Méid an Téacs

Scéim Dallóga Do Scoileanna

Meitheamh 27, 2012

Is comhlacht ó Ghaillimh iad Printed Blinds Factory a sheol an ‘Scéim Dallóga Do Scoileanna’ ag comhdháil an IPPN i mí Eanáir 2012. Tá dearthaí oideachasúla ar nós litearthacht na Gaeilge, Béarla, uimhríocht, frith-bhulaíocht, athchúrsáil agus neart eile ar na dallóga seo. Beidh na dallóga maoinithe ag an urraitheoir.

Chomh maith le dallóga a sholáthar do scoileanna, tá an scéim mar chuid de thaighde mhórscála ar shábháilt fuinnimh ag úsáid éadaigh EcoSunFilterTM agus ar conas a fheabhsaíonn dallóga oideachasúla cúrsaí foghlama don dalta. Beidh na scoileanna atá ag glacadh páirt ag líonadh isteach foirmeacha taighde roimh agus i ndiaidh na suiteála, chun léargas agus taithí ar an láthair a léiriú ar cé chomh héifeachtach is atá sé dearthaí oideachasúla a chur ar dhallóga fuinneoige i seomraí ranga.

Chomh maith le bheith mar dhallóg, tá an spás neamhúsáidte anois mar áis foghlamtha/oideachasúil. Tá dearthaí ar fáil i nGaeilge le cabhair ó Fhoras na Gaeilge. Tá cur i láthair le feiceáil ag an nasc thíos: http://www.youtube.com/watch?v=9ZgqAM_MyjI
Úsáidtear ár gcuid dallóga in áit dallóga lándorchaithe. Ar an mbealach seo, níl daltaí dúnta isteach i mbosca dorcha ar feadh leath an lae. Cuirtear an-chuid brú ar a gcuid súl nuair a théann siad amach i ndiaidh seal fhada a chaitheamh ag suí i seomra dorcha (cosúil le teacht amach as pictiúrlann). Mar a sheasann, tá daltaí ag dul tríd seo cúpla uair i rith an lae ar feadh blianta.

Tríd an Scéim Dallóga Do Scoileanna, ba mhian leis an Printed Blinds Factory dallóga a chur ar fáil do scoileanna saor in aisce le hurraíocht ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí atá ag iarraidh a gcuid teachtaireachtaí oideachasúla a chur chun cinn ar na dallóga sa seomra ranga.

Comhlacht dallóga atá sa Printed Blinds Factory a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le scoileanna teacht ar dhallóga den chéad grád saor in aisce. Dearadh an scéim le polasaithe frith-tráchtálachais ag roinnt scoileanna a chosaint agus ní ligtear do na hurraitheoirí fógraí a chur ar na dallóga.

Is féidir le haon bhunscoil in Éirinn páirt a ghlacadh sa scéim tré ghlaoch ar an oifig ar 1800 254637 nó 091 799611. www.printedblindsfactory.com

Gaelscoil an Chuilinn

Meitheamh 27, 2012

Lá Oiliúna Don Luath Léitheoireacht

Meitheamh 27, 2012

14 Meán Fómhair 2012 Baile Átha Cliath

Cuirfidh Jacaí de Brún ón Áisaonad agus grúpa múinteoirí Lá Oiliúna dírithe ar an gclár ‘CLEITE’ ar fáil do mhúinteoirí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge.

Beidh líon srianta áiteanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Is féidir réamh-áirithint a dhéanamh trí theachtaireacht a sheoladh chuig eolas@cogg.ie.

Is féidir ‘CLEITE’ (60 leabhar) a cheannach ar €100 ón Aisaonad.

Irish language media make a Rí-rá about going online

Meitheamh 27, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile – saor in aisce!

Meitheamh 27, 2012

Más múinteoir iar-bhunscoile tú atá ag teagasc trí Ghaeilge, beidh deis agat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga an samhradh seo mar go bhfuil COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag eagrú dianchúrsa Gaeilge arís i mbliana. Tá an cúrsa seo á reáchtáil i bpáirt le Gaelchultúr agus beidh sé ar siúl i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, idir 20-24 Lúnasa 2012. Ní bheidh aon táille le híoc ag na rannpháirtithe agus cuirfear lón ar fáil gach lá.

“Is é seo an ceathrú bliain dúinn an cúrsa seo a reáchtáil,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bhí an-tóir ar an chlár go dtí seo agus measaimid go mbeidh ráchairt air arís i mbliana.

“Is cúrsa an-phraiticiúil é, ina bhfuil an bhéim ar theanga laethúil na scoile agus ar na gnéithe is lárnaí de ghramadach na Gaeilge. Cuirtear seisiúin speisialtóireachta ar fáil freisin, rud a thugann deis do na rannpháirtithe dul i ngleic le sainteanga agus béarlagair a n-ábhar féin, agus cuirtear na hacmhainní teicneolaíochta is úsáidí don Ghaeilge ar a súile do na múinteoirí chomh maith. Taitníonn an cúrsa le múinteoirí de bhrí go bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais atá acu.”

Fuair an dianchúrsa ardmholadh ó rannpháirtithe na bliana seo caite, agus tá cuid den aiseolas a thug siad le feiceáil thíos.

“Is í seo mo chéad bhliain ag múineadh i nGaelcholáiste agus tá níos mó muiníne agam tar éis an chúrsa seo. Táim an-sásta leis na hacmhainní a fuair mé agus an leabhar gramadaí. Bhí seans agam aon cheist a chur ar na speisialtóirí freisin. Bhí an múinteoir go hiontach agus an-chairdiúil.”

“Tá mé i ndiaidh an-chuid a fhoghlaim. Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn go cinnte.”

“D’fhoghlaim mé a lán rialacha nach raibh ar eolas agam.”

“Freagraíodh gach ceist a cuireadh agus tá na rialacha i bhfad níos soiléire dom anois.”

Tá bróisiúr an chúrsa ar fáil anseo agus is féidir clárú dó ach cliceáil anseo. Moltar dóibhsean ar mian leo tabhairt faoin gcúrsa áit a chur in áirithe roimh 29 Meitheamh 2012.

Cúrsaí EPV ar líne: deis do mhúinteoirí staidéar a dhéanamh ar a sócúlacht

Meitheamh 27, 2012

Agus deireadh na scoilbhliana ag teannadh linn, tá scíth tuillte ag daltaí agus ag múinteoirí na tíre araon. Caithfidh go leor d’aos óg na hÉireann laethanta fada ag ligean a scíthe cois farraige agus, ós rud é go bhfuil réimse leathan cúrsaí ar líne á thairiscint ag Gaelchultúr an samhradh seo, níl aon chúis nach ndéanfadh múinteoirí na tíre amhlaidh.

Tá ocht gcúrsa EPV á dtairiscint ag Gaelchultúr do mhúinteoirí bunscoile i mbliana, agus is féidir tabhairt fúthu ó áit ar bith ar domhan, fad is atá fáil ar an idirlíon ansin. Tá aitheantas faighte ag na cúrsaí go léir ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus beidh gach múinteoir a thabharfaidh faoi cheann acu go críochnúil i dteideal trí lá Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) a thógáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí samhraidh seo nó triail a bhaint as aonaid shamplacha ar www.gaelchultur.com.

“Measaimid go mbeidh an-éileamh ar an dá chúrsa nua atá forbartha againn i mbliana,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí go minic gníomhaíochtaí spraíúla teanga a eagrú sa seomra ranga, ach gheobhaidh siad neart smaointe ó na pleananna ceachta agus ó na físeáin atá mar chuid lárnach den chúrsa Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga.

“Táimid dóchasach go mbeidh an-spéis ag múinteoirí fosta sa chúrsa nua eile atá forbartha againn: Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile. Tá breis is 600 múinteoir tar éis an Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile a dhéanamh go dtí seo, agus tabharfaidh an cúrsa nua seo deis dóibh dul i ngleic le rialacha níos dúshlánaí agus barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga.”

€75 an táille atá i gceist do na cúrsaí ar fad.

An doras druidte ar Scoil Mhín na Manrach

Meitheamh 27, 2012

Agus bunscoileanna na tíre ag druidim do shaoire an tsamhraidh ar an aimsir seo, ní ríméad ach briseadh croí atá i ndán do dhaltaí agus a dtuismitheoirí i mBunscoil Mhín na Manrach nach mbeidh ag filleadh ar an scoil sin san fhómhar.

Tar éis os cionn céad bliain ar an bhfód, dúnadh doirse na scoile sna Rosa den uair dheiridh.  Bhí líon na ndaltaí sa scoil tite chomh mór sin gur chinn an Roinn Oideachais agus Scileanna gur gá an scoil a dhúnadh.
An tseachtain seo caite agus an scoil á dúnadh, cúigear a bhí cláraithe ar rolla na scoile.  Astu sin, bhí daltaí i rang na naíonán mór, i rang a haon, rang a dó agus rang a cúig.  Múinteoir amháin, príomhoide na scoile, Bernadette Ní Dhuibhir, a bhí i bhfeighil na ranganna sin go léir, agus b’éigean do Choiste Bainistíochta na scoile Rúnaí Scoile a cheapadh go lánama ionas go mbeadh beirt daoine fásta ar an láthair, ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.  Astu sin a bhí cláraithe ar rolla na scoile ar lá druidte an dorais, bhí cuid acu ar an tríú glúin ó roinnt teaghlach a d’fhreastail ar an scoil.
Sa bhliain 2008, caitheadh €400,000 ar fhorbairtí ar fhoirgneamh na scoile atá suite i gceantar fíor-álainn i measc na gcnoc. Bhí an scoil cóirithe go maith le trealamh, spás, áiseanna agus acmhainní den chéad scoth ar fáil do suas le 60 gasúr, le cláir bhána idirghníomhacha, agus breis agus dhá ríomhaire dhéag.
Tá cainteanna ar siúl faoi láthair ag Coiste Bainistíochta na Scoile i dtaobh cónascadh a shocrú le Scoil Chróine, scoil atá 8km ar shiúl ó láthair Scoil Mhín na Manrach, agus atá sa pharóiste céanna, paróiste an Chlocháin Léith.  Tá tuairim is 270 gasúr ag freastal ar an scoil sin, agus tá príomhoide agus deichniúir múinteoirí ar an bhfoireann.
Cé gur trí mheán na Gaeilge a bhí gasúr Scoil Mhín na Manrach ag foghlaim go dtí seo, is cosúil nach ionann polasaí Gaeilge na scoile sin, agus an nósmhaireacht teanga atá ar fáil i scoil mhór an pharóiste, Scoil Chróine, áit nach cainteoirí dúchais Gaeilge iad cuid mhór de na daltaí.
Deir Bernadette Ní Dhuibhir, Príomhoide na scoile, go raibh an scoil seo “mar chuisle croí an phobail – tá an pobal thart timpeall ar an scoil in ísle brí nach mbeidh futa fata na bpáistí le cloisteáil i gclós na scoile am sosa riamh arís”.
Foilsithe ar Gaelport.com

Cuir do chuid tosaíochtaí do churaclam na bunscoile in iúl!

Meitheamh 26, 2012

Tá deis againn ar fad ár gcuid tosaíochtaí do churaclam na bunscoile a chur in iúl don CNCM roimh an Satharn beag seo (30 Meitheamh). Bheinn an-bhuíoch díot as é a chomhlánú agus a chur ar aghaidh go comhghleacaithe agus cairde eile. Féach thíos, le do thoil.

B’iontach an rud é guth láidir a bheith ag earnáil na gaelscolaíochta ann. Tá an cheist as Béarla, ach fáiltítear roimh fhreagra as Gaeilge.

Le tacú leis na foráis sa bhunscolaíocht, tugaimid fáilte romhat a insint dúinn faoi thosaíochtaí do churaclam na bunscoile. Chomh maith le litearthacht agus uimhearthacht céard iad na tosaíochtaí ar cheart dúinn díriú orthu sa bhunscolaíocht? I gcéad focal nó níos lú roinn do thuairimí linn.
www.ncca.biz/children/hav.htm

Maoiniú €300,000 ceadaithe don Ghaeltacht

Meitheamh 26, 2012

Fógraíodh le déanaí go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €300,000 san iomlán ar fáil mar mhaoiniú do thionscadail Ghaeltachta sna míonna romhainn.

Freastalóidh an maoiniú ar cheantair Ghaeltachta éagsúla i nGaillimh, i gCiarraí agus i gContae Mhaigh Eo.

Rachaidh an t-airgead go mór i bhfeidhm ar na 6 thionscadal ar leith a d’fhógair  an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich le linn mhí an Mheithimh.

Tá an t-airgead curtha ar fáil do réimse leathan tionscadal, idir chinn reatha agus chinn nua.

Na figiúirí agus na tionscadail

Tá maoiniú dar luach €110,000 ceadaithe ag an Aire do Ghaelacadamh an Spidéil, a thacóidh leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Ghaelacadamh ó thaobh an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta de sa cheantar Gaeltachta.

Tá €100,000 soláthartha ag an Roinn do Chumann Lúthchleas Gael – Chomhairle Chonnacht  mar chúnamh costais don scéim oiliúna peile agus liathróid láimhe atá á reáchtáil faoi láthair i scoileanna Chonamara.  Tugann an scéim deis do dhaoine óga na Gaeltachta an teanga a úsáid go spraoiúil le linn shaol na scoile.

Gheobhaidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne €35,000 lena chomhordaitheoir Gaeilge reatha a fhostú agus a choinneáil mar fhreastalaí ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Ceadaíodh €29,000 d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – An Deisceart mar chúnamh tuarastail don teiripeoir urlabhra agus teanga Gaeilge a fhreastalaíonn ar phobal Chorca Dhuibhne faoi láthair.

Tabharfar deontas €15,000 do Chomhairle Contae na Gaillimhe mar chúnamh don fhoscadán nua a thógfar ag Cé an Chloiginn a fhreastalóidh ar mhuintir Inis Bó Finne.

Ceadaíodh €10,000 d’obair bheag athchóirithe i gColáíste uisce i gcontae Mhaigh Eo agus mar chúnamh dóibh fearas spóirt uisce a cheannach. €300,000 funding for An Ghaeltacht

Foilsithe ar Gaelport.com

Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna

Meitheamh 26, 2012

Ba le hinfheistíocht de €1 mhilliún maoinithe ag Pobal agus Údarás na Gaeltachta a rinneadh forbairt ar Ionad Cúraim Leanaí úr i gCarna a osclaíodh go hoifigiúil ar 18 Meitheamh.

“Níl aon dabht go bhfuil ról criticiúil ag an ionad seo i dtaobh soláthar seirbhísí agus áiseanna réamhscolaíochta agus iarscoile Gaeilge”, a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley agus é ag oscailt an Ionaid go hoifigiúil.

Bhí ról lárnach ag Forbairt Chonamara Láir Teo i dul chun cinn an Ionaid ó cuireadh tús leis an togra.

Tá thart ar 40 páiste ag freastal ar naíonra, naíolann agus ar sheirbhís iarscoile an Ionaid agus anuas ar ghnáthfheidhmiúchán an Ionaid cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil don cheantar Gaeltachta sa tslí go bhfeidhmíonn an tIonad mar spás le haghaidh grúpaí spraoi mar aon le campaí samhraidh.

Tá ochtar fostaithe san Ionad agus is mór an tacaíocht é an luathoideachas a chuirtear ar fáil ann don Ghaeilge sa phobal agus í mar phríomhtheanga teallaigh.

Cé nár osclaíodh an tIonad go hoifigiúil go dtí cúpla seachtain ó shin, tá seirbhísí á gcur ar fáil ann ó mhí Mheán Fómhair agus tá líon na bpáistí ag baint leasa as na seirbhísí sin tar éis fás ó 14 – 40 le linn an ama sin.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »