éifeacht shuaithinseach na forbartha iomlánaithe sa phobal trí chéile. Tugann Brian Ó Curnáin ina alt ‘An Ghaeilge Iarthraidisiúnta agus Pragmataic an Chódmheasctha Thiar agus Theas’, faoi chatagóiriú na hurlabhra ó thaobh tréithe traidisiúnta agus iarthraidisiúnta de agus faoina míniú i gcomhthéacs na teangeolaíochta agus a fodhisciplíní – an dátheangachas agus an sealbhú teanga.
Pléann Paula Nic Cionnaith ina halt, ‘Loiceadh Córais: Léargas Tuismitheoirí ar an gCóras Oideachais sa Ghaeltacht’, téamaí gaolmhara maidir leis an oideachas Gaeltachta agus dearcadh na dtuismitheoirí ar fhóinteacht agus mhífhóinteacht an chórais reatha do riachtanais a gclainne. Ina alt siúd, ‘Scéim Labhairt na Gaeilge: Feidhm agus Mífheidhm’, scagann Éamonn Ó Bróithe go mion idirghabháil an Stáit i leith teaghlaigh Ghaelacha a chothú sa Ghaeltacht le deontas Scéim Labhairt na Gaeilge agus measann sé fiúntas aidhme na hidirghabhála sin. Is tráthúil an tsúil siar é i bhfianaise an chinnidh rialtais deireadh a chur leis an Scéim i 2011, cinneadh aontaobhach, d’ainneoin na bhfóram poiblí a heagraíodh i leith Straitéis 20 Bliain agus a lárnaí is atá moltaí i dtaobh athmhúnlú na Scéime sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Idirghabháil eile stáit, atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a spíonann Laoise Ní Thuairisg ina halt ‘Ionaid Sealbhaithe Teanga na Breataine Bige: Eiseamláir don Ghaeltacht?’ Inoiriúnacht d’Éirinn an mhodha oibre atá á chleachtadh sa Bhreatain Bheag atá idir chamáin aici. ‘Cúrsaí oideachais agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030’ a phléann Pádraig Ó Duibhir ina altsa. Déanann sé comparáid idir na moltaí oideachais a bhaineann le Gaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus le múineadh na Gaeilge mar ábhar curaclaim i scoileanna Béarla agus spíonann an cumasc mí-oiriúnach de na comhthéacsanna sin atá sa Straitéis.
Dírítear ar trí chéim shiosmaideacha sa chnuasach mar eiseamláir thábhachtach do mhionlaigh teanga an domhain:
i. Fabht bunúsach don mhionlach an dátheangachas comhuaineach aontreoch.
ii. Comhréiteach inmholta é an dátheangachas moillithe do phobal na mionteanga agus an dátheangachas treisithe do phobal na mórtheanga.
iii. Na pobail eitnitheangeolaíochta a athdhlúthú go sóisialta le feidhm éifeachtúil a thabhairt don dátheangachas moillithe.
Beartais dóchais iad na tuiscintí is nua-aimseartha ar an taithí seo a phlé go macánta i gcruth is go ndíreofar ar na ceisteanna is cinniúnaí i leith inmharthanacht na Gaeilge agus na Gaeltachta mar phobal sainiúil teanga.
Gaelscéal – Conchúr Ó Giollagáin
5 Lúnasa 2011