Méid an Téacs

Scléip …ardán don óige le Gael Linn !

Meán Fómhair 30, 2016

scleip2017cludach

Tá deis iontach á thabhairt do dhéagóirí a gcuid dtalainne a léiriú ar ardán ag Scléip Gael Linn.

Comórtas  spreagúil agus spraíúil é Scléip atá  á dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ina  bhfuil an bhéim ar na healaíona comhaimseartha.  Bíonn deis ag amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus aisteoirí dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta,in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha á n-eagrús i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 22 Samhain 2016, in Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 23 Samhain, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 29 Samhain agus in Amharclann an Gharáiste, Muineachán,  Déardaoin, 1 Nollaig, 2016. Beidh an craobhchomórtas ansin san amharclann Clasach, Baile Átha  Cliath ar an 2 Feabhra 2017. Tá an spriocdáta do iontrálacha ag teannadh linn – Dé Luain, 24 Deireadh Fómhair, 2016 !  Tá gach eolas faoi Scléip, mar aon le foirmeacha iontrála,  ar fáil ó 01:6751200 nó ag an nasc seo http://www.gael-linn.ie/default.aspx?treeid=268&id=36

Seisiún Oiliúna ar úsáid www.irishforparents.ie

Meán Fómhair 30, 2016

Tá an suíomh www.irishforparents.ie á fhorbairt de réir a chéile agus beidh cúrsa oiliúna ar siúl ar an 26 Samhain (dáta nua) i Marino ina mbeidh deis acu siúd a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí níos mó a fhoghlaim faoin ábhar teagaisc ar an suíomh agus faoi conas é a úsáid sa seomra ranga.

Cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie le clárú don oiliúnt. Ní ghearrfar aon táille ar an gcúrsa. Tá spás d’uasmhéid 20 duine ar an gcúrsa oiliúna.

Cuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!

Meán Fómhair 29, 2016

o

An bhfuil paisean agat don amhránaíocht, don scéalaíocht, don damhsa, dár n-oidhreacht?? Má tá, ar mhaith leat a bheith mar chara leis an Oireachtas? Tá sé mar sprioc againn 100 chara nua a mhealladh roimh mheán oíche, 30 Meán Fómhair 2016. Cláraigh linn roimhe sin chun an leas is fearr a bhaint as na buntáistí atá ar fáil. Cabhraigh linn ár scéalta féin a chruthú agus stampa a chur ar obair na heagraíochta mar a rinne ár sinsearaí romhainn. Grá don Teanga, Grá don chultúr!

 Níl ort ach €100 a íoc do na buntáistí a leanas:

  • Crannchur speisialta do lóistín deireadh seachtaine ag Oireachtas na Samhna;
  • Oll-thicéad na Féile;
  • Clár na Féile;
  • Aitheantas i gclár na féile;
  • Nuachtlitir rialta ón Oireachtas leis na scéalta is déanaí;
  • Lacáistí ar thicéid d’ imeachtaí eile an Oireachtais.

Cláraigh linn ar: http://www.antoireachtas.ie/an-toireachtas/sintius.html.

Glac lenár gcuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!

Folúntas: Oifigeach Forbartha le Gaelscoileanna Teo.

Meán Fómhair 29, 2016

OIFIGEACH FORBARTHA

(Athfhógairt)

de dhíth, a bheidh freagrach as cur chun cinn na naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht.

(ar chonradh bliana)

Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa de dhíth.

Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr riachtanach.

Scála Tuarastail: €26,383 – 45,616 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).

Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

Foirm iarratais, sainchuntas poist agus critéir uilig an phoist le fáil ó blathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.

Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe:

Meánlae Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2016

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.

Deiseanna le Colmcille

Meán Fómhair 27, 2016

Tá súil agam go bhfuil tú go maith. Díreach nóta beag faoin obair agam in Albain agus deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann le Scéim Deontas Cholmcille – tá achoimre ar roinnt den obair atá déanta agam leis an nGàidhlig le cúpla bliain anuas le fáil thíos, chomh maith le rudaí a bheidh ar siúl agam as seo go dtí mí na Samhna, más spéis leat nó le bhur gcomhghleacaithe cuid den obair seo a thabhairt isteach in aon phleananna a d’fhéadfadh a bheith agat le leas a bhaint as an scéim seo? Más mian leat labhairt tuilleadh faoi ghné ar bith de thionscadal nó imeachtaí infhéideartha, tá fáilte romhat scríobh chugam nó glaoch a chur orm ar +44 75 700 43 745.

Ariel Killick, 

Stát Neamhspleách Sonais

arielkillickartist@gmail.com

Is féidir teacht ar an eolas ar fad thíos ag http://www.independentstateofhappiness.com/ 
1

3

4 5 6

7

7a

8

9

Céard atá le déanamh anois?

Spriocdháta Choilm Cille: Dé Céadaoin

12 Deireadh Fómhair

Tá na sonraí faoi mhaoiniúchán ó Cholm Cille le fáil anseo is beidh oifigigh Cholmcille sásta treoir agus comhairle a chur ar fáil faoi iarratais.

Maolcholaim Scott,          Rosie Nic Cionnaith
Foras na Gaeilge,            Foras na Gaeilge,
Teach an Gheata Thiar,    An Chrannóg,
2-6 Sráid na Banríona,     Srath na Corcra,
Béal Feirste.                   Gaoth Dobhair,
BT1 6ED                        Co. Dhún na nGall

mscott@forasnagaeilge.ie

+44 (0) 28 90890983    + 353 (0) 74 9558123

rniccionnaith@forasnagaeilge.ie

Ariel Killick, 

Stát Neamhspleách Sonais

arielkillickartist@gmail.com

+44 (0)75 700 43 745

 13

 

Folúntais reatha i mbunscoileanna lán-Ghaeilge

Meán Fómhair 27, 2016

 

Folúntas: Múinteoir Acmhainne á earcú ag Gaelscoil Átha Í, Co. Chill Dara

Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76432

Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 12ú Deireadh Fómhair 2016

 

Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Gaelscoil na Ríthe, Co. na Mí

Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76429

Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 29ú Meán Fómhair 2016

 

Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Scoil na gCeithre Máistrí, Co. na hIarmhí

Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76410 

Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 10ú Deireadh Fómhair 2016

 

Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Scoil na gCeithre Máistrí, Co. na hIarmhí

Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76400

Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 10ú Deireadh Fómhair 2016

 

‘Féileacán’ – Axis: Baile Munna, i bpáirt leis an NAYD.

Meán Fómhair 23, 2016

Bunaíodh an NAYD um 1980 chun tacú le forbairt an amharcannaíocht Éireannach do daoine óga. Ó shin i léith tá an NAYD ag tacú le drámaíocht do dhaoine óga agus iad ina mbun nó i polaisaí, ag moladh buntáistí dhaoine óga ag glacadh páirte ann, ag cur comhionnanas chun cinn agus tabhairt ceannasaíochta san éarnáil. Bhí an-áthas ar an NAYD obair a dhéanamh le hAxis, Baile Munna chun an dráma seo a choimisiúnú ó Chiarán Gray. Scríofa i nGaeilge, tugann sé deis d’amharclanna, scoileanna agus grúpaí drámaíocht eile dráma a chur i láthair trí Ghaeilge.

Tá Axis i gcroílár na healaíne, suite i dtuisceart Átha Cliath agus ar léarscáil chultúrtha na gcathrach, is ionad ealaíne ildisciplíneach í Axis agus is áis don phobal agus don chathair í. Tá cláracha Axis thar cionn agus tá ionclúideadh an phobail ag croílár léiriú ealaín iontach agus i bhforálú deiseanna do thaithí ealaíne de chaighdeán idirnáisiúnta. Tá ár gclár bainte amach trí cheithre príomhfeidhm: Suíomh Ealaíne, Léiriú Comhlachta, Forbairt Ealaíne agus Ionad Pobail.

Féileacán le Ciarán Gray

Dráma i nGaeilge faoi roghanna

Méid na foirne: 12
Fireann: 6
Baineann: 6
Réimse aoiseanna: 15+

Líom ama: 60 nóim
Coimisiúnaithe ag Axis: Baile Munna, i bpáirt leis an NAYD. Maoinithe ag Foras na Gaeilge.

 

ACHOIMRE

Ag leanúint ó thraidisiún Mary Lavin i The Story of the Widow’s Son  agus níos déanaí le Sliding Doors, díríonn Féileacán ar ghrúpa de dhaoine Éireannacha óga agus na roghanna dhéanann siad. Tosnaíonn se le píosa gear sa todchaí, i bhFéileacán amach anseo, cá háit a rachaidh na daoine seo, agus cén bealach a thabharfaidh siad faoi dhul ansin? Cuireann sé an cheist uafásach sin “dá má rud é gur dhein mé sin in ionad seo?”. Le nodanna do rí-rá agu ruaille buaille agus leannáin nár tharla ach a bhí de cheart acu a tharlú. An féidir linn dada a dhéanamh ach súil a bheith againn go gheobhaidh muid i gceart é?

Oiriúnach do dhaoine óga  15+,is dráma Féileacán é a mbeifeá ar bís á fheiscint agus cuirfidh sé dúshlán  ar dhaoine óga, agus meallfaidh se iad chun ceisteanna a chuir faoina roghanna féin agus an domhain a bhfuil conaí ann sa lá atá inniu ann.

Chun cóip den script a léamh, dean teagmháil le Alan King ag an NAYD. alan@nayd.ie nó Niamh Ní Chonchubhair ag Axis niamh.nic@axisballymun.ie

www.axisballymun.ie / www.nayd.ie

Fíbín: An Triail

Meán Fómhair 21, 2016

an-triail-camchuairt-2016-jpeg

Múinteoir Gaeilge á lorg, Coláiste Chomáin, Maigh Eo.

Meán Fómhair 20, 2016

Tá múinteoir Gaeilge de dhíth le haghaidh sos máithreachas ón 21ú Samhain go deireadh na bliana, i gColáiste Chomáin, Ros Dumhach, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Ciarán Ó Máille ag eolas@gcr.ie nó glaoch a chur ar 097-88940.

Is Eolaí Mé ag tosú tráthnóna ar Cúla 4!!

Meán Fómhair 20, 2016

capture

Ná déanaigí dearmad go bhfuil an tsraith nua eolaíochta ‘Is Eolaí Mé’, dírithe ar dhaoine óga idir 8-12 bliain d’aois ag tosú tráthnóna ar Cúla 4 ag 5.25i.n – Beidh an clár á chraoladh gach Máirt agus Déardaoin as seo go Nollaig! Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 chomh maith, a bheidh an-úsáideach do mhúinteoirí sa seomra ranga. Seolfar an suíomh gréasáin www.cula4.com/iseolaime inniu chomh maith agus beidh gach eolas le fáil anseo faoi thurgnaimh eolaíochta, faoin mír ‘Déan é seo sa Bhaile’ agus gach ní eile a bhaineann leis an gclár.

Is faoi chúrsaí Maighnéadas atá an chéad chlár agus téama difriúil á chur i láthair ag Peadar i ngach clár. An raibh a fhios agat gur maighnéad mór amháin é an domhan agus an ghrian chomh maith?  An raibh a fhios agat go bhfuil maighnéid i ríomhairí, i dtáibléid agus i bhfóin phóca?  Inniu tugann Peadar cuairt ar cheann de na maighnéid is mó sa tír ag ionad athchúrsála miotail.  Téann Úna & a cairde ag treodóireacht sa choill agus caithfidh siad an bealach a dhéanamh ag úsáid léarscáil agus compás.Beidh Dylan Seoighe & Chelsea Seoighe ag cabhrú le Peadar sa stiúideo chun maighnéad a dhéanamh. Cuireann Aodh an dallamullóg ar an Ollamh nuair a théann sí i bhfolach faoin mbord le maighnéad mór.

Beidh an-spraoi ag Peadar, Úna agus a gcairde ag fiosrú cúrsaí eolaíochta i ngach clár mar sin déanaigí cinnte a bheith ag féachaint ar Cúla 4 gach Máirt agus Déardaoin ag 5.25 sa tráthnóna!!

Next Page »